Showing posts with label tacaíocht. Show all posts
Showing posts with label tacaíocht. Show all posts

Tuesday, June 23, 2026

Gaelsamba

Bhí sé d'ádh orm ticéad a fháil don ócáid 'Gaelsamba' a bhí ar siúl in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) seachtain ón Déardaoin seo caite. Oíche den scoth a bhí ann, ag éisteacht le Ceol Gael-Brasaíleach/Música Gaélica-Brasileira agus ag breathnú ar dhaoine óga fuinniúla, ón dá thír, ag damhsa agus ag ceol ar an stáitse, le chéile. 

Bhí sí draíochtiúl mar ócáid, agus táim thar a bheith buíoch den leaid óg uasal, Colm Seoighe, eagarthóir na hócáide, as an eolas faoin ócáid a roinnt linn ar an ardán nua meán sóisialta trí Ghaeilge, Cogar; thug sé deis dom mé fhéin a eagrú agus mo bhealach a dhéanamh siar go Conamara, in am. 

Gearóid Willie Ó Fátharta a bhí ina fhear an tí, jab a rinne sé go héifeachtach ó tharla teanga na tíre seo agus teanga na Brasaíle ar a thoil aige, agus ó tharla, feictear dom, gur fear é a raibh a chroí agus a anam istigh san ócáid. Go deimhin, mura bhfuil a leabhar, Mo Scéal Fhéin, léite agaibh, mholfainn é a léamh; bhí saol thar a bheith suimiúil ag Gearóid, agus tá cur síos soléite lom fírinneach déanta aige ar a shaol sa leabhar seo. Tá áthas orm gur casadh orm é, agus gur casadh cuid eile den, ahem, seandream orm an oíche sin, freisin: Máirín Mhic Lochlainn, Gearóid Willie Ó Fátharta, Tadhg Mac Dhonnagáin, Gearóid Ó Murchú agus mé fhéin

Mar, ahem, sheanduine, táim thar a bheith sásta agus bródúil daoine óga fuinniúla a fheiceáil ag obair mar atá siad ar chur chun cinn a dteanga agus a dtraidisiún ar bhealach spraíúil ionchuimsitheach siamsúil; agus, táim thar a bheith buíoch de urraitheoirí na hócáide, Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Ambasáid na Brasaíle agus cistiú na healaíona, as a gcuid tacaíochta do na healaíontóirí óga agus úra. Maith sibh uilig!








Sunday, March 1, 2026

Dronuilleog an Scríbhneora

Ní raibh mé ar an eolas faoin teacht le chéile ar a dtugtar Dronuilleog an Scríbhneora i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire go dtí an tseachtain seo caite nuair a sheol Caoimhín Ó Peatáin an scéal chugam i ríomhphost. 

Is é Dave Duggan, blagálaí agus drámadóirscríbhneoir a scríobhann i mBéarla agus i nGaeilge, a thug Dronuilleog an Scríbhneora ar an bhfód, le deis a thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge, nua agus bunaithe, a theacht le chéile go neamhfhoirmiúil uair sa mhí lena dtaithí, lena dtuairimí agus lena mianta a roinnt lena chéile.

Bhí seachtar againn i láthair Dé hAoine seo caite, an chéad uair agamsa ann ach an ceathrú huair ag Dave agus cuid de na scríbhneoirí eile. Bhíomar inár suí ag an mbord, díreach taobh istigh de dhoras tosaigh na Cultúrlainne, ag ól caife agus ag roinnt eolais lena chéile faoi cheird na scríbhneoireachta. Tá caife na Cultúrlainne, agus an fhoireann ann, ar fheabhas ar fad. 

Ócáid an-phléisiúrtha, agus bhí sé go hálainn casadh le Dave agus leis na scríbhneoirí eile. Ní gá bheith i do scríbhneoir proifisiúnta le páirt a ghlacadh sa Dronuilleog. Ní ceardlann atá ann. Ní ag scríobh ná ag léamh saothar a chéile a bhíomar, ach ag foghlaim óna chéile; ag roinnt ár dtaithí agus ár n-eolas, ag tacú lena chéile. 

Beidh an chéad teacht le chéile eile sa Chultúrlann ar an Aoine, 27 Márta, idir 11:00am -12:00pm. Feicfidh mé ann thú, le cúnamh ár mBé!

Wednesday, April 16, 2025

Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2025

Beidh tús á chur leis an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach an tseachtain seo chugainn, i gCeatharlach, am a ndéanfar ceiliúradh ar chultúir, ar thraidisiúin agus ar theangacha Ceilteacha na sé náisiún a bheidh páirteach ann; Éire, Alba (Albain), Breizh (An Bhriotáin), Cymru (An Bhreatain Bheag), Kernow (Corn na Breataine) agus Mannin (Oileán Mhanann).  

Beidh an fhéile ar siúl ón 22-26 Aibreáin, agus a bhuí leis na coistí idirnáisiúnta agus leis an gcriú iontach atá acu i nGlór Cheatharlach, mar aon le hurraitheoirí agus le comhpháirtithe na féile, tá clár den scoth curtha le chéile acu; is féidir leagan PDF de chlár na n-imeachtaí a íoslódáil anseo

Mar a fheicfidh sibh ó chlár na n-amhrán, thíos, bhí an Comórtas Náisiúnta Amhrán Nua Pan Cheilteach ar siúl ag deireadh mhí Eanáir, agus d'éirigh le Gráinne Álainn Ní Fhátharta an bua a fháil, arís, an geábh seo le m'amhrán nuachumtha, Fágtha Gan Freagraí. Beidh Gráinne ag casadh an amhráin, mar ionadaí na hÉireann, ag an bhféile idirnáisiúnta seachtain ón Déardaoin seo chugainn, an 24 Aibreán. Go n-éirí go geal léi, agus leis an bhféile ina hiomláine. 

Tréaslaím a mbua le Gráinne (1ú háit, Amhrán #2), le Éire Ní Fhaoláin & Chulainn Ó Faoláin (2ú háit, Amhrán #11) agus le Anne Marie Ní Chonchubhair (3ú háit, Amhrán #8). Ní raibh mé fhéin i láthair ar an oíche, ach bíonn na comórtais le fáil beo ar líne agus d'éirigh liom gach amhráin a fheiceáil agus a chloisteáil beo ar an oíche. 

Mo bhuíochas ó chroí le mo dheirfiúr, Angela, a ghlac an duais ar mo shon, agus do Ghráinne a tháinig an bealach uilig as Conamara, ainneoin an damáiste a rinne stoirm Éowyn ar fud na tíre. Go deimhin, comhghairdeachas leis na hiomaitheoirí uilig. Rinne siad éacht nuair a d'éirigh leo uilig a mbealach a dhéanamh go dtí an Visual i gCeatharlach tar éis na drochbhaile a bhí curtha ag an stoirm ar an tír. Maith sibh uilig! 

Saturday, July 8, 2023

Ag Teacht is Ag Imeacht

Bhí sé le déanamh agam le fada, ach tá sé déanta agam anois - tá slacht curtha agam ar an mblag seo. 

Bhuel, tá sé glanta agam, pé scéal é, sé sin le rá, tá na naisc bhriste scriosta den suíomh agam, athnuachan déanta nuair bá ghá, agus cúpla rud bogtha thart. Bhí mé ag iarraidh níos mó a dhéanamh ach, ar fáth éigin nach dtuigim, tá an 'save arrangement' ar iarraidh ón 'layout' agus níl sé d'am agam tuilleadh ama a chaitheamh ar an diabhal rud.

Ar thaobh na láimhe deise den phost seo, feicfidh tú 'Naisc Úsáideacha,' agus níos faide síos ar an taobh céanna, tá liosta 'Cuidiú nó Cruinneas Uait' agus liosta 'Na Meáin,' mar aon le liosta de mo chomhbhlagálaithe. 

Bhí na liostaí sin ann ó thosaigh mé ar an mblag seo, am a ndeachaigh mo sheanbhlag, Mise Áine, amú orm i 2011. Ní bhím ag blagáil leis an mhinicíocht chéanna is a bhínn nuair a thosaigh mé ag blagáil ar dtús, timpeall 2007 nó mar sin - bhí seanbhlag eile ann roimh an seanbhlag, ach ní féidir a theacht air níos mó - ach is easpa ama is cúis leis an easpa minicíochta seachas easpa suime.

Maidir le mo chomhbhlagálaithe, bhí orm cúpla scór blag a bhaint den liosta; bhí siad 'not found' nó 'removed' 'private' anois. Bhí ceann nó dhó a bhí bainte nó 'removed' (ag a n-úinéirí, is dócha), cinn a thaitin go mór liom thar na blianta. Ba dheas a seanmhíreanna a léamh, arís. Faraor, ní féidir anois.  

Aon bhlagálaí a d'fhág a míreanna agus a mblag beo, choinnigh mé ar an liosta iad, le go mbeidh fáil ag léitheoirí orthu. Seans gur féidir a rá gur stair atá sna míreanna a scríobhamar uilig, mar bhlagálaithe, san am a caitheadh. Ní raibh fáil ar na meáin shóisialta ag an am, más buan mo chuimhne, mar sin bhí an bhlagáil beo beathach. Bhí tuairimí le roinnt, agus roinneadh iad. 

Ach, ní tuairimí amháin a roinneadh - tá seanfhocail, béaloideas, dinnseanchas, eolaíocht, teicneolaíocht, reiligiún, cuimhní cinn, craic, filíocht, amhráin, ceol, scéalta cruthaitheacha agus scéalta pearsanta le léamh ar na blaganna éagsúla, agus tuilleadh lena chois sin. 

Ar an liosta de mo chomhbhlagálaithe, tá 57 blag nár scríobhadh aon cheo orthu le 6-13 bliain anuas, tá 31 blag nár scríobhadh aon cheo orthu le 1-5 bliain anuas, agus tá 24 blag ag treabhadh leo le bliain anuas, cuid acu níos minice ná a chéile. Gura fada buan iad!

An rud is mó a rith liom agus mé ag cur na liostaí eile le chéile ná go bhfuil i bhfad níos mó tacaíochta 'ar líne' ar fáil don scríbhneoir le roinnt blianta anuas. Nuair a thosaigh mise amach ar an mblagáil, bhí foclóirí móra oscailte agam le taobh an ríomhaire, agus b'fhéidir trí nó ceithre leabhar gramadaí thart ar an ríomhaire, ag an am céanna. Anois, má bhím in amhras faoi fhocal nó faoi ghramadach, níl le déanamh agam ach cuardach a dhéanamh ar an idirlíon. Tá na Naisc Úsáideacha úsáideach, a léitheoir! Mar atá na suímh ata le fáil faoi 'Cuidiú nó Cruinneas Uait.'

Mo bhuíochas ó chroí leis na daoine sin atá ag obair in earnáil na Gaeilge agus a chuireann na seirbhísí éagsúla ar fáil don scríbhneoir, don aistritheoir, don taighdeoir agus don fhoghlaimeoir. Le bhur gcuid tacaíochta, táim fós ag foghlaim agus fíorbhuíoch as an deis mo theanga dhúchais a úsáid ar an ardán seo. 

Monday, April 10, 2023

Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2023

Is gearr uaim an bóthar go Ceatharlach, áit a mbeidh tús á chur leis an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach arís, amárach. Tá cóip den chlár le fáil anseo agus, mar a fheicfidh sibh, is clár iontach é. Comhghairdeachas leis na coistí uilig ó na tíortha Ceilteacha éagsúla - déanann sibh an-jab, a chairde!

Ní raibh an fhéile ar siúl le trí bliana anuas, mar gheall ar an diabhal sin Covid, ach mar a fheicfidh sibh ón gclár, beidh ceiliúradh á dhéanamh ar chuile ghné de chultúr na dtíortha Ceilteacha - ceol, scéalaíocht, damhsa, filíocht, amhráin, logainmneacha, scannánaíocht, seisiúin srl. - ón 11-16 Aibreán. 

Ag an gComórtas Amhránaíochta Idirnáisiúnta i mbliana, beidh dhá amhrán san iomaíocht don tír seo, an grúpa Encóre lena n-amhrán, Cion Cairde, (amhrán buaiteach na féile náisiúnta 2023) agus Gráinne Ní Fhatharta le hamhrán a chum mise, Mar a Bhíonn (amhrán buaiteach na féile náisiúnta 2020).  

Táim buíoch de choiste na Féile Idirnáisiúnta as an gcinneadh a rinne siad deis a thabhairt do na tíortha Ceilteacha éagsúla buaiteoirí na bliana 2020 a chur san áireamh sna comórtais, i mbliana. Go n-éirí go geal leo uilig!

Mo chuimhne, comhghairdeachas ó chroí leis an ngrúpa Encóre as an gcéad áit a bhaint ag an bhFéile Náisiúnta Pan Cheilteach i mbliana lena n-amhrán, Cion Cairde; le Sonny Casey a tháinig sa dara háit le Leon, leagan Gaeilge dá hamhrán, Lion; agus le hÉabha Breathnach a tháinig sa tríú áit lena hamhrán, Ó Neamh go Talamh

Monday, February 7, 2022

Cinnín Óir - An Fíorscéal

Ní mó ná sásta a bhí Cinnín Óir. Tinn tuirseach a bhí sí, go deimhin. An seanscéal céanna, arís is arís eile, le beagnach dhá chéad bliain anuas. Aon uair, nuair a chuirtí in aithne í d’aon duine, sí an cheist ceannann céanna a chuirfidís uilig uirthi chomh luath a chloisfidís a hainm – Ó, tusa an cailín a bhris isteach i dteach na dtrí bhéar, nach tú?

Go dtarrthaí Dia sin, a déarfadh sí faoina hanáil. Tá sé blianta ó tharla an eachtra sin, agus tá daoine fós ag caint faoi! Nach raibh a téarma príosúnachta curtha isteach aici? Briseadh agus iontráil. Sé mhí i bpríosúin gearrtha mar phionós uirthi. Ní raibh Daidí Béar róshásta leis sin. Ar m’anam ní raibh. Níor leor é mar phionós, dar leis.

Bhí Cinnín Óir spréachta. Nach é fhéin a d’fhág an teach gan glas a chur air! Ghlac sise ansin gur cuireadh a bhí ann don té a bheadh ag dul thar bráid, an té óna dteastódh greim le n-ithe nó le n-ól, b’fhéidir, nó le sos beag a thógáil. Chuirfeadh sé soir thú, a déarfadh sí léi fhéin. Ní bhíonn locht riamh ar na fir, ach, go bhfóire Dia ar aon bhean a bhfuil gruaig fhionn uirthi. Níl i ndán di ach milleán agus mallacht. Bhí fiú leabhar scríofa faoin eachtra. Fear eile ag aithris ar an scéal. Nach beag a bhí le déanamh aige!

Ina ráiteas tionchair íospartaigh, mhaígh Daidí Béar go raibh an eachtra ag teacht idir é fhéin agus codladh na hoíche, gan trácht ar an drochbhail a fágadh ar an mBabaí Béar; an créatúirín céasta ag tromluithe ó shin. Chuile oíche beo, drochbhrionglóid i ndiaidh drochbhrionglóide, dar leis. Faoin am seo, is ar Mhamaí Béar a bhí an giúiré ag breathnú; í ag cuimilt a súile go héadrom le naipcín, amhail is go raibh an scéal dá crá. Ba cheart í a ainmniú do na hOscars, a cheap Cinnín Óir. Aisteoir den scoth í!

Mar sin fhéin, bhí trua ag Cinnín Óir do Mhamaí Béar. Cé nach dúirt sí tada lá na cúirte, bhí sé tugtha faoi deara aici, agus í ag guairdeall thart ar fud an tí an lá úd, nach raibh Daidí Béar agus Mamaí Béar ina gcodladh le chéile, beag ná mór. Leaba an duine a bhí acu. Ní aon ionadh go raibh Mamaí Béar ag caoineadh.

An méid sin ráite, ní raibh gá di ‘raicleach de bhlonde’ a ghlaoch ar Chinnín Óir os comhair an ghiúiré. Níor chuidigh sé sin le cás Chinnín Óir, beag ná mór, dar lena dlíodóir. Mhol an dlíodóir céanna di gan tada a rá faoi thada, ach a béal a choinneáil dúnta. Mar is cóir do chailíní beaga béasacha, a dúirt sé. Neamhionannas, a cheap Cinnín Óir. Fear ag tromaíocht ar bhean, mar is iondúil.

Ach, b’in an t-am sin. Bhí cearta ag mná anois. Bhí sé thar am aici labhairt amach, agus a scéal fhéin a insint. Scríobhfadh sí faoi ar na meáin shóisialta. Gheobhadh sí cluas éisteachta ansin. Bhí a fhios ag an domhan mór go raibh iomlán na fírinne, agus an fhírinne amháin, le léamh ar na meáin sin. Ach, ar dtús, bhí ocras uirthi, agus bhí doras oscailte thall ansin, le boladh breá bracháin ag teacht ina treo…

**************************

Foilsíodh an scéal seo sa Donegal News, anuraidh, san fhorlíonadh 'Súil Thart.'

Is é Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Comhairle Contae Dhún na nGall eagarthóir an fhorlíonaidh. 

Tuesday, September 29, 2020

Na Féiríní Beaga Sin

 

Chuile mhaidin, líonaim mo phócaí le féiríní beaga. I bpóca amháin, bíonn brioscaí beaga, i gcruth cnáimhe, do mhadra mo mhic (a thagann isteach chugainn, go rialta), agus sa phóca eile, bíonn beartóga beaga bia agam do chat an tí, Maistín. 

Ag déanamh cineáil orthu, a bhím. Treats beaga, mar a déarfá, leis an gcion atá agam orthu a chur in iúl dóibh, is dóigh. 

Pé scéal é, le roinnt míonna anuas, tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil an coróinvíreas ag teacht idir daoine agus a gcineáltas, ó am go chéile. 

Is dócha go bhfuil daoine ann, troill agus a leithéidí, gur chuma leo faoi éinne, ach iad ag spochadh agus ag gearán go fonóideach, de shíor. Sin mianach agus meon na ndaoine ar leith sin, agus tógann siad conspóid, gan stró, gan strus, gan dáimh, go rialta. 

Ach, tá ráig an choróinvíris ag cruthú teannais in áiteanna nach raibh teannas riamh roimhe; i measc cairde, i dteallaigh, le comharsana. Is mór an trua é sin. In amanna, feictear dom go bhfuil an 'scáth' in 'ar scáth a chéile' i bhfolach i ndorchadas na ráige. Is mór an trua é sin, freisin. 

Ar maidin, agus mo phócaí á líonadh agam le féiríní beaga, rith sé liom go mba chóir dúinn, ó am go chéile, go háirithe na laethanta ráige seo, bheith ag déanamh cineáil ar dhaoine, freisin. Níl barróga molta, ar ndóigh, ach tá cineáltas tábhachtach agus riachtanach, mar atá tuiscint, tacaíocht agus meas.

Ná déanaimis dearmad ar na féiríní beaga, a léitheoirí. Ar scáth a chéile, tiocfaidh muid tríd.  

Saturday, July 4, 2020

An Dr. Tony Holohan

Príomhbhóthar

(don Dr. Tony Holohan)

Cosán
Cor
Crosbhóthar

Idir dhá thine
Idir dhá cheann na meá
Idir eatarthu

Rogha amháin

Siúil leat
A chara dhílis
Ar an bpríomhbhóthar

Ár gcuideachta 
Ar do chúl

Ár mbeannachtaí
Ár mbuíochas
Ár mbá

Le d'ais.

Sunday, May 24, 2020

Tiocfaidh Muid Tríd

Amárach, Dé Luain, 25 Bealtaine, beidh amhrán nuachumtha, Tiocfaidh Muid Tríd, le cloisteáil, den chéad uair, ar an gclár Iris Aniar, ar Raidió na Gaeltachta.

Is amhrán é a cumadh le hairgead a bhailiú do charthanachtaí éagsúla - áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta - atá ag streachailt na laethanta coróinvíreasacha seo. Tuigeann sibh féin an scéal, a léitheoirí. Tá srianta i bhfeidhm. Tá daoine ag fulaingt. Tá tacaíocht ag teastáil.

Caitlín Ní Chualáin a bheas ag gabháil fhoinn, agus beidh Seán Ó hÉanaigh á tionlacan, idir uirlisí ceoil agus chomhcheol. Mise a chum, idir fhocail agus fhonn, iadsan a rinne an cóiriú iontach. Mar gheall ar chineáltas agus ar fhlaithiúlacht na beirte sin, mar aon leis an tacaíocht a fuair siad óna gcomhghleacaithe i Raidió na Gaeltachta, tá cóip den amhrán réidh, agus beidh sé le cloisteáil, amárach.

Is fúibhse, an lucht éisteachta, a bheas sé, le bhur dtoil, cúnamh a thabhairt don amhrán, Tiocfaidh Muid Tríd, airgead a bhailiú don charthanacht is ansa libh féin, bíodh an charthanacht sin áitiúil, náisiúnta nó idirnáisiúnta.

Má chloiseann tú an t-amhrán, is cuma cén áit, iarrtar ort, láithreach bonn más féidir é ar chor ar bith, cúpla euro (nó níos mó!) a dheonú do chibé charthanacht is mian leat féin. Ansin, mura miste leat, déan iarracht theacht ar chóip den amhrán, áit éigin ar na meáin shóisialta, b'fhéidir, agus roinn an t-amhrán, agus an scéal, ar do chairde.

Dá mhéad líon na ndaoine a chloiseann an t-amhrán agus a dheonaíonn ansin, thall nó abhus, is amhlaidh is fearr é do na carthanachtaí éagsúla.

Má tá fón póca agat, tá liosta anseo de na carthanachtaí ar féidir leat téacs tacaíochta a sheoladh chucu (faigheann an carthanas €1.80 as gach €2 a dheonaítear, is cosúil), nó d'fhéadfá suíomh gréasáin na carthanachta a aimsiú, agus airgead a dheonú ar líne.

Mura bhfuil scil agat ina leithéidí teicniúla, b'fhéidir go bhféadfá crúsca (nó rud éigin mar sin) a fhágáil ar an mbord sa bhaile, nó ar leac na fuinneoige, agus chuile uair a chloiseann tú an t-amhrán, nó má thosaíonn tú á chasadh gan choinne (is fonn é a fhanfaidh leat, tá súil againn!), caith euro nó dhó isteach sa chrúsca, le go mbeidh deis agat, am éigin, ar bhealach éigin, an t-airgead sin a dheonú. 

In am an éigin, teastaíonn tacaíocht, agus táim fíorbhuíoch do Chaitlín, do Sheán, agus dá gcomhghleacaithe, as a gcuid tacaíochta. Níor caitheadh oiread is pingin rua ar an amhrán, go dtí seo, ach tá súil agam go mbeidh sibhse, an lucht éisteachta, ag caitheamh neart airgid i dtreo na carthanachtaí, arís is arís eile. 

Tá liricí an amhráin le léamh thíos, a léitheoirí. Beidh Caitlín agus mé féin ag labhairt faoin togra seo ar an gclár, Iris Aniar, amárach, agus beidh an t-amhrán le cloisteáil ar an gclár céanna. 

Is fúibhse a bheas sé, a chairde, an scéal a scaipeadh go forleathan. Le bhur gcúnamh, le bhur gcuid tacaíochta, agus ar scáth a chéile, tiocfaidh muid tríd.  


Tiocfaidh Muid Tríd

Ní raibh trácht ar olc ná baol,
Ach, is ait an mac é’n saol,
Aniar aduaidh, tháinig plá gan trua,
Ag scriosadh ’gus ag briseadh croí,
Tá pobal agus tír faoi scáil,
Gan saoirse mar is gnách le fáil,
Ní bheidh muid ag géilleadh
Mar ar scáth a chéile,
Tiocfaidh muide tríd.

Curfá

Tiocfaidh muid slán,
Cine ‘gus clann,
Teaghlach is tír,
Tiocfaidh muid tríd.

Níl do shaolsa mar a bhíodh,
Deirtear leat do lámha’ nigh,
Seas siar, cur fút, gan aon ní romhat
Ach laethanta gan cuma ná caoi,
Tá tinneas ann, is baol an bháis,
Crá croí leis an tuile gan trá,
Ach, lenár ndúchas láidir,
Agus neart ár bpaidir,
Tiocfaidh muide tríd.

Curfá

Tiocfaidh muid slán,
Cine ‘gus clann,
Teaghlach is tír,
Tiocfaidh muid tríd.

Saturday, May 23, 2020

Rang Beag Scríbhneoireachta

Roinnt seachtainí ó shin, fuair mé glaoch ó Bhridget Bhreathnach, atá ina Bainisteoir Margaíochta leis an gcomhlacht foilsitheoireachta, Cló Iar-Chonnacht.

Bhí smaoineamh aici.

Bíonn smaointe suimiúla ag Bridget, i gcónaí, mar is eol d'aon duine a léann an méid a bhíonn á scríobh aici ar tuairisc.ie, mar sin bhioraigh mé mo chluasa, agus shlog mé, go fonnmhar, an duán ar a raibh baoite a smaoinimh curtha aici. 

Tá croí mór fial ag Bridget Bhreathnach. Duine báúil í. Smaoineamh maith a bhí ann, ceann a chuideoidh le daoine a bhfuil, b'fhéidir, am acu anois, agus smaointe dá gcuid féin acu, smaointe a ba mhaith leo a roinnt, ar bhealach cruthaitheach éigin, ach nach bhfuil siad róchinnte cá dtosóidh siad.

Tá sraith nua, Rang Beag Scríbhneoireachta, ag tosú Dé Céadaoin seo chugainn, 27 Bealtaine, ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht, ar YouTube s'acu, agus ar na meáin shóisialta.

Cúigear againn a bheas páirteach sa chéad sraith - mise, Anna Heussaff, Áine Ní Ghlinn, Réaltán Ní Leannáin, agus Alex Hijmans - físeáin ghairide an duine uainn, faoi chúig nóiméad an ceann, ina mbeidh muid ag cur síos ar ghné faoi leith den scríbhneoireacht. 

Beidh muid ag tabhairt leideanna don lucht féachana maidir leis na modhanna oibre, agus an cur chuige, a bhíonn in úsáid againn féin agus muid i mbun pinn, é mar aidhm ag gach físeán go mbeadh an té a bheadh ag breathnú air in ann foghlaim uaidh agus, más mian leo, an t-eolas a úsáid ina gcleachtas scríbhneoireachta féin.

Ar na topaicí a chlúdófar, beidh,

Áine Durkin:                  Ó smaoineamh go scríbhinn - ag bailiú                                                     smaointe agus á bhforbairt. 
Anna Heussaff:              Ag lorg aiseolais i rith phróiseas na                                                           scríbhneoireachta. 
Áine Ní Ghlinn:             Ag forbairt carachtair. 
Réaltán Ní Leannáin:     Comhrá agus dialóg i bhficsean. 
Alex Hijmans:               An tábhacht atá le disciplín agus cleachtas                                                 oibre don scríbhneoir. 

Táim ag súil go mór le toradh bhur gcuid oibre, a lucht féachana. Ar scáth a chéile, tiocfaidh muid tríd. 

Monday, March 16, 2020

Lá Fhéile Pádraig 2020

Tá a fhios agam go mbeidh an chuid is mó agaibh sa bhaile, in bhur dtithe féin, ar Lá Fhéile Pádraig na bliana seo. Sin an saol, na laethanta seo, faraor. 

Seo mo bheannacht chugaibh, a léitheoirí - físeán a chuir mé le chéile, anocht, le grianghraif a thóg mé, anseo agus ansiúd, ar fud na tíre, ach go háirithe in Inis Eoghain agus i gConamara. 

Faoina bhun, tá mo dhán nuachumtha, Tiocfaidh Muid Slán, agus é curtha leis an bhfonn a théann le 'Óró Sé Do Bheatha Abhaile.' 

Bímis ag canadh agus ag ceiliúradh le chéile, a chairde!


Tiocfaidh Muid Slán

Inniu, seo lá na féile móire,
Ceiliúradh a’inn in ardú glórtha,
Ceol sa mbaile agus amhráin ghlóire,
Tiocfaidh muid slán le chéile.

Curfá
Óró, sé do bheatha abhaile,
Óró, sé do bheatha abhaile,
Óró, sé do bheatha abaile,
Tiocfaidh muid slán ón ngéibheann.

Tír is teaghlach faoi ghlas corónach,
Baol ón tinneas, tá gach gníomh deonach,
Seasfaidh muid fód, agus beidh muid glórach,
Tiocfaidh muid slán le chéile.

Curfá
Óró, sé do bheatha abhaile…

Víreas ag bagairt ar chlann, ar chine,
Deighilt ag galar idir sibh is sinne,
Neart le chéile, sin spiorad an duine,
Tiocfaidh muid slán le chéile.

Curfá
Óró, sé do bheatha abhaile…

Inniu, seo lá na féile móire,
Ceiliúradh a’inn in ardú glórtha,
Ceol sa mbaile agus amhráin ghlóire,
Tiocfaidh muid slán le chéile.

Sea, tiocfaidh muid slán le chéile!

Beidh sibh uilig i mo smaointe, go dtaga muid slán ón ngéibheann. 

Tuesday, November 26, 2019

An Litir Sin Nár Scríobh Tú Riamh

Roinnt blianta ó shin, scríobh mé blagmhír (féach anseo) faoi chomórtas scríbhneoireachta a bhí eagraithe ag RTÉ1.  Clár John Murray a bhí ann. 

Scríobh mé, an t-am sin, gur dheas an rud é dá mbeadh dán nó dhó as Gaeilge curtha san áireamh. Le scéal gearr a dhéanamh de scéal a d'fhéadfainn, ahem, an iomarca fad a chur leis, thosaigh sibh ag scríobh, agus bhain duine de léitheoirí an bhlag seo, ar scríbhneoir cumasach í, gan dabht ar bith,  an duais don dán is fearr i nGaeilge

Soláthar agus éilimh, a chairde na Gaeilge. 

Anois, níl a fhios agam tada faoi rialacha na bliana seo, nó fiú más ann dóibh don chomórtas atá ar siúl ar chlár Ryan Tubridy ar RTÉ1 i láthair na huaire, The Letter You Never Wrote, (níor chuala mé aon litir i nGaeilge ar chlár na mbuaiteoirí, anuraidh, más buan mo chuimhne) ach, mar sin féin, bheinn féin den bharúil nach mbeadh dochar ar bith ann, a léitheoirí, peann a chur le pár, arís, agus anáil agus aitheantas a thabhairt dár dteanga dhúchasach féin. 

Níl anseo ach smaoineamh, ach más mian leat bheith páirteach, tá a fhios agam gur féidir litir a sheoladh chuig ryan@rte.ie nó chuig An Post Letter Writing Competition, The Ryan Tubridy Show, Donnybrook, Dublin 4. 

Más ríomhphost a sheolfas tú, mholfainn teideal an chomórtais a úsáid go dátheangach, b'fhéidir, ar fhaitíos na bhfaitíos...The Letter You Never Wrote/An Litir Nár Scríobh Tú Riamh. 

Níl ann ach smaoineamh...ach, má tá Daidí na Nollag in ann litreacha i nGaeilge a léamh, bhuel...

Friday, June 14, 2019

Ní Thuigim



Aiféala orm faoin mhoill ag labhairt libh faoi bhua amhrán na hÉireann ag an bhFéile Pan Cheilteach Idirnáisiúnta i Leitir Ceanainn ar an 25 Aibreán, ach, bhuel, bhí mé gnóthach. 

Mo chuimhne, más rud gur éirigh le haon duine agaibh, a léitheoirí, aon cheo i nGaeilge a aimsiú sna meáin chlóite faoi bhua an amhráin, Ní Thuigim, ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach, (tá an méid a scríobhadh tar éis na Féile Náisiúnta aimsithe agam) bheinn buíoch díbh ach mé a chur ar an eolas, le bhur dtoil. 

Pé scéal é, a bhuí le Bríde de Róiste ó choiste na féile náisiúnta i gCeatharlach (Glór Cheatharlach), chuir sí an giota seo a leanas ar fáil don Carlow Nationalist,
agus chuir sí leagan 'glan' (taifeadadh proifisiúnta) den amhrán ar fáil do na meáin, an leagan a chas Daríona Nic Dhonnacha go hálainn, ar oíche na féile náisiúnta i gCeatharlach; le hOllie Hennessy á tionlacan ar an méarchlár, agus Aoife Kavanagh á tionlacan ar an bhfidil. (Cuireann coiste na féile náisiúnta banna ceoil tí ar fáil ar an oíche, agus bíonn siad iontach, má theastaíonn tionlacan don té nach mbeadh banna ceoil acu, fearacht na mná seo, mar shampla.)

Sé an leagan sin atá le cloisteáil ar na meáin Ghaeilge ó shin (Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió Fáilte) agus an leagan a bhí le cloisteáil ar chlár 'Sunday With Miriam,' freisin; podchraoladh anseo

Ná fiafraigh díom cén fáth, ach níl aon taifeadadh oifigiúil den leagan a casadh sa chomórtas idirnáisiúnta ar fáil, mar sin, mo bhuíochas ó chroí le Bríde de Róiste as an leagan a bhí aici a roinnt leis na meáin, le go mbeidh fáil acu ar chóip a d'fheilfeadh don raidió. 

Ach, rinne mé taifeadadh ar m'fhón féin, oíche na féile idirnáisiúnta i Leitir Ceanainn (féach thuas), agus tá taifeadadh a rinne máthair Dharíona, ar a fón féin, le cloisteáil ar YouTube, anseo

Mar a fheicfidh sibh, ó na físeáin thuasluaite, bhí an t-ádh orm go raibh Ciarán Tourish sásta a theacht as Baile Átha Cliath agus tionlacan álainn, ar an bhfidil agus ar an bhfeadóg stáin, a chur ar fáil d'amhrán na hÉireann, oíche na féile idirnáisiúnta. Tháinig sé féin, Ollie (a tháinig as Ceatharlach) agus Daríona (a tháinig as Gaillimh) le chéile lá an chomórtais idirnáisiúnta, agus chaith siad cúpla uair a chloig ag cleachtadh le chéile, sular thosaigh an comórtas. 

Mar is eol daoibh, faoin am seo, d'éirigh go hiontach leo, agus bhí an bua ag Éirinn ar an oíche. Táim chomh buíoch den triúr acu. Go raibh céad míle maith agaibh - rinne sibh éacht! 

Ar chúiseanna pearsanta, bhí ar Ollie agus ar Chiarán imeacht luath maidin lá arna mhárach, mar sin ní raibh deis againn a theacht le chéile, mar ba mhaith liom, ina dhiaidh sin, ach ní dhéanfaidh mé dearmad, go brách, ar an méid tacaíochta a thug siad domsa agus do Dharíona. Fir uaisle, fir chuidiúla. 

Is ar scáth a chéile a mhairfimid.  

Mo chuimhne, mo bhuíochas, freisin, le mo chara, Angela Tourish, grianghrafadóir a thug a ceamara léi ar an oíche, agus a chuir na pictiúir a thóg sí ar fáil, ar Facebook, anseo. Chomh maith leis sin, bhí baint nach beag aici lena deartháir, Ciarán, a chur ar an eolas faoin amhrán. Muintir Inis Eoghain abú!

Mar scríbhneoir, murach go bhfuil amhránaithe agus ceoltóirí sásta m'amhráin Ghaeilge nuachumtha a chasadh, ní bheadh siad le cloisteáil; murach go bhfuil comórtais d'amhrán nuachumtha ar fáil, ní bheadh deis agamsa, ná ag aon duine eile, amhráin nua i nGaeilge a chur ar fáil, go rialta; murach go gcuireann na meáin amhráin nuachumtha ar fáil don lucht éisteachta, ní bheadh siad le cloisteáil. Go raibh maith agaibh uilig, a chairde.

Táim fíorbhuíoch de Bhríde de Róiste agus den choiste uilig i nGlór Cheatharlach, as an méid a dhéanann siad, agus chomh proifisiúnta agus a dhéanann siad an méid a dhéanann siad, ar mhaithe le cultúr na tíre seo a choinneáil beo beathach, idir thacaíocht agus phoiblíocht. 

Beidh an Fhéile Náisiúnta Pan Cheilteach, agus an Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ar siúl i gCeatharlach, an bhliain seo chugainn. Ní comórtais amhrán nuachumtha amháin a bheas ar siúl, ach ceiliúradh...deis eile ag an náisiún seo, agus ag na náisiúin Cheilteacha eile, ár dteanga agus ár gcultúr a cheiliúradh, agus a chur chun cinn. 

Le Glór Cheatharlach i mbun cúrsaí, féile iontach a bheas ann. Cuirigí na dátaí sa dialann anois, a chairde, 14-19 Aibreán. 

Éire abú! 

Tuesday, September 25, 2018

Galar agus Grá

Cá dtosóidh mé? 

Leis an leabhar nua atá scríofa ag Lynn Ruane, b'fhéidir? Leis an duine, le hAlzheimers, atá mar chuid dár saol, le blianta fada? Le scéal Nora Owens ar chlár Ray D'Arcy ag an deireadh seachtaine? Nó, an dtosóidh mé le Sióg s'againne?


Ar bhealach, tá baint acu uilig leis an mblagmhír seo. 


Blianta ó shin, d'fhreastail mé ar lá faisnéise a bhí eagraithe ag Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte. Teacht le chéile a bhí ann, agus é eagraithe ag an FSS le go mbeadh deis ag cúramóirí tuiscint níos fearr a fháil ar an ngalar Alzheimers. 


(Mo chuimhne, chuala mé fear, tráth, ag tabhairt 'Aul-timers' ar an ngalar Alzheimers, mar sin an focal a chuala a chluasa, is dócha; ach, cé gur tráthúil an focal a chuala a chluasa, agus cé gur minic go dtagann néaltrú soithíoch le seanaois, ní gá gur ionann an scéal le hAlzheimers.)


Ar aon nós, cumasaíonn faisnéis/foghlaim/taithí an duine, de réir a chéile, agus d'fhoghlaim mé go leor ón lá faisnéise sin. Is iomaí duine atá dall ar an bhfírinne, fiú nuair atá fianaise os a chomhair amach, agus cuidíonn faisnéis, nuair is gá, le fíricí a thabhairt chun solais.


Táim den bharúil, go minic, gur féidir le duine bheith caoch, nuair atá grá dá dhalladh. Bíonn sé crua ar dhaoine áirithe, feictear dom, glacadh le cora an tsaoil; is cuma athair, máthair, páiste, páirtí, nó fiú cara i mbaol tinnis, goineann galar grá, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. 


Mar a deir an seanfhocal, laghdú gach anró é a roinnt. Is fiú leabhar Lynn Ruane a léamh, agus scéal Nora Owens a chloisteáil, mar go dtuigeann a dtaithí néaltrú. Ní hionann chuile scéal, agus ní hionann taithí aon chúramóir, ach fágann néaltrú a lorg. 


Ní raibh a fhios agamsa, go dtí i mbliana, go dtagann néaltrú ar sheanchait, freisin. Cé nach ionann duine agus ainmhí, ar ndóigh, d'aithin mo thaithí na comharthaí; tá Sióg s'againne ag dul in aois, agus tá cor i mbóthar a shaoil.
  

Le galar, méadaíonn cúram. Le cúram, méadaíonn grá.

Thursday, August 16, 2018

I gCuimhne

Aréir, d'fhreastail mise, agus na céadta eile, ar theacht le chéile anseo i mBun Cranncha, i gcuimhne ar na buachaillí áitiúla a maraíodh i Sléacht na hÓmaí, fiche bliain ó shin. 
Níl James Barker luaite ar an leac sin thuas in éineacht le Shaun McLaughlin agus Oran Doherty, ach bhí sé ar dhuine den triúr áitiúil a maraíodh, mar aon leis na daoine eile uilig a sciobadh den saol seo ar an lá uafásach sin; 15 Lúnasa, 1998...beirt ón Spáinn ina measc, dalta agus múinteoir. 

Tá siad uilig ainmnithe anseo ag Póilín Ní Chiaráin ar tuairisc.ie, agus é scríofa aici, san alt sin,

'Ná ligtear i ndearmad iad.'

Ní dhéanfaidh mise dearmad orthu, ná ar an lá sin, go brách... an faitíos, an fanacht, an imní; ag breathnú ar an díomá agus ar an gcrá croí...níl focail agam lena leithéidí a léiriú go soiléir, a léitheoirí... táim den bharúil nach bhfuil focail ar fáil len é a mhíniú i gceart.   

Rith sé liom aréir, agus mé ag breathnú ar na daoine thart orm, go bhfuil, agus go mbeidh, an lá sin greanta i gcuimhne an phobail seo, go deo na ndeor. Ní haon ionadh é sin. Fágadh croíthe, cnámha agus clanna, scriosta, briste agus brónach; ní sa tír seo amháin, ach sa Spáinn, freisin. 

Tá sé deacair a chreidiúint, fós, gur tharla sé, ach, faraor géar, tharla, agus i bhfocail Anton Mac Cába, in alt maith eile ar an sléacht, ar tuairisc.ie,

'...tá ceisteanna ann nach bhfuil freagra fós orthu...'

Go deimhin, tá sé sin fíor, ach meas tú an bhfuil aon fhreagra ar domhan a thabharfadh faoiseamh don chroí atá cráite ag cumha? 


                                                      Na coinnle a lasadh, anocht...
                                                i gcuimhne ar na daoine a cailleadh.

Wednesday, May 2, 2018

Foréigean Baile

Mar eolas daoibh, seo thíos fógra a fuair mé ó Midas Productions faoi chlár atá á dhéanamh acu 'do TG4 mar gheall ar Fhoréigean Baile' agus tá siad ar thóir 'daoine le Gaeilge lena scéala a insint...'

FÓGRA

'Tá Midas Productions ag déanamh taighde ar chlár mar gheall ar Fhoréigean Baile. 


Is fadhb ollmhór í seo ar fud na tíre agus ba mhaith linn teacht ar dhaoine le Gaeilge a d’fhulaing Foréigean Baile agus iad ag fás aníos, nó i gcaidreamh, chun a gcuid tuairimí agus scéalta a roinnt ar an scáileán. 

An aidhm atá againn ná na fadhbanna agus bacanna dlí a bhí acu a chur i láthair agus an teachtaireacht a chur amach gur féidir le daoine éalú ó gcaidrimh mar seo. 

Má tá suim ag éinne páirt a ghlacadh is féidir leo teagmháil a dhéanamh le midas.productions2018@gmail.com nó cuir glaoch ar 01 6343751/086-8668868'

Sunday, August 27, 2017

Buíochas ó Cheann Scríbe

In am an ghátair a bhraitear an chabhair, a deir an seanfhocal.  

Sibhse a tháinig agus a rinne tréaniarracht an t-uisce a choinneáil siar ón teach; sibhse a líon málaí le gaineamh, le bhur gcuid lámh nó le sluasaid, agus a tháinig chun tí leo, i gcarranna, i dtarracóirí, i jípeanna; sibhse a d'fhan go maidin agus a chuidigh linn an t-uisce a ghlanadh amach as an teach; sibhse a tháinig lá arna mhárach le ceapairí, anraith, brioscaí, cácaí, scuaba, mapaí urláir, oibreáin ghlantacháin srl; sibhse a chuidigh linn fáil réidh leis an bpuiteach, taobh amuigh agus taobh istigh den teach; sibhse a chuidigh linn trealamh tí agus troscán a bhogadh; sibhse a nigh, agus atá fós ag ní, na héadaí nach féidir linn a ní ó tharla nach bhfuil ár niteoir ag obair níos mó; sibhse a thairg dídean agus cabhair; sibhse a sheol teachtaireachtaí chun tí, ar an bhfón, ar Twitter, ar Facebook; sibhse, sna meáin chumarsáide, a thuig ár gcás; sibhse a thairg nó a thug tacaíocht dúinn, le gníomh nó i bhfocail, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, táim fíorbhuíoch díbh uilig. 

Tá an t-ádh orm go bhfuil bhur leithéidí i mo shaol agam. Mo bhuíochas ó chroí libh, arís is arís eile. 

Friday, July 28, 2017

Deora

Tá a thuairim féin ag gach aon neach, go háirithe maidir le cúrsaí creidimh. Dúirt fear ar m'aithne liom, le déanaí, agus cúrsaí creidimh faoi chaibidil againn, 

'There are too many loopholes. Nobody has ever come back to confirm or deny, so religions have it all sewn up, really.'

Go deimhin, sin scéal eile, nach mbaineann, go hiomlán, leis an mblagmhír seo. Is fút féin atá sé, a léitheoir, an gcreideann tú gur fabhalscéalta nó fíorscéalta, cumtha nó inchreidte, atá sna leabhair éagsúla

Baineann an bhlagmhír seo le ráiteas a chuala mé ón altóir, tráth dá raibh. Dar leis an sagart, d'fhéadfá crá croí agus brón a aithint, ar an bpointe, mar go mbíonn an duine atá cráite ag sileadh na ndeor, go fras. 

'Hmmmm....' arsa mé féin liom féin, ag an am. 

Is iomaí rud a bhainfeadh deora as duine...gáire, grá, pian, páis, frustrachas, feall, fearg, éad, áthas...ach ní hé sin le rá go mbainfeadh na mothúcháin sin deora as chuile dhuine, ceapaim, fiú agus duine cráite/croí briste/croite/trí chéile. 

Nuair a bhaintear an mothú as duine, is minic go bhfágtar gan mhothú é. Mas amhlaidh atá, ní hé sin le rá nach bhfuil an duine bocht sin briste brónach agus brúite, ach tá a dheora i ngéibheann in áit atá chomh domhain sin ina chrá, nach féidir iad a scaoileadh. 

                                    *****************
Frásaí a bhaineann le deora le feiceáil anseo, anseo agus anseo, agus seanfhocal daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, le léamh, thíos, 

Is goirt iad na deora, na deora a shiltear, ach is goirte go mór iad na deora nach siltear. (Brón)

Monday, May 15, 2017

Smaointe ag Rith

Tharla sé go raibh sé fhéin agus mé fhéin ag ól caife, ar chúl an tí (sular fhág an ghrian muid) inné, agus cé nach cuimhin liom cén fáth ná cén chaoi ar tharla sé, tháinig ainm Emma Peel isteach sa chomhrá. 

Anois, tá a fhios agam go maith go bhfuil daoine á léamh seo agus ní bheidh leid dá laghad acu cé hí Emma Peel, agus tá chuile sheans ann nár chuala siad iomrá ar The Avengers ach an oiread (an clár ina mbíodh an t-aisteoir, Diana Rigg, ag aisteoireacht mar Emma Peel) ach ba chlár é a thaitin go mór liom fhéin, nuair a bhí mé i mo chailín óg. 

Bhí mé, ahem, ag iarraidh bheith cosúil le Emma Peel, an dtuigeann sibh, a léitheoirí. Shamhlóinn mé fhéin, i m'éadaí dubha teanna, ag sábháil an domhain, agus is iomaí karate cic a tarraingíodh, i dtreo mo shiblíní, thar na blianta, agus mé, ahem, i mbun na hoibre sin. Tá chuile sheans ann go bhfuair mé cic nó dhó ar ais, ach ní cuimhin liom na, ahem, rudaí beaga suaracha sin. 

Ach, is cuimhin liom, go maith, an díomá a bhí orm nuair nár éirigh le Daidí na Nollag an chulaith dhubh theann sin a fhágáil faoin gcrann Nollag dom. Bhí sí ar bharr mo liosta a'm! Ar ndóigh, tá a fhios agam nach ar Dhaidí na Nollag a bhí an locht, mar nár fhéad sé theacht ar chulaith a d'fheilfeadh. Mar sin fhéin, ag an am ar leith sin, bhí an cailín beag ramhar seo an-bhuartha ar fad. Níor thuig sí, an créatúirín, go raibh an saol agus a cuid samhlaíochta in adharca a chéile. Tuigim anois é. 

Sa lá atá inniu, feicim an brú atá ar chailíní agus ar bhuachaillí. Tá siad báite agus sáite sna meáin, áiteanna ar féidir an fhírinne a cheilt; go mion minic, i ngan fhios don té atá soineanta, nó neamheolach ar fhíricí an tsaoil. 

Bhí an t-ádh liomsa, ar go leor bealaí. Bhí daoine muinteartha liom, agus cairde agam, a choinnigh súil ar mo chuid samhlaíochta, agus a chothaigh mo chuid muiníne, ar feadh mo shaoil. Is faoina dtioncharsan atá mé fós ag maireachtáil. 

An méid sin ráite, ní hionann an dá ré, ansin agus anois. Ach, is ionann mianta an duine óig, mar go bhfuil a gcuid samhlaíochta fós aibí, agus éasca a mhúnlú. 

Tá súil agam go mbeidh muintir agus cairde daoine óga samhlaíocha na linne seo in ann iad a thabhairt slán ón múnlú dodhéanta neamhchríonna.