Tuesday, February 14, 2023
Lá Fhéile Vailintín
Thursday, December 1, 2022
Monday, January 3, 2022
Lá an Phaoraigh
Níl a fhios agam cé chomh minic is a dúirt mé 'beidh lá eile ag an bPaorach' anuraidh, ach dúirt mé é go han-mhinic, faraor.
I mbliana, cé nach bhfuil ach tús curtha leis an mbliain nua le trí lá anuas, tá Oimiocrón ag scaipeadh fud fad na háite. Is féidir linn pleananna a dhéanamh, ar ndóigh, rud a rinne mé fhéin, sách minic, anuraidh, nuair a ceadaíodh a leithéid...turas anseo, tae ansiúd, dinnéar nó dhó pleanáilte le daoine muinteartha liom atá chomh cúramach faoin víreas is atá mé fhéin...ach, ní mar a síltear a bítear.
Mar a tharla anuraidh, ní féidir a bheith cinnte cén toradh a bheas ar aon phlean i láthair na huaire. Ní féidir linn a dhéanamh ach a bheith ciallmhar agus cúramach, agus gan aon cheo a dhéanamh a chuirfeadh aon duine eile i mbaol, nó a chuirfeadh le líon na gcásanna atá sna hotharlanna. Mo thrua iad na haltraí agus na dochtúirí, agus na hothair bhochta a rinne chuile iarracht an víreas a sheachaint.
Faraor, tá go leor daoine tinn tuirseach de na srianta. Agus, ar ndóigh, tá séantóirí fós thart. Níor athraigh mise m'intinn fhéin ar an ábhar ó thús na paindéime. Creidim fós an méid a dúirt mé i mo dhán, An Séantóir. Beidh mé cúramach go mbeidh bealach as ann.
Is cuma leis an víreas faoi phleananna, cheapfainnn, ach bheinn den bharúil, dá mbeadh guth aige, go mbeadh sé breá sásta go bhfuil daoine ann atá tinn tuirseach de na srianta, agus bheadh sé an-mhór leis na séantóirí. Níl uaidh ach neamhaird, cheapfainn. Slíodóir cruthanta athraitheach, brábúsaí ag tapú gach deis. Is fearr gan aon deis a thabhairt dó.
Idir an dá linn, beidh pleananna á gcur i dtoil a chéile agam. Beidh mé ag cloí le moltaí...masc, scaradh sóisialta, lámha nite go minic, mar is gá. Más gá rud éigin a chur ar ceal, glacfaidh mé leis. Cén mhaith a bheith cantalach, mar ní athróidh sé sin aon scéal, ach amháin go gcuirfidh sé go mór le scéalta chailleach an uafáis.
Má theipeann orm mo phleananna a chur i gcrích, nach cuma! Beidh lá eile ag an bPaorach.
Beannachtaí na bliana nua oraibh go léir, a léitheoirí.
Thursday, November 26, 2020
Lá an Altaithe
Tá a fhios agam nach ionann an bhliain seo agus blianta eile. Tá a fhios agam nach mbeidh daoine in ann a theacht le chéile mar is iondúil leo, ar an lá-mór-le-rá seo, thall ná abhus. Mar sin féin, díreoidh mé ar mo bheannachtaí.
Cibé áit ina mbeidh sibh, nó cibé bealach a bheas agaibh an lá seo a cheiliúradh, bainigí sult as, agus fanaigí slán sábháilte, a léitheoirí. Sin mo bheannacht.
Inniu, tá cruinniú Zoom eagraithe ar mo mhuintir féin. Beidh sé deireanach anseo, luath go leor thall, ó thaobh ama de, ach, mar sin féin, beidh na teaghlaigh uilig ag teacht le chéile, ar ball.
Fiú más go fíorúil féin é, beidh muid ag ceiliúradh le chéile, díreach mar a rinneamar do lá breithe mo mháthar i mbliana.
Is féidir leis An Covid go leor damáiste a dhéanamh, a léitheoirí, ach déanfar chuile iarracht gan ligean dó aon damáiste a dhéanamh don dlúthcheangal agus don dlúthghrá atá againn dár ndream féin.
Níl aon víreas in ann grá a scriosadh. Bainigí taitneamh as an lá, a chairde.
Saturday, April 11, 2020
Monday, March 16, 2020
Lá Fhéile Pádraig 2020
Seo mo bheannacht chugaibh, a léitheoirí - físeán a chuir mé le chéile, anocht, le grianghraif a thóg mé, anseo agus ansiúd, ar fud na tíre, ach go háirithe in Inis Eoghain agus i gConamara.
Faoina bhun, tá mo dhán nuachumtha, Tiocfaidh Muid Slán, agus é curtha leis an bhfonn a théann le 'Óró Sé Do Bheatha Abhaile.'
Bímis ag canadh agus ag ceiliúradh le chéile, a chairde!
Friday, December 27, 2019
Beannachtaí
Tháinig siad, arís, i mbliana. Iadsan agus a bpáistí. Bhí gliondar agus gleo ann, beatha agus beannú. Óladh tae agus caife, itheadh brioscaí agus milseáin, insíodh go leor scéalta. Rinneadh go leor gáire.
D'éist mé leo. Cúpla uair an chloig a d'fhan siad. D'imigh an gleo leo. D'fhan an gliondar i mo chroí.
Beannachtaí na féile oraibh go léir, a chairde.
Thursday, February 14, 2019
Lá Fhéile Vailintín
Tá a fhios agam go bhfuilim mall ag teacht chugaibh le mo bheannacht, inniu, a léitheoirí, ach tá súil agam go raibh lá álainn agaibh, agus go mbeidh oíche, ahem, chroíúil ghrámhar agaibh, anocht. Mar a scríobh Míshásta ar a bhlag féin, tráth den saol, go raibh saigheada Chúipid 'ag eitilt cruinn díreach in bhur dtreo,' más é sin bhur mian, agus bhur gcreideamh.
Tá tuilleadh le léamh thall ar bhlag Róislín maidir le Feabhra na bhFéilte agus na bhFeiseanna anseo, agus tuilleadh uaithi maidir le téarmaí, i nGaeilge, a bhaineann le grá, anseo.
Le cothrom na Féinne a thabhairt do na fir, seo blagmhír a scríobh Scott de Buitléir ar an ábhar, don ardán ar líne, Meon Eile, roinnt blianta ó shin; blagmhír eile ó Aonghus Ó hAlmhain anseo; agus bhlagmhír eile ó Dennis King, maidir leis an gcroí atá bunoscionn, anseo.
Monday, December 31, 2018
2019
Tiocfaidh sí, agus beidh a lá-málaí lán le 'Níl a fhios agam beo!' nó, b'fhéidir, go mbeidh corr 'Ag Dia amháin atá a fhios!' istigh i lá-mála nó dhó aici, freisin.
Beidh orainn fanacht, lá i ndiaidh lae, ar feadh bliana, go bhfeice muid cén bronntanas atá ina málaí aici dúinn. Tá súil agam go mbeidh Séan agus Maise in éineacht léi, agus, ar mhaithe libhse, a léitheoirí, gur fúthu a bheas laethanta na bliana faoi chomaoin.
Bainigí taitneamh as an mbliain nua, a chairde!
Más mian libh léamh faoi 'dea-rúin' nó 'stuaimrúin' nó seanfhocal nó dhó, is féidir libh súil a chaitheamh anseo, nó anseo, nó anseo. Tá liosta de na rúin is coitianta, más fíor, le léamh anseo.
Thursday, November 22, 2018
Lá an Altaithe
Más mian libh na beannachtaí, scéalta agus blagmhíreanna eile, a scríobh mé ar Lá an Altaithe, roimhe seo, a léamh, is féidir libh iad a aimsiú anseo agus anseo.
Go raibh an-lá agaibh, a chairde!
Wednesday, July 4, 2018
Lá na Saoirse
Sunday, March 26, 2017
Lá na Máithreacha
Léigh mé an méid sin thuas, focail a tháinig ón scríbhneoir Mícheál Ó Ruairc, ar tuairisc.ie, le déanaí. Sin iad na focail a rith liom, ar maidin, ar Lá na Máithreacha, agus mé ag cogaint círe an lae, le mo lón machnaimh.
Fadó, os cionn caoga bliain ó shin, rith smaoineamh liom i séipéal, agus níor athraigh mé m'intinn ar an ábhar, ó shin. Creidim i nithe atá 'ceart' agus 'cóir,' agus creidim i gcomhionannas.
Cuireann sé iontas orm, mar shampla, nuair a scaoileann mná, go traidisiúnta, lena sloinnte, ach glacaim leis go bhfuil an ceart sin acu, fiú má shamhlaím féin nach gcuidíonn sé le cearta na mban. Sin mise.
Ar ndóigh, b'fhéidir gur hipí atá ionam, ach níor athraigh mo 'chuid prionsabal' mórán ó bhí mé sé bliana d'aois, agus ní dóigh liom go n-athróidh siad anois.
Seasaim go glórach ciúin ar mo chlaí fhéin, an dtuigeann sibh. Trasna an bhóthair uaim tá claí eile, agus tá daoine ina seasamh ar an gclaí sin, mar nach maith leo an claí ar a bhfuilimse i mo sheasamh. Tá an ceart sin acu. Níl dochar san éagsúlacht, an fhad is nach gcaitear clocha, ná urchair; fhad is nach ngonntar le beart ná le briathar.
Teastaíonn droichid, ní drochíde. Sin mo phrionsabal.
Wednesday, January 11, 2017
An Bhliain Nua
Cibé scéal é, is dócha go bhfuil bhur ndea-rúin nó bhur gcuid stuaimrúin déanta/briste/scriosta agaibh faoin am seo... go n-éirí go geal libh!
Ach, ná bí buartha murar éirigh leat cloí le rún nó dhó, cheana féin. Dar leis an seanfhocal a chonaic mé sa leabhar Seanfhocla Chonnacht,
Ní chaithfear tada a dhéanamh ach bás a fháil. (Bás)
Agus, ar fhaitíos aon mhíthuiscint faoin seanfhocal sin, tugtar míniú dúinn, thíos faoin seanfhocal ceannann céanna,
'An t-aon rud dearfa i saol duine.'
Fágfaidh mé fúibh féin é teacht ar bhur n-intinn féin maidir le nithe 'dearfa' an tsaoil, a léitheoirí, ach roinnfidh mé seanfhocal eile libh, ón leabhar céanna,
Bí cinnte sula mbí tú dearfa. (Ciall)
Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh, a chairde!
Monday, November 28, 2016
I gCuimhne
Chuile Nollaig, cuirim na cártaí uilig atá bailithe agam ar an matal sa seomra suite, i gcuimhne ar na daoine sin. Ar an gcaoi sin, airím liom iad nó, ar a laghad, tagann siad chun cuimhne, nuair a léim na beannachtaí a sheol siad chugam.
Faraor, tá líon na gcártaí sin ag méadú, bliain i ndiaidh bliana.
Nós eile atá agam, ná na cártaí Nollag uilig ón mbliain seo caite a choinneáil san áiléir, i mbosca na gcártaí. Is bosca é ina mbíonn na cártaí thuasluaite, agus cártaí Nollag nua glan, cártaí nár úsáideadh riamh, chomh maith le liosta ainmneacha agus seoltaí na ndaoine a fhaigheann cártaí go rialta uaim, um Nollaig.
Aréir, bhí mé ag cartadh sa mbosca sin, agus tháinig mé ar sheanliosta, liosta a scríobhadh blianta fada ó shin; os cionn deich mbliana ó shin, ceapaim. Baineadh siar asam nuair a chonaic mé ainmneacha ar leith ar an liosta sin; ainmneacha daoine nach bhfuil linn a thuilleadh, faraor, daoine atá imithe ar shlí na fírinne, ó cuireadh an liosta sin le chéile.
Ar bhealach, bím uaigneach nuair a léim a leithéidí. Ar bhealach eile, tá a fhios agam go mbeidh deis agam a mbeannachtaí a léamh arís, i gcuimhne orthu, mar a déarfá. Nuair a bheas an seomra suite maisithe don Nollaig an mhí seo chugainn, beidh na cártaí agus a mbeannachtaí ar an matal.
Más féidir barróg a fháil ó bheannacht, rud a mhothaím, beidh barróga go leor á roinnt.
Thursday, November 24, 2016
Lá an Altaithe
Más féidir é, ar chor ar bith, caith an pholaitíocht as bhur gcloigne inniu, agus bí ar bhur suaimhneas le bhur gcairde agus le bhur muintir. Cibé áit ina mbeidh sibh, go raibh agaibh síocháin, sonas agus sócúlacht.
Más mian libh scéilín beag a léamh, faoi m'am féin thall ar Lá an Altaithe, caith súil anseo, a léitheoirí. Táim den bharúil go bhfuil an dream seo, ahem, i bhfad níos fearr ná muidne!
Tuesday, March 1, 2016
Fadó, Fadó, Fada...
Tá an cárta, thuas, le ceannach in Aldi faoi láthair, mar atá neart cártaí eile mar é, arb é Lá Fhéile Pádraig a dtéama.
Mar atá scríofa ar chúl an chárta, tá na cártaí uilig de dhéantús Éireannach faoi ráthaíocht, agus molaim a gcuid tacaíochta dár ngeilleagar. Cúpla bliain ó shin, cheannaigh mé cárta nó dhó eile in Aldi, agus bhain na teachtaireachtaí suimiúla, a bhí priontáilte ar na cártaí, gáire nó dhó as an dream thall.
Nuair a d'oscail mé an cárta thuas, i mbliana, baineadh siar asam. Meas tú, arsa mé féin liom féin, an é nach dtugann na 'totally Irish' daoine a dhéanann na cártaí, an é nach dtugann siad faoi deara go bhfuil rud nó dhó, nó trí, ar iarraidh ón mbeannacht?
Ah bhuel, gura, ahem, fada buan a gcuid iarrachtaí, mar sin féin.
Thursday, December 31, 2015
Bliain Nua Eile
Ach, tá a fhios agam go bhfuil a fhios agaibh féin an méid sin...tá sibh cliste, agus ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú in bhur saol féin, agus sa saol i gcoitinne, bail ó bhur ndéithe oraibh; mar sin ní gá domsa labhairt anseo faoin mbliain a chuaigh thart, ná faoin mbliain atá le teacht.
Tá 'súil siar' nó dhó le léamh ar tuairisc.ie, ach más mian libh súil in athuair a chaitheamh ar mo rámhaillí féin, tá giotaí scríofa agam, roimhe seo, faoi rúin na bliana nua, anseo agus anseo; nath cainte nó dhó a rith liom faoin am seo den bhliain le léamh anseo, agus mo smaointe, ón am seo anuraidh, le léamh anseo,
Ar aon nós, cibé rud a dhéanfaidh sibh sa bhliain nua, a léitheoirí, tá súil agam go mbainfidh sibh sult as an taithí. Níl againn ach seal...go raibh sé faoi mhaise daoibh an bhliain úr seo chugainn, a chairde.
Friday, December 25, 2015
Thursday, November 26, 2015
Lá an Altaithe
Ach, ar dtús, scéilín.
Roinnt blianta ó shin, chuaigh scaifte de mo mhuintir thiar, agus scaifte de mo chlann féin abhus, anonn go Bostún, áit ar chaitheamar uilig Lá an Altaithe, leis an dream thall.
Níl a fhios agam cé mhéad againn a shuí chun boird an lá sin, ach bhí muid uilig ann, trí ghlúin ar a laghad, agus b'aoibhinn an t-am a bhí againn, le chéile...ag ithe, ag ól 's ag comhrá, an seandream ag roinnt cuimhní cinn leis an dream óg; cuid de na cuimhní sin, bhí siad an-bhrónach ar fad, ach, formhór na gcuimhní...bhuel, rinneamar go leor gáirí.
Tharla sé gur chuir deirfiúr amháin againn leabhráin d'amhráin le chéile, seanamhráin a bhformhór, agus bhíomar ag gabháil fhoinn, tar éis an dinnéir, go dtí nach aon amhrán ó na leabhráin nach raibh canta againn. Ar ndóigh, bhí fonn orainn tuilleadh
Bhuel, thosaíomar...mar a dhéanfadh aon duine
'OMG, Mum! Ye killed it!'
Ní dóigh liom gur moladh a bhí ann.
Pé scéal é, a léitheoirí, cibé áit ina bhfuil sibh ag ceiliúradh inniu, go raibh sibh uilig ar bhur suaimhneas i gcuideachta bhur gcairde agus i gcuideachta bhur muintire; go raibh sibh uilig faoi shíocháin agus saor ó bhuairt.
Agus... hello!...b'fhéidir gurbh fhearr amhráin Adele a sheachaint...



