Showing posts with label ríomhaireacht. Show all posts
Showing posts with label ríomhaireacht. Show all posts

Monday, November 12, 2012

Oireachtas na Samhna 2012; Léacht: An Ríomhlóid Abú!


Bhí mé ag tnúth go mór leis an léacht seo le Ciarán Ó Bréartúin, Innealtóir agus Bainisteoir le www.durud.ie, cuideachta atá, mar a deirtear ar an suíomh idirlín úd, ‘gafa le cursaí ríomhaireachta, go háirithe sa Ghaeilge.’

Cúpla bliain ó shin, am ar casadh Aonghus agus Micilín orm den chéad uair freisin, bhí Ciarán inár gcuideachta, agus bhí mé an-tógtha leis na smaointe ceannródaíocha a roinn sé liom ag an am. Mar sin, bhí mé ag súil go mór leis an léacht seo, ní hamháin le go mbeinn in ann éisteacht leis an dul chun cinn atá déanta aige, agus ag cuideachta dúrud, in earnáil ríomhaireachta na Gaeilge, ach le deis a fháil mo bhuíochas a ghabháil leis féin, agus leis an Dr. Kevin Scannell (fear a bhí ina aoi speisialta ag an léacht) as an obair éachtach atá déanta acu in earnáil na Gaeilge le blianta anuas.  

Go deimhin, is ceannródaí eile i réimse na teicneolaíochta é Kevin Scannell; fear uasal ag a bhfuil dul chun cinn nach beag déanta aige féin in earnáil na Gaeilge: cláir, bogearraí, litreoir, gramadóir, agus teasáras leictreonach, chomh maith le háiseanna eile na ríomhaireachta gaelaí forbartha aige.

Ar ndóigh, is dócha gur faoinár gcúram féin atá sé, a léitheoirí, úsáid a bhaint as na háiseanna sin atá ar fáil anois (sonraí thíosluaite) le go dtarlóidh an dul chun cinn atá luaite ar shuíomh dúrud, sé sin go  ‘…cruthaítear iliomad féidearthachtaí gnó, mar bíonn gá le seirbhísí agus le táirgí sa teanga áirithe sin..’

Tá leaganacha Gaeilge de gach saghas feidhmchlár ríomhaireachta curtha ar fáil ag foireann dúrud, le go mbeidh tusa agus mise, a léitheoir, in ann ‘cuma agus dealramh ag gléas nó ag feidhmchlár a athrú sa chaoi is go n-oireann sé do thír nó do chultúr áirithe.’

 
Agus, le go mbeidh deis againn an chuma agus an dealramh sin a chruthú go héasca inár dteanga féin, tá dhá shuíomh forbartha ag dúrud, www.nascanna.com, ‘do dhaoine atá ag lorg eolais maidir leis na feidhmchláir agus na háiseanna ríomhaireachta ginearálta eile atá ann sa Ghaeilge...’ agus www.scriobh.ie, ‘áis lárnach do dhaoine atá ag lorg eolais maidir leis na feidhmchláir agus na háiseanna ríomhaireachta eile atá ann do scríbhneoireacht na Gaeilge.’

 
Anois, níl mórán ar eolas agam féin faoi theicneolaíocht, ná faoi chúrsaí ríomhaireachta, go deimhin, ach d’fhoghlaim mé ó léacht Chiaráin gurb é ‘Céim ar Chéim’ an bealach is fearr domsa tabhairt faoi theanga mo ríomhaire a athrú go Gaeilge; agus mholfainn daoibhse, a léitheoirí, súil a chaitheamh ar an gcéad chéim go bhfeicfidh sibh cé chomh héasca agus atá sé tús a chur leis an bpróiseas.

Ar ndóigh, mhol Ciarán an Céim ar Chéim sin nuair a luaigh mé féin, ag an léacht, nach raibh mórán ar eolas agam faoi chúrsaí ríomhaireachta ach, ar fhaitíos amhras orm agus mé i mbun an phróisis amach anseo, thairg Séamus Ó Briain, Feidhmeannach Ríomhaireachta le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair, fear a bhí i gcuideachta Chiaráin agus Khevin ag an léacht, go mbeadh sé breá sásta cúnamh agus comhairle a thabhairt, dá mbeadh sé ag teastáil.

Anois, a léitheoirí, is léir nach bhfuil leithscéal ar bith ag aon duine againn gan tabhairt faoin bpróiseas seo, agus ár ríomhairí a Ghaelú; ní ar mhaithe linn féin amháin, ach ar mhaithe leis an teanga, cheapfainn, agus le go mbeidh sé le feiceáil ag na comhlachtaí móra, atá ag feidhmiú in earnáil na teicneolaíochta agus ríomhaireachta, go bhfuil gá le seirbhísí agus táirgí trí Ghaeilge, rud a chuideodh le geilleagar na tíre - tá tábhacht nach beag ag baint lena leithéidí sin, más buan mo thuiscint ó léacht Chiaráin.  

Mo chuimhne, ní hamháin go bhfuil áiseanna mar GoogleSearch, Mozilla Firefox, Tux Paint (cluichí do pháistí), Thunderbird, Rainlender (féilire), Toporopa (clár tíreolais), LibreOffice (clár cosúil le MS Office), Litreoir do LibreOffice, Vicipéid, Facebook, Microsoft Office, Windows XP agus Windows 7, Audacity agus Workwave, uilig le fáil as Gaeilge, agus eolas fúthu le fáil ar shuíomh www.nascanna.com, gan trácht ar na háiseanna iontacha atá le fáil don scríbhneoir ag www.scriobh.ie agus don aistritheoir ag www.aistear.ie, nó don chainteoir ag www.abair.tcd.ie, d’inis an Dr. Scannell dúinn, ag deireadh na léachta, faoin gcóras nua tuarthéacscála as Gaeilge atá forbartha aige, i gcomhoibriú le Michael Bauer as Albain, agus atá ar fáil anois ar Android do d’fhón póca  – Adaptxt. Fear gnóthach cumasach é Kevin Scannell, gan dabht.

A bhuí leis na daoine uilig atá ag obair go dian in earnáil na Gaeilge, daoine cosúil le Ciarán agus le Kevin, daoine agus foirne éagsúla eile, mar shampla, a chuireann leithéidí focal.ie, acmhainn.ie, potafocal.com, sengoídelc.com, focloirfein.com, cruinneog.com srl., inár láthair, tá fáil againn ar na háiseanna a chuidíonn linn, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Is fúinne atá sé iad a úsáid.
 
An Ríomhlóid Abú!

Wednesday, August 22, 2012

Puipéad Stoca?

Nuair nach mbíonn daoine, fearacht mé féin, go hiomlán ar an eolas faoi chúrsaí ríomhaireachta ná faoi ghnóthadóireacht an idirlín, seans go dtarraingeodh focal cosúil le sockpuppet a n-aird ina threo.

Bhuel, tharraing sé m’airdse, pé scéal é, nuair a chonaic mé an focal luaite ag Willie O’Dea san Indo, ina alt faoi Chris Andrews.

Dar le Wikipedia, séard is sockpuppet ann ná ‘an online identity used for purposes of deception… ‘ agus ar fhaitíos go mbeadh aon bhlagálaí nó aon ghiolcaire amuigh ansin amhrasach faoina identity féin, deirtear ar an suíomh céanna sin,

‘A significant difference between the use of a pseudonym and the creation of a sockpuppet is that the sockpuppet poses as an independent third-party unaffiliated with the puppeteer.’

D’fhágfadh sé sin go mbeadh an sockpuppet Neamhspleách Ar Phuipéadóir, b'fhéidir? Féach napachán ar an líosta thíos, a léitheoirí.  

Ní fúmsa atá sé, sa mhír seo, lipéad a chur ar aon duine; níl uaim ach leagan Gaeilge den fhocal sockpuppet a aimsiú, más féidir é, ceann nach ionann é agus aistriúchán díreach, an dtuigeann sibh. Tháinig mé ar na focail seo a leanas, in Cén Sórt É nó ar an suíomh Is Iomaí Duine ag Dia:

Napachán – (Duine anásta dallintinneach; Duine ráscánta maolaigeanta; Leanbh gan chaill) CSÉ (lumpish, witless person) IIDaD

Cealgaire -  (duine glic lúbach, duine a chuirfeadh amú thú d’aon turas; duine fimíneach) CSÉ (guileful person, beguiler, deceiver) IIDaD

Faladhúdaí - (stealthy person, thief, deceiver) IIDaD

Gliúcálaí-  (Rógaire, duine cealgach) CSÉ (Gliúcálaidhe ar IIDaD)

Saofóir - (perverter, deceiver) IIDaD (Duine a chuirfeadh duine nó ní as a cheart; duine cealgach; duine a bheadh ag breabadh nó ar cur cathú) CSÉ

Láimhsitheoir - (Duine a bheadh ag ionramháil) CSÉ (manipulator, grappler) IIDaD

Beartaí – Duine a bheadh ag pleanáil; duine a bheadh ag bagairt; duine a bheadh ag pleanáil go cliste) CSÉ

Líonláimhsitheoir? Gliúcálaí Gréasáin? Saofóir Suímh? Faladhúdaí Idirlín? Láimhsitheoir Láithreáin? Cealgaire Caismirteach? 

Caochadán, b’fhéidir? Napachán, b’fhéidir? Bhur mbarúil féin?