Ar maidin, tá ubh amháin sa nead...wúhú! Ach, cé leis í – an
meantán gorm nó an meantán mór?
Le ceithre lá anuas, tá An Garraíodóir agus mé féin ag
coinneáil súil ghéar ar an ngeáitsíocht idir an meantán gorm agus an meantán
mór, agus chuirfeadh sé ionadh oraibh, a léitheoirí, na cineálacha rudaí atá le feiceáil againn.
Is é/í an
meantán mór a chuir tús leis an nead ach is é/í an meantán gorm a thóg an nead,
den chuid is mó (brú ar an bhfocal 'YouTube' sa bhlagmhír thíos, a chairde, agus feicfidh sibh é i mbun a chuid oibre.)
Ach, cúpla lá ó shin, tar éis don mheantán gorm an nead a
fhágáil, le cleití úra a fháil (bhí sí ag bailiú cleití ó mhaidin), bhog an
meantán mór isteach sa teachín éan. Ar fhilleadh don mheantán gorm, (is dóigh liom gur ‘di’ a bhí ann)
ní mó ná sásta a bhí sí an meantán mór a fheiceáil sa teachaín éan. Ní bhfuair an meantán gorm bocht aon fháilte mhór, agus ní ligfeadh an meantán mór ar ais isteach chuig an nead í.
Arú
aréir, agus aréir, sí an meantán mór a bhí ina codladh ar an nead. Is dóigh liom,
faoin am seo, gur ‘sí’ atá ann, agus gurb é an ‘sé’ atá taobh amuigh den
teachín éan, ag bagairt a ghéaga ar an meantán gorm bocht.
Inné, bhí
an meantán mór istigh ar an nead, an chuid is mó den am, ach bhí an meantán gorm
ag teacht agus ag imeacht, chomh maith céanna, cé nár fhan sí istigh sa teachín
éan, ach amháin gur chóirigh sí an nead beagán.
Só, cé leis an ubh thuas?
Bhuel, ar
maidin, chonaic mé meantán mór ag breathnú ar an ubh, cé nár fhan sé/sí ann ach cúpla
soicind. Ina dhiaidh sin, tháinig an meantán gorm isteach, agus bhreathnaigh sé/sí ar an ubh, cé nár fhan sé/sí ach cúpla soicind, ach an oiread. Ní fhaca mé aon éan ná aon ubh eile ó shin.
Tuilleadh uaim ar ball beag,
agus tá súil agam gur dea-scéal a bheidh ann.