Showing posts with label BÁC. Show all posts
Showing posts with label BÁC. Show all posts

Sunday, September 22, 2013

Fód Dúchais

Carr a chonaic mé i mBaile An Róba an tseachtain seo caite. 

Cé gur, ahem, Cailín na Gaillimhe mé féin, phós mé fear as Maigh Eo, b'as Maigh Eo do m'athair, agus do mo sheanmháthair ar thaobh mo mháthar, (gan trácht ar na mílte gaolta atá agam i dTuar Mhic Éadaigh!) mar sin, ar fhaitíos aon dabht ann faoi mo chuid dílseachta, tá mo chosa fódaithe sa talamh le dream Mhaigh Eo inniu - Maigh Eo abú!

Bainígí sult as Domhnach na Peile, a léitheoirí.

Saturday, March 24, 2012

Graifítí i mBÁC!

Bhí mé ag éisteacht leis an gclár The Business inniu, agus chuala mé cailín as Dún na nGall, Aoife Dick, ag labhairt faoin ghnó nua, Urban Productions, atá bunaithe aici féin agus Conallach eile, Molly Gordon.

Tá socruithe déanta acu anois don ‘first graffiti and street art walking tour’ i mBaile Átha Cliath: Dublin tour with a twist’, mar atá tugtha ar an tsiúlóid ar shuíomh RTÉ, agus beidh sé ar siúl amárach, Dé Domhnaigh, 25ú Márta.

Smaoineamh úr agus smaoineamh suimiúil, i mo thuairim féin. Go n-éirí go geal leo!

Tuilleadh eolais le léamh anseo agus anseo 

Sunday, June 12, 2011

Carnán Ag Fás

Go sábháiltear sinn, a léitheoirí, ach táim den bharúil nach féidir mé a ligean i bhfoisceacht mhíle de shiopa leabhar, nó rachaidh mé isteach ann le lámha folmha agus pócaí lána, agus fágfaidh mé é le lámha lána agus pócaí folmha.

I mBaile Átha Cliath le déanaí, mheall Easons isteach mé, agus cheannaigh mé an leabhar nua Sunday Miscellany…a selection from 2006-2008. Taitníonn an clár raidió go mór liom agus, anois, beidh deis agam na scéalta a léamh ar mo chaoithiúlacht.

I mBarra an Teampaill, chuaigh mé isteach i gConnolly Books, áit inar cheannaigh mé cúig leabhar eile, leabhair réchaite, ina measc Sunday Miscellany eile, an duanaire a tháinig amach i 2004, cóip d’Irisleabhar Mhá Nuad, ón mbliain 1981, an leabhar Téacs agus Comhthéacs, chomh maith le dhá leabhar eile as Béarla. Fuair mé na cúig leabhar sin ar €10 - ‘ardaigh orm’ gan dabht!

Ar ndóigh, ní féidir lá nó dhó a chaitheamh i gCathair na Gaillimhe, mar a rinne mé féin agus é féin an tseachtain seo caite, gan, ahem, am a chaitheamh istigh i siopa leabhar Charlie Byrne’s. Tháinig mé amach as le dhá leabhar nua, agus le dhá leabhar réchaite: John Boyle O’Reilly agus An Glór Gael-Mheiriceánach (€7) agus Seoda i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (€10).
Níl a fhios agam cén uair a léifear na leabhair uilig atá ceannaithe agam thar na blianta, ach is maith liom iad a bheith agam, an dtuigeann sibh. Tá alt nó dhó léite agam as gach ceann acu, agus beidh siad ar an tseilf, ag fanacht liom, má bhíonn uaim tuilleadh a léamh astu; rud a dhéanaim go rialta, go deimhin.    

As seo amach, caithfidh mé na diabhal siopaí sin a sheachaint. Níl mórán spáis fágtha ar na seilfeanna agam…

Monday, May 30, 2011

Ar Ais Arís

Anois, cá raibh mé? Oh, sea, bhí mé i mBaile Átha Cliath…

Tá sibh ann a déarfadh ‘Big deal!’, agus bheadh an ceart agaibh, ar bhealach. Bhí 'dealing' de shórt i gceist, gan dabht - roinneadh comhluadar agus craic, le comhbhlagálaithe, le cairde, le cine is le clann.

Agus, roinneadh scéalta go leor liom, bíodh siad fíor nó ná bíodh. Cuid de na scéalta sin, roinnfear anseo iad, de réir a chéile, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile: an bhean leis an ngunna ina mála, an fear leathlámhach, na fir ag guí i dtreo an bhalla, an bhean ina luí ag an doras, an tiománaí tacsaí nár roinn go leor, ach a dúirt a dhóthain.

Ach, tá scéalta eile a chuala mé, nach roinnfear go brách, anseo ná in aon áit eile, mar gur roinneadh liom iad, le hiad a choinneáil faoi rún agus faoi choimirce, i gceangal an chairdis.

Tuesday, May 3, 2011

Fuinneog na Faille

Tá sé de nós agam na focail ‘tá súil agam’ a scríobh, nó a rá, ag deireadh abairte, abairt ina bhfuil sé luaite agam go bhfuilim ag brath ar rud a dhéanamh, an dtuigeann sibh. Tá fáth leis sin.

‘Céard atá i gceist agat, a Áine?’ cloisim uaibh.

Bhuel, nuair a scríobh mise, i mo bhlagmhír dheireanach, mar shampla, ‘Faoin am seo amárach, beidh mé i mBarcelona…’ bhí mo bhrath luaite agam, ach chuir mé ‘tá súil agam’ ag deireadh na habairte, ar fhaitíos na bhfaitíos, an dtuigeann sibh.

Ní hé nach bhfuilim dóchasach, a léitheoirí, ach d’fhoghlaim mé, thar na blianta, nach féidir brath ar inneall ná ar intinn, agus is fearr bheith ullamh don ‘eachtra gan choinne’, mar a déarfá.

Cén eachtra gan choinne a tharla, a Áine?’ cloisim uaibh.

Bhuel, an geábh seo, fadhb leis an bhfuinneog i gcró an phíolóta ba chúis leis an moill a cuireadh ormsa, agus ar chuile dhuine eile san eitleán liom, tráthnóna Dé Céadaoin seo caite; fadhb a d’fhág go raibh orainn an oíche a chaitheamh in óstán i mBaile Átha Cliath, seachas in óstán i mBarcelona, mar a bhí braite agam.  

Sea, thréig mo ‘bhrath’ mé. Bhí mo ‘tá súil agam’ fíoraithe, ar bhealach. Níor fhágamar aerfort Bhaile Átha Cliath go dtí an lá arna mhárach, rud a d’fhág nach raibh agam ach trí lá agus trí oíche i gcathair álainn Bharcelona. Tuilleadh faoi sin amach anseo.

Ach anois, ar ais linn go dtí cró an phíolóta, ar eitleán Aer Lingus, oíche Dé Céadaoin, in aerfort Bhaile Átha Cliath. Bhíomar deireanach ag dul ar bord, ó tharla nár osclaíodh na geataí in am. Ní haon chás annamh a leithéidí sin, cloisim uaibh, a léitheoirí, agus bheadh an ceart agaibh.

Mar sin féin, tar éis dhá uair go leith a chaitheamh ar an eitleán féin, ag breathnú ar innealtóirí ag teacht agus ag imeacht as cró an phíolóta, bhí nóisean agam go raibh, ahem, fadhb éigin ár gcoinneáil ar an rúidbhealach. Go deimhin, bhí an dara ‘xanax’ slogtha agam faoin am sin.

Ní réitíonn mise agus eitilt go rómhaith lena chéile, an dtuigeann sibh, agus bhí éifeacht an chéad xanax, táibléad a tógadh ‘one hour before the flight is due to leave’ mar a moltar, bhuel, bhí a éifeacht maolaithe go maith, in éineacht le mo mhisneach, chomh luath agus a chonaic mé an chéad innealtóir ag dul isteach sa chró.  

Le scéal gearr a dhéanamh níos faide, cuireadh den eitleán muid faoi dheireadh, agus cuireadh go hóstán muid, áit ina raibh dinnéar ag fanacht linn, agus seomraí réidh faoinár gcoinne.

An fhadhb leis an eitleán? Bíodh sé fíor nó ná bíodh, dúradh liom go raibh fuinneog chró an phíolóta oscailte, agus nach raibh siad in ann í a dhúnadh. Faoin am sin, bhí seacht n-uaire an chloig caite agam san aerfort, agus ba chuma liom faoin fhuinneog chadránta. Ní raibh uaim ach gloine fíona agus leaba. Chaith Aer Lingus go hiontach linn, caithfidh mé a rá.

Ar an mbealach chuig an óstán, ar an mbus a cuireadh ar fáil dúinn, chuala mé comhrá ar mo chúl.

Just as well we weren’t flying with Ryanair…’ arsa an bhean, ‘…or we’d be spending the night on the airport floor, instead of in a hotel.’

‘Not true…’ arsa a fear deisbhéalach léi, ‘…Ryanair would have flown to Barcelona, and left the window open.’