Showing posts with label cárta. Show all posts
Showing posts with label cárta. Show all posts

Saturday, December 3, 2016

Bronntanas Uait?

Mura bhfuil bronntanais na Nollag ceannaithe agat fós, a léitheoir, is féidir leat súil a chaitheamh ar mo bhlagmhíreanna anseo, míreanna a scríobh mé an t-am seo anuraidh, agus arú anuraidh, faoi tháirgí atá ar fáil i nGaeilge. 

I mbliana, tá na cártaí thuas le fáil in Aldi, agus taobh amuigh de na siopaí atá luaite agam sna míreanna roimhe seo, tá a fhios agam go mbeidh cártai i nGaeilge le fáil ó Shiún Ní Dhuinn, go luath, agus táim ag súil go mór leo. 

Is féidir súil a chaitheamh ar chártaí le Catherine Dunne anseo.

Tháinig mé ar an tseacláid thuas in Heatons i Leitir Ceanainn, ach tháinig mé ar an suíomh gréasáin seo le Bumble Bee Creations ina dhiaidh sin, agus is cosúil gur féidir leat seacláidí agus táirgí eile 'pearsanta' a fháil, más mian leat, ach d'ordú bheith leo roimh na dátaí seo.
Fuair mé an phlaic thuas déanta anseo i mBun Cranncha; leaids óga ón idirbhliain i Scoil Mhuire, atá á ndéanamh, Chonaic mé a dtáirgí ag Margadh na Nollag an tseachtain seo caite, agus bhí m'ordú pearsanta leo, ar an bpointe. Is féidir dul i dteagmháil leo ag @LaserItYourDesign ar Facebook, más mian leat plaic a ordú in am don Nollaig. 

Monday, November 28, 2016

I gCuimhne

Níl a fhios agam cén uair a thosaigh mé ar an nós ach, le blianta fada anois, tá sé de nós agam, roimh an Nollaig, dul trí na cártaí Nollag ón mbliain roimhe, agus más rud go bhfuair mé cárta ó aon duine a fuair bás idir an dá linn, coinním an cárta sin.

Chuile Nollaig, cuirim na cártaí uilig atá bailithe agam ar an matal sa seomra suite, i gcuimhne ar na daoine sin. Ar an gcaoi sin, airím liom iad nó, ar a laghad, tagann siad chun cuimhne, nuair a léim na beannachtaí a sheol siad chugam.

Faraor, tá líon na gcártaí sin ag méadú, bliain i ndiaidh bliana.

Nós eile atá agam, ná na cártaí Nollag uilig ón mbliain seo caite a choinneáil san áiléir, i mbosca na gcártaí. Is bosca é ina mbíonn na cártaí thuasluaite, agus cártaí Nollag nua glan, cártaí nár úsáideadh riamh, chomh maith le liosta ainmneacha agus seoltaí na ndaoine a fhaigheann cártaí go rialta uaim, um Nollaig.

Aréir, bhí mé ag cartadh sa mbosca sin, agus tháinig mé ar sheanliosta, liosta a scríobhadh blianta fada ó shin; os cionn deich mbliana ó shin, ceapaim. Baineadh siar asam nuair a chonaic mé ainmneacha ar leith ar an liosta sin; ainmneacha daoine nach bhfuil linn a thuilleadh, faraor, daoine atá imithe ar shlí na fírinne, ó cuireadh an liosta sin le chéile.

Ar bhealach, bím uaigneach nuair a léim a leithéidí. Ar bhealach eile, tá a fhios agam go mbeidh deis agam a mbeannachtaí a léamh arís, i gcuimhne orthu, mar a déarfá. Nuair a bheas an seomra suite maisithe don Nollaig an mhí seo chugainn, beidh na cártaí agus a mbeannachtaí ar an matal.

Más féidir barróg a fháil ó bheannacht, rud a mhothaím, beidh barróga go leor á roinnt.

Tuesday, March 1, 2016

Fadó, Fadó, Fada...


Tá an cárta, thuas, le ceannach in Aldi faoi láthair, mar atá neart cártaí eile mar é, arb é Lá Fhéile Pádraig a dtéama.
Mar atá scríofa ar chúl an chárta, tá na cártaí uilig de dhéantús Éireannach faoi ráthaíocht, agus molaim a gcuid tacaíochta dár ngeilleagar. Cúpla bliain ó shin, cheannaigh mé cárta nó dhó eile in Aldi, agus bhain na teachtaireachtaí suimiúla, a bhí priontáilte ar na cártaí, gáire nó dhó as an dream thall.
Nuair a d'oscail mé an cárta thuas, i mbliana, baineadh siar asam. Meas tú, arsa mé féin liom féin, an é nach dtugann na 'totally Irish' daoine a dhéanann na cártaí, an é nach dtugann siad faoi deara go bhfuil rud nó dhó, nó trí, ar iarraidh ón mbeannacht?

Ah bhuel, gura, ahem, fada buan a gcuid iarrachtaí, mar sin féin. 

Thursday, November 26, 2015

Bronntanas Uait?

Tá an Nollaig ag druidim linn, a léitheoirí, agus má tá bronntanais nó cártaí na Nollag le ceannacht agaibh fós, is féidir libh súil a chaitheamh ar mo bhlagmhíreanna ar an ábhar sin, ón mbliain seo caite anseo, agus ón mbliain roimhe sin anseo, más mian libh. 

Tá formhór na dtáirgí déanta in Éirinn, agus tá go leor acu le fáil i nGaeilge, nó le Gaeilge, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. 

Mo chuimhne, sula ndéanfaidh mé dearmad orthu, agus ó tharla go bhfuil fear as Dún na nGall, Ian Harkin, bainteach leo, beidh an 'Irish-designed Lottie doll, with its more childlike features..' (tá na bábóga aoisiriúnach) le feiceáil ar an Late Late Toy Show, san oíche amárach, agus '...the Lottie Doll will be wearing a superhero outfit designed by a real-life child.' 

Ná fiafraigh díom cén sórt eile páiste a bheadh ann seachas ceann atá 'real life'... ní bhaineann sé sin leis an mblagmhír seo. Taitníonn na Lottie Dolls liom...tá teachtaireacht níos aoisoiriúnaí á tabhairt do pháistí ag an gcomhlacht, agus is maith liom é sin. 

I mbliana, nuair a bhí mé i Halla na Seastán ag Oireachtas na Samhna i mBaile Átha Cliath, chonaic mé táirgí a thaitin liom, agus b'fhéidir go mbeadh suim agaibh féin rud éigin mar iad a cheannacht, mar bhronntanas um Nollaig seo. 
Más cluichí don teaghlach atá uait, b'fhiú go mór duit súil a chaitheamh ar na táirgí Gaeilge atá ar shuíomh idirlín udar.ie. Tá Scrabble, Monopoly agus cluichí boird eile acu, iad uilig i nGaeilge, mar aon lena bpóstaeir agus leabhair do pháistí. 
Bhí neart smaointe do bhronntanais agus cártaí na Nollag le feiceáil ag seastán Gnó Mhaigh Eo, mar a bhí...
...éadaí do pháistí ó A Stóirín, agus tá siopa éadaí A Stór i gCaisleán an Bharraigh...tá cártaí i nGaeilge le fáil ó...
...nó is feidir leat cárta ar leith a fháil déanta, dá mba mhian leat, ach labhairt leis an ealaíontóir...
Tá Eolaire Ghnó Mháigh Eo le léamh anseo, más mian libh súil a chaitheamh ar tháirgí/síopaí Gaelacha eile. 

Más t-léinte nó dlúthdhíoscaí atá uait...

cheannaigh mé na cinn thuas, ag an Oireachtas, ar mhaithe le Scoil Chaitlín Maude i dTamhlacht, ach is féidir t-léinte Gaeilge a fháil ó hairybaby.com, ó gaelshirt.spreadshirt.ie, ó t-leine.ie, ó spailpin.com, ó deirse.com, nó ón siopacultúr.com, mar shampla. 
Maidir le dlúthdhioscaí, tharla sé go raibh An Crann Óg ag seoladh an dlúthdhiosca nua s'acu. Fuaim An Chiúnais, ag an Oireachtas i mbliana, agus cheannaigh mé é. Tá Mairéad Ní Mhaonaigh ag casadh traic amháin leo ar an dlúthdhiosca nua, ach tá na daoine óga iad féin thar barr mar amhránaithe, chomh maith, mar a chloisfidh sibh anseo. 

Is féidir meascán de dhlúthdhioscaí (scéalta, ceol, seanfhocla, amhráin srl.) a fháil ar an idirlíon; Futa Fata, Muintearas, Cló Iar-Chonnacht, An Siopa Leabhar, Gael Linn, Doimnic, Fios Feasa, Spailpín, ach fios a bheith agat céard atá uait! 

Saturday, February 8, 2014

Coiscéimeanna sa nGaineamh

Le caoinchead mo chara, Bridie, bean a d'aistrigh an scéal, agus bean a thóg an pictiúr. 

Sunday, August 5, 2012

Cárta Ceachta

Tá ceann de na cártaí breosla seo ag an nGarraíodóir, ach níl agamsa. Ní bhacaim leis, mar ní theastaíonn peitreal uaimse chomh minic agus a theastaíonn díosal uaidhsean.

Mar sin féin, an lá cheana, ó tharla gan airgead tirim i mo phóca agam, agus ó tharla go raibh peitreal ag teastáil óm charr – an solas dearg sin ag bagairt orm, an dtuigeann sibh -  sciob mé liom an cárta, ahem, i ngan fhios don Gharraíodóir, agus amach an doras liom.

Ag an ngaráiste, líon mé an carr le peitreal, agus isteach liom go dtí an siopa, áit a raibh leaid óg, taobh thiar den chuntar, ag fanacht le híocaíocht uaim. Shín mé mo chárta breá gorm ina threo, le húdarás mná a raibh a leithéid déanta aici, ahem, míle uair cheana.

Thóg sé an cárta uaim. Chuir sé isteach sa mheaisín POS é, agus dúirt,

‘Enter your pin number, please.’

Bhuel, baineadh geit nach beag asam, agus d’airigh mé m’údarás ag rith i ndiaidh mo mhuiníne, amach trí dhoras an tsiopa. Ní raibh mé féin in ann bogadh, cé go raibh fonn orm iad a leanúint, ach bhí an peitreal fós le híoc agam, an dtuigeann sibh, agus ní raibh pingin rua i mo phóca agam.

‘I need a pin!’ arsa mé féin. (Ní ceist a bhí ann, a léitheoirí, ach abairt físe, ó tharla an fhírinne á nochtadh féin i m’aigne aineolach.)

‘Indeed you do.’ arsa an leaid óg, agus é ag breathnú orm le trua, nó le seanbhlas, b’fhéidir. Deacair a rá.

Bhuel, rith mé amach go dtí mo charr, le m’fhón póca a fháil, an dtuigeann sibh, chan le héalú, agus ghlaoigh mé ar an nGarraíodóir, le huimhir a chárta a fháil. Thosaigh sé ag gáire fúm, agus d’airigh mé go raibh rúinín den ‘sách maith agat’ sa gháire sin uaidh. Deacair a rá.

Pé scéal é, bhailigh mé m’údarás liom arís, agus isteach liom sa siopa le m’uimhir. Chuir mé na ceithre uimhir isteach, agus bhreathnaigh mé ar an leaid óg, le misneach agus le mórtas.

‘Do you want to put your age on the receipt? a d’fhiafraigh an leaid óg díom, a mhéara os cionn an scipéid airgid, ag fanacht le freagra uaim.

‘Why would I want to put my age on it!’ a d’fhiafraigh an Gaillmheach meánaosta seo den Chonallach óg os a comhair; mo mhisneach, mo mhórtas agus m’údarás ag méadú le méid mo dhiomú.

Leis an ngáire céanna ag teacht ón gConallach agus a bhí cloiste agam ón nGarraíodóir ar an bhfón díreach roimhe sin, dúirt an leaid óg,

‘Not your age, Ma'am…’ arsa sé, agus na deora gáire ag sileadh uaidh,

‘…would you like to put your reg on the receipt.’