Showing posts with label cineálta. Show all posts
Showing posts with label cineálta. Show all posts

Wednesday, November 25, 2020

Smaointe Ag Rith

B'fhearr liom a bheith cineálta ná gránna.

Sin é a dúirt sí. Blianta fada ó shin. 

Comhrá a bhí ann, idir í féin agus bean eile, faoi bhás an fhir; andúileach a d'imigh ar shlí na fírinne, i bhfad roimh a am, shílfeá. 

Ní raibh sé fiú seasca bliain d'aois. 

Rug a chuid ólacháin ar a chroí, agus d'fháisc an bheatha as, mar gheall ar an drochbhail a bhí curtha ar na baill eile dá chorp.  

Ar feadh a shaoil, nuair nach pingin fanta aige le deoch a cheannach, cheannódh daoine eile deoch dó, nó thabharfadh siad deoch chun tí chuige, agus greim le hithe, mar go raibh trua acu dó.

Ní air atá an locht, an créatúr bocht.

Daoine cineálta. Ní raibh siad gránna. Tuigim a gcás. Ní raibh siad ag iarraidh go mbeadh sé ag fulaingt. 

Sa leaba a bhí sé, nuair a thángadar ar a chorp. 

Na daoine sin atá, fós, ag dul chuig cóisirí, tórraimh, sochraidí, gruagairí, seisiún óil, ag seasamh taobh le taobh le daoine, go poiblí nó go príobháideach, nuair a moltar nach bhfuil a leithéidí sábháilte, ní daoine gránna iad. 

Ar maidin, smaoiním ar an bhfear sin, fear a fuair bás roimh a am, ina leaba, leis féin, gan aon duine gaolta leis ina chuideachta. 

Níl rós gan dealg.

Tuesday, September 29, 2020

Na Féiríní Beaga Sin

 

Chuile mhaidin, líonaim mo phócaí le féiríní beaga. I bpóca amháin, bíonn brioscaí beaga, i gcruth cnáimhe, do mhadra mo mhic (a thagann isteach chugainn, go rialta), agus sa phóca eile, bíonn beartóga beaga bia agam do chat an tí, Maistín. 

Ag déanamh cineáil orthu, a bhím. Treats beaga, mar a déarfá, leis an gcion atá agam orthu a chur in iúl dóibh, is dóigh. 

Pé scéal é, le roinnt míonna anuas, tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil an coróinvíreas ag teacht idir daoine agus a gcineáltas, ó am go chéile. 

Is dócha go bhfuil daoine ann, troill agus a leithéidí, gur chuma leo faoi éinne, ach iad ag spochadh agus ag gearán go fonóideach, de shíor. Sin mianach agus meon na ndaoine ar leith sin, agus tógann siad conspóid, gan stró, gan strus, gan dáimh, go rialta. 

Ach, tá ráig an choróinvíris ag cruthú teannais in áiteanna nach raibh teannas riamh roimhe; i measc cairde, i dteallaigh, le comharsana. Is mór an trua é sin. In amanna, feictear dom go bhfuil an 'scáth' in 'ar scáth a chéile' i bhfolach i ndorchadas na ráige. Is mór an trua é sin, freisin. 

Ar maidin, agus mo phócaí á líonadh agam le féiríní beaga, rith sé liom go mba chóir dúinn, ó am go chéile, go háirithe na laethanta ráige seo, bheith ag déanamh cineáil ar dhaoine, freisin. Níl barróga molta, ar ndóigh, ach tá cineáltas tábhachtach agus riachtanach, mar atá tuiscint, tacaíocht agus meas.

Ná déanaimis dearmad ar na féiríní beaga, a léitheoirí. Ar scáth a chéile, tiocfaidh muid tríd.