Sunday, May 24, 2020

Tiocfaidh Muid Tríd

Amárach, Dé Luain, 25 Bealtaine, beidh amhrán nuachumtha, Tiocfaidh Muid Tríd, le cloisteáil, den chéad uair, ar an gclár Iris Aniar, ar Raidió na Gaeltachta.

Is amhrán é a cumadh le hairgead a bhailiú do charthanachtaí éagsúla - áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta - atá ag streachailt na laethanta coróinvíreasacha seo. Tuigeann sibh féin an scéal, a léitheoirí. Tá srianta i bhfeidhm. Tá daoine ag fulaingt. Tá tacaíocht ag teastáil.

Caitlín Ní Chualáin a bheas ag gabháil fhoinn, agus beidh Seán Ó hÉanaigh á tionlacan, idir uirlisí ceoil agus chomhcheol. Mise a chum, idir fhocail agus fhonn, iadsan a rinne an cóiriú iontach. Mar gheall ar chineáltas agus ar fhlaithiúlacht na beirte sin, mar aon leis an tacaíocht a fuair siad óna gcomhghleacaithe i Raidió na Gaeltachta, tá cóip den amhrán réidh, agus beidh sé le cloisteáil, amárach.

Is fúibhse, an lucht éisteachta, a bheas sé, le bhur dtoil, cúnamh a thabhairt don amhrán, Tiocfaidh Muid Tríd, airgead a bhailiú don charthanacht is ansa libh féin, bíodh an charthanacht sin áitiúil, náisiúnta nó idirnáisiúnta.

Má chloiseann tú an t-amhrán, is cuma cén áit, iarrtar ort, láithreach bonn más féidir é ar chor ar bith, cúpla euro (nó níos mó!) a dheonú do chibé charthanacht is mian leat féin. Ansin, mura miste leat, déan iarracht theacht ar chóip den amhrán, áit éigin ar na meáin shóisialta, b'fhéidir, agus roinn an t-amhrán, agus an scéal, ar do chairde.

Dá mhéad líon na ndaoine a chloiseann an t-amhrán agus a dheonaíonn ansin, thall nó abhus, is amhlaidh is fearr é do na carthanachtaí éagsúla.

Má tá fón póca agat, tá liosta anseo de na carthanachtaí ar féidir leat téacs tacaíochta a sheoladh chucu (faigheann an carthanas €1.80 as gach €2 a dheonaítear, is cosúil), nó d'fhéadfá suíomh gréasáin na carthanachta a aimsiú, agus airgead a dheonú ar líne.

Mura bhfuil scil agat ina leithéidí teicniúla, b'fhéidir go bhféadfá crúsca (nó rud éigin mar sin) a fhágáil ar an mbord sa bhaile, nó ar leac na fuinneoige, agus chuile uair a chloiseann tú an t-amhrán, nó má thosaíonn tú á chasadh gan choinne (is fonn é a fhanfaidh leat, tá súil againn!), caith euro nó dhó isteach sa chrúsca, le go mbeidh deis agat, am éigin, ar bhealach éigin, an t-airgead sin a dheonú. 

In am an éigin, teastaíonn tacaíocht, agus táim fíorbhuíoch do Chaitlín, do Sheán, agus dá gcomhghleacaithe, as a gcuid tacaíochta. Níor caitheadh oiread is pingin rua ar an amhrán, go dtí seo, ach tá súil agam go mbeidh sibhse, an lucht éisteachta, ag caitheamh neart airgid i dtreo na carthanachtaí, arís is arís eile. 

Tá liricí an amhráin le léamh thíos, a léitheoirí. Beidh Caitlín agus mé féin ag labhairt faoin togra seo ar an gclár, Iris Aniar, amárach, agus beidh an t-amhrán le cloisteáil ar an gclár céanna. 

Is fúibhse a bheas sé, a chairde, an scéal a scaipeadh go forleathan. Le bhur gcúnamh, le bhur gcuid tacaíochta, agus ar scáth a chéile, tiocfaidh muid tríd.  


Tiocfaidh Muid Tríd

Ní raibh trácht ar olc ná baol,
Ach, is ait an mac é’n saol,
Aniar aduaidh, tháinig plá gan trua,
Ag scriosadh ’gus ag briseadh croí,
Tá pobal agus tír faoi scáil,
Gan saoirse mar is gnách le fáil,
Ní bheidh muid ag géilleadh
Mar ar scáth a chéile,
Tiocfaidh muide tríd.

Curfá

Tiocfaidh muid slán,
Cine ‘gus clann,
Teaghlach is tír,
Tiocfaidh muid tríd.

Níl do shaolsa mar a bhíodh,
Deirtear leat do lámha’ nigh,
Seas siar, cur fút, gan aon ní romhat
Ach laethanta gan cuma ná caoi,
Tá tinneas ann, is baol an bháis,
Crá croí leis an tuile gan trá,
Ach, lenár ndúchas láidir,
Agus neart ár bpaidir,
Tiocfaidh muide tríd.

Curfá

Tiocfaidh muid slán,
Cine ‘gus clann,
Teaghlach is tír,
Tiocfaidh muid tríd.

No comments: