Showing posts with label éan. Show all posts
Showing posts with label éan. Show all posts

Sunday, April 12, 2026

Neadió Teilifís Áine

Mar is eol do léitheoirí mo bhlag, tá cúpla teachín éan agam le ceamaraí, ceann acu atá ceangailte le teilifís na hoifige (thuas) agus ceann atá ceangailte le teilifís na cistine. 

Níl ceamara teilifís na cistine ag obair i láthair na huaire mar sin ní bheidh a fhios agam an mbeidh nead sa teachín éan sin i mbliana nó nach mbeidh. Mar a fheicfidh sibh ón ngrianghraf thuas, níl an chuma ar an scéal go mbeidh nead i dteachín na hoifige i mbliana, ach oiread, ach beidh le feiceáil. 



Tá cheithre theachín éan eile agam atá crochta ar na crainnte ar chúl an tí, mar mhaisiúcháin. Bhuel, cheap mé gur maisiúcháin a bhí iontu go dtí gur tháinig mé ar nead thréigthe i gceann acu, ag tús na bliana.
I mbliana, tá an chuma ar an scéal go bhfuil meantán mór ag déanamh a neide i gceann eile de na tithe beaga ornáideacha. Coinneoidh mé súil ghéar orthu uilig, uaidh seo amach.   

Thursday, March 13, 2025

Neadió Teilifís Áine


Nead na hOifige

Nead na Cistine

Mar a fheicfidh sibh ó mo sheanbhlagmhíreanna anseo agus ó mo chainéal YouTube anseo, tá dhá theachín éan againn anseo i gCeann Scríbe, le blianta fada anuas. Tá ceamaraí sna tithe beaga, ceann atá ceangailte le teilifís na hoifige, agus ceann atá ceangailte le teilifís na cistine. Ar an gcaoi sin, táimid in ann súil a choinneáil ar gheáitsíocht nó obair na n-éan. 

Ní chuireann éin fúthu i gceann amháin nó i gceann eile de na tithe chuile bhliain, agus cé gur thosaigh meantán mór ar nead a thógáil i nead na cistine anuraidh (féach thuas), níor chríochnaigh sí an jab, ar fáth éigin. 

Chomh luath agus a chloisim gáir chúplála an mheantáin mhóir (meantán mór nó meantán gorm a thógann nead iontu, go hiondúil) coinním súil ar na tithe beaga, trí na teilifíseanna. Sin thuas staid na neadacha, ar maidin. Díreach mar a tharla anuraidh, níl dé ná deatach ar aon obair thógála, fós. Go deimhin, ní fhaca muid aon éan sna tithe beaga fós i mbliana. 

É sin ráite, tá an aimsir sách fuar, fós. Thar na blianta, tá sé tugtha faoi deara agam go dtosaíonn imscrúdú na n-éan ar na tithe am ar bith idir Mí Feabhra agus Mí Bealtaine, agus go bhféadfadh éan tús a chur le nead a thógáil am ar bith idir an dá linn. 

Beidh le feiceáil!

Sunday, April 19, 2020

Radhairc Na Seachtaine

Daoibhse atá ag clutharú, nó atá neadaithe, nó atá ag fanacht sa bhaile, tá sibh uilig i mo smaointe, go laethúil. 



Wednesday, October 31, 2018

Éan Scéal

Éanlaith atá feicthe agam, anseo i gConamara, le seachtainí beaga anuas,

Spideog

Roilleach

Bardal

Corr Scréachóg (Tuilleadh anseo)

Riabhóg chladaigh 

Faoileán Scadán

Fiach Mara (Tuilleadh anseo)

 An Chailleach Dhubh (Tuilleadh anseo)

Caislín Cloch/Aitinn

 Mallard

Broigheall (Tuilleadh anseo)

Tuilleadh le léamh anseo, maidir le Ainmneacha na nÉan, agus anseo, agus anseo

Friday, September 11, 2015

Éan Scéal

 Tá sé deacair í a fheiceáil, gan dabht ar bith, ach tá sí ann....
...an chailleach dhubh ag móradh na haimsire áille, ar Loch Súilí, i mBun Cranncha, ar maidin inniu. 

Feictear dom, go deimhin, go bhfuil ainm nó dhó eile ag an cormorant, mar atá broigheall, duibhéan, murúchailltreathlach, fiach mara agus amplóir, ach cailleach dhubh an t-ainm a chuala mé féin, thiar i gConamara. 

An méid sin ráite, tá rogha nó dhó eile le feiceáil anseo, ainmneacha a chonaic mé i bhfoclóir Lane's Larger English-Irish Dictionary chomh maith, mar atá cabhail scréachóg, scarbh, seagadh, agus gairg, mar aon le fiach farraige, gairgéan, ballaire, gairrfhiach, agus glaimhfhiach! 

Meas tú cén Ghaeilge a bheadh ar 'a picture paints a thousand words'...

Wednesday, March 11, 2015

Neadió Teilifís Áine

Mar is eol do léitheoirí rialta mo bhlag, tá teachín éan againn, ar chúl an tí anseo i gCeann Scríbe - ceann le ceamara daite ann, anois. Teachín éan le ceamara dubh agus bán a bhíodh againn, roimhe seo, mar a fheicfidh sibh, anseo

Daoibhse nach bhfuil ar an eolas, agus mar eolas daoibh anois, tá an teachín éan ceangailte le teilifís na cistine againn, agus táim in ann súil a choinneáil ar gheáitsíocht agus ar shaothraíocht na n-éan, i ngan fhios dóibh. Is dócha go bhféadfá a rá gur, ahem, néaladóireacht ar neadaireacht atá ar bun agam. 

Pé scéal é, níor tháinig na meantáin ar ais chugainn, anuraidh, agus táim féin den bharúil gur tharla babhtáil na dtithe éan ag an am mícheart, agus go mb'fhéidir gur baineadh geit as an meantán gorm bocht - éan a bhí ag obair leis, le dúthracht, istigh sa seanteachín - nuair a chonaic sé, ar fhilleadh dó lá na babhtála, teachín éan nua thuas ar an gcrann, agus gan dé ná deatach ar bhunsopachán a neide! 

Bhuel, baineadh geit nach beag asam féin freisin, inné, nuair a chonaic mé an meantán gorm, thíos, agus é istigh sa teachín éan nua.

Iniúchadh de shaghas éigin atá ar bun aige, mar a rinne na héin uilig, le roinnt blianta anuas. Ní féidir a bheith cinnte an dtiocfaidh an t-éan seo ar ais, ach má thagann sé ar ais, agus páirtí leis aige, tá seans ann go dtógfaidh siad nead, agus ál, ann. Beidh le feiceáil.

Nach bhfuil na dathanna go hálainn! 

Tuesday, July 23, 2013

Éan, Dó, Trí...


Snag roimh brón, 
péire roimh só, 
trí cinn pósadh,
cheithre cinn mac óg,
cúig a bheireas airgead,
sé cinn ór,
seacht gcinn rún
nach sceifir go deo. 

An rann beag sin as an leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal Ainmhithe. 

Thóg mé an grianghraf thuas in Eanach Mheáin álainn, roinnt seachtainí ó shin. Cheap mé nach raibh ann ach an 'péire' atá le feiceáil thuas, ach bhreathnaigh mé ar an mbunchóip arís inniu, agus tá 'trí cinn' acu ann, feictear dom.
Suimiúil, arsa mé féin liom féin. Fáth mo spéise, a léitheoirí? Bhuel, tharla sé go bhfuair mé dáta a bhainise ó mo mhac an tseachtain seo, agus is cosúil, anois, go mbeidh beirt de mo chlann ag pósadh an bhliain seo chugainn - iníon agus mac.  Blianta ag fanacht le dea-scéal ó dhuine dár dtriúr, ansin socraíonn beirt acu ar an mbliain chéanna! Go sábhála Hera sinn, ach beidh an-chraic go deo romhainn an bhliain seo chugainn!

Na 'trí cinn' thuas atá freagrach as an gcraic uilig, tá mé ahem, cinnte dearfa de...bhuel, b'fhéidir go raibh baint éigin ag Aphrodite leis na dea-scéalta, freisin. Só só happy...

Monday, June 24, 2013

Neadió Teilifís Áine

Aiféala orm, a chairde, ach bhain moill dom agus mé ag iarraidh go mbeadh an físeán is déanaí agaibh, ach tá sé le fáil anois, ar YouTube anseo, agus tá súil agam go mbainfidh sibh sult as. Bhí na meantáin mhóra, agus na meantáin mhóra bheaga, gnóthach, mar a fheicfidh sibh. 

Pé scéal é, is fearr go mall ná go brách, mar a deirtear. Mo chuimhne, tá giota beag suimiúil, maidir leis an bhfocal sin 'brách', ag Dennis, mo chomhbhlagálaí, le léamh anseo

Ó tharla go raibh mé as blag, nó as baile, le seachtain nó dhó nó trí, nílim bord ar bhord lena bhfuil ag tarlú ar an mblagsféar, ná lena bhfuil ag tarlú thall ar Gaeilge Amháin ar Facebook, ach sin mar a bhíonn an scéal, go minic, nuair a bhíonn barraíocht idir lámha ag an duine nach bhfuil ag déanamh tada ag an am céanna. Feictear dom. 

Ah bhuel, sin mar a bhíonn an saol, a léitheoirí, agus an rud a deir an saol, is fíor é. Cibé faoin seanfhocal sin, creidim i bhfocail an tseanfhocail eile, tóg d'am, mairfidh an saol i do dhiaidh; agus tá bá nach beag agam leis an seanfhocal a deir, ní luas do dhuine é féin a thachtadh. (Seanfhocla Chonnacht; ceannteideal 'Deifir')

Mar sin, beidh mo ghreim á chogaint go maith agam agus, ar an gcaoi sin, ní thachtfar mé. tá súil agam. Idir an dá linn, bainigí sult as an bhfíseán, a chairde. 

Friday, May 31, 2013

Neadió Teilifís Áine

Anois, cá raibh mé? Ó, sea…bhí mé as baile, ach bhí An Garraíodóir do mo choinneáil ar an eolas faoi dhul chun cinn na meantán mór.

Más mian libhse, a léitheoirí, cuid den dul chun cinn sin a fheiceáil, tá físeán eile uaim anseo ar YouTube

Wednesday, May 22, 2013

Neadió Teilifís Áine

Ar an 19 Bealtaine, bhí trí ubh sa nead, péire acu inti ón 4 Bealtaine, agus an ceann eile inti ón 5 Bealtaine. Bhí an meantán mór ag goradh go laethúil, agus bhí a páirtí ag teacht chuici le bia, go rialta
Ar m'éirí dhom ar an 20 Bealtaine, chonaic mé ubh amháin sa nead, agus dhá éinín; iad ina gcodladh ar dtús, ach ansin...
...tháinig a Mamaí ar ais, agus d'oscail siad a mbéil ocracha, ag fanacht le beathú uaithi. Cé go bhfuil sé deacair é a fheiceáil ón ngrianghraf thuas, tá seilide ina béal aici - nó cruimh, b'fhéidir. Nílim cinnte céard a bhíonn ina mbéil acu, ach tagann na meantáin mhóra le feithidí éagsúla chuig na héiníní, go minic, chuile lá. 
Nuair a d'éirigh mé inné, ar an 21 Bealtaine, bhí an tríú ubh imithe, agus éinín eile sa nead ina háit. Deacair na trí éinín a fheiceáil, a léitheoirí, ach tá siad ann, geallaim daoibh.
Clanna Éan
Beidh tuilleadh uaim, amach anseo, mar beidh an t-ál ag fás, de réir a chéile. is dóigh liom. Meas tú an dtabharfá meantáin mhóra bheaga ar an héiníní sin? Hmmm...




Thursday, May 16, 2013

Neadió Teilifís Áine



Is cosúil nach mbeidh in ál an mheantáin mhóir an geábh seo ach triúr, mar sin an méid uibheacha atá le feiceáil agam sa nead, le seachtain anuas.

De réir mar a léigh mé anseo ar Wikipedia, is iondúil go mbíonn idir 5 ubh agus 12 ubh in ál, ach má bhíonn iomaitheoirí go leor timpeall na háite, (agus bhí sé ina raic idir an meantán mór agus an meantán gorm, mar a chonaic sibh ar m'fhíseán anseo ar youtube, a léitheoirí) beidh líon na n-uibheacha níos lú.

Pé scéal é, bhí an chéad ubh aici ar an 4 Bealtaine, agus maireann an tréimhse ghoir idir 12 agus 15 lá, mar sin bheinn ag súil le héinín nó dhó, nó trí, a fheiceáil go luath.

Idir an dá linn, caithigí súil ar an bhfíseán is deireanaí uaim, anseo ar YouTube, agus feicfidh sibh go bhfuil a páirtí ag tabhairt aire mhaith don mheantán mór na laethanta seo. Ní fhágann sí an nead ach anois is arís, mar sin caithfidh sé féin cabhrú léi, mar a fheicfidh sibh.

Mo chuimhne, aiféala orm nach bhfuil ceamara na neide socraithe mar ba chóir, agus nach féidir gach rud a tharlaíonn istigh sa teachín éan a fheiceáil céad faoin gcéad, ach ní féidir linn a dhath a dhéanamh faoi an geábh seo, mar níor mhaith linn go ngoillfeadh ár n-útamáil ar na meantáin mhóra, agus ghoillfeadh, dá dtiocfadh muid in aice na neide in am seo an ghoir.  

Tuilleadh uaim arís, nuair a bheas tuilleadh le tuairisciú. 

Saturday, May 4, 2013

Neadió Teilifís Áine



Ar maidin, tá ubh amháin sa nead...wúhú! Ach, cé leis í – an meantán gorm nó an meantán mór?

Le ceithre lá anuas, tá An Garraíodóir agus mé féin ag coinneáil súil ghéar ar an ngeáitsíocht idir an meantán gorm agus an meantán mór, agus chuirfeadh sé ionadh oraibh, a léitheoirí, na cineálacha rudaí atá le feiceáil againn.

Is é/í an meantán mór a chuir tús leis an nead ach is é/í an meantán gorm a thóg an nead, den chuid is mó (brú ar an bhfocal 'YouTube' sa bhlagmhír thíos, a chairde, agus feicfidh sibh é i mbun a chuid oibre.) 

Ach, cúpla lá ó shin, tar éis don mheantán gorm an nead a fhágáil, le cleití úra a fháil (bhí sí ag bailiú cleití ó mhaidin), bhog an meantán mór isteach sa teachín éan. Ar fhilleadh don mheantán gorm, (is dóigh liom gur ‘di’ a bhí ann) ní mó ná sásta a bhí sí an meantán mór a fheiceáil sa teachaín éan. Ní bhfuair an meantán gorm bocht aon fháilte mhór, agus ní ligfeadh an meantán mór ar ais isteach chuig an nead í.

Arú aréir, agus aréir, sí an meantán mór a bhí ina codladh ar an nead. Is dóigh liom, faoin am seo, gur ‘sí’ atá ann, agus gurb é an ‘sé’ atá taobh amuigh den teachín éan, ag bagairt a ghéaga ar an meantán gorm bocht.

Inné, bhí an meantán mór istigh ar an nead, an chuid is mó den am, ach bhí an meantán gorm ag teacht agus ag imeacht, chomh maith céanna, cé nár fhan sí istigh sa teachín éan, ach amháin gur chóirigh sí an nead beagán.

Só, cé leis an ubh thuas?


Bhuel, ar maidin, chonaic mé meantán mór ag breathnú ar an ubh, cé nár fhan sé/sí ann ach cúpla soicind. Ina dhiaidh sin, tháinig an meantán gorm isteach, agus bhreathnaigh sé/sí ar an ubh, cé nár fhan sé/sí ach cúpla soicind, ach an oiread. Ní fhaca mé aon éan ná aon ubh eile ó shin. 

Tuilleadh uaim ar ball beag, agus tá súil agam gur dea-scéal a bheidh ann. 

Monday, April 29, 2013

Neadió Teilifís Áine

Bhí mé as baile le coicís anuas (bhí mé i mBostún agus i Niagara Falls - tuilleadh faoi sin amach anseo), ach táim ar ais i gCeann Scríbe ó inné, agus tá áthas orm a rá go bhfuil nead á tógáil sa teachín éan! 
Bhí An Garraíodóir do mo choinneáil ar an eolas faoi gheáitsíocht na n-éan, ó tharla eisean abhus nuair a bhí mise thall, agus chuir sé físeán nó dhó chugam, le go bhfeicfinn an meantán mór i mbun a chuid oibre, ag tógáil neide; ach, mar atá le feiceáil agaibh ó na grianghraif, is meantán gorm atá sa nead anois.
Go deimhin, tháinig an meantán mór ar ais inniu, agus thosaigh sé ag cóiriú neide, ansin d'imigh sé arís, agus tháinig an meantán gorm ar ais. Ní thuigim céard atá ar bun acu, nó cé acu a bheidh ann i ndeireadh na neide, agus is cuma liom, ar bhealach - tá nead sa teachín éan, agus táim ag súil go mór go mbeidh ubh nó dhó ann, freisin. Beidh le feiceáil, a chairde.