Showing posts with label focleolaí. Show all posts
Showing posts with label focleolaí. Show all posts

Tuesday, January 22, 2019

An Noflake Mise

Mar a fheicfidh sibh, ó theideal an ailt, thuas, níl aon phoncaíocht san abairt 'An Noflake Mise' mar sin, is dóigh liom go bhfuil seans ann go bhfuil tusa, a léitheoir, ag rá leat féin,

a.   An é gur 'An Noflake, Mise.' atá i gceist aici?

b.   An é gur 'An Noflake Mise? atá i gceist aici?

c.   Céard sa diabhal é 'Noflake,' meas tú?

d.   Is 'Flake' amach is amach í an bhean sin, gan dabht ar bith. (Féach uimhir 2 anseo, nó uimhir 3 anseo).

Ar aon nós, is é an focal 'Snowflake' (sa chomhthéacs seo, agus sa chomhthéacs seo) a chuir mo smaointe ag rith, ahem, craiceáilte ar fud na háite, ar maidin. 

Le scéal fada a dhéanamh níos faide, tháinig an focal isteach i mo chloigeann mar,

a,   Tá sé fuar feannta in Inis Eoghain, inniu,

b.   Tá calóga sneachta ag titim anseo, inniu, mar gheall ar an bhfuacht sin.

c.   Cé nach gceapaim, ahem, gur 'flake' atá ionam, ar fáth éigin chuir an drochaimsir abhus an snáithe seo thall ar chuntas Twitter 'Bláthnaid Libh' i gcuimhne dom.

Nuair a fhaighim deis éisteacht leis, bainim an-sult as an gclár 'Bláthnaid Libh' ar Raidió na Gaeltachta. Bainim an-taitneamh, ach go háirithe, as an mír #GaeilgeChliste a bhíonn ar an gclár, chuile Shatharn; roghnaítear focal nó nath nua Béarla agus iarrtar ar an lucht éisteachta  focal nó nath nua, i nGaeilge chliste, a chumadh don fhocal/nath Béarla sin. 

Giota spraoi atá i gceist, mar a fheicfidh sibh anseo, agus bíonn duais dheas, i gcónaí, don nath/focal is cliste, dar le painéal an chláir, ar an lá.  

Ní fheicim aon 'flúirse téarmaí' mé féin; ní fheicim ach teanga atá beo beathach, agus spraíúil. Más beatha teanga í a labhairt, tá an gráthóir focal seo breá sásta focail nua ghreannmhara a chumadh, freisin, agus an chraic a choinneáil beo léi. Ní dóigh liom gur flake mise, agus an méid sin á rá agam. 

Anois, imígí libh agus, más mian libh, cuirigí Gaeilge chliste ar 'spoilsport' ... nó ar 'flake,' más fearr libh. 

Giota spraoi atá ann, an dtuigeann sibh. 

Wednesday, July 26, 2017

Nathanna Cainte

Chaithfeadh sé go raibh sé ráite agam, míle uair, leis An Mháistreás, le seachtain nó dhó anuas, go raibh sé i gceist agam dul i ngleic leis an bpáipéarachas i m'oifig, rud nach ndearna mé, agus rud nach raibh déanta agam, faoin am ar ghlaoigh sí orm, inné.

'Bhfuil tú ag dul ag leagan ar an seomra sin, inniu?' ar sí.

Ar ndóigh, bhí sé i gceist agam díriú ar an bhfadhb, roimhe seo. Bhí gá leis, an dtuigeann sibh. Le roinnt seachtainí anuas, ní raibh mé in ann mo lámh a leagan ar pheann ná ar pháipéar ar an deasc i m'oifig, bhí sé chomh trína chéile sin. 

Gan a thuilleadh moille, nuair a bhí ár gcomhrá críochnaithe againn, leag mé uaim an fón, agus ní dheachaigh mé ar chúl scéithe maidir leis an gceist, níos mó, ach thug mé faoin bhfadhb, ceann ar aghaidh, ar luas lasrach, mar a bheadh tine ar mo chraiceann. 

Ar ndóigh, níl an jab críochnaithe agam fós. Cuirim an locht ar, ahem, An Mháistreás. Bhí an focal sin 'leagan' ag dul timpeall i mo chloigeann, ar feadh an ama, agus tá a fhios ag gach uile mhac máthair a léann an blag seo, nuair a bhíonn focal ag cur tochas ar mo mheabhair, bíonn gá le, ahem, scríob(h).

Pé scéal é, tá neart leaganacha le fáil ar foclóir.ie anseo, más mian libh leagan súl a thabhairt orthu. Ní hé go bhfuilim ag iarraidh béim a leagan ar na leaganacha cainte uilig atá ar an suíomh, ach creidim féin go bhfuil siad leagtha amach go breá soiléir acu. Bainigí taitneamh astu, a chairde, agus mura mbaineann, beidh oraibh an mhéar fhliuch a leagan ar dhuine éigin eile, seachas mise.

Seanfhocal nó dhó daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht

Nuair nach bhfuil muid ag leagan pingine isteach, bíonn muid ag leagan pingine amach. (Caitheamh) 

Clann a thóigeas is clann a thóigeas leagan. (Clann) 

Bíonn an dá leagan ar gach scéal. (Fírinne) 

Ní dochar thú a leagan mara ngortaítear thú. (Misneach) 

An té atá lag is furasta a leagan. (Neart) 


Saturday, March 30, 2013

Focail Liom Focail Leat

Táim ag leanúint ar aghaidh le m'fhocail nuachumtha, mar atá déanta agam cheana, a léitheoirí. 

Roghnaigh mé focal amháin eile as an bhfoclóir, agus d'athraigh mé é rud beag - litir amháin bainte amach, b'fhéidir, nó ceann sa bhreis curtha isteach agam, nó litir amháin athraithe, b'fhéidir.

Pé scéal é, fágfaidh mé fúibh féin é bhur gcinneadh a dhéanamh maidir leis an bhfocal nua, agus faoin sainmhíniú nua atá tugtha agam don fhocal sin:

crámhaille/crámhaillí - barúil nó barúlacha a ghoillfeadh, nó a ghoilleann. 

Ní hionann scéal agus fírínne, go minic, mar sin b'fhéidir, in amanna, gur fearr gan scéal a dhéanamh de do bharúil, a léitheoir; mura bhfuil firscéalaíocht finscéalaíocht i gceist, ar ndóigh. 

Focal nuachumtha eile é firscéalaíocht, b'fhéidir. Ach, cén sainmhíniú a thabharfadh duine ar a leithéid, meas tú - scéal na míchéille?

Mo chuimhne, an bhfuil a fhios agaibh gur féidir anagram a fháil as an bhfocal 'Rámhaillí'? Sea, 'Rá a mhill í' a bheadh ann. 

Suimiúil, nach bhfuil...

Wednesday, August 22, 2012

Puipéad Stoca?

Nuair nach mbíonn daoine, fearacht mé féin, go hiomlán ar an eolas faoi chúrsaí ríomhaireachta ná faoi ghnóthadóireacht an idirlín, seans go dtarraingeodh focal cosúil le sockpuppet a n-aird ina threo.

Bhuel, tharraing sé m’airdse, pé scéal é, nuair a chonaic mé an focal luaite ag Willie O’Dea san Indo, ina alt faoi Chris Andrews.

Dar le Wikipedia, séard is sockpuppet ann ná ‘an online identity used for purposes of deception… ‘ agus ar fhaitíos go mbeadh aon bhlagálaí nó aon ghiolcaire amuigh ansin amhrasach faoina identity féin, deirtear ar an suíomh céanna sin,

A significant difference between the use of a pseudonym and the creation of a sockpuppet is that the sockpuppet poses as an independent third-party unaffiliated with the puppeteer.’

D’fhágfadh sé sin go mbeadh an sockpuppet Neamhspleách Ar Phuipéadóir, b'fhéidir? Féach napachán ar an líosta thíos, a léitheoirí.  

Ní fúmsa atá sé, sa mhír seo, lipéad a chur ar aon duine; níl uaim ach leagan Gaeilge den fhocal sockpuppet a aimsiú, más féidir é, ceann nach ionann é agus aistriúchán díreach, an dtuigeann sibh. Tháinig mé ar na focail seo a leanas, in Cén Sórt É nó ar an suíomh Is Iomaí Duine ag Dia:

Napachán – (Duine anásta dallintinneach; Duine ráscánta maolaigeanta; Leanbh gan chaill) CSÉ (lumpish, witless person) IIDaD

Cealgaire -  (duine glic lúbach, duine a chuirfeadh amú thú d’aon turas; duine fimíneach) CSÉ (guileful person, beguiler, deceiver) IIDaD

Faladhúdaí - (stealthy person, thief, deceiver) IIDaD

Gliúcálaí-  (Rógaire, duine cealgach) CSÉ (Gliúcálaidhe ar IIDaD)

Saofóir - (perverter, deceiver) IIDaD (Duine a chuirfeadh duine nó ní as a cheart; duine cealgach; duine a bheadh ag breabadh nó ar cur cathú) CSÉ

Láimhsitheoir - (Duine a bheadh ag ionramháil) CSÉ (manipulator, grappler) IIDaD

Beartaí – Duine a bheadh ag pleanáil; duine a bheadh ag bagairt; duine a bheadh ag pleanáil go cliste) CSÉ

Líonláimhsitheoir? Gliúcálaí Gréasáin? Saofóir Suímh? Faladhúdaí Idirlín? Láimhsitheoir Láithreáin? Cealgaire Caismirteach? 

Caochadán, b’fhéidir? Napachán, b’fhéidir? Bhur mbarúil féin?

Friday, June 15, 2012

Carnán ag Fás

Agus mé i nGaillimh an tseachtain seo caite, thit mé, ahem, de thimpiste, isteach i siopa leabhar Charlie Byrne. Bím ag titim mar sin, go minic, mar is eol do léitheoirí rialta na mblaganna.

Trí leabhar réchaite a cheannaigh mé, an geábh seo: péire acu a bhaineann le filíocht (€8), agus an tríú ceann, The Story Behind the Word, le Morton S. Freeman (€4); leabhar é sin a mheall an focalghráthóir seo mar, dar leis an mbrollach, go bhfuil sé ag ‘exploring the often romantic forebears and mysterious roots of words we take for granted and use – or misuse – every day.’ Tuilleadh uaim as an leabhar sin amach anseo.

An tseachtain seo, tháinig trí leabhar eile chugam as Meiriceá: bronntanas ó mo mháthair do mo lá breithe, tar éis domsa, ahem, neart leideanna a fhágáil le mo dheirfiúracha thall. Baineann leabhar amháin acu le filíocht, agus péire le gearrscéalta.

Pé scéal é, chinn mé ceann de na gearrscéalta a léamh aréir, as an leabhar Short Story Masterpieces: 35 Classic American and British Stories from the first half of the 20th century.

Baineadh gáire nó dhó asam agus mé ag léamh an scéil ‘Innocence’ ach, arsa mé féin liom féin, agus mé ag gáire liom, cén fáth gearrscéal leis an údar, An tUasal Seán Ó Faoláin, istigh i leabhar le 35 Classic American and British Stories, meas tú, fiú más Short Story Masterpiece féin é?

Tuesday, May 29, 2012

Floccinaucinihilipilification

Is a bhuí le Róislín a tháinig mé ar an bhfocal iontach sin thuas ar maidin.

Ghlaoigh mé ar an nGarraíodóir, fear nach bhfuil róshásta le polaiteoir nó dhó, na laethanta seo.  

I have a great new word for you,’ arsa mé féin.

Thaispeáin mé an focal nua-aimsithe dó in dictionary.com, áit a bhfuil cnaipe in aice an fhocail, le go mbeidh duine in ann fuaimniú an fhocail a chloisteáil.

Bain sult agus úsáid as, a léitheoir, má fheileann sé do do chás.  

Tuesday, May 1, 2012

Focail Liom Focail Leat

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le Pat Kenny ar an raidió maidin inné, é ag labhairt le Micheál Martin faoin Sinn Féin/Fianna Fáil Merger Idea/Fiscal Compact.  

Ach, ní hé ábhar an chláir sin ábhar mo bhlagmhíre. Níl ann ach gur chuala mé na focail constructive ambiguity ag teacht as béal an láithreora, nath nach raibh cloiste agam cheana, agus bhí uaim tuilleadh eolais a fháil ar an nath sin.

Chuaigh mé go Wikipaedia, áit a bhfuair mé ‘Constructive ambiguity is often disparaged as fudging.’ Ní bheinn féin róchinnte nach fudging de shaghas atá ag tarlú agus duine i mbun éiginnteachta, bíodh an éiginnteacht sin cuiditheach nó ná bíodh, ach sin scéal eile.  

Ar aon nós, chuaigh mé ar thóir an fhocail faoiste i WinGléacht, agus is ionann faoiste agus fudge, agus is ionann faoiste fáiste agus nonsense. Níos suimiúla fós, bhí an focal faoistin istigh leis an bhfocal faoiste.

Hmmm…, arsa mé féin liom féin.

Fuair mé greim ar fhoclóir Dinneen, agus, creid é nó ná creid, bhí leagan luath den fhocal faoistin ann, agus ba é faoiste an leagan sin.

Friday, March 30, 2012

Nathanna Cainte

‘B’annamh leis an gcat srathair a chur air,’ arsa An Dómhnallach liom, an lá cheana. Go deimhin, ní dhéanfadh cat a leithéid. Ní dhéanfadh cat é seo, ach an oiread, ach sin scéal eile.

Maidir leis an seanfhocal thuas, deirtear anseo go bhfuil sé ‘said of something noticeable for being unusual,’ agus sin go díreach an míniú a fuair mé ón Dómhnallach. Go raibh maith agat, a chara.

Ó tharla cat luaite liom, chuaigh mé ar thóir nathanna cainte agus seanfhocal ina luaitear iad, agus seo toradh mo chuid oibre, a léitheoirí:

Does a cat like milk? – Ní theitheann cú ó chnámh

An t-am a múchtar na coinnle bíonn an uile chat glas – When candles are out all cats are grey

Cat de réir cineáil – Cat after kind

Tá cat crochta romhat sa teach sin – They have it in for you

Like a cat on hot bricks –  Bheith ar bís

See what way the cat jumps – Féachaint cén cheard a shéidfidh an ghaoth

Not enough room to swing a cat in it – Níl slí dhá chat chun rince ann

Let the cat out of the bag – Rún a sceitheadh

Ní raibh cat ná madra ann – There was nobody there

Íde na gcat is na madraí a thabhairt dá chéile - To quarrel like cat and dog

Cat is dhá eireaball a rinne sé – He did a lot

Beidh cait óga aige – He will have a fit

Dhéanfadh sé cat is dhá eireaball air – He’d work wonders

Céard a dhéanfadh an cat ach luch a mhárú – Like father, like son

Ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán – A cat purrs for its own benefit

Gan ‘cat dubh’ ná ‘cat bán’ a rá leis – Say nothing to him

Cat breac – Turncoat

Cat mara – Calamity

Tá cat mara air – It is terrible

Agus, dá gcuirfeá an leagan Béarla den fhocal cat in abairt, mar shampla, ‘bhí an aimsir cat an lá cheana’ nó ‘tá sé sin cat,' an focal ‘uafásach’ a bheadh i gceist agat.

Foinsí

FBG – T.deBhaldraithe  – lch 105

FGB Uí Dhónaill lch 196

FBG McCionnaith – lch 166

FBG T O’Neill Lane (Larger)  - lch 266 – 267

Wingléacht  

Gaeilge Iorras Aithneach le Brian Ó Curnáin – an pdf  (5.25MB) ón Dublin Institute for Advanced Studies le léamh anseo.

Monday, May 9, 2011

Focail Liom Focail Leat

Bhí mé amuigh ag siúl ar maidin, agus céard a chonaic mé ar an gcosán romham, é chomh nua sin go raibh sé ag glioscarnach le grian na maidine, céard a bhí ann ach píosa chúig cent.

Anois, is iondúil liomsa aon airgead a fheicim caillte nó caite go fánach mar sin, is iondúil liom é a phiocadh suas, agus é a chur i mo phóca; cé go bhfuil fear sa teach anseo liom i gCeann Scríbe a mhaíonn nach ionann airgead atá caite ar an drisiúr aige agus airgead atá ‘caillte’. Ach, sin scéal eile. Sea sin.

Ar aon nós, chinn mé ar maidin gan an píosa airgid a phiocadh suas, agus inseoidh mé daoibh cén fáth. Is cuimhin liom, agus mé i mo pháiste, an lúcháir a bheadh orm féin dá n-éiríodh liom pingin chaillte a aimsiú. Ar ndóigh, lom díreach i dtreo an tsiopa a théinn le mo phingin rua, le milseáin a cheannach, cé go mbínn breá sásta na milseáin a roinnt leis na daoine bochta, dá gcastaí a leithéidí orm, an dtuigeann sibh. 

Mar thoradh ar an gcuimhne sin, d’fhág mé na cúig cent san áit ina raibh siad, le deis a thabhairt do pháiste éigin an t-airgead, agus an lúcháir sin, a aimsiú.  

Ar mo bhealach abhaile ina dhiaidh sin, rith an smaoineamh liom nach bhféadfá mórán a cheannach ar chúig cent na laethanta seo, agus go m’fhéidir nach raibh fágtha i mo dhiaidh agam ach cianóg rua (brass farthing/red cent), nach fiú cros na cianóige é (worthless); nach raibh ann ach sciúrtóg (valueless coin), a d’fhágfadh an té gan sciúrtóg rua ina phóca aige (without a red cent in his pocket) gan phingin gan bhonn (penniless), agus cé nach bhféadfadh an t-aimsitheoir a rá nach raibh pingin rua ná geal aige (broke!), meas tú an bhféadfadh sé a rá nach raibh bonn bán ina phóca aige (hadn’t a penny in his pocket). Hmmm…

Saturday, April 23, 2011

Cara nó Namhaid?

Tharla sé go raibh mé ag útamáil liom istigh san áis iontach sin, Pota Focal, nuair a thug mé faoi deara rud ann, rud nár thugas faoi deara roimhe seo.

Is dócha go raibh an t-eolas ann an t-am ar fad agus nach bhfaca mise é, ó tharla gur minic mé faoi dheifir-nach-bhfuil-gá-ar-chor-ar-bith-leis, ach, ag bun an leathanaigh ann, thug mé faoi deara go dtugtar ‘ord minicíochta’ an fhocail don chuardaitheoir.

Chinn mé cuardach a dhéanamh ar na focail ‘cara’ agus ‘namhaid’, le haghaidh ‘an chraic’, an dtuigeann sibh, go bhfeicfinn cé acu focal is minice in úsáid ag lucht na Gaeilge - sin sibhse agus mise, agus ár leithéidí, is dócha, a léitheoirí.

Dar le Pota Focal, is é ‘cara’ an ‘294ú focal is minice úsáid sa Ghaeilge, é ag teacht chun cinn ‘uair amháin i ngach 3,703 focal’, gan ‘namhaid’ ach sa 2,305ú’ áit, é ag teacht chun cinn ‘uair amháin i ngach 131,640 focal’.

Meas tú an gciallaíonn sé sin go bhfuilimid iontach cairdiúil, a léitheoirí, nó an gciallaíonn sé go gcoinnímid ár naimhdeas i bhfolach?  Hmmm…

Saturday, April 2, 2011

Nathanna Cainte

Cá gcaithfeadh sibh an luaith ón tine fadó?’ a d’fhiafraigh mé féin de Mhac, cara liom as Conamara, fear gur cainteoir dúchais é.

Is ón gceist sin a fuair mé amach gurb í An Iothlainn an garraí ba ghaire den teach acu, agus Mac ag fás aníos.  Mo chuimhne, is mar ‘olainn’ a d’fhuaimnigh sé an focal ‘iothlainn’, rud a thuigfidh duine ar bith le canúint Chonamara a deir an phaidir, Ag Críost an Síol, paidir ina bhfuil an líne ‘in iothlainn Dé go gcastar sinn.’

Tá focail éagsúla Béarla aimsithe agam don iothlainn. Ina measc tá haggard, rickyard, stackyard, a granary, a barn agus a threshing floor, Fágfaidh mé fúibh féin é cé acu focal is fearr a fheileann d’iothlainn Dé.

Pé scéal é, is cosúil go mbíodh balla mór láidir ard timpeall na hiothlainne fadó, le nach mbeadh na beithígh in all dul isteach ann, an dtuigeann sibh, mar is ansin a bhíodh na cocaí féir coinnithe. Cé nach bhfuil a fhios agam an ionann cruach fhéir (stack of hay), agus coca féir (cock of hay), garraḋ na gcruaċ’ ag foclóir Lane O’Neill (735) ar an rud is haggardstackyard ann.

Is léir, ón méid seo uaidh, ‘ioṫla ċruaċaċ ḋeineann duine uaiḃreaċ’ go gceapann foclóir McCionnaith (lch. 574) go mbeadh duine uaibhreach dá mbeadh a iothlainn cruachach, cé go bhfuil foclóir Uí Dhónaill (lch. 731) den bharúil go mbeadh duine in dire straights, dá mbeadh sé, abair, in iothlainn an anró.

Agus, cá mbeadh duine agus é, nó í, i mbuailiḃ báis agus i n-ioṫlannaiḃ éaga (Dinneen Lch. 616)? Bheadh sé nó sí i mbuailte báis agus in iothlainneacha éaga sa lá atá inniu ann, is dócha, nó, mar a scríobh Dinneen, bheadh an duine in the enclosures of death and the threshing floors of fate– i bhfocail eile, bheadh an té sin ar na battle fields.

                                        ***********
Tuilleadh Nathanna Cainte uaim anseo agus anseo.

Thursday, March 24, 2011

Focail Liom, Focail Leat

Ar thug tú faoi deara riamh, a léitheoir, go bhfuil daoine ann agus athraíonn a bpearsantacht ó am go chéile, shílfeá.

Níl a fhios agam, go deimhin, an bhfuil baint ag a leithéid d’athrú le ‘pearsantacht’, ach tharla sé go raibh mé i gcomhrá le bean inniu, a dúirt liom, agus í ag tagairt d’fhear ar a haithne,

He’s the type of guy who'd go to watch a Western in the cinema, and would come out walking like a cowboy!’

Ar ndóigh, an rud a bhí i gceist aici, ceapaim, ná nach mbeadh aithne go brách agat ar a leithéid de dhuine, mar nach bhfuil buan-phearsantacht aige. Seans go raibh sé i gceist aici, freisin, nach bhféadfá focal as béal an duine sin a chreidiúint, mar go gcloisfidh tú uaidh an rud is dual dó ag an am.   

Pé scéal é, bhain a habairt gáire asam, agus ó tharla gur rith an smaoineamh liom ag an am, chuaigh mé ar thóir leagan Gaeilge den fhocal ‘copycat’ i bhfoclóir De Bhaldraithe.

Creid é nó ná creid, is ‘maidrín aithrise’ é an ‘copycat’.

Saturday, March 5, 2011

Nathanna Cainte

An bhfuil tú ar forbhás, a léitheoir?

Ghéaraigh mo chluasa ar an fón nuair a chuala mé, ón Dómhnallach,  ‘Bhí mé ar forbhás go dtiocfadh scéala.’ Go deimhin, is ‘Bhí mé forabhás go dtiocfadh scéala.’ an rud a thit ar mo chluasa, ach is dóigh liom gur ar forbhás an leagan a scríobhtar.

Pé scéal é, go dtí sin, ní raibh an nath cainte ar forbhás cloiste ná feicthe agam, agus ba ghearr uaim mo cheist ar an Dómhnallach. Dar léi, imní, nó míshochracht de shaghas éigin, a bhí i gceist aici leis an bhfocal, agus í den bharúil gur forbhás an chaoi lena litriú. Agus, ar ndóigh, bhí an ceart aici. Agus an míniú? Sin ceist eile. 

Dar leo anseo, luann na Bráithre Críostaí (lch. 19, GGBC) gur corrach a bheadh an rud a bheadh ar forbhás, rud lena n-aontaíonn teasáras Pota Focal, feictear dom, cé go bhfuil sealadach, soghluaiste, agus baoth scríofa mar mhíniú ann, chomh maith. Dar le WinGléacht, is ionann an rud corrach agus rud a bheadh uneasyunsettled, b’fhéidir.

Seans go mbeadh Dinneen (lch.479) ag aontú leis sin, ar bhealach, mar is ionann an focal forbhás aigesean agus edgeslope. An raibh An Dómhnallach on edge, mar sin, agus í ar forbhás? An mbeadh an duine atá on edge, agus an duine atá uneasyunsettled, sórt imníoch, nó míshocair, meas tú?

Dar le focal.ie, bheadh an caibinéad ar forbhás dá mbeadh sé tipping over, agus thitfeadh sé sin isteach leis an ngluais a roinn Ormondo linn anseo, áit ina bhfuil top heavy mar mhíniú ar an nath cainte ar forbhás, sa scéal An Taoille Tuile, ón leabhar An Braon Broghach (lch. 46), le Máirtín Ó Cadhain (An Gúm):

Chuir sí oiread maolóige le ceachtar den bheirt Loideánach ar an dara cliabh. Murach scuabán den mhaológ seo a bhí ar forbhás ar fhiacail an chléibh agus a thit di, ag teacht amach ciumhais na Cora, ní móide go sciorrfadh Mairéad.”

Coinnígí fúibh iad, a léitheoirí, agus ná bígí ar forbhás, cibé scéal é!

                                       *************                         
Tuilleadh Nathanna Cainte uaim anseo, ar mo sheanbhlag, Mise Áine.  

Gramadach Gaeilge na mBráithre Críostaí (GGBC), agus foclóir Dinneen, le fáil faoi ‘Cuidiú nó Cruinneas Uait’, sna painéil ar thaobh na láimhe deise den dá bhlag, Mise Áine agus anseo, ar Rámhaille.