Showing posts with label Saol na Gaeilge. Show all posts
Showing posts with label Saol na Gaeilge. Show all posts

Thursday, November 20, 2014

Crosfhocal

Cé nach bhfuil crosfhocal Saol na Gaeilge le fáil níos mó, mar a bhíodh roimhe seo, tá crosfhocal eile ar fáil anois ar tuairisc.ie, crosfhocal d'fhoghlaimeoirí. 

Ar ndóigh, is foghlaimeoirí muid uilig, nach ea? 

Bainigí sult as, a léitheoirí...as an gcrosfhocal, agus as na hailt shuimiúla uilig atá le léamh ar shuíomh tuairisc.ie

Thursday, June 12, 2014

Crosfhocal

Crosfhocal na míosa le fáil anseo, a chairde. 

Ón méid atá léite agam anseo, is cosúil, ón mhí seo chugainn, go mbeidh 'Ré SAOL Thart' tar éis '30 éigin de bhlianta.' Is mór an trua é sin. 

Go raibh maith agaibh, a Choilm, bhain mé sult as bhur gcomhluadar, a chara. Aireoidh mé uaim bhur gcuideachta. 

Monday, April 14, 2014

Crosfhocal

Crosfhocal na míosa le fáil anseo, a chairde, agus tuilleadh nach é le léamh ar shuíomh gréasáin Saol na Gaeilge, más mian libh súil a chaitheamh ar áit na bhfoghlaimeoirí, mar shampla.

Nó, b'fhéidir gur mhaith libh gné altdhó a léamh, chomh maith le triail a bhaint as an gcrosfhocal úd - ní féidir iarracht a shárú! 

Sunday, March 23, 2014

Crosfhocal

Crosfhocal na míosa le fáil anseo, a léitheoirí, agus neart eile le léamh ar an suíomh sin, Saol na Gaeilge

Tá seachtain eile fágtha agaibh an crosfhocal a sheoladh chucu, a léitheoirí, agus má bhíonn na freagraí cearta agaibh, agus an t-ádh libh, b'fhéidir go bhfaigheadh duine agaibh ceann acu seo,
Bíodh an t-ádh ag siúl libh!

Wednesday, February 26, 2014

Crosfhocal

Crosfhocal na míosa le fáil anseo, a léitheoirí, agus tuilleadh nach é le léamh ar shuíomh gréasáin Saol na Gaeilge, más mian libh súil a chaitheamh ar na príomhscéalta agus ar na gné-ailt srl., atá le léamh ann.

Saturday, July 6, 2013

Saol na Gaeilge

Tagann Saol na Gaeilge isteach i mo shaol uair sa mhí. Bíonn an t-eagrán reatha romham, i mo bhosca isteach, ag tús na míosa, agus bíonn ailt suimiúla ann, go minic: Príomhscéalta; GnéAilt; Nuacht agus Ócáidí; Foghlaimeoirí; Foilseacháin, agus Aerscéalta - brú ar na ceannteidil éagsúla sin, ar an suíomh, a léitheoir, agus tiocfaidh tú ar na hailt/comórtais/agallaimh éagsúla, faoin liosta anuas

An mhí seo, is féidir leat alt a léamh faoin Aip Ghaeilge, Anseo, atá bunaithe ar GPS, 'chun tú a cheangal le do chairde...' srl., agus is fiú, ceapaim féin, tabhairt faoin gCrosfhocal míosúil, faoin gceannteideal Foghlaimeoirí, crosfhocal a chuideoidh leat snas a chur ar do theanga, seans; agus tabharfaidh sé deis duit dul san iomaiocht le daoine eile, le greim a fháil ar an 4 x €50 atá le buachan gach mí - ach na freagraí cearta a bheith curtha sna boscaí cuí agat, ar ndóigh! 

Má fhaigheann tú deis, caith súil ar an nuachtiris mhíosúil, Saol na Gaeilge, atá faoin chúram Choilm Uí Thórna, agus atá maoinithe ag Foras na Gaeilge

Tá na heagráin eile, ó 2011 i leith, le fáil ar an suíomh, freisin.