Ní cuimhin liom cé a thug an t-aingeal atá le feiceáil sa ghrianghraf thuas dom, ach tá a fhios agam go bhfuair mé é, mar bhronntanas, nuair a bhogamar isteach i gCeann Scríbe, roinnt blianta ó shin.
Ó am go chéile, nuair a bhíonn duine ar m'aithne tinn, nó buartha, nó imníoch, nó fiú má airím go bhfuil tacaíocht ag teastáil ó dhuine éigin, tá sé de nós agam coinneal a lasadh, agus í a choinneáil ar an mbord sa chistin, sa chaoi, nuair a fheicim an choinneal, go gcuireann sí na daoine áirithe sin i gcuimhne dom, agus seolaim smaointe dearfacha ina dtreo.
Anois, ní gníomh reiligiúnach é - mar is eol do léitheoirí rialta mo bhlag, bím amhrasach faoi na reiligiúin éagsúla, ó am go chéile - agus níl a fhios agam an fiú a dhath mo dhearfacht, ach cuidíonn an gníomh liomsa, is dócha, mar go mbím ag súil go gcuideoidh mo smaointe dearfacha leis an duine lena bhfuil an saol ag caitheamh go dona, más féidir é ar chor ar bith.
Cé nach féidir liom a rá, le cinnteacht ná le dearfacht, go bhfuil nó nach bhfuil cumhacht eachtrach éigin ag seoladh m'fhuinnimh dhearfaigh chuig an duine ar leith atá i mo smaointe ag an am, mothaím go bhfuilim ag tacú leis nó léi, bíodh mé ceart nó mícheart. Sin mise. Gach duine ar a bhealach féin, a léitheoirí.
An tseachtain seo caite, agus mé féin i gcruachás sa Spáinn, níl a fhios agam céard a dhéanfainn gan na daoine, thall agus abhus, a chuidigh liom in am mo ghátair; mo chara dhil, a thaistil liom, mo chairde thall, agus An Garraíodóir; ach go mór mór, táim fíor-bhuíoch do na daoine iontacha sin sa Roinn Gnóthaí Eachtracha anseo in Éirinn.
Ach, mo bhuíochas ar leith, mo bhuíochas ó chroí, chuig an gconsal, Caoimhe Ní Chonchúir, in Ambasáid na hÉireann i Maidrid, agus chuig a comhghleacaithe ansin. Rinne siad uilig a ndualgas, agus i bhfad níos mó ná sin, sa chaoi ar thacaigh siad liom, le tuiscint agus le meas. Go raibh céad míle maith agaibh, a dhaoine uaisle. Ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar bhur gcineáltas.
Níl a fhios agam cá mbeadh aon duine againn gan ár gcuiditheoirí, a léitheoirí, bíodh siad thall nó abhus, bíodh siad anseo nó ansiúd. Tá siad thart orainn, agus beidh siad ansin, nuair a theastaíonn siad uainn. Nár laga a gCé iad.
Showing posts with label Spáinnis. Show all posts
Showing posts with label Spáinnis. Show all posts
Wednesday, October 9, 2013
Tuesday, July 26, 2011
Sos Beag
Faoin am seo amárach, beidh mé in Madrid - tá súil agam!
Sin an plean, pé scéal é, ach, mar a scríobh mé cheana, tá sé foghlamtha agam nach féidir brath ar inneall ná ar intinn, agus gur fearr a bheith i gcónaí ullamh don ‘eachtra gan choinne’.
Táim ullamh, a léitheoirí, agus má éiríonn liom gan a theacht ar eachtra gan choinne’, beidh mé ar ais libh roimh dheireadh mhí Lúnasa. Tá súil agam.
Idir an dá linn, ná bígí uaigneach i m’uireasa.
Thursday, February 10, 2011
Levantarse!
Dé Luain a tharla sé, más buan mo chuimhne.
Bhí mé ag léamh ceacht Spáinnise, ag iarraidh ciall a bhaint as. Bhí leathchluas ag éisteacht leis an gcraic ar an raidió, ag iarraidh ciall a bhaint as geáitsíocht Enda.
A leithéid de raiméis, arsa mé féin liom féin. Ní ar an gceacht Spáinnise a bhí mo smaointe dírithe, ag an am.
Is ansin, ag an nóiméad smaointeach sin, a chonaic mé é. Scríofa, os mo chomhair, ar leathanach an leabhair, bhí an focal Spáinnise, levantarse.
Rinne mé dhá fhocal den fhocal amháin sin. I mo chloigeann, an dtuigeann sibh. Agus, an bhfuil a fhios agaibh cén smaoineamh a rith liom ansin?
‘Éirigh de do thóin!’
Sea. Gabh mo leithscéal, a léitheoirí. Ní ar an gceacht Spáinnise a bhí mo smaointe dírithe, ag an am.
Wednesday, January 26, 2011
Señora Áine!
Táim ag foghlaim Spáinnise le seachtain anuas.
Mar a dúirt mé libh cheana, tá sé i gceist agam, le bliain anuas, Spáinnis a fhoghlaim, le go mbeidh mé in ann cumarsáid a dhéanamh le lucht a labhartha, an chéad uair eile a bheas mé ina gcuideachta.
Chuir mé mo chéad ríomhphost as Spáinnis inniu, chuig cairde liom thall i Madrid, áit a mbeidh mé ag dul an Samhradh seo, le cuidiú ¿Quién?. Seo mar a scríobh mé é, mé ag iarraidh úsáid a bhaint as a raibh foghlamtha agam le seachtain anuas, an dtuigeann sibh:
‘¿Que tal?
Me llamo Áine. Soy Irlandesa. Soy de Irlanda, y vivo en Irlanda. No soy de España. No hablo español. (No, no es en absoluto dificil!). Yo hablo irlandés y inglés.’
Bhí 'wúhúúúúúúúúúúúú!' breá fada curtha agam ag deireadh an ríomhphoist. Tá a fhios agam gur, ahem, focal Gaeilge é 'wúhú', a léitheoirí, ach chinn mé go mb’fhéidir nach mbeadh ‘olé’ feiliúnach…
Pé scéal é, bhí mo nótaí ón rang taobh liom, chomh maith le trí leabhar eile faoin teanga, iad uilig ag cuidiú liom m’iarracht a chur le chéile, bíodh sí ceart nó mícheart. Bhí mé féin ag súil le freagra ar ais uatha, as Béarla, rud nár tháinig. Freagra Spáinnise a tháinig.
Sách maith agam é! Chuir m’iarracht ghaisciúil iallach orm mo leabhair fhoghlama a tharraingt chugam arís, agus an diabhal freagra a aistriú.
Bhuel, leis an fhírinne a insint, chuaigh mé, ahem, isteach in Google Translate ach, mar sin féin, d’fhoghlaim mé gur ionann ‘nuestro idioma’ agus ‘teanga s’againne’, agus gur ionann ‘un beso’ agus ‘póg’, focail nach raibh ar eolas agam ar maidin, agus focail, táim cinnte, as a mbainfear úsáid rialta amach anseo. Sea.
Ar aon nós, táim ar tí na ‘jabanna’ a fhoghlaim anois. Tá sé soiléir go maith, fiú don fhoghlaimeoir aosta seo, céard is ‘médico’ agus céard is ‘policia’ ann, ach an bhfuil a fhios agaibh, a lucht an ‘níloireadisfocalamháinSpáinniseareolasagam’, an bhfuil a fhios agaibhse céard a dhéanann an ‘bombero’?
Sea, is comhraiceoir dóiteáin é nó í. Deile!
Subscribe to:
Posts (Atom)