Showing posts with label teilifís. Show all posts
Showing posts with label teilifís. Show all posts

Sunday, November 15, 2020

Seoid Náisiúnta

 


I láthair na huaire, tá fógra á chraoladh ar an teilifís, ó am go chéile, agus sin thuas ceann de na radhairc atá in úsáid agus tagairt á dhéanamh, is dócha, do 'seoid náisiúnta' eile, seachas, glacaim leis, an láithreoir agus an táirge atá á chur chun cinn san fhógra. 

An bhfeiceann tá aon údar baineann (nó aon leabhar Gaeilge) sa radharc... Edna O'Brien, Maeve BinchyMáire Mhac An tSaoi, nó, mar shampla, Peig

Dé Céadaoin seo caite, ar an gclár Drivetime, bhí an t-ábhar Gender Balance of Cork Statues faoi chaibidil ag an láithreoir Sarah McInerney leis an gComhairleoir Shane O'Callaghan (Fine Gael), anseo, más mian libh éisteacht leis. 

Bhí an 'not a feminist' Comhairleoir Kieran McCarthy (Neamhspleách) ar an gclár, freisin.

Bhí Clr. O'Callaghan ag seasamh an fhóid maidir lena mholadh gur fir amháin (Michael Collins, Terence MacSwiney, agus Tomás Mac Curtain) a ba chóir a bheith mar ábhar do thrí dhealbh nua ar Patrick Street i gCorcaigh, sráid ar a bhfuil dealbh d'fhear eile, Fr. Mathew, cheana. 

Bhí an Clr. McCarthy ag insint dúinn faoin obair mhór a rinne mná an chontae i rith na réabhlóide, chomh maith céanna - eolas a chuala sé ó Anne Twomey, dar leis. 

Nuair a chuala mé an focal 'patriarchy' ó bhéal an láithreora eile ar an gclár, Cormac Ó hEadhra, rith sé liom nach sa stair amháin a coinníodh an phatrarcacht beo beathach ar feadh na mblianta, ach go bhfuil sí fós beo beathach sa lá atá inniu ann, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. 

Saturday, March 21, 2020

Cíor Thuathail 2020

Ní raibh aon duine againn ag súil leis; víreas damanta damáisteach tagtha aniar aduaidh orainn, agus tá muid uilig trína chéile, mar gheall air. 

'Cogadh' an focal a chloisim agus, ar go leor bealaí, is cogadh atá ann. Ní féidir a bheith neodrach an geábh seo - tá muid uilig inár gcuid den chogadh seo, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. 

Le go mbeidh muid in ann an ceann is fearr a fháil ar an diabhal víreas seo, tá sé tábhachtach go mbeadh muid uilig ag cloí leis na moltaí atá ag teacht ó na húdaráis chuí oifigiúla, ar nós Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte

Táim féin den bharúil go gcaithfear a bheith cúramach faoi na tráchtanna a fhágann tráchtairí aineolacha anaithnide ar na meáin shóisialta fearacht Twitter agus Facebook. Tá sé de nós agam féin éisteacht leis an méid a chloisim ar na meáin oifigiúla Ghaeilge (raidió agus teilifís) mar go bhfuil sé de nós acusan na saineolaithe cearta a chur faoi agallamh, agus léim na tráchtanna nuashonraithe rialta a thagann uatha sin, freisin. Mo bhuíochas ó chroí leo uilig.

Táim buíoch, ach go háirithe, de na daoine sin atá ag breathnú inár ndiaidh; na daoine sin atá sna seirbhísí tosaigh, sna seirbhísí duine le duine - na 'freastalaithe' uilig sin atá sna siopaí, sna cógaslanna, sna hospidéil, sna clinicí, sna saotharlanna, sna seirbhísí tarrthála srl., - daoine atá á gcur féin sa bhearna bhaoil, ar mhaithe leis an bpobal a choinneáil chomh slán agus chomh sábháilte agus is féidir leo, i láthair na huaire agus na hanachana. 

Níl sé éasca orthu sin uilig, agus ní bheidh sé éasca orainne, mar phobal, ach caithfidh muid ár gcuid a dhéanamh, freisin, le tacú leosan. Tá siadsan ag tabhairt aire dúinne, mar sin is dóigh liomsa go mba chóir dúinne ár n-iarracht féin a dhéanamh gan iadsan a chur i mbaol. Go gcloímid uilig leis na treoirlínte oifigiúla ciallmhara seachanta atá molta ag na saineolaithe. 

Mo chuimhne, táim den bharúil, freisin, go bhfuil ár bpolaiteoirí ag déanamh an-jab go deo. Nár laga an víreas iadsan, ná sibhse, a léitheoirí. 

Tiocfaidh muid slán! 

Tuesday, February 4, 2014

Focail Féilire

Is fearr cara sa chúirt ná cúirt a chur ar chara. 

Before borrowing money from a friend, decide which you need more. 


Deirtear, anseo, gur ó Addison H. Hallock a tháinig an t-athfhriotal sin; athfhriotal atá ar m'fhéilire deisce inniu. Nílim in ann theacht ar aon eolas eile faoin léaspaire ar leith sin, mar sin níl le rá agam faoi ach gur uaidhsean a tháinig an leagan Béarla den athfhriotal, agus gur uaimse an leagan Gaeilge. 


Anois, tá a fhios agam go bhfuil sibh ann a déarfaidh nach dtabharfadh aon duine a chara chun cúirte, ach ní cheapfá é sin dá gcaithfeá súil ar chlár Judge Judy ó am go chéile! 

Pé scéal é, seo seanfhocal nó dhó ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, cinn atá le fáil ann faoin gceannteideal Cairdeas,

An té nach truaighe leis do chás, ná déan do ghearán leis. 

In aimsir sonais is sóláis, beidh cairde go leor agat,
in aimsir donais is dóláis, beidh ceann as an scór agat. 

Is fearr fuacht do charad ná teas do namhad. 

Lúb leis an gcrann a lúbfas leat. 


Thursday, November 21, 2013

Greimfhocal

'Perfeck!' arsa mé féin liom féin ar maidin, nuair a d'éirigh liom péire stocaí a fháil as an drár (ní minic a bhíonn na stocaí ag meaitseáil, an dtuigeann sibh, agus bhí sé dorcha; leisce orm solas a lasadh sa seomra leapa, ar fhaitíos go ndúiseoinn é féin) ag an seacht a chlog ar maidin.

Anois, tá a fhios agatsa, agus agamsa, nach focal ceart é 'Perfeck!' ach is greimfhocal (catchphrase?) é a bhíodh ag Pop Larkin (David Jason) ar an tsraith teilifíse The Darling Buds of May fadó, agus d'fhan sé liom, mar ghreimfhocal, thar na blianta.  

An cuimhin libh The Riordans (1965-1979)? Bhuel, ar an sobaldráma sin, bhíodh sé de nós ag Tom Riordan (an t-aisteoir John Cowley) a rá lena bhean chéile, Mary Riordan (an t-aisteoir Moira Deady) 'That's a grand cup o' tea, Mary!' nuair a bhíodh blogam tae ólta aige. Bhuel, sin greimfhocal eile a d'fhan liom, agus is minic a déarfainn é, thar na blianta, nuair a bhíodh blogam bainte agam as mo chupán tae féin. 

I mbliana, baineadh geit nach beag asam, agus gáire, nuair a chuala mé an greimfhocal céanna ag teacht as béal mo mhic, nuair a bhí cupán tae á ól aige, i mo theannta anseo i gCeann Scríbe. Ar ndóigh, uaimse a chuala sé é, is dócha, mar nach raibh sé ar an saol, beag ná mór, nuair a bhíodh an clár á chraoladh ar an teilifís, fadó fadó fadó. 

Is gearr go mbeidh mo mhac ag pósadh, agus má bhíonn páistí aigesean, tá chuile sheans ann go gcloisfidh siadsan an greimfhocal sin uaidh, díreach mar a chuala seisean uaimse é.  Meas tú an mairfidh sé mar ghreimfhocal amach anseo agus, má mhaireann, an mbeidh a fhios ag páistí an todhchaí cé as ar tháinig sé?

Pé scéal é, cheap mé gur mhaith libh féin siúlóid bheag ar bhóithrín na smaointe, a léitheoirí, mar sin seo chugaibh liosta dár 'favourite Irish ad catchphrases' agus liosta eile de  TV's 60 Greatest Catchphrases.

Anois, who loves ya, baby? (#64 anseo)

Wednesday, July 24, 2013

An Gaeilgeoir is Greannmhaire

Fuair mé an fógrán sin thuas ó chara liom inné, agus fuair mé an méid seo a leanas ar shuíomh idirlín TG4, mar eolas daoibh a léitheoirí - scéal le scaipeadh, mura miste libh, mar sé Dé Céadaoin, 31 Iúil 2013, an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais, dar leo:
'An mbaineann tú gáire as daoine? An bhfuil acmhainn grinn agat?
Is mian le Good Company Productions “GIG” a chur i láthair, sraith teilifíse réaltachta 8 gclár do TG4. Tá “GIG” sa tóir ar an nGaeilgeoir is greannmhaire, is barrúla agus is siamsúla amuigh. 
Tá duais airgid le buachan chomh maith le háit ag mórfhéile grinn in 2014. Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le John nó Orla ag 01 4973225 nó 087 2387222 nó seol ríomhphost chuig gigtg4@gmail.com nó féach ar www.goodcompany.ieNí mór d’iarrthóirí a bheidh os cionn 18 agus Gaeilge a bheith ar a dtoil acu.' 
Tuilleadh eolais faoin gclár, ó Good Company Productions, le léamh anseo.

Thursday, July 11, 2013

Áine ag Flasháil!

Ní hea, a léitheoirí, níl baint ar bith ag an scéal seo liomsa, ná le hÁine na Dála, ach le hÁine eile. Sea, tá an Áine eile sin 'ag taisteal ar fud na hÉireann ag tabhairt faoi tascanna difriúla' le Tobar Productions

Dúshláin, agus clár nua do TG4, atá idir lámha aici an geábh seo, agus más rud go mbeidh tusa, nó do chairde, i nGaoth Dobhair tráthnóna amárach, Dé hAoine (chomh fada agus is eol dom!) beidh Áine Arskypeacheile ansin, le tobshlua a thabhairt le chéile - tobshlua céilí!


Anois, céard eile a dhéanfá tráthnóna amárach, agus an aimsir chomh hálainn is atá sí, ach dreas damhsa taobh an bhóthair? Nach é Dev a bheadh bródúil asaibh, más fíor, dá dtiocfadh libh é sin a dhéanamh, a chairde! 


Bhuel, bheinn féin sásta libh, pé scéal é, mar is aoibhinn liom tobshlua ag damhsa, mar is eol daoibh. Murach go bhfuil clannchruinniú, agus dreapadh na Cruaiche, romham féin an deireadh seachtaine seo, bheinn i nGaoth Dobhair, gan dabht. 


Go n-éirí go geal leis an gcraic agus leis an gcéilí. ♫♪♪♪♫♫♪ Tuilleadh eolais le fáil ach treoracha Áine a leanúint anseo


Monday, June 24, 2013

Neadió Teilifís Áine

Aiféala orm, a chairde, ach bhain moill dom agus mé ag iarraidh go mbeadh an físeán is déanaí agaibh, ach tá sé le fáil anois, ar YouTube anseo, agus tá súil agam go mbainfidh sibh sult as. Bhí na meantáin mhóra, agus na meantáin mhóra bheaga, gnóthach, mar a fheicfidh sibh. 

Pé scéal é, is fearr go mall ná go brách, mar a deirtear. Mo chuimhne, tá giota beag suimiúil, maidir leis an bhfocal sin 'brách', ag Dennis, mo chomhbhlagálaí, le léamh anseo

Ó tharla go raibh mé as blag, nó as baile, le seachtain nó dhó nó trí, nílim bord ar bhord lena bhfuil ag tarlú ar an mblagsféar, ná lena bhfuil ag tarlú thall ar Gaeilge Amháin ar Facebook, ach sin mar a bhíonn an scéal, go minic, nuair a bhíonn barraíocht idir lámha ag an duine nach bhfuil ag déanamh tada ag an am céanna. Feictear dom. 

Ah bhuel, sin mar a bhíonn an saol, a léitheoirí, agus an rud a deir an saol, is fíor é. Cibé faoin seanfhocal sin, creidim i bhfocail an tseanfhocail eile, tóg d'am, mairfidh an saol i do dhiaidh; agus tá bá nach beag agam leis an seanfhocal a deir, ní luas do dhuine é féin a thachtadh. (Seanfhocla Chonnacht; ceannteideal 'Deifir')

Mar sin, beidh mo ghreim á chogaint go maith agam agus, ar an gcaoi sin, ní thachtfar mé. tá súil agam. Idir an dá linn, bainigí sult as an bhfíseán, a chairde. 

Friday, May 31, 2013

Neadió Teilifís Áine

Anois, cá raibh mé? Ó, sea…bhí mé as baile, ach bhí An Garraíodóir do mo choinneáil ar an eolas faoi dhul chun cinn na meantán mór.

Más mian libhse, a léitheoirí, cuid den dul chun cinn sin a fheiceáil, tá físeán eile uaim anseo ar YouTube

Wednesday, May 22, 2013

Neadió Teilifís Áine

Ar an 19 Bealtaine, bhí trí ubh sa nead, péire acu inti ón 4 Bealtaine, agus an ceann eile inti ón 5 Bealtaine. Bhí an meantán mór ag goradh go laethúil, agus bhí a páirtí ag teacht chuici le bia, go rialta
Ar m'éirí dhom ar an 20 Bealtaine, chonaic mé ubh amháin sa nead, agus dhá éinín; iad ina gcodladh ar dtús, ach ansin...
...tháinig a Mamaí ar ais, agus d'oscail siad a mbéil ocracha, ag fanacht le beathú uaithi. Cé go bhfuil sé deacair é a fheiceáil ón ngrianghraf thuas, tá seilide ina béal aici - nó cruimh, b'fhéidir. Nílim cinnte céard a bhíonn ina mbéil acu, ach tagann na meantáin mhóra le feithidí éagsúla chuig na héiníní, go minic, chuile lá. 
Nuair a d'éirigh mé inné, ar an 21 Bealtaine, bhí an tríú ubh imithe, agus éinín eile sa nead ina háit. Deacair na trí éinín a fheiceáil, a léitheoirí, ach tá siad ann, geallaim daoibh.
Clanna Éan
Beidh tuilleadh uaim, amach anseo, mar beidh an t-ál ag fás, de réir a chéile. is dóigh liom. Meas tú an dtabharfá meantáin mhóra bheaga ar an héiníní sin? Hmmm...




Thursday, May 16, 2013

Neadió Teilifís Áine



Is cosúil nach mbeidh in ál an mheantáin mhóir an geábh seo ach triúr, mar sin an méid uibheacha atá le feiceáil agam sa nead, le seachtain anuas.

De réir mar a léigh mé anseo ar Wikipedia, is iondúil go mbíonn idir 5 ubh agus 12 ubh in ál, ach má bhíonn iomaitheoirí go leor timpeall na háite, (agus bhí sé ina raic idir an meantán mór agus an meantán gorm, mar a chonaic sibh ar m'fhíseán anseo ar youtube, a léitheoirí) beidh líon na n-uibheacha níos lú.

Pé scéal é, bhí an chéad ubh aici ar an 4 Bealtaine, agus maireann an tréimhse ghoir idir 12 agus 15 lá, mar sin bheinn ag súil le héinín nó dhó, nó trí, a fheiceáil go luath.

Idir an dá linn, caithigí súil ar an bhfíseán is deireanaí uaim, anseo ar YouTube, agus feicfidh sibh go bhfuil a páirtí ag tabhairt aire mhaith don mheantán mór na laethanta seo. Ní fhágann sí an nead ach anois is arís, mar sin caithfidh sé féin cabhrú léi, mar a fheicfidh sibh.

Mo chuimhne, aiféala orm nach bhfuil ceamara na neide socraithe mar ba chóir, agus nach féidir gach rud a tharlaíonn istigh sa teachín éan a fheiceáil céad faoin gcéad, ach ní féidir linn a dhath a dhéanamh faoi an geábh seo, mar níor mhaith linn go ngoillfeadh ár n-útamáil ar na meantáin mhóra, agus ghoillfeadh, dá dtiocfadh muid in aice na neide in am seo an ghoir.  

Tuilleadh uaim arís, nuair a bheas tuilleadh le tuairisciú. 

Monday, May 6, 2013

Neadió Teilifís Áine

Le lá nó dhó, tá ubh nó dhó le feiceáil sa nead, agus is féidir leat mo dhara fhíseán ar an ábhar a fheiceáil ar YouTube anseo. Ar ndóigh, ná bígí ag súil le físeán foirfe ón bhfoirfeach seo, ach táim ag foghlaim liom, de réir a chéile. 

Bhuel, tá réiteach faighte againn ar an mistéir, agus is í an meantán mór atá ina suí ar na huibheacha. Glacaim leis gur léi na huibheacha, ach ní mó ná sásta atá an meantán gorm leis an scéal. Chuile lá, tagann sé isteach sa nead, nuair a fhágann an meantán mór í, agus táim den bharúil go mbíonn sé ag iarraidh na huibheacha a bhriseadh, ach d'fhéadfainn bheith mícheart faoi sin. 

Inniu, chomh luath is a d'fhág an meantán mór an nead, tháinig an meantán gorm isteach sa teachín éan. D'fhan a pháirtí taobh amuigh ag an gcrann. Ansin, tháinig an meantán mór baineann ar ais, lena páirtí féin, agus bhí sé ina raic taobh amuigh ar an gcrann, leis na meantáin fhireanna in adharca a chéile. 

Ó shin i leith, agus anois díreach, tá an meantán mór istigh sa teachín éan. Meas tú an mbeidh ubh nó dhó eile againn ar ball beag?

Beidh le feiceáil...

Wednesday, May 1, 2013

Neadió Teilifís Áine

Ó tharla go bhfuil ceamara infridhearg istigh sa teachín éan, agus go bhfuil an ceamara sin ceangailte againn le teilifís na cistine, agus go bhfuil mo cheamara féin dírithe ar an teilifís chéanna na laethanta seo, chinn mé go gcuirfinn mo chéad fhíseán ar YouTube, le go mbeadh deis agaibhse, a léitheoirí, an méid a fheicimse a fheiceáil. 

Bainigí sult as, a chairde!

Friday, November 30, 2012

Men agus Half Men na Meán


Ní hé go mbím i mo shuí os comhair na teilifíse go minic, ach tharla sé go bhfaca mé an clár The Craig Doyle Show den chéad uair aréir, agus ina dhiaidh sin chonaic mé an chéad chlár de Irish Pictorial Weekly – clár a bhíodh ar an raidió, ach atá anois ar an teilifís, is cosúil.

Ó tharla go bhfuil mise ar dhuine de na daoine sin a bhfuil cuimhne aici ar Halls Pictorial Weekly, clár a bhíodh ar an teilifís fadó, fadó, fadó, bhí mé ag súil go mór leis an gclár nua, Irish Pictorial Weekly, agus bhain mé an-sult as, caithfidh mé a rá. Bhain sé gáire nó dhó nó trí asam, agus is féidir an clár a fheiceáil ar an RTÉ Player anseo, mura miste leat geansceitsí aoracha, ar ndóigh.  

Is féidir an clár The Craig Doyle Show a fheiceáil anseo, ach más rud nach maith leat eascaine a chloisteáil, nó má chuireann sofhriotal fearacht ‘man milk’ as duit, b’fhéidir gur fearr duit gan breathnú ar an gclár. 

Thaitin an clár go mór liom féin, agus bhí mé ag gáire go minic agus mé ag éisteacht leis na haíonna - Greg Davies (Inbetweeners) agus Greg Proops (Whose Line is it Anyway), gan trácht ar ionchur Craig é féin, agus Paddy, fear a thaispeáin bréagán nó dhó dúinn (11:00), - ina measc an Self Stirring Mug, creid é nó ná creid – bréagáin nach mbeidh le feiceáil ar an Late Late Toy Show anocht, a léitheoirí.

Pé scéal é, bhí Louis Walsh ar an gclár le Craig Doyle aréir, agus cé go bhfuil an scéal faoin gcaoi ar chaith an nuachtán The Sun le Louis cloiste go minic againn ó inné, bhí an dóigh a ndeachaigh an scéal i bhfeidhm ar an bhfear bocht le feiceáil go soiléir ar an gclár aréir.

Cé go bhfuilim go mór i bhfabhar saoirse an phreasa, ní thuigim cén chaoi gur féidir le haon nuachtáin scéal mar sin a fhoilsiú, nuair is léir, ón méid atá cloiste agus léite agam féin, nach raibh oiread na fríde d’fhírinne sa mhéid a chuir Leonard Watters i leith Louis Walsh. Cuireadh Watters chun príosúin, ach is é Louis Walsh atá thíos leis an eachtra uafásach seo - fear neamhchoireach a fuair buille nach raibh tuillte aige, buille a ghoilleann go mór air fós, mar is léir óna chaint thochtmhar ar an gclár aréir (20:00-28:00). 

Daoibhse a bhfuil suim agaibh sa chlár teilifíse Two and a Half Men, b’fhéidir gur mhaith libh an méid a dúirt an t-aisteoir Angus Jones (Jake ar an gclár) a léamh anseo, nó a chloisteáil anseo (7:29). Níor éist mé leis an bhfíseán ina iomláine, ach ceapaim go bhfuil Angus ag léamh an Bhíobla anois, agus go bhfuil Dia agus na Forerunner Chronicles go mór ina shaol ó shin.

Cibé scéal é, tar éis a ráiteas uilig ar an bhfíseán sin thuas, bheinn féin den bharúil go bhféadfadh fadhb nó dhó eile a bheith aige, mar aisteoir, amach anseo. Ní theitheann cú roimh chnámh. Coinnígí súil ghéar ar na meáin, a léitheoirí, ach coinnígí intinn oscailte ag an am céanna.   


Monday, November 26, 2012

Ballaí Dhoire


Anocht, ar BBC 2 TÉ, ag 7:00 i.n., beidh an clár Ballaí Dhoire le feiceáil.

'Is clár faisnéise nua de chuid an Ciste Craoltóireachta Gaeilge é Ballaí Dhoire ina n-amharcann an láithreoir, Fearghal Mag Uiginn, ar an scéal atá taobh thiar de thógáil bhallaí Dhoire.'

Tuilleadh eolais faoin gclár le fáil anseo, a léitheoirí. 

Sunday, September 16, 2012

Déanta in Éirinn

Tá clár nua, Déanta in Éirinn, á chraoladh ar TG4 na laethanta seo. Ar an gclár, a thosaigh Déardaoin seo caite, fiosraíonn Manchán Magan an féidir maireachtáil, in Éirinn, ar earraí de bhunús na hÉireann amháin.  

jab nach beag roimhe, a léitheoirí. 

Chonaic mé an chéad chlár, agus bhain mé an-sult agus eolas as. Mar shampla, d’fhoghlaim mé go bhfuil traenacha na tíre seo déanta sa Chóiré Theas; níor tógadh traein sa tír seo le 40 bliain nó mar sin - easpa teicneolaíochta nua-aimseartha, gan ach 10 gcomhlacht ar fud an domhain ag plé le saintáirgeadh na dtraenacha domhanda, is cosúil.  

An raibh a fhios agaibh go bhfuil busanna Bhus Éireann déanta san Ísiltír, sa Fhrainc, i Sasana, sa Ghearmáin, sa tSualainn, agus sa Tuirc? Tá sé deich mbliana ó bhí bus de dhéantús na hÉireann ar bhóithre na tíre seo, creid é nó ná creid.

Dé réir mar a thuig mé ón gclár, rinne rialtas na tíre seo cinneadh, am éigin sna seachtóidí, go raibh todhchaí thionscal na tíre le díriú ar ríomhairí agus ar sheirbhísí eile, seachas ar obair láimhe, an dtuigeann sibh; rud a fhágann, sa bhliain 2012, nach bhfuil Manchán bocht in ann taisteal ar bhus, ná ar thraein, de dhéantús na tíre seo.

Ach, d’éirigh leis theacht ar rothar a táirgeadh in Éirinn, am éigin sna seachtóidí. Bhí tionscal Raleigh anseo ó 1952 go dtí 1980, agus cé gur thóg Manchán spin beag ar cheann de na rothair, is carr a bhí uaidh.  

I 1917 a osclaíodh monarcha Ford i gCorcaigh le tarracóirí a thógáil, ach táirgeadh carranna ann, freisin, an Ford Model T, ó 1923-1927. Níor éirigh le Manchán ceann acu a fháil ar iasacht don chlár, áfach.  

I 1959 a tosaíodh ar na Shamrock Cars i mBaile na Lorgan. Níor mhair an tionscal ach 6 mhí, táirgeadh 8 gcarr ar fad, agus ní mhaireann ach 4 cinn acu anois. Níor éirigh le Manchán ceann acu sin a fháil ar iasacht, ach an oiread.

I ndeireadh na dála, d’aimsigh Manchán an DeLorean DMC-12, carr a táirgeadh i mBéal Feirste idir 1981-1982. Ó tharla carr de dhéantús na hÉireann aimsithe aige, an tseachtain seo chugainn is ar bhia na tíre a bheidh aire Mhancháin dírithe. 

An mbeidh sé in ann é féin a chothú ar bhia de dhéantús na hÉireann amháin? Beidh le feiceáil.

TG4 ar an Déardaoin,  agus athchraolta ar an Luan. 

Thursday, June 7, 2012

Beo ar an Aer

Ar a laghad, níor tharla sé seo ar an Late Late, a léitheoirí! 

Botún amháin, nó dhó, nó trí, cheapfainn féin…

Tuesday, June 5, 2012

Show ar an Late Late?

Bhí mé ag breathnú ar an teilifís oíche Dé hAoine seo caite, nuair a bhí an Late Late Show ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód.  Tá neart scríofa faoin gclár céanna thar na blianta, agus scríobhadh neart ón Aoine seo caite, anseo 'gus ansiúd.

Daoibhse nach bhfuil ar an eolas faoin seó seo, craoltar beo é, agus más rud é go ndéantar botún, bhuel, déantar beo ar an aer é, agus ní féidir na focail, ná na gníomhartha, a tharraingt siar.

Feictear dom, agus mé ag breathnú ar an gclár Dé hAoine, go ndearna an láithreoir, Ryan Tubridy, jab maith, rud nach raibh éasca, ó tharla duine nó dhó le, ahem, deoch nó dhó ólta acu roimh ré, shílfeá.

Ach, céard faoi gheáitsí Twink an oíche úd? Tá sé léite agam, thar na blianta, gur taibheoir an-mhaith í. B’fhéidir gur fíor sin ach ní dheachaigh a cumas aisteoireachta ná stáitse i gcion orm féin riamh.

É sin ráite, is cosúil go bhfuil daoine ann a cheap go raibh sí brilliant’ oíche Dé hAoine. Agus mé ag breathnú uirthi beo ar an seó, caithfidh mé a admháil nach é brilliant an focal a rith liom féin, ach botún.

Saturday, October 22, 2011

Slí na Fírinne

Seans go mbeidh cuid agaibh ann, a léitheoirí, nach mbeidh aithne agaibh ar Cathal O’Shannon, iriseoir agus scannánaí cumasach a fuair bás inniu.  

Agus mé i mo dhéaga, agus níos sine, aon uair a chloisinn glór Chathail ar an raidió, bhíodh sé de nós agam stopadh, agus éisteacht le cibé rud a bhíodh le rá aige.

Cén fáth?

Bhí Cathal O’Shannon ar dhuine de na daoine sin lena n-éistfeá, feictear dom, is cuma cén scéal a d’inseodh sé. Bhí bealach aige scéal a insint, cheap mé féin, le cneastacht agus le creideamh. Mar gheall air sin, chothódh sé mo shuim, fiú gan a fhios agam, roimh ré, cén t-ábhar ar a raibh sé ag dul a labhairt.

Daoibhse nár chuala Cathal ag labhairt cheana, b’fhiú daoibh breathnú ar an mbabhta sparraíochta seo, idir é féin agus Muhammad Ali. Tallann ar leith, tallann atá caillte againn inniu, faraor.

Monday, September 19, 2011

Míreanna Meara

Cé go raibh daoine ann a cheap go mbeadh an bua ag Ciarraí, bhí sé soiléir ó thús an chluiche, cheap mé féin, go raibh Baile Átha Cliath ní ba láidre, nó, b’fhéidir, ní ba thiomanta ar an lá. Pé scéal é, bhí an bua ag Baile Átha Cliath, agus tréaslaím leis an bhfoireann, agus lena lucht taca.

Agus, más rud nach raibh tú in ann do shúile a bhaint de scáileán na teilifíse nuair a bhí greadadh breá Gaelach á thabhairt d’fhoireann rugbaí na hAstráile, tuigim do chás, a léitheoir. Chuir sé ríméad orm ag breathnú ar na leaids, agus is dóigh liom nach mé an t-aon duine amháin a mhothaigh mar sin Dé Sathairn.

Ach, tá Gael láidir cróga eile i mo smaointe le lá nó dhó, agus sin í Meadhbh McGivern. Go n-éirí go geal léi, agus í ag teacht chuici féin óna hobráid mhór. Go dtaga sí abhaile, slán sláintiúil, go luath. 

Monday, September 12, 2011

Uirlisí Usáideacha?

Sinéad O’Connor i Lios Dúin Bhearna i láthair na huaire. Tá sí ar thóir fir ann, más buan mo chuimhne ón agallamh a rinne sí ar an Late Late Show, le déanaí. (1:36:40)    

Ar aon nós, léigh mé a halt, faoina cuairt ar Lios Dúin Bhearna, san Sunday Independent inné, alt ina scríobh sí ‘I think I will call off the manhunt and instead update my vibrator collection.’ Níl a fhios agam cén Ghaeilge atá ar ‘vibrator’, a léitheoirí, ach roghnaigh mé an focal creathaire, bíodh mé ceart nó mícheart.

Rith an smaoineamh liom go bhfuil an saol ag athrú; go raibh am ann nuair nach labhródh fear ná bean, go poiblí pé scéal é, ar a leithéid de rud agus creathaire; nó, go deimhin, go mbeadh an uirlis sin luaite, beag ná mór, le Lios Dúin Bhearna. Ach, ansin chuimhnigh mé ar scéal a chuala mé, níl sé i bhfad ó shin, agus, más fíor an méid a dúradh liom, chuirfeadh sé iontas ort na nithe a d’fheicfeá i mála mná i Lios Dúin Bhearna.

De réir mar a chuala mé, bhí am ann, siar sna seascaidí, agus bhíodh na mná ag teacht as Meiriceá go Lios Dúin Bhearna ar thóir fear; iad gléasta go hálainn, lena ngruaig bouffant, agus lena málaí láimhe, lán smididh agus sprae gruaige. Ach, dar le cara liom, bhí bean amháin, agus bhí níos mó ná smideadh agus sprae ina mála aici.

Dar le mo chara-inste-scéil, bhí sí sa seomra leithris i halla damhsa i Lios Dúin Bhearna, oíche amháin thiar sna seascaidí, nuair a shiúil bean de na Meiriceánaigh thuasluaite isteach. Thosaigh sí ag athsmideadh, os comhair an scátháin ann, taobh le mo chara. Cé nach raibh aithne dá laghad acu ar a chéile, thosaigh comhrá eatarthu.

Agus iad ag caint faoi chraic na féile, chuaigh an Meiriceánach ar thóir a sprae gruaige ina mála, agus céard a chonaic mo chara istigh ina mála, ach gunna. Gunna beag, a léitheoirí, ach gunna mar sin féin. Ar ndóigh, mar a thuigfeá, baineadh geit nach beag as mo chara, agus lig sí béic bheag aisti, ar fheiceáil an gunna di. Níor chuir a geit ná a béicín isteach ná amach ar an Meiriceánach, bean a dúirt go neamhbhalbh,

‘You never know when you might need it.