Showing posts with label féileacán. Show all posts
Showing posts with label féileacán. Show all posts

Thursday, August 22, 2013

Féileacáin agus Foclóirí

A haon...

...a dó...

...a trí!


Tharla sé go raibh mé ag baint bláthanna feoite as na prócaí bláthanna timpeall ar Cheann Scríbe inniu nuair a chonaic mé féileacáin ag léim ó bhláth go bláth. 

Ar fheiceáil an chéad fhéileacán dom, agus é á shocrú féin ar bhláth, rug mé ar mo cheamara le grianghraf a thógáil, rud a rinne mé, mar a fheiceann sibh ón gcéad ghrianghraf thuas. Ansin, tháinig an dara féileacán agus, ina dhiaidh sin arís, tháinig an tríú féileacán. Shocraigh na trí fhéileacán ar an mbláth céanna. Nach álainn iad!

An raibh a fhios agat, a léitheoir, ach dá mbeadh tú ag brú na féileacáin as duine, bheadh croí an duine sin briste brúite, mar bheadh siad crushed agat, mar a déarfá. 

Tugtar dalán Dé (Lanes Larger English-Irish Dictionary, (1922)) dealán Dé (L.McCionnaith, Foclóir Béarla agus Gaeilge, (1935)) ar fheileacán, freisin, agus, dar le Mac Bains Dictionary anseo, deirtear faoi dealan-dé gur God's fire atá i gceist. 

Féileacán 'gus foclóir ag cur lenár stór...