Aiféala orm, a chairde, ach nílim ag scríobh mórán na laethanta seo - ba mhaith liom bheith ag scríobh, an dtuigeann sibh, ach níl deis agam, aimsir seo na gnóthachta, faraor géar.
An méid sin ráite, níor mhaith liom go gcaillfeadh aon duine agaibh féin an deis bhur gcuid focal a chur i gcomórtas le focail dhaoine eile, mar sin tapaígí an deis, a scríbhneoirí, agus seolaigí bhur gcuid iarrachtaí chuig Comórtas Gearrscéalaíochta Uí Mháine roimh an 1 Feabhra 2014.
Na sonraí uilig le léamh anseo, freisin. Go n-éirí go geal libh!
Showing posts with label scéalaíocht. Show all posts
Showing posts with label scéalaíocht. Show all posts
Thursday, January 9, 2014
Thursday, October 31, 2013
Oireachtas na Samhna 2013
Sea, a léitheoirí, is anseo atáim, in Óstán The Gleneagle, ag Oireachtas na Samhna, 2013. Wú hú!!!
Táim anseo ó aréir, rud a thug deis dom Clár na Féile a cheannacht, agus liosta imeachtaí a chur le chéile, le go mbeidh a fhios agam cáil mé ag dul; agus, sa chaoi go bhfeicfidh mé na himeachtaí atá uaim a fheiceáil, mar a déarfá.
Ar ndóigh, bíonn imeachtaí ag teacht salach ar a chéile, mar tá an oiread sin ag tarlú anseo, ach tosóidh mé leis an Scéalaíocht (faoi 12), ansin an Rince Aonair (15-18), Lúibíní (15-18), Seimineár Fhoras na Gaeilge, Lúibíní na nDaoine Fásta srl., - sin mo phlean, pé scéal é.
Agus, mura bhfuil sibh ar an eolas faoi cheana, a léitheoirí, beidh Seoladh Oifigiúil na 'Foclóirí ar Líne' ann ag 5.30 i.n. - leaganacha ar líne d'Fhoclóir de Bhaldraithe (1959) agus d'Fhoclóir Uí Dhónaill (1977) - atá le feiceáil anseo, agus atá go hiontach, i mo thuairimse - maith sibh Foras na Gaeilge!
Táim as súil go mór le cur i láthair Michal Boleslav Mĕchura ag an ócáid, am a mbeidh sé ag insint dúinn faoi phríomhfheidhmeanna an tsuímh. Obair éachtach á déanamh ag an bhfear sin!
Gabh mo leithscéal anois, a léitheoirí, ach caithfidh mé imeacht, agus seastáin na bliana seo a fheiceáil. Slán go fóillín!

Friday, July 5, 2013
An Ghaoth Aneas
Tá forlíonadh Gaeilge - An Ghaoth Aneas - le fáil ar líne anois, a léitheoirí, mar chuid den Southword Journal, atá le feiceáil ar Facebook, freisin.
Bainigí sult as!
Bainigí sult as!
Saturday, November 3, 2012
Oireachtas na Samhna 2012
Mothaím go bhfuilim i mo strainséir ar mo bhlag na laethanta
seo, a léitheoirí, ach táim gnóthach, an dtuigeann sibh.
Tá cuairteoirí anseo i gCeann Scríbe ó bhí an Satharn seo
caite ann, agus bím ar an mbóthar go Leitir Ceanainn, chuig Oireachtas na Samhna,
luath chuile mhaidin ó thosaigh na himeachtaí; gan fáil agam ar mo ríomhaire,
go dtí nach mbíonn uaim ach titim isteach i mo leaba, agus codladh na hoíche a
tharraingt chugam féin.
Ar ndóigh, ní féidir an dá thrá a fhreastal, agus feicim, ó
liosta mo chomhbhlagálaithe thall ansin ar dheis, nach bhfuil siadsan
díomhaoin, go deimhin. Beidh deis agam a míreanna uilig a léamh an tseachtain
seo chugainn, agus b’fhéidir go mbeadh focal nó dhó le roinnt agam libh faoin
Oireachtas, nuair a fhillfidh mé.
Caithfidh mé bóthar a bhualadh anois, a chairde, mar go
mbeidh an Scéalaíocht agus Agallamh Beirte & Sceitse srl., ag tosú luath go
leor ar maidin, agus beidh dán nó dhó le haithris agam ag an gCúirt Filíochta
ar ball.
Ina dhiaidh sin, beidh na Príomhchomórtais
Rince Aonair romham, agus críochnóidh mo lá le Príomhchomórtas
Amhránaíochta ar an Sean-Nós – Corn Uí Riada. Aoibhneas! ♫♪♫♪♫♫♫♪
Ná bígí uaigneach i m’uireasa, a léitheoirí. Beidh mé ar ais
libh gan mhoill.
Subscribe to:
Posts (Atom)