Showing posts with label dán. Show all posts
Showing posts with label dán. Show all posts

Monday, October 7, 2024

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2024

Mar is eol daoibh, a léitheoirí, is ócáid bhliantúil í An Chúirt Filíochta ag Oireachtas na Samhna agus beidh sí ar siúl i gCill Airne arís i mbliana. Tá barántas na bliana seo faighte agam ón Sirriam Gníomhach, Proinsias Mac a'Bhaird, mar a fheicfidh sibh, thíos. 

Aiféala orm faoin moill leis an mbarántas agus le 'Deasghnátha na Cúirte,' ach geallaim daoibh (le cúnamh Bé) go mbeidh Proinsias, Bríd Ní Mhóráin agus mé fhéin ag an gCúirt Filíochta i gCill Airne ar an Satharn, 2 Mí na Samhna, ag 1.30in, mar chualamar go mbeidh neart fíona filí i láthair agus go gcaithfear súil a choinneáil deis a thabhairt dóibh a gcuid dánta a aithris.

I dtaca leis seo, iarrtar oraibh peann a chur le pár, a chairde, agus dán nó dhó a chumadh agus a sheoladh chuig an sirriam gníomhach ag pmacabhaird ag gmail.com, roimh dheireadh na míosa seo, más féidir, le deis a thabhairt dó na socruithe teicneolaíochta a dhéanamh; sin, ar ndóigh, más mian leat go mbeadh do dhán/dánta le feiceáil ar an scáileán taobh thiar díot agus tú i mbun aithrise. 

Ar ndóigh, ní gá cloí le téama na cúirte mar atá luaite sa bharántas, agus ní gá dán a scríobh le cead isteach a fháil; cuirtear fáilte roimh lucht aithrise agus lucht éisteachta, fad is go gcloíonn chuile dhuine leis na deasghnátha (féach thíos.) Ach, má bhíonn fonn aithrise ort, agus gan deis agat an clúdach donn le hairgead dán ann a thabhairt do Phroinsias, roimh ré, fág d'ainm liom fhéin nó le Bríd ag láthair na Cúirte, agus cuirfear d'ainm ar an liosta. 

Ar ndóigh, beidh braon uisce beatha, pinse snaoisín agus duilisc ann do na filí, agus sóláistí ar fáil i ndiaidh na Cúirte. Ní féidir liom tada a chinntiú faoin gcaviar, faoin gcognac ná faoin líne chócaoin, mar ní thabharfaidh an Sirriam cead dom fhéin ná do Bhríd iad a bhlaiseadh dháileadh. 

Ár mbuíochas le Foras na Gaeilge as a gcuid urraíochta, agus le lucht an Oireachtais as a gcuid tacaíochta. Táim ag súil go mór le bhur gcuideachta, a chairde na filíochta!

******************************

                                                                  Barántas

Do Bhaird, Filí agus Ollaimh Bhanbha, beannachtaí!

Whereas, tá cumhacht ghlór an duine ídithe, Maca Míle agus pobail mhacánta na cruinne den bharúil nach dtugtar ach cluas bhodhar dá dtuairimí, dá n-achainní, dá ngearáin.

Be it known, go bhfuil an domhan á réabadh ag cogadh éagórach, go bhfuil faisistigh dhúchasacha ag éirí inár measc agus go bhfuil céad míle doicheall déanta dár bhfáiltí.

Whereas, muirníonn Éigse Éireann an chóir agus is olc leis an bhréag. Ba ghnás ag dámhchuire Fódla ón chianaimsir anall glór a thabhairt don bhalbhán, misneach a bhronnadh orthu siúd ar easpa dóchais. Cén comhairle chaoin a bhronnfaidh sé anois ar chine Oileán na bhFionn, cén focail mheáite a roinnfidh sé ar Ghaelaibh ársa agus ar Ghaelaibh úra leis an dóchas a mhúscailt iontu an athuair?

Ordaítear duit, subpoena ad testificum, fianaise a thabhairt os comhair Cúirte a eagrófar ar an tSatharn, an dara lá de mhí na Samhna i gCill Airne ag 1.30 pm, maidir le deachtóireacht, doicheall agus dóchas.  

Tugtha faoi mo lámhsa [le húdarás incheistithe] ar an lá seo, an t-ochtú lá de Dheireadh Fómhair, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle Fiche a Ceathair.  

                                                     PROINSIAS MAC A’ BHAIRD

                                             Sirriam (mall)ghníomhach

God Save The King! (agus go maire Camilla)

***********************

Deasghnátha na Cúirte

 Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann réidh aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla ann lá na Cúirte.

Ní gá don fhinné cloí le téama na Cúirte agus ní gá don fhinné dán dá chuid féin a aithris ach iarrtar ar gach finné a bheith sa tseomra cheart.

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaítear polaiteoir ar bhealach nuálach turgnamhach].

Seachnaítear an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le tubaiste. Ní aireofar díolúintí teanga, tithe saoire sa Ghaeltacht ná ceartúsáid an chlásail choibhneasta ina thubaiste phearsanta nó náisiúnta.

Bronnfar dram uisce beatha, crág duilisc agus pins snaoisín ar gach finné a thugann fianaise shásúil. Bronnfar buidéal Cognac, caviar agus líne cócaoin ar fhinné a chuireann an giúiré ag gáire os ard.

Ar iarratas i scríbhinn ó ⅔ den ghiúiré a fhaightear 6 mhí roimh dháta na Cúirte, cuirfear aistriúchán comhuaineach ar fáil sna teangacha seo a leanas: Ultais, Gàidhlig, Gaelg, Gaelscoilis, Cant, agus Gaelic Ghaoth Dobhaí.

Ceadaítear éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadaítear éirí suas ar bhaill eile den ghiúiré [a fhad is a bhíonn gnó na Cúirte ar siúl].

Beidh sé de chead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh sé de chead ag an ghiúiré a gcuid seanfháinní óir a chaitheamh ar an fhinné.

Taispeántar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte, agus beannaítear go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith nó i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar air sin mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte.

Tá cead ag finné a chuid fianaise a chanadh, ach ní mór glór ceolmhar binn a bheith aige. Seachnaítear na mionghléasanna agus an Hip Hop.

Ceadaítear don ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne.

Tuesday, February 14, 2023

Lá Fhéile Vailintín

Dán beag daoibh, ar maidin, a léitheoirí. Bainigí sult as an bhféile!

Mo Ghrá,

is tú mo dhán,

an lán i mo stad, 
an tsábháil i mo shlad,

an cara i mo chúirt, 
an sólás i mo bhuairt, 
 
an dian i mo chúram, 
an lia i mo thuairim,

an laghad i mo lucht,
an saibhreas i mo bhocht,

an preabadh i m'ucht, 
an maisiúchán ar mo nocht,

sin tusa, mo ghrá. 

Blagmhíreanna eile faoin bhféile le léamh anseo

An dán ón leabhar Mise Áine; An Bhean Istigh (Cló Iar Chonnacht (2017)).

Friday, November 6, 2020

Máirtín Tom Sheáinín

 

An Ródaí

 

(dán in ómós do Mháirtín Tom Sheáinín)

 

Thuig tú cás agus mórtas cine

An dream abhus an dream i gcéin

D’éist le scéalta chuile dhuine

Beag beann ar rachmas, cáil ná léann.

 

Bhí do bhá le tír is teaghlach

Bhí do thuiscint cothrom grinn

Cois amháin san am a caitheadh

Is cois eile ag siúl chun cinn.

 

Bhíodh do chomhrá réidh is stuama

Chuile cheist uait lán le meas

Fuair tú freagra ón mbéal tostach

Le do chineáltas gan cleas.

 

Chraol tú amhráin nua sean-nóis

Mhéadaigh cartlann, ceol is craic

Bhailigh chugat foghlaim shaolta

A fhormhór sin Tigh Mhichael Jack.

 

Thaisteal tú fud fad na tíre

Ag stiúradh leoraí, bus nó carr

Ach, sé do sheal istigh sa Ródaí

‘s ag láithriú Oireachtais, ab fhearr.

 

Thuig tú údar Chorn Uí Riada

Bhain tú fhéin an duais faoi dhó

Go deimhin, thuig tú daoine óg is aosta

B’in do bhua, a dhuine chóir.

 

Gan do thogha ná do rogha

Ní bheidh do ghlórsa ar an aer

Ach, tagann aois an phinsin

Roimh aois Choilm, faraor géar.

 

D’fhág tú slán ag Ardtráthnóna  

‘Níl aon mhaith déanta’ níl ‘by daid’

Aireoimid uainn do chur i láthair

Do theanga líofa…agus do  ‘hea!’

 

Go n-éirí an bóthar leat, a Ródaí

Fad saoil is sláinte, faoi rath faoi bhláth

Is thar rud ar bith eile ná déan dearmad

Go mbeidh ár mbuíochas leat go brách.

Monday, March 16, 2020

Lá Fhéile Pádraig 2020

Tá a fhios agam go mbeidh an chuid is mó agaibh sa bhaile, in bhur dtithe féin, ar Lá Fhéile Pádraig na bliana seo. Sin an saol, na laethanta seo, faraor. 

Seo mo bheannacht chugaibh, a léitheoirí - físeán a chuir mé le chéile, anocht, le grianghraif a thóg mé, anseo agus ansiúd, ar fud na tíre, ach go háirithe in Inis Eoghain agus i gConamara. 

Faoina bhun, tá mo dhán nuachumtha, Tiocfaidh Muid Slán, agus é curtha leis an bhfonn a théann le 'Óró Sé Do Bheatha Abhaile.' 

Bímis ag canadh agus ag ceiliúradh le chéile, a chairde!


Tiocfaidh Muid Slán

Inniu, seo lá na féile móire,
Ceiliúradh a’inn in ardú glórtha,
Ceol sa mbaile agus amhráin ghlóire,
Tiocfaidh muid slán le chéile.

Curfá
Óró, sé do bheatha abhaile,
Óró, sé do bheatha abhaile,
Óró, sé do bheatha abaile,
Tiocfaidh muid slán ón ngéibheann.

Tír is teaghlach faoi ghlas corónach,
Baol ón tinneas, tá gach gníomh deonach,
Seasfaidh muid fód, agus beidh muid glórach,
Tiocfaidh muid slán le chéile.

Curfá
Óró, sé do bheatha abhaile…

Víreas ag bagairt ar chlann, ar chine,
Deighilt ag galar idir sibh is sinne,
Neart le chéile, sin spiorad an duine,
Tiocfaidh muid slán le chéile.

Curfá
Óró, sé do bheatha abhaile…

Inniu, seo lá na féile móire,
Ceiliúradh a’inn in ardú glórtha,
Ceol sa mbaile agus amhráin ghlóire,
Tiocfaidh muid slán le chéile.

Sea, tiocfaidh muid slán le chéile!

Beidh sibh uilig i mo smaointe, go dtaga muid slán ón ngéibheann. 

Friday, February 14, 2020

Lá Fhéile Vailintín

Ar fhaitíos go bhfuil cárta le scríobh agat fós, a léitheoir, agus gan tú róchinnte céard a d'fhéadfá scríobh, le do ghrá a chur in iúl do do ghrá geal, beidh tú in ann a theacht ar bhlagmhíreanna faoi théarmaí grá, ag Róislín, ar an Irish Language Blog, anseo

Idir an dá linn, más mian leat mo dhán féin ar an ábhar a léamh, ceann a scríobh mé do, ahemm'fhear aclaí féin, An Garraíodóir (fear atá díreach théis 'Happy V-Day from a secret admirer' a sheoladh chugam...i bhfoirm téacs...ón bhfón póca s'aige), seo chugat é (an dán, chan An Garraíodóir), agus tá súil agam go mbeidh lá álainn lán le grá agat, bíodh grá geal agat nó ná bíodh.

Mo Ghrá...

is tú mo dhán,

an lán i mo stad,
an tsábháil i mo shlad,

an cara i mo chúirt,
an sólás i mo bhuairt,

an dian i mo chúram,
an lia i mo thuairim,

an laghad i mo locht,
an saibhreas i mo bhocht,

an preabadh i m'ucht,
an maisiúchán ar mo nocht,

Sin tusa...mo ghrá. 

Seo chugaibh bláthanna uaimse, ar maidin, a léitheoirí. Bainigí sult as an lá, le grá.

Saturday, November 9, 2019

Inchinn agus Intinn

'Meicníocht na hinchinne a stiúrann amharclann na hintinne.'

Nuair a bhogann smaoineamh le haghaidh amhráin nó dáin isteach i mo chloigeann, tá sé de nós agam nótaí ar an ábhar a scríobh síos, ar an bpointe, le nach ndéanfaidh mé dearmad ar an smaoineamh ná ar an bhfáth gur rith sé liom. 

Ansin, sula gcuirim tús leis an gcéad dréacht den dán nó den amhrán, déanaim taighde ar an ábhar, in amanna, le tuairimí agus smaointe daoine eile ar an ábhar a mheas, an dtuigeann sibh. 

Tharla sé go raibh mé ag útamáil liom, ar an idirlíon, arú inné, mar bhí mé i mbun taighde d'amhrán nua atá idir lámha agam, nuair a tháinig mé ar an TED Talk seo le Oliver Sacks. Ag deireadh na cainte (dhá nóiméad ón deireadh, nó mar sin) luaigh sé rud a dúirt Charles Bonnet, 250 bliain ó shin, 

'the theatre of the mind could be generated by the machinery of the brain'

Thosaigh mo chuid meicníochta féin ag iarraidh Gaeilge a chur ar an bhfocal 'brain' agus ar an bhfocal 'mind.' Go deimhin, thosaigh dráma nua san amharclann, agus mé ag iarraidh an difríocht idir brain agus mind a fháil amach, ach sin scéal eile.  

Ar aon nós, ar fhaitíos go bhfuil aon duine agaibh den bharúil gur ionann an dá rud, seo chugaibh an méid a fuair mé ar teanglann.ie maidir le brain, agus an méid atá le fáil ar teanglann.ie maidir le mind. 

Chuir mé an focal brain isteach i bhfoclóir.ie agus fuair mé an méid seo (tá bealach ar leith ann le 'to bonk the brains out of sb' a scríobh, mar eolas duit, a léitheoir, dá mbeadh, ahem, a leithéidí uait, ar ndóigh), agus seo an méid atá scríofa ag foclóir.ie maidir le mind. 

Mholfainn, b'fhéidir, gur fearr duit gan iomarca machnaimh ar an ábhar a dhéanamh, nó d'fhéadfá dul glan as do mheabhair. Ach, má tá tú ag iarraidh d'inchinn a choinneáil ag imeacht...

Wednesday, June 20, 2018

Grianstad an tSamhraidh

Cé go raibh an clog, agus mo cholainn, ag insint dom, aréir, go raibh sé in am dom dul a luí, bhí gile an lae ag cur dallamullóg ar mo chloigeann bocht, agus bhog an tráthnóna go hoíche, i ngan fhios dom. 

Amárach, ar an 21 Meitheamh, beidh an lá is faide den bhliain ann, lá ar a dtugtar grianstad samhraidh. Dar leo ar Vicipéid, 'soilsíonn an ghrian níos faide' ar an lá sin 'ná ar aon lá eile i rith na bliana.' 

Déanann sé sin ciall, agus tá an scéal inste agam do mo cholainn anois, sa chaoi nach mbeidh, ahem, aon mhíthuiscint idir í féin agus mo chloigeann, ar ball. 

Tráthnóna inniu, tháinig mé ar an alt an-deas seo, faoi 'Grianstad an tsamhraidh agus treo nua', alt a scríobh an Dochtúir Cathal de Paor san Irish Times, anuraidh. Mholfainn daoibh an t-alt a léamh, a léitheoirí, más mian libh cúpla rud sa bhreis a fhoghlaim faoin lá.

Pé scéal é, thug mé suntas, ach go háirithe, don mhéid a scríobh sé faoin bhfocal sin 'grianstad' mar, dar leis, ní 'stad' a tharlaíonn ar chor ar bith, ach 'an domhan a bheith tosaithe ar dhul i malairt de threo.'  Dar leis,

'Is iad na gluaiseachtaí seo a thugann dúinn na séasúir, grianstad an tsamhraidh agus an gheimhridh, maraon le cónocht an fhómhair agus an earraigh, nuair a bhíonn an lá agus an oíche ar chomhfhad.'

Ní faoin ngrianstad amháin a bhí sé ag scríobh, go deimhin. Tá smaointe deasa aige faoi am, agus faoin saol; gur gá, b'fhéidir, 'an saol a thuiscint mar phatrún...Timthriall, seachas triall.' 

Ábhar machnaimh ansin daoibh, a léitheoirí. Is féidir alt Chathail a léamh anseo. Bainigí sult as, agus as grianstad an tsamhraidh, amárach. 

******
Ó tharla cúrsaí ama faoi chaibidil aige san alt, seo chugaibh dán beag uaimse, ó mo leabhar 'Mise Áine; An Bhean Istigh,' mar aon le blagmhíreanna suimiúla ó Róislín, faoin ngrianstad agus na séasúir, le léamh anseo


Friday, September 23, 2016

Máire Ní Thuathail

Bean uasal a bhí i Máire Ní Thuathail, bean a thaitin go mór liom. Bhí a fhios agam go raibh sí tinn ach, mar sin féin, baineadh siar asam nuair a d'imigh sí uainn, an tseachtain seo. 

Murach í, ní bheinn ag blagáil. Thug sí comhairle agus treoir domsa, nuair a theastaigh a leithéidí uaim. Bhí sí cineálta, cairdiúil agus cuidiúil, agus bhí a croí istigh ina teanga dhúchais. 

Seo mo dhán, Síol, dán a scríobh mé in omós do Mháire, bean a chaith a saol in earnáil na Gaeilge (mar is eol dár nUachtarán féin, Micheál D. Ó hUiginn), agus bean a chaith go leor ama ina garraí i Seanadh Gharráin ar an Spidéal, garraí as ar tháinig na glasraí agus torthaí is deise riamh. 

Síol

Chuir tú síol
i ngarraí an tsaoil.

Scaip tú
dóchas sa dorchadas
gile sa gceo.

Thug tú
beatha don teanga
saoirse don dúchas.

Chothaigh tú
muinín agus misneach
meas agus muintearas.

Bhain tú
Fómhar fairsing
toradh do chuid oibre.

Las tú lóchrann an bhealaigh do chách 
le do loinnir a mhairfeas go brách.

Ceiliúradh ar shaol Mháire, amárach, 24ú, sa Connemara Coast Hotel ar Na Forbacha, ag 4:00 i.n. 

Suaimhneas síoraí dá hanam álainn. Aireoidh mé uaim í.