Nuair a dhúisigh mé, ar maidin, d'airigh mé an-tuirseach. Cé go ndeachaigh mé a luí luath aréir, tá lorg na seachtaine fágtha ar m'fhuinneamh. Dhúisigh mé roimh na héin, agus cé go mothaím spíonta, tá mo smaointe ag teacht idir mé féin agus tuilleadh codlata.
Cuimhní cinn is cúis le mo dhúiseacht, an t-amharc siar sin a tharlaíonn nuair atáim i mo luí sa chiúnas, dorchadas na hoíche fós i mo thimpeall, solas an lae fós le teacht, ach imeachtaí agus eachtraí na haimsire atá caite á n-athimirt ar scáileán mo smaointe.
Mar a scríobh mé anseo, an tseachtain seo caite, bhí mé i gCeatharlach ag an deireadh seachtaine, ag an bhFéile Pan Cheilteach, agus d'éirigh le m'amhrán nuachumtha, Ní Thuigim, an bua a ghabháil sa chomórtas náisiúnta amhránaíochta ann. Mo bhuíochas ó chroí le Daríona Nic Dhonnacha, a rinne jab iontach ag casadh an amhráin, agus d'Ollie Hennessy, stiúrthóir ceoil na hoíche, a chuir tionlacan álainn ar fáil dúinn.
Dé Sathairn a tharla an méid sin, agus tá agallamh nó dhó, ar an ábhar sin, déanta agam, le raidió nó dhó, ó shin. An bhfuil cuimhne agam ar an méid a dúirt mé sna hagallaimh sin? Níl. An raibh an méid a dúirt mé ceart go leor? Níl a fhios agam. 'Labhair ón gcrói...' an moladh a tugadh dom, blianta ó shin. Rinne mé an méid sin. Caithfear scaoileadh leis an imní. Rinne mé mo dhícheall.
Ach, tharla eachtra Déardaoin seo caite, an lá sula ndeachaigh mé go Ceatharlach, agus tógfaidh sé go leor ama orm scaoileadh leis an mbuairt atá do mo chrá ó shin, agus do mo chrá, ar maidin. Chaill mé Sióg. D'imigh sé uainn, ar shlí na fírinne, agus cé go raibh a fhios agam go raibh an lá sin ag teacht níos gaire, ní bhíonn duine riamh réidh don chaill.
Ar maidin, agus na deora liom á scríobh seo, airím uaim é. Bhí sé linn le blianta fada, mar chara le mo thaobh agus mé ag scríobh, agus tús áite aige i mo smaointe, go minic, agus mé as baile.
Ní féidir cairdeas mar é a mhíniú don té nach dtuigeann an ceangal a bhionn idir ainmhí agus duine. Tá bua ar leith ag baint lena leithéidí de chairdeas. Ach, nuair a chailleann tú é, líonann buairt do shaol. Tagann na cuimhní chun cinn, agus tosaíonn an athimirt, arís is arís eile.
Táim ag súil go mór le solas an lae, agus leis an sólás a thagann ina am féin.
Showing posts with label Sióg. Show all posts
Showing posts with label Sióg. Show all posts
Friday, March 29, 2019
Tuesday, September 25, 2018
Galar agus Grá
Cá dtosóidh mé?
Leis an leabhar nua atá scríofa ag Lynn Ruane, b'fhéidir? Leis an duine, le hAlzheimers, atá mar chuid dár saol, le blianta fada? Le scéal Nora Owens ar chlár Ray D'Arcy ag an deireadh seachtaine? Nó, an dtosóidh mé le Sióg s'againne?
Ar bhealach, tá baint acu uilig leis an mblagmhír seo.
Blianta ó shin, d'fhreastail mé ar lá faisnéise a bhí eagraithe ag Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte. Teacht le chéile a bhí ann, agus é eagraithe ag an FSS le go mbeadh deis ag cúramóirí tuiscint níos fearr a fháil ar an ngalar Alzheimers.
(Mo chuimhne, chuala mé fear, tráth, ag tabhairt 'Aul-timers' ar an ngalar Alzheimers, mar sin an focal a chuala a chluasa, is dócha; ach, cé gur tráthúil an focal a chuala a chluasa, agus cé gur minic go dtagann néaltrú soithíoch le seanaois, ní gá gur ionann an scéal le hAlzheimers.)
Ar aon nós, cumasaíonn faisnéis/foghlaim/taithí an duine, de réir a chéile, agus d'fhoghlaim mé go leor ón lá faisnéise sin. Is iomaí duine atá dall ar an bhfírinne, fiú nuair atá fianaise os a chomhair amach, agus cuidíonn faisnéis, nuair is gá, le fíricí a thabhairt chun solais.
Táim den bharúil, go minic, gur féidir le duine bheith caoch, nuair atá grá dá dhalladh. Bíonn sé crua ar dhaoine áirithe, feictear dom, glacadh le cora an tsaoil; is cuma athair, máthair, páiste, páirtí, nó fiú cara i mbaol tinnis, goineann galar grá, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.
Mar a deir an seanfhocal, laghdú gach anró é a roinnt. Is fiú leabhar Lynn Ruane a léamh, agus scéal Nora Owens a chloisteáil, mar go dtuigeann a dtaithí néaltrú. Ní hionann chuile scéal, agus ní hionann taithí aon chúramóir, ach fágann néaltrú a lorg.
Ní raibh a fhios agamsa, go dtí i mbliana, go dtagann néaltrú ar sheanchait, freisin. Cé nach ionann duine agus ainmhí, ar ndóigh, d'aithin mo thaithí na comharthaí; tá Sióg s'againne ag dul in aois, agus tá cor i mbóthar a shaoil.
Le galar, méadaíonn cúram. Le cúram, méadaíonn grá.

Saturday, April 2, 2016
Gan Meas Mada
Seanfhocal nó dhó daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,
Má bhíonn ceann uain ar mhaidin earraigh, beidh ceann mada allta ar an tráthnóna. (Aimsear)
Tá an mada ag ithe féir, tá báisteach air. (Aimsear)
Is fearr cat gránna ná mada deas sa teach san oíche. (Ainmhithe)
Is deacair an mada a bhaint den tseanchasán. (Ainmhithe)
Is fearr duit madraí an bhaile a bheith leat ná i d'aghaidh. (Cairdeas)
Bíonn gach mada teann ag a dhoras féin. (Cleachtadh)
Is fearr mada beo ná leon marbh. (Comharsa)
Níl mada ar bith is measa ná an mada is airde tafann. (Cur i gCéill)
Wednesday, October 7, 2015
Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise
Tá na chéad téarmaí ón mbailiúchán 'Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise' foilsithe anois, anseo, ag tearma.ie.
Is fiú an scéal sin a scaipeadh, i mo thuairim, nó is fiú é a 'athphostáil' nó, b'fhéidir gur fiú é a 'atvuíteáil,' más mian leat.
Is léir go bhfuil an 'blagaisféar' beo beathach ar an 'ardán sóisialta' seo, scéal eile ar fiú é a 'ghreamú' áit éigin, shílfeá, nó d'fhéadfá 'is maith liom' a bhrú ag 'moladh' an dea-scéil, dá mbeadh fonn ort a leithéid a dhéanamh.
Agus, má tharlaíonn 'mearscaipeadh' de thoradh na 'postála' seo, beidh 'leantóirí' go leor ag 'scaidhpeáil' faoin dea-scéal, is dóigh liom.
Ach, más mian leat tús a chur le 'snáithe plé' agus tú ag 'snúpáil' nó ag 'gliúcadh' thart, ná bí i do 'seachantóir meán sóisialta' agus bain sult as an gcraic uilig!

Labels:
cat,
eolas,
fiontar,
focalghráthóir,
foghlaimeoir,
gaois,
méim,
Sióg,
téarma.ie
Friday, April 10, 2015
NIMBYachas
Níl leagan Gaeilge faighte agam don nath cainte NIMBY fós, agus bheinn sásta bhur leaganacha féin a fháil, a léitheoirí, ach, idir an dá linn, ba mhaith liom an físeán thíos a roinnt libh, le go bhfeice sibh an cineál ruda atá i gceist le NIMBYachas.
Aiféala orm faoi chaighdeán an fhíseáin, ach ní raibh mé ag súil go dtarlódh a leithéidí i mo theach féin, agus rug mé greim ar an gceamara, chun fianaise a fháil daoibh, agus ní raibh deis agam an diabhal rud a chur i bhfócas mar is ceart.
Mar sin féin, táim den bharúil go dtuigfidh sibh an scéal.

Tuesday, December 9, 2014
Saturday, November 8, 2014
Focail Liom Focail Leat
Roinnt blianta ó shin, chuir Dennis ceist orm cén leagan Gaeilge a bheadh agam ar 'cat's whiskers,' agus 'ribí féasóg cait' an freagra a fuair mé ó dhuine éigin, áit éigin, ag an am.
An lá faoi dheireadh, tharla sé go raibh mé ag labhairt leis An Dómhnallach, agus chuir mé ceist uirthi faoin bhfocal sin 'whiskers' - Mí na gCroiméal, atá ann, an dtuigeann sibh, agus b'fhéidir go raibh an t-ábhar sin faoi chaibidil againn.
Ar aon nós, 'guairní/guairí' an focal a chuala sí, ó dhuine éigin, áit éigin...'guairní/guairí an chait' nó 'guairní/guairí cait'...iad le feiceáil go breá soiléir ar Shióg s'againne, thuas.
Tá an focal 'guaire' le feiceáil anseo, ar www.focloir.ie, mar aistriúchán ar an bhfocal 'whisker,' agus is 'bristle' an leagan Béarla atá ar an bhfocal 'guaire' in WinGléacht, mar sin cé as ar tháinig an focal 'guairní' meas tú...seanleagan dúchasach, b'fhéidir? Táim den bharúil gur 'guairí' an focal a dúradh.
Bhuel, in WinGléacht, tá an focal 'guairneach' agus is 'awn (of barley)' atá i gceist leis, mar fhocal. Má bhreathnaíonn sibh ar an bhfocal sin 'awn' in www.dictionary.reference.com, feicfidh sibh na focail 'beard of wheat, barley...any similar bristle' luaite, agus, ó na grianghraif anseo, tá 'guairneacha' nó b'fhéidir 'guairí,' le feiceáil ar shifíní eorna, gan dabht ar bith.
Agus, ó tharla an focal 'beard' luaite agam, tá an leagan Gaeilge 'féasóg' ann, ar ndóigh, ach ní raibh a fhios agam, go dtí anocht, go bhfuil an focal 'ulcha' ann, mar aistriúchán Gaeilge ar 'beard' chomh maith.
Meas tú, arsa mé féin liom féin, an bhfuil baint ar bith ag an bhfocal sin leis an bhfocal 'ulchabhán'...nó le 'ceann cait' b'fhéidir...hmmm....
Sunday, March 2, 2014
Neadió Teilifís Áine
Mar is eol daoibhse a bhíonn ag sciorradh isteach chuig mo bhlag go rialta, bhí mé gnóthach anuraidh ag coinneáil súile ar na meantáin a bhí ag teacht agus ag imeacht ó mo theachín éan anseo i gCeann Scríbe. Is féidir na físeáin éagsúla a chuir mé le chéile anuraidh a fheiceáil ar YouTube anseo, más mian libh breathnú orthu.
Mar a fheicfidh sibh, ó mo bhlagmhíreanna ar an ábhar, thosaigh na meantáin ag bualadh isteach chuig an teachín éan timpeall an ama seo anuraidh agus arú anuraidh, mar sin níor chuir sé ionadh ar bith orm meantán gorm a fheiceáil istigh sa teachín éan maidin inné, díreach sula ndeachaigh mé chuig na cainteanna ag Éigse Cholm Cille, i nDoire.

Ar ndóigh, is ar an teilifís a bhí an radharc thuas le feiceáil agam, mar is iondúil, ó tharla an ceamara infridhearg atá istigh sa teachín éan ceangailte le teilifís na cistine. Bhain mé an-sult as mo bhricfeasta, ag breathnú ar an meantán gorm ag teacht agus ag imeacht le sopachán.
Isteach liom chuig an Éigse, ach ar m'fhilleadh dom aréir, baineadh geit asam, nuair a chonaic mé an radharc seo thíos romhan ar scáileán na teilifíse sa chistin...
...mo mheantán gorm agus an sopachán uilig imithe! Cá ndeachaigh siad? Bhreathnaigh mé ar Shióg. Bhí an chuma air nach raibh baint ar bith ag an gcat bocht leis an scéal. Ansin, céard a chonaic mé, fágtha ar an urlár romham, ach bosca, agus é folamh!
Sea, a léitheoirí - tá teachín éan nua crochta ar chúl an tí anois, agus tá Sióg ag, ahem, coinneáil súile air. Bhí táirge an bhosca ar an mbord le coicís anuas, ag fanacht go bhfaigheadh sé aire agus ardú ón nGarraíodóir, rud a tharla inné, i ngan fhios dom, nuair a bhain An Garraíodóir anuas an sean teachín éan, agus chroch sé an ceann nua ina áit.
Mo mheantáinín bocht. An dtiocfaidh sé ar ais? Níl a fhios agam, a léitheoirí, ach má thagann, beidh na grianghraif uaim daite an bhliain seo, ó tharla ceamara daite sa teachín nua, rud nach raibh sa seancheann. Beidh le feiceáil, a chairde na n-éan.
Saturday, February 8, 2014
Aimsir Chrua...
...tráth a mbíonn an cat in aice na tine.
Seanfhocal é sin ón leabhar Seanfhocla Chonnacht - is léir nach raibh suim dá laghad ag Sióg s'againne sa chluiche, cluiche a bhain leaids s'againne, gan stró ar bith, inniu. Wúhú!
Seanfhocal nó dhó eile, as an leabhar céanna,
Mara dtaitníonn an drochaimsir leat, is é a bhfuil de leigheas agat air, déan thú féin níos fearr í. (Aimsear)
Tagann sé gan cuireadh gan iarraidh, ar nós na drochaimsire. (Aimsear)
Tá sé chuile áit, mar an drochaimsir. (Aimsear)
Is olc an t-éan a bhíos i gcrann lá fliuch. (Faillí)

Sunday, December 15, 2013
Faoin gCrann Nollag
Mar a scríobh mé cheana, ní chreideann an tsúil ach an rud a fheiceann sí.
An bronntanas is breátha...an féirín is fearr...tá tabhartas agam, gan dabht!
Labels:
bronntanas,
cat,
craic,
féirín,
focalghráthóir,
Nollaig,
seanfhocal,
Sióg
Wednesday, July 24, 2013
Cinnteacht nó Amhras
Is é scéal an chait...
...an scéal nach mbeidh amuigh.
An seanfhocal thuas ón leabhar Seanfhocla Chonnacht. Thóg mé na grianghraif ar maidin, le, ahem, caoinchead ó Shióg s'againne.
Na seanfhocail seo a leanas, ón leabhar céanna, faoin gceannteideal Cinnteacht:
Ní chreideann an tsúil ach an rud a fheiceas sí.
Fásann níos mó sa ngarraí ná a chuirtear ann.
Fearr a bheith cinnte ná caillte.
Bí ceart sula mbí tú dearfa.
Ná déan dóigh de do bharúil.
Ní den chríonnacht an chinnteacht.
Agus, faoin gceannteideal Aimhreas, tá na seanfhocail seo:
Ní mar a shíltear a bhítear.
Is iomaí caoi a léimeas an cat.
Sunday, July 21, 2013
Clóite nó Cloíte
Seanfhocail, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, le ceannteidil ón leabhar i gcló dubh:
Onóir
Ní íseal ná uasal ach thíos seal is thuas seal.
Ceird
Seal go maith is seal go dona. (Sochar is dochar na ceirde.)
Saol
Níl sa saol ach ceo, is ní mhaireann an ceo ach seal.
Meas tú céard atá á rá ag Sióg s'againne? Is é an dóchas lia gach anró, b'fhéidir? Má mheathann ceann tiocfaidh ceann, b'fhéidir?
Ar ndóigh, b'fhéidir gur ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán!
Sunday, February 24, 2013
Smaointe ag Rith
Ar maidin, agus mé ag léamh an leabhair Seanfhocla Chonnacht, bhí Sióg ina luí le mo thaobh; go deas sona socair sásta, an bheirt againn.
Ansin, chuala Sióg ceol éin, a bhí ag teacht tríd an bhfuinneog oscailte, agus chuir sé cluas air féin ar an bpointe. An dúchas ag briseadh trí chluasa an chait, is dócha, arsa mé féin liom féin.
Ar aon nós, thosaigh mo smaointe ag rith. Blianta ó shin, lá dá raibh mé féin agus An Garraíodóir ag breathnú ar chuain coileán, thug mé faoi deara go raibh coileán amháin acu le heireaball fada air, rud nach raibh ar na coileáin eile.
Insíodh dom, ag an am, go mbíodh eireabaill fhada ar an gcineál sin coileán tráth den saol, ach go raibh a n-eireabaill á sciotadh leis na cianta agus, dá thoradh sin, rugadh formhór dá gcineál gan eireaball anois.
Céim éabhlóide, seans, an smaoineamh a rith liom an lá úd, ach amháin gur éirigh le cuimhne na bunghéine an t-eireaball fada ar leith sin a thabhairt léi fós, shílfeá, rud a d’fhág an coileán nuabheirthe úd lena eireaball éagsúil. Meas tú an féidir ‘éagsúil’ a thabhairt ar an ní sin atá, i ndeireadh an tsaoil, dúchasach?
Giota faoi Lamarkism nó faoi nithe eipiginiteacha le léamh anseo agus anseo, más rud go bhfuil fonn ort roinnt taighde a dhéanamh ar an ábhar, a léitheoir. Ní raibh caife na maidine agam féin fós, an dtuigeann sibh, mar sin níl fonn taighde orm.
I, ahem, leaba an taighde sin, díreoidh mé m’aire ar chúpla seanfhocal ón leabhar thuasluaite, ó tharla é i mo lámh agam – bhuel, níl sé i mo lámh agam agus mé ag clóscríobh, mar a thuigfeá, ach tá an leabhar in aice láimhe, agus fuair mé na seanfhocail seo a leanas faoin gceannteideal, Dúchas:
An rud atá beirthe sa bhfuil is deacair a bhaint as an bhfeoil.
An rud atá sa bhun bán, tá sé sa bharr glas.
Is mar a shiúileas an seanphortán is ea a shiúileas an portán óg.
An fíon a bhíos sa mbaraille, fanann cuid de sna cláir.
Bionn beirt in aon bhroinn is ní hionann iad.
Is deacair lacha a bhá.
Dá airde a theas an priompallán sa lá, i gcac a chaitheas sé an oíche.
Is fusa deoch a bhaint as sruth ná greim as cloch.
Ní buí ón ngréin ach buí ó nádúr.

Friday, January 11, 2013
Neadió Teilifís Áine
“Wúhúúúúú!” arsa mé
féin liom féin. Fáth m’áthais? Bhuel, bhí péire meantán gorm ag breathnú ar ár
dteachín éan inné!
Tá sé luath go leor sa bhliain a leithéid a fheiceáil fós, mar
atá léite agam anseo, ach is deas an rud na héin a fheiceáil, agus iad ag
teachtóraíocht; más amhlaidh a bhí an péire úd a dhéanamh inné, ar ndóigh.
Pé scéal é, mar is eol do léitheoirí rialta mo bhlag, tréigeadh an teachín anuraidh, cé go raibh nead tógtha ag meantán gorm álainn ann. Cibé rud a
tharla di, níor fhill sí chuig an nead, agus bhí mé buartha, caithfidh mé a admháil, a léitheoirí.
Níl a fhios agam an raibh spioróg nó Sióg ciontach ina
neamhfhilleadh, ach chinn mé ‘How can I stop my cat climbing up to my nestbox?’
a ghoogláil inniu - ar fhaitíos na bhfaitios, an dtuigeann sibh.
Fuair mé freagra ar shuíomh Bird Watch Ireland. Dar leo,
‘A good way to stop cats climbing up into nestboxes is to
place barbed wire around the tree or post below the box, before the nesting
season to prevent disturbance to the birds.’
“Hmmm…” arsa mé féin liom féin, ní dóigh liom go dtaitneodh
a leithéid liomsa, ná le Sióg s’againne, go háirithe dá mbeadh baol ar bith ann
go ngortódh sé é féin, mo chaitín soineanta.
Mar sin, lean mé orm go dtí an chéad mholadh eile uathu,
agus, ahem, ar ór ná ar airgead, ní roinnfidh mé an dara moladh seo le Sióg,
‘Another deterrent is, of course, a dog.’
Sunday, September 9, 2012
Cailín na Gaillimhe!
Ar fhaitíos
nach bhfuil a fhios agaibh cén fhoireann lena mbeidh mé ag tacú inniu, a léitheoirí,
beidh mé ag súil le toradh eile, cosúil leis an gceann seo.
Gaillimh Abú!
Níl ach cat amháin a fhaigheann mo thacaíocht sa teach seo.
Aguisín (17:11 i.n)
Gaillimh 2-13 Cill Chainnigh 0-19
Ah bhuel...beidh lá eile ag an bPaorach..;-)
Aguisín (17:11 i.n)
Gaillimh 2-13 Cill Chainnigh 0-19
Ah bhuel...beidh lá eile ag an bPaorach..;-)
Wednesday, August 29, 2012
Locht
Ní raibh fáil agam ar leathanbhanda ón gCéadaoin seo caite,
go dtí inniu. Dá bhrí sin, bhí mo ríomhaire díomhaoin formhór an ama; rud nár
thuig Sióg s’againne, cat a shiúlann isteach san oifig romham chuile mhaidin,
agus a shuíonn le taobh an ríomhaire, ag fanacht go dtosóidh mé ag clóscríobh.
Cibé scéal é, nuair a ghlaoigh mé ar an gcomhlacht teileafóin, cuireadh an locht ar an líne, áit a raibh fabht, dúradh liom. Dar leo, chuirfidís caoi ar an teip ‘within 2 to 5 working days’ - thug mé suntas ar leith den fhocal ‘usually’ a cuireadh, mar eireaball, leis an abairt chéanna; níl ach an dá “bh’fhéidir” ann, a dúirt mé liom féin.
Ar ndóigh, b’fhéidir go bhfuil an ceart aige, agus go mba
chóir dom níos lú ama a chaitheamh os comhair an ríomhaire. Gan fáil agam ar an
idirlíon, chuir mé seachtain éagsúil isteach, ach seachtain phléisiúrtha, mar
sin féin. Diabhal locht le fáil agam ar an scéal sin, a léitheoirí.
Cibé scéal é, nuair a ghlaoigh mé ar an gcomhlacht teileafóin, cuireadh an locht ar an líne, áit a raibh fabht, dúradh liom. Dar leo, chuirfidís caoi ar an teip ‘within 2 to 5 working days’ - thug mé suntas ar leith den fhocal ‘usually’ a cuireadh, mar eireaball, leis an abairt chéanna; níl ach an dá “bh’fhéidir” ann, a dúirt mé liom féin.
Mo chuimhne, dúradh liom, freisin, nach ‘working days’ iad
an Satharn ná an Domhnach, rud a d’fhág an bhean seo le laethanta sa bhreis
idir locht agus leigheas; ní raibh an líne cóirithe roimh an Aoine, faraor.
Bhuel, ní théann rogha ón réiteach, agus tá gach rud i gceart
arís, feictear dom, mar sin ní fiú bheith ag gearán. Tá Sióg agus mé féin ar
ais ag an ríomhaire, agus beidh sé breá sásta anseo le mo thaobh, a fhad is
nach ndéanfaidh mé dearmad láchín a dhéanamh leis, ó am go chéile. Mura dtugaim
aird air, seo thíos an rud a dhéanann sé.
Labels:
blag,
idirlíon,
leathanbhanda,
locht,
ríomhaire,
Sióg,
sos,
teicneolaíocht
Sunday, May 27, 2012
Aoibhneas an tSaoil
Cibé áit ina bhfuil sibh inniu, a léitheoirí, tá súil agam
go bhfuil an ghrian ag scaladh anuas oraibhse, freisin, agus go bhfuil in bhur
dtimpeallacht na nithe sin a thabharfaidh aoibhneas croí daoibh.
Tuesday, April 24, 2012
Neadió Teilifís Áine
Bhí
mé as baile le coicís anuas, gan An Garraíodóir liom, agus ar m’fhilleadh
abhaile dom aréir, sé’n scéal a bhí aige dom ná nár fhill an meantán gorm, ó chonaic muid go deireanach í. Tá an nead tréigthe, is cosúil.
Ní thuigim céard a tharla dár n-éan álainn, ach feicim spioróg thart, ó am go chéile, agus b’fhéidir go raibh baint éigin aici sin leis an scéal. Séanann Sióg go raibh baint ná páirt aige féin leis an imeacht as amharc, ach an féidir a chrónán a thrust?
Dar leis an seanfhocal, seachnaíonn súil ní nach bhfeiceann, ach ní aontóinn leis sin, a léitheoirí. Fiú mura raibh sí linn ach seal, airím uaim í mo mheantáinín gorm.

Thursday, March 22, 2012
Ag Neadú
Tharla sé go bhfuair An Garraíodóir agus mé féin bronntanas um Nollaig, ceann a thaitníonn go mór linn: teachín éan, le ceamara infridhearg istigh ann.
Tá sé ag teacht agus ag imeacht ón teachín ó thús na míosa, agus ina chodladh istigh ann le coicís anuas. Ach, i bhfad Éireann níos fearr ná sin, is cosúil go bhfuil sé ag déanamh neide.
Ghreamaigh An Garraíodóir an teachín beag de chrann, taobh amuigh de dhoras na cistine, áit, tá súil againn, nach mbeidh cat an tí in ann lapa a leagan air.
Tá an ceamara greamaithe taobh istigh de dhíon an teachín, agus tá an tsreang uaidh greamaithe den teilifís sa chistin i dteach s'againne, teilifís lena bhfuil ár súile greamaithe, chuile lá beo, ó mhaidin go faoithin, ó tháinig an chéad chuairteoir isteach sa teachín éan - meantán gorm - chomh fada agus is eol dom!
Bhuel, tá súil againn go bhfuil, pé scéal é. Beidh tuilleadh uaim faoin meantán gorm, má bhíonn tuilleadh uaidh.
Sunday, June 26, 2011
Gadaí Bradach
Ar maidin, tar éis mo bhricfeasta, agus ag brath ar mo ghiúmar, téim isteach san oifig, le mo ríomhphoist a léamh, nó le giota scríbhneoireachta a dhéanamh, b’fhéidir.
Itheann Sióg a bhricfeasta ag an am céanna liomsa. Go hiondúil, bíonn sé réidh romham, agus suíonn sé ar an mata sa chistin, ag fanacht go mbeidh mise réidh freisin. Cibé áit a dtéim sa teach ina dhiaidh sin, leanann sé mé.
Ní maith leis nuair a fheiceann sé mé i mo shuí ag an ríomhaire. B’fhearr leis go mbeinn ag spraoi leisean, an dtuigeann sibh. Nuair a thosaím ag clóscríobh, déanann sé chuile iarracht mé a stopadh. Tá dhá eochair bainte den mhéarchlár aige cheana féin, iad sciobtha leis aige nuair nár éirigh leis greim a fháil ar mo mhéara.
Ar maidin, díreach sular thóg mé an grianghraf thuas, bhí a chloigeann sínte ar an méarchlár aige, fios maith aige nach mbeinn in ann a dhath a scríobh, a fhad is go raibh a chloigeann sínte ansin aige. Bhuel, sin mo bharúil, pé scéal é - deacair a rá céard atá ag dul ar aghaidh i gcloigeann an chait sin, ach ní raibh baol orm mo mhéara a chur i gcontúirt, mar sin d’éirigh mé, le mo cheamara a fháil.
Agus breathnaígí ar an straois atá ar an mboc, a léitheoirí - táim cinnte go bhfuil an gadaí bradach ag magadh fúm!
Subscribe to:
Posts (Atom)