Showing posts with label ómós. Show all posts
Showing posts with label ómós. Show all posts

Wednesday, October 12, 2022

Róluath

Ní raibh fhios nuair a tháinig tú chugainn

nárbh fhada do sheal linn, a chroí,

go raibh breithiúnas tugtha ag aingle

gur ar iasacht a bhí tú ó Dhia.

 

Bhí ábhar do shaoil ar phár Pharthais,

do chinniúint breactha roimh ré,

breith agus bás is gan eatarthu

ach tréimhse do bheatha in am Dé.

 

Ó, d’imigh tú uainne gan coinne,

tháinig deireadh do thuras ‘s do dhán,

aistear álainn go tubaisteach gearrtha,

tú sciobtha ó chairde ‘s ó chlann.


Scríobh tú do scéal inár gcroí,

é deartha go domhain ‘s go deo,

sé giorracht d’aiste a fhágann

muid uile ag sileadh na ndeor.

Friday, November 6, 2020

Máirtín Tom Sheáinín

 

An Ródaí

 

(dán in ómós do Mháirtín Tom Sheáinín)

 

Thuig tú cás agus mórtas cine

An dream abhus an dream i gcéin

D’éist le scéalta chuile dhuine

Beag beann ar rachmas, cáil ná léann.

 

Bhí do bhá le tír is teaghlach

Bhí do thuiscint cothrom grinn

Cois amháin san am a caitheadh

Is cois eile ag siúl chun cinn.

 

Bhíodh do chomhrá réidh is stuama

Chuile cheist uait lán le meas

Fuair tú freagra ón mbéal tostach

Le do chineáltas gan cleas.

 

Chraol tú amhráin nua sean-nóis

Mhéadaigh cartlann, ceol is craic

Bhailigh chugat foghlaim shaolta

A fhormhór sin Tigh Mhichael Jack.

 

Thaisteal tú fud fad na tíre

Ag stiúradh leoraí, bus nó carr

Ach, sé do sheal istigh sa Ródaí

‘s ag láithriú Oireachtais, ab fhearr.

 

Thuig tú údar Chorn Uí Riada

Bhain tú fhéin an duais faoi dhó

Go deimhin, thuig tú daoine óg is aosta

B’in do bhua, a dhuine chóir.

 

Gan do thogha ná do rogha

Ní bheidh do ghlórsa ar an aer

Ach, tagann aois an phinsin

Roimh aois Choilm, faraor géar.

 

D’fhág tú slán ag Ardtráthnóna  

‘Níl aon mhaith déanta’ níl ‘by daid’

Aireoimid uainn do chur i láthair

Do theanga líofa…agus do  ‘hea!’

 

Go n-éirí an bóthar leat, a Ródaí

Fad saoil is sláinte, faoi rath faoi bhláth

Is thar rud ar bith eile ná déan dearmad

Go mbeidh ár mbuíochas leat go brách.

Monday, October 26, 2020

An Chúirt Filíochta Fhíorúil - Oireachtas na Samhna 2020

Mar is eol daoibh, a léitheoirí, ón méid a scríobh mé anseo, an mhí seo caite, ní bheidh muid ag teacht le chéile don Chúirt Filíochta, mar is iondúil linn, ag Oireachtas na Samhna, ach, mar sin féin, beidh muid ag teacht le chéile d'Oireachtas na Samhna ar bhealach eile...ar bhealach fíorúil.

Dé Sathairn seo chugainn, 31 Deireadh Fómhair, beidh sibh uilig in ann bhur n-aghaidh a thabhairt ar shuíomh an Oireachtais, anseo, ag meán lae, áit a mbeidh físeán de shaothar 29 file le feiceáil, agus le cloisteáil, agaibh - físeán atá curtha le chéile go proifisiúnta, agus go hálainn, ag ár Sirriam Gníomhach féin, an fear uasal cumasach sin, Proinsias Mac a'Bhaird.  

Cé go mbíonn mé féin agus Bríd Ní Mhóráin lena thaobh, go hiondúil, ag an gCúirt Filíochta, ag tabhairt cúnaimh do Phroinsias, caithfidh mé a admháil gurb é Proinsias a rinne formhór na hoibre don Chúirt Filíochta Fhíorúil seo, agus tá an-jab go deo déanta aige. 

Tá i bhfad níos mó i gceist leis an bhfíseán ná 29 file ag aithris a gcuid dánta nuachumtha - tá radhairc agus ceol, agus línte filíochta ón sean-am, ceangailte leis na dánta nua, fite fuaite idir eatarthu; in ómós don am i láthair, in ómós don am a caitheadh. 

Chomh maith leis sin, tugtar ómós ar leith dár gcara, Joe Steve Ó Neachtain, a d'imigh uainn, ar shlí na fírinne, i mbliana. 

Ár mbuíochas d'fhoireann Oireachtas na Samhna as an deis seo a chur ar fáil dúinn filíocht na Gaeilge a chuir os comhair an tsaoil, agus ár mbuíochas d'Fhoras na Gaeilge as a gcuid tacaíochta, i gcónaí, agus as a gcuid urraíochta. 

Is ar scáth a chéile a mhaireann muid.