Thosaigh mé ag léamh an stórchiste Roget’s Thesaurus, lá amháin an tseachtain seo caite. Beannacht do bhainis a bhí á cumadh agam, agus chuaigh mé go leathanach 893-895, áit ina bhfuil na nathanna cainte a bhaineann le ‘marry’ agus ‘wed’ le fáil.
Anois, tá a fhios agam nach bhfuil sa leabhar ach samplaí de ‘coined words and expressions’ ach, mar sin féin, rith an smaoineamh liom gur suimiúil na nathanna cainte atá ann d’ócáid an phósta.
Tá ‘give up one’s freedom’ agus ‘take the plunge’ ann, agus tá ‘make an honest woman of’ ann, cé nach bhfuil ‘make an honest man of’ ann, ar chor ar bith.
Agus, dá mba rud é go raibh bean chéile uait, ní bheadh le déanamh agat ach ‘take a wife’, cé go gcaithfeá a dhul ar thóir d’fhear céile, agus ‘find a husband’ a dhéanamh, rud nach mbeadh éasca, bíodh a fhios agat, mura mbeadh ‘renounce bachelorhood’ déanta aige, roimh ré.
Meas tú nach í an bhean chéile an ‘better half’, mar sin…ó tharla í cneasta, an dtuigeann sibh…