Showing posts with label WinGléacht. Show all posts
Showing posts with label WinGléacht. Show all posts

Friday, June 28, 2013

An Feoilséantóir is Gnéasúla?

Ní hea, ní mise í, a léitheoirí, ahem, chomh fada agus is eol dom, pé scéal é, ach dá mbeinn ar dhuine de na moltóirí ar a leithéid de chomórtas 'An Feoilséantóir is Gnéasúla ar Domhan', táim den bharúil go ndéanfainn cinnte de nach raibh an buaiteoir a roghnóinn ag ithe ainmhí ar bith, éanlaith agus iasc san áireamh. 

I mbialanna áirithe, nuair a chuirim an cheist 'What vegetarian options have you got?,' deirtear liom, go rialta, 'We have fish and chicken dishes.'...osna...osna...osna. Bím ag súil lena leithéid de fhreagra, mar tarlaíonn sé chomh minic sin, ach chuir sé iontas orm go roghnódh PETA (People for the Ethical Treatment of Animals) an cúpla luaite in alt Xposé Entertainment, más fíor.

Le bheith féaráilte, agus ar fhaitíos go gceapfadh aon duine go bhfuilim ag ithe na feola fuaire, feicim nach bhfuil Dax Shepard luaite, mar bhuaiteoir, ar shuíomh PETA, ar chor ar bith; níl luaite ann ach a pháirtí, Kristen Bell, feictear dom. 


Ar aon nós, ó tharla mé ar ábhar na feola, tá sé chomh maith dom roinnt eolais eile a roinnt libh, ach ná habair a dhath le haon duine eile faoi - sea, a léitheoirí, bhí mé féin ag titim chun feola, le roinnt blianta anuas, ach tá an fheoil á baint anuas agam anois. Wúhú!

Aclaíocht agus ainmhithe abú..;-)

                                ****************
ag ithe na feola fuaire - backbiting/slandering people

titim chun feola/titim i bhfeoil - to grow flabby/fat

an fheoil a bhaint anuas - to lose weight

Na nathanna cainte thuas le fáil  i WinGléacht, a chairde. 


Tuesday, May 1, 2012

Focail Liom Focail Leat

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le Pat Kenny ar an raidió maidin inné, é ag labhairt le Micheál Martin faoin Sinn Féin/Fianna Fáil Merger Idea/Fiscal Compact.  

Ach, ní hé ábhar an chláir sin ábhar mo bhlagmhíre. Níl ann ach gur chuala mé na focail constructive ambiguity ag teacht as béal an láithreora, nath nach raibh cloiste agam cheana, agus bhí uaim tuilleadh eolais a fháil ar an nath sin.

Chuaigh mé go Wikipaedia, áit a bhfuair mé ‘Constructive ambiguity is often disparaged as fudging.’ Ní bheinn féin róchinnte nach fudging de shaghas atá ag tarlú agus duine i mbun éiginnteachta, bíodh an éiginnteacht sin cuiditheach nó ná bíodh, ach sin scéal eile.  

Ar aon nós, chuaigh mé ar thóir an fhocail faoiste i WinGléacht, agus is ionann faoiste agus fudge, agus is ionann faoiste fáiste agus nonsense. Níos suimiúla fós, bhí an focal faoistin istigh leis an bhfocal faoiste.

Hmmm…, arsa mé féin liom féin.

Fuair mé greim ar fhoclóir Dinneen, agus, creid é nó ná creid, bhí leagan luath den fhocal faoistin ann, agus ba é faoiste an leagan sin.

Wednesday, July 6, 2011

Nathanna Cainte

Le seachtain nó dhó anuas, táim ag freastal ar Chiorcal Comhrá in Sainsburys i nDoire, agus bainim an-sult as mo chupán caife agus as an gcraic le mo chomhroinnteoirí ansin.

An tseachtain seo caite, bhí seachtar againn ann, agus seo thíos cúpla rud a phléamar:

‘visiting team’ – tá rogha le fáil ar focal.ie: foireann ar cuairt, foireann chuairte, foireann chuarta, ach tá foireann cuairteoirí agus foireann as baile cloiste ó chainteoirí dúchais.

‘pouring rain’ – tá ag cur de dhíon is de dheora le fáil ar potafocal.com, ach chualamar doirteadh báistí, díle báistí agus gleáradh baistí in úsáid go rialta. Tá tuilleadh faoin aimsir le léamh uaimse anseo, ó Thadhg anseo agus ó Phroinsias anseo agus anseo.

‘riot’ – círéib an focal a tháinig chugainn, agus é tugtha faoi deara gurb é círéibeacha an leagan iolra den fhocal sin. Ar m’fhilleadh abhaile dom, thug mé féin faoi deara, ar WinGléacht, go bhfuil leaganacha eile den fhocal círéib le fáil – caithréib, cithréib, agus cúiréib.

Maidir le cúiréib, meas tú an bhfuil baint aige leis an mbriathar cúr? Dar le WinGléacht is chastise, punish agus scourge atá i gceist le cúr: an té atá cúrtha cráite, bíonn sé sad and sore, agus, go bhfóire Cia orainn, má tá do chroí cúrtha, tá do heart scourged.

Gura fada uaibh an croí cúrtha, a léitheoirí!