Showing posts with label Brian Kennedy. Show all posts
Showing posts with label Brian Kennedy. Show all posts

Wednesday, February 5, 2014

Ceolchoirm Ros na Rún

Ceann de na hoícheanta is pléisiúrtha a chaith mé anuraidh ná ag ceolchoirm Ros na Rún i nGaillimh, ceolchoirm a d'eagraigh Maria Ní Ghríofa as Ros na Rún (thuas) i gcomhar le Raidió na Gaeltachta, ar mhaithe le Pieta House i dTuaim. 

Bailíodh timpeall €6000, nó mar sin, do Pieta House, agus molaim go mór Maria, lucht Ros na Rún, lucht Raidió na Gaeltachta, Brian Kennedy, Clann Uí Dhubhghaill, agus Clann Uí Mhaoileáin - go deimhin, molaim go hard na spéire na daoine uilig a d'oibrigh go deonach agus a bhí páirteach sa cheolchoirm, daoine a chuir go mór leis an ócáid, agus a chuidigh, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, le hairgead a bhailiú don charthanacht. 

Sa ghrianghraf thuas, in éineacht le Maria, tá Máirtín Ó Dubhghaill, an fear a bhí i gceannas ar chór nó dhó an oíche sin, b'fhacthas dom...
...fear a rinne jab iontach, agus fear ar baineadh geit nach beag as, cheapfainn, nuair a tugadh seic le haghaidh €1000 dó féin, don charthanacht 'To Russia With Love'...
...airgead a dheonaigh foireann Ros na Rún don eagraíocht sin, eagraíocht a chuidíonn le dílleachtaí bochta na Rúise, agus carthanacht lena gcuidíonn Máirtín é féin, go minic. Fear uasal, fear cairdiúil, fear cuidiúil, agus áthas orm gur casadh orm é an oíche sin. 

Casadh a mhac, Mícheál orm, freisin - go deimhin, bhí an chlann uilig ansin, agus chuir siad go mór leis an ócáid, caithfidh mé a rá. 
Mo chuimhne, is féidir libh an cheolchoirm uilig a fheiceáil ar fhíseán anseo, ar shuíomh Ros na Rún. Mo bhuíochas ó chroí le Clann Uí Mhaoileáin as m'amhrán nuachumtha, Féile na Nollag, a chasadh ag an gceolchoirm, agus nach muid a bhí breá sásta linn féin nuair a bhuaileamar le haoi mór na hoíche, Brian Kennedy.
Máire Eilís Ní Fhlatharta agus Máirtín Tom Sheáinín a bhí ina n-óstaigh ag an gceolchoirm, agus rinne siad jab ar dóigh...
...mar a rinne chuile dhuine a bhí ansin. Cé nár éirigh liom bualadh le chuile dhuine a chuidigh ar an oíche, tréaslaím leo uilig as a gcuid oibre do Pieta House. Seo chugaibh cuid de na grianghraif a thóg mé, a léitheoirí.





















Sunday, November 24, 2013

Tacaíocht do Pieta House

Mar is eol daoibh, a léitheoirí, rinne mé jab beag le déanaí - go deimhin, ní raibh ann ach jab beag, i gcomparáid leis an méid oibre atá déanta, agus atá á dhéanamh, ag na daoine uilig atá, agus a bheidh, páirteach sa cheolchoirm (fógra thuas) atá á reáchtáil ag Ros na Rún, i gcomhar le Raidió na Gaeltachta, an Déardaoin seo chugainn, 28 Samhain, i nGaillimh, ar mhaithe le Pieta House i dTuaim - ach, mar a deir an seanfhocal, ní neart go cur le chéile!  

Beidh mé féin ag dul chuig an gceolchoirm, mar a bheidh Clann Uí Mhaoileáin, an dream a bheidh ag casadh m'amhrán an oíche sin, agus tá súil agam go mbeidh scaifte mór daoine i láthair don chraic uilig. Tá súil agam, ach go háirithe, go bhfuil daoine ag ceannach na dticéad, sa chaoi go ndéanfar neart airgid don charthanacht iontach seo; i dteannta a chéile is fearr é, mar is eol daoibh, a chairde. 

Tá na ticéid le fáil sna siopaí seo a leanas, ar fud na Gaillimhe:

Hanleys Menswear (Sráid na Siopaí), Garavan's Pub (Sráid na Siopaí), Claddagh Jewellery (Sráid na Céibhe), Blake's Corner (Bóthar Eglington), Michael Ryder (An tSráid Ard i dTuaim), Tigh Durkin (Baile na hAbhann), Siopa an Phobail (Indreabhán), agus Texaco (An Spidéal.)

Le bhur dtoil, scaipigí an scéal faoin gceolchoirm i measc bhur gcairde uilig i nGaillimh, agus ar fud na tíre, mura miste libh - beidh chuile phingin ón gceolchoirm ag dul chuig Pieta House i dTuaim. 

Idir an dá linn, má tá cúpla euro le spáráil agat féin, a léitheoir, d'fhéadfá iad a roinnt leis an gcarthanacht anseo, dá mba mhian leat. 

Ar scáth a chéile a mhaireas na daoine.