Showing posts with label vótáil. Show all posts
Showing posts with label vótáil. Show all posts

Wednesday, February 12, 2020

Marmite agus An Toghchán

Tá a fhios agam, go maith, go bhfuil chuile sheans ann go bhfuil mearbhall oraibh, a léitheoirí. 

Tá sibh, b'fhéidir, tinn tuirseach ag éisteacht leis na tráchtairí ar na meáin éagsúla (go háirithe na tráchtairí ar Twitter agus ar Facebook, áiteanna a mbíonn an fhírinne lom le léamh, i gcónaí); nó, b'fhéidir, go bhfuil sibh curtha soir ag éisteacht leis na meisceoirí saineolaithe sna pubanna, nó le saoi-an-tí sa bhaile?

Cibé scéal é, bhí mé as baile, mé féin, mo chluas leis an raidió, mo shúil ar an bhfón/teilifís, chuile sheans a fuair mé, le go bhfeicfinn cén chaoi a raibh na scéalta ag titim sa mhullach ar a chéile, ó thaobh an toghcháin de, in Éirinn. Sular caitheadh vóta ar chor ar bith, bhí sé ina réabadh

Ansin, tharla sé seo

Idir an dá linn, an réabadh agus an toradh, chuala mé duine éigin, áit éigin, ag labhairt faoi Marmite. Ar chlár éigin, ar an raidió, ceapaim. Agus, choinnigh mé i mo chloigeann é. Ná fiafraigh díom cén fáth, ach d'fhan sé ansin, ag spochadh as mo mheabhair, chuile uair a chuala mé trácht ar thoghchán, nó ar pholaiteoirí, nó ar pháirtithe. 

Bhí sé dhá oiread níos measa, mar spochadh, nuair a thosaigh na polaiteoirí agus na tráchtairí ag spochadh as a chéile, théis an toghcháin. 

Comhrialtas?! Le cén páirtí?! Seans ar bith! Seans ar bith?

Marmite! Marmite! Marmite!

An rud faoi Marmite (nó an rud a chuala mise ráite faoi, go minic, bíodh sé fíor nó bíodh) deirtear go bhfuil daoine ann atá craiceáilte ina dhiaidh, ach go bhfuil daoine eile ann nach ligfeadh i bhfoisceacht urchair mhéaróige den teach é, ar ór ná ar airgead. 

Cuirtear cos i dtaca. Tá sé deacair bogadh, nuair atá cos i dtaca. 

An rud a ritheann liom féin faoi Marmite ná go gcaithfear glacadh leis go bhfuil daoine ann nach bhfuil anois, agus nach mbeidh go brách, seans, ar aon tuairim faoi, agus sin sin. 

Ach, mar sin féin, má tá go leor daoine ag teacht chun tí, bíodh an dtaitníonn sé leat nó nach dtaitníonn, is fearr glacadh leis go bhfuil daoine ann atá ag iarraidh Marmite - is fearr duit a bheith ciallmhar, agus é a cheannach. 

Nach fearr as a bheas tú an Marmite a bheith os do chomhair, ar an mbord (ní i bhfolach áit éigin), áit a mbeidh tú in ann é a fheiceáil go soiléir? Ar an gcaoi sin, théis tamaill, beag beann ar do bharúil féin, b'fhéidir go mbainfeá féin triail as. M'anam, théis tamaillín, ní bheadh a fhios agat, b'fhéidir go mbainfeá tairbhe as!

Agus, théis tamaill, má thugann tú faoi deara go bhfuil daoine ag rá go bhfuil blas aisteach air, go bhfuil sé imithe i léig, abair, nach féidir leat é a chaitheamh amach, agus triail a bhaint as ceann eile? 

Is féidir breith a thabhairt nuair a bheas an triail thart, théis na cúirte cuairte. 

Thursday, January 16, 2020

Grá agus Vótáil

Goilleann sé orm nach mbeidh mé in ann vóta a chaitheamh san olltoghchán ar an 8 Feabhra, (an chéad uair riamh, go bhfios dom, nár chaith mé vóta sa tír seo, ó thosaigh mé ag vótáil, os cionn dhá scór bliain ó shin) ach tá socruithe eile déanta agam, don dáta sin, i bhfad ó shin, agus níl aon bhealach as agam, faraor. 

Ní bheidh mé, beag ná mór, gar do m'ionad vótála, ar an lá, agus sin sin.

'Ach, a Áine...' cloisim uaibh...'cén bhaint atá ag vótáil le grá?'

Bhuel, casadh bean orm, ar maidin, agus bhí sí ag insint dom faoina garmhac, leaidín atá timpeall is cúig bliana d'aois, go bhfios dom. Aréir, agus í ag léamh scéilín-am-luí leis, chuir sí an cheist air,

'What do you love?'

'I love being loved.' an freagra a fuair sí uaidh.

Tharla sé go raibh roinnt scéalta, ar líne, léite agam féin, roimh mo chomhrá léi, agus rith sé liom go bhfuil bá agus grá don chine daonna ag laghdú, shílfeá. 

Tá cineáltas ár gcine, dár gcine féin agus do chiníocha ciaptha an domhain, ag dul i léig, agus ag imeacht le sruth éigin nach réitíonn le sruth grámhar smaointe an linbh. 

Ní leanbh mise, agus níl mé soineanta, ach an oiread, ach, mar sin féin, dá mbeinn in ann vóta a chaitheamh, bheinn ag iarraidh daoine a roghnú a thuigeann go bhfuil gá le bá, agus go bhfuil gá le roghanna stuama - féach, ach go háirithe, uimhir 10, anseo.  

Níl duine ar bith, thall ná abhus, nach bhfuil 'love being loved' tuillte acu.

Thursday, May 17, 2018

Ginmhilleadh agus /nó Banmhilleadh?

Tá sé ag teacht gar den am sin, a léitheoirí, mar is eol daoibh.


Tá cinneadh le déanamh againn uile agus, ó tharla an t-ádh orainn go bhfuil deis againn ár rogha a chur in iúl, chomh cúramach agus chomh neamhchlaonta agus is féidir, rinneadh mé mo chuid taighde féin ar an ábhar.


D’éist mé leis an gclár a chuir Cormac Ag a Cúig i láthair i dTeach an Ardmhéara ar Lá Idirnáisiúnta na mBan (bhí mé sa lucht éisteachta, agus cheap mé gur láimhseáil Cormac an clár go cothrom féaráilte); d’éist mé le neart podchraoltaí (bhí clár Mharian Finucane ar an ábhar, Dé Domhnaigh seo caite, cothrom agus ciallmhar, cheap mé); d’éist mé leis na cláir ar an teilifís (cheap mé go raibh an ruaille buaille, sciotaíl agus gáire ar chlár Chlare Byrne Live, oíche Dé Máirt, níos measa/drochmheasúla ná mar a chuala mé in aon chlós scoile riamh); léigh mé An Treoirleabhar Neamhspléach Ar an Reifreann (agus léigh mé na bileoga spleácha ó chaon taobh).

Tá mo chinneadh déanta agam, faoi dheireadh.

Ní bheidh a thuilleadh á rá ná á scríobh agamsa, go poiblí, ar an ábhar, taobh amuigh den bhlagmhír seo, ach roinnim libh, anseo thíos, cuid de na ceisteanna a rith liom féin, agus mé ag cíoradh na ceiste. Tá súil agam go gcuideoidh siad libhse, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, teacht ar bhur gcinneadh féin, má tá tú ar dhuine de na daoine nach bhfuil róchinnte, fós, faoi do vóta.

1.       An gcreideann tú gur páiste atá sa mbroinn, ón tús i.e. soicind an toirchithe?

a.       Creidim
b.       Ní chreidim
c.       Freagra eile

2.     An gcreideann tú go bhfaigheann an bhean atá ag iompar clainne, sa tír seo, aire atá comhionann leis an aire a tugtar do pháiste/fhéata ina broinn?

a.       Creidim
b.       Ní chreidim.
c.       Freagra eile

3.      An gcreideann tú nár chóir go mbeadh ginmhilleadh ar fáil in Éirinn, is cuma cén fáth/feall/fabht is cúis leis?

a.      Creidim
b.      Ní chreidim
c.      Freagra eile

Má roghnaíonn tú ‘a’ den chuid is mó, tá seans maith ann, cheapfainn, go mbeidh tú ar vótáil ‘Níl,’ agus má roghnaíonn tú ‘b’ den chuid is mó, tá seans maith ann gur ‘Tá’ a bheas mar vóta agat. Má roghnaíonn tú ‘c’ den chuid is mó, tá seans maith ann go gceapann tú nach bhfuil ceist an leasaithe chomh dubh agus bán sin.

Tuigim bhur gcás. Tá go leor daoine ann nach bhfuil chomh diongbháilte ina gcuid dtuairimí is atá lucht na bhfeachtas ‘Tá’ agus ‘Níl.’ Tá daoine ann atá ag streachailt lena gcoinsias, cuid ag streachailt lena gcreideamh, cuid ag streachailt leis an tuile eolais/íomhánna/scéalta atá ag teacht ón dá thaobh, ó thosaigh siad i mbun feachtais.

Roinnt ceisteanna eile,

4.      Do bharúil, céard é an chéad smaoineamh/mhothúchán a rithfeadh leat dá gcloisfeá go raibh d’iníon/dheirfiúr/bhanchara/pháirtí ag súil le páiste nach raibh beartaithe,

      Trua? Diomú? Náire? Áthas? Bród? Díomá? Ceann eile?

5.      Dá ndéarfadh d’iníon/dheirfiúr/bhanchara/pháirtí leat go raibh uaithi deireadh a chur leis an toircheas, is cuma cén fáth/feall/fabht is cúis lena cinneadh, an dtacófá lena cinneadh?

             Ní thacóinn? Thacóinn? Freagra eile?

6.      Má chinneann sí gan leanúint ar aghaidh leis an toircheas, is cuma cén fáth/feall/fabht is cúis leis an gcinneadh sin, an gcreideann tú go gcaithfidh sí dul thar lear leis an gcinneadh sin a thabhairt chun críche?

Creidim? Ní chreidim? Freagra eile?

Tríocha bliain ó shin, nó mar sin, rinne mé taighde/fiosrú faoi ‘aimridiú ban’ agus fuair mé amach nach raibh sé ar fáil do bhean óg sa tír seo, ach go bhféadfadh bean pósta (dá mbeadh clann aici, cheana) dul ‘ó thuaidh nó thar lear,’ áit ar dúradh liom go ndéanfaí é dá mbeadh,

a.      cead scríofa faighte ag an mbean óna fear céile
b.      agallamh déanta ag an lia ban leis an lánúin, leis an gcead       sin a chinntiú
c.     altraí obrádlainne ar fáil a bheadh sásta cuidiú leis an lia          ban ar an lá

Níorbh leis an mbean an cinneadh, shílfeá, agus níorbh léi amháin a broinn, ba chosúil; í ag brath ar thír eile, agus ar mheon, ar chreideamh, ar mhoráltacht dhaoine eile, lena cinneadh a thabhairt chun críche. Níor thaitin sé sin liom. Ní raibh sé sin ceart, cothrom ná féaráilte, shíl mé. Easpa seirbhísí anseo, go leor coinníollacha ansiúd. Cá raibh cearta na mná, úinéir na broinne?

I láthair na huaire, tá an leabhar ‘The Adoption Machine’ le Paul Jude Redmond á léamh agam (éist leis ag labhairt le Miriam O'Callaghan, ar Sunday with Miriamanseo). Chuir mé tús leis arú inné, agus tá dhá líne ann a chuir isteach go mór orm;  ceann ar leathanach 8, faoin 'stigmatisation of single mothers' ag sochaí na hÉireann, agus an drochbhail inar fágadh na mná agus páistí dá bharr sin; agus ceann eile ar leathanach 9, faoi 'forcibly separating...' na mná óna bpáistí, '...for life.'  Bhrisfeadh sé do chroí. 

Ba mhaith liom go mbeadh fáil ag mná ar thacaíocht chuí agus ar sheirbhísí cuí sa tír seo. Ar an gcaoi sin, beidh deis againne, mar shochaí, an aire cheart a thabhairt do mhná, agus do pháistí, na tíre.

Théis an reifrinn, tá súil agam go gcaithfidh an dá thaobh, lucht diongbháilte ‘Tá’ agus ‘Níl,’ agus an rialtas, an méid céanna fuinnimh ag iarraidh na seirbhísí is fearr a fháil/a chur ar fáil do mhná agus do pháistí, gan chlaontacht, mhoráltacht ná chreideamh ar leith san áireamh, sa chaoi nach gcuirfear Mná na hÉireann in áit an ‘seo nó siúd’ riamh arís.

Ar an 25 Bealtaine, beidh mé ag vótáil,

Wednesday, November 9, 2016

An Mámh Cinn


Nuair a luaigh mé le cara liom, aréir, go raibh seans maith ann go dtoghfaí Donald Trump ina uachtarán ar Mheiricéa, bhí 'Dia idir sinn agus an drochrud' ar shála a ráitis 'An bhfuil tú iomlán craiceáilte, a chailín!' Ar ndóigh, b'fhéidir go bhfuilim craiceáilte, ach, ar chloisteáil dom faoi na torthaí ar maidin, an t-aon mhearbhall a bhí orm ná go raibh an oiread sin ionaidh ar dhaoine eile faoin toradh. 

B'fhacthas domsa go raibh dóiteacht agus crá croí ar chosmhuintir na tíre, le fada. Cén fáth nár thug an 'establishment' é sin faoi deara, meas tú? Thug an t-uachtarán tofa é faoi deara, go deimhin, agus fuair sé lucht éisteachta dílis dá bharr sin; 'outsider -v- insider' a chonaic mé scríofa áit éigin, agus chuile sheans gurb í an bharúil sin a bhí ag tromlach na vótálaithe nuair a chaith siad a gcuid vótaí inné.  

Meas tú nach é an rud ceanann céanna a tharla le Breatimeacht níos luaithe i mbliana? Le linn na dtoghchán, sa mBreatain agus sna Stát Aontaithe, ní raibh na polaiteoirí uilig, ná go leor daoine sna meáin chlóite agus teilifíse, shílfeá, ach ag éisteacht lena dtuairimí agus lena smaointe féin. Ní fheileann sé sin don té atá ar an ngannchuid. Mar is léir, tá guth an vóta láidir agus tréan, bíodh sé ceart nó mícheart. 

Níl a fhios ag aon duine againn céard atá i ndán dúinn de thoradh na nithe atá ag titim amach in earnáil na polaitíochta i láthair na huaire. Ach, tá a fhios agam an méid seo, níl a dhath le déanamh ach deis a thabhairt don té a thapaigh a dheis an deis sin a thapú, más féidir. 

Beidh le feiceáil.

Friday, February 26, 2016

Vótáil

Thug mé faoi deara, inné, go bhfuil sé roinnt mhaith blianta ó scríobh mé faoi 'Vótáil agus Vótálaithe,' blagmhír atá le fáil anseo, a léitheoirí, más mian libh í a léamh. Ní hé nach bhfuil suim agam sa pholaitíocht, an dtuigeann sibh, ach, mar a scríobh mé sa bhlagmhír sin, ní duine polaitiúil mé.

Mar sin fhéin, coinním súil ghéar ar a bhfuil ag tarlú sa tír seo, agus déanaim cinnte de go gcaithim mo vóta, lá vótála, mar go bhfuil an ceart sin agam (ceart nach raibh ag mná na tíre seo, tráth den saol), agus is maith liom tacaíocht a thabhairt don cheart sin, agus don tír. 

Inniu, tá vóta le caitheamh againn sa tír seo, le rialtas nua, de shaghas éigin, a roghnú. Leis an bhfírinne a rá, tá sé deacair roghnú eatarthu uilig, mar pholaiteoirí agus mar pháirtithe, ach théis dianmhacnamh a dhéanamh ar na roghanna atá romham, tá mo chinneadh déanta agam, agus caithfear vóta dá réir. Ar a laghad beidh sé le rá agam nár léim mé thar an gclaí, gan breathnú thar a bharr. 

An ndéanfaidh mo vóta aon mhaith? Níl a fhios agam, a léitheoirí. Ach, tá a fhios agam an méid seo, b'fhearr liom gan fanacht ar an gclaí, fiú mura bhfuilim cinnte cén bealach é an bealach is fearr le, ahem, titim. 

Seanfhocal nó dhó daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Is fearr an té a thóigeas claí ná an té a thóigeas caisleán. (Comharsa)

An té is fearr rite reaite, caithfidh sé an claí. (Deis)

Ag cur claí timpeall goirt leis an gcuach a choinneáil istigh. (Díth Céille)

An té nach bhfuil léim aige, leagann sé an claí. (Stuaim)

Thursday, May 21, 2015

Cé Mise?

Is Mise Áine, agus is heitrighnéasach mé!

Sea, sin agaibh an fhírinne, anois, a léitheoirí. Diabhal locht agam air, an dtuigeann sibh…is mar sin a tháinig mé isteach sa saol, agus is mar sin atáim. Sin mo nádúr, agus ní féidir liom dlíthe mo nádúir a sheachaint.

Tharla sé gur thit mé i ngrá le fear…bhuel, ahem, thit mé i ngrá go minic, thar na blianta…ach is le fir amháin a thit mé i ngrá, agus, mar a tharlaíonn sé, bhí cearta ar leith agam, cearta a lig dom duine de na fir sin a phósadh.  Rud a rinne mé. Blianta fada ó shin. Am a raibh cuid de na dlíthe ar an liosta seo fós i bhfeidhm, agus ag dul i gcoinne chearta na mná seo.

Ní raibh comhionannas ann, an dtuigeann sibh.

Chuir sé fearg orm, ar bhealach, gur baineadh mo chearta díom, ach ní raibh de rogha agam, an t-am sin, ach glacadh le dlíthe teoranta traidisiúnta na tíre seo. Bhí sé i bhfad níos deacra ar na mná a chuaigh romham, na créatúir.  

Tá daoine sa tír seo agus, fós, níl na cearta céanna acusan agus atá agamsa anois. Tá a nádúr féin acu, an nádúr lenar tháinig siad isteach sa saol, nádúr nach féidir a sheachaint. 

Faraor, tá dlíthe fós ann nach dtugann na cearta céanna dóibhsean agus atá agamsa, anois.  Ní maith liom gur amhlaidh atá an scéal. Seanscéal agus meirg le glanadh de, i mo thuairim.


Amárach, beidh mé ag vótáil ‘Tá!’  

Sunday, September 1, 2013

Gearrliosta na Gaeltachta Áille

Cúpla lá ó shin, fuair mé ríomhphost ó Údarás na Gaeltachta, ríomhphost inar insíodh dom gur roghnaíodh grianghraf liom do chomórtas a luaigh mé libh cheana, a léitheoirí, agus go bhfuil sé ar an ngearrliosta don chomórtas, Is Álainn Í An Ghaeltacht; mar aon le 14 ghrianghraf eile. 

Isteach liom ar shuíomh an Údaráis, go bhfeicfinn cén ceann a roghnaíodh (chuir mé trí cinn chucu) agus go bhfeicfinn na 14 ghrianghraf eile atá san iomaíocht liom. Bhí sé ar cheann de na coinníollacha acu nach raibh an comórtas oscailte do ghrianghrafadóirí proifisiúnta, agus caithfidh mé a rá go bhfuil jab thar barr déanta ag na haimitéaraigh uilig, agus go bhfuilim ríméadach gur éirigh liom bheith ina gcuideachta. Maith sibh uilig, a chomhaimitéaraigh! 

Fágfaidh mé fúibh féin é bhur dtuairim a roinnt leis an Údarás maidir leis na grianghraif éagsúla, agus is féidir libh bhur dtacaíocht a thabhairt don chomórtas, agus vóta a chaitheamh do bhur rogha féin, trí 'Like' a bhrú ar an gceann is fearr libh, ar leathanach Facebook an Údaráis, áit a bhfeicfidh sibh na 15 ghrianghraf seo, atá ar an ngearrliosta.  

Caithfear bheith cláraithe le Facebook le do vóta a chaitheamh, agus an vóta sin a chaitheamh ar shuíomh an Údaráis amháin, áit a bhfeicfidh sibh cé a thóg an grianghraf, cár tógadh é, teideal an ghrianghraif srl. 

Beidh 50% de na marcanna ag brath ar vótaí ón bpobal, agus an 50% ag teacht ó phainéal moltóirí. Tá os cionn seachtain eile fágtha agaibh, a léitheoirí - ní ghlacfar le vótaí théis 5i.n, Dé Máirt, 10 Meán Fómhair. 

Nuair a thaispeáin mé mo phictiúr féin d'fhear ar m'aithne, agus dúirt leis go raibh mé ar an ngearrliosta ag na moltóirí, séard, ahem, a dúirt sé liom ná, 

'I guess they know a good ass when they see one!'

Tá na pictiúir uilig le feiceáil anseo. Bainigí sult as an gcraic, a chairde na Gaeltachta agus na grianghrafadóireachta, agus caithigí vóta roimh an 10ú, más féidir. 

Saturday, May 18, 2013

An Eorafís


Mar a scríobh mé arís is arís eile, ní mise an duine is fearr le buaiteoirí a roghnú i gcomórtas na hEoraifíse, ach táim díreach théis iad uilig a chloisteáil (útamáil ar bun agam ar an idirlíon ag an am céanna), agus seo iad na hamhráin a tharraing mo shúile ón ríomhaire, i dtreo na teilifíse, nuair a chuala mé iad:

amhrán na hÍsiltíre, amhrán na Fionlainne, amhrán na hIodáile, amhrán na hAirméine.

Ach, más rogha na ngeallghlacadóirí atá uaibh, agus go minic leanann siadsan roghanna na coitiantachta, is féidir libh iad a fheiceáil anseo. Is léir nach bhfuilim ró-choiteann le mo rogha féin. Ah bhuel, beidh le feiceáil. Is gearr uainn an vótáil anois.

Go n-éirí go geal le Ryan Dolan agus a chomhghleacaithe! Rinne siad jab iontach ar an stáitse anocht. 

Saturday, October 1, 2011

Focail Féilire

‘Is féidir go leor a fheiceáil ach breathnú.’

You can observe a lot by just watching.’  An fear seo a dúirt, deirtear.

Agus mé ag léamh, ar an suíomh seo, na n-athfhriotal eile uaidh, cuireann an ceann thuas, agus an ceann ‘Half the lies they tell about me aren’t true.Rás an Árais i gcuimhne dom - ar chúis éigin nach féidir liom a roinnt, a léitheoirí, mar nach bhfuilim féin cinnte faoi leath de na smaointe atá ag rith timpeall i mo chloigeann faoin rás céanna.

Mí eile leis an lucht spairne romhainn. Mo chloigeann bocht…

President Tracker an Late Late Show le léamh anseo, agus track de shórt eile, Race for the Áras, le cloisteáil ó phodchraoladh na maidine lucht Green Tea anseo. (4.06 nóiméad)  

Wednesday, September 28, 2011

Seacht Suas...

…agus tá an táinrith, agus na táinsimh, faoi lán seoil cheana féin.

Sea, a léitheoirí, tá seachtar acu ag rith i Rás an Árais, agus is fúinn, an lucht vótála, a bheas sé an duine is fearr a roghnú don uachtaránacht nó, ar a laghad, is fúinn a bheas sé duine den seachtar a roghnú. 

Níl mo chinneadh déanta agam fós, agus beidh mé ag éisteacht le chuile dhuine den seachtar acu, as seo go lá na vótála, sula dtabharfaidh mé mo bhreith agus duine acu a roghnú, an duine is fearr a cheapfainn féin a d’fheilfeadh don phost.

Beidh An Pota Amhrais ag dul ar an tine arís, agus seo chugaibh, arís eile, an t-oideas as a mbainim féin úsáid, agus breith faoi mo bhráid agam: 

Cuirim An Pota Amhrais ag fiuchadh. Isteach sa phota caithim na pointí feolmhara, ceann i ndiaidh a chéile. Cuirim salann mo smaointe isteach leis na pointí éagsúla, ceann i ndiaidh a chéile. Má thosaíonn an teas ag ardú, nó má thosaíonn an bhoilgearnach ag blub-blubbáil le pointe feola ar leith, bíonn a fhios agam ansin go bhfuil an píosa feola sin rórighin domsa, ábhar éigin ann nach réiteoidh le mo ghoile, agus go mbeidh deacracht agam é a shlogadh.’

Mura bhfuil sibh tinn tuirseach ag éisteacht leis an gcraic uilig go dtí seo, a vótálaithe, tá súil agam go bhfaighidh sibh ábhar sásúil uachtaráin as bhur bPota Amhrais féin.