Showing posts with label súil eile. Show all posts
Showing posts with label súil eile. Show all posts
Tuesday, April 28, 2020
Radhairc Na Seachtaine
Trí mo shúile, chuig do shúile. Tá súil agam go bhfuil sibh ag coinneáil go maith, sibhse atá ag neadú, agus sibhse atá ag clutharú. Mo bheannacht chugaibh, uilig...
Sunday, April 19, 2020
Radhairc Na Seachtaine
Daoibhse atá ag clutharú, nó atá neadaithe, nó atá ag fanacht sa bhaile, tá sibh uilig i mo smaointe, go laethúil.
Saturday, April 23, 2016
Cac Mada
Téim ag siúl chuile mhaidin. Tá an taobh seo tíre go hálainn, agus déanann an áilleacht sin maitheas dom; bíonn mo chloigeann agus mo cholainn i bhfad níos follÁine ar m'fhilleadh dom.
Anois, tá daoine ann a bhíonns ag gearán faoi ghuma coganta ar na sráideanna, agus tuigim dóibh, ach ní guma coganta atá mo chrása, ach cac mada.
Ar mo shiúlóid, bím mar a bheadh an tiománaí cairr ann - an tiománaí ag iarraidh súil amháin a choinneáil ar an luasmhéadar agus súil eile ar an mbóthar, ag iarraidh timpiste a sheachaint - bíonn mise, mar choisí, ag iarraidh súil amháin a choinneáil ar an áilleacht máguaird, ach ag iarraidh an cac madra ar mo bhealach a sheachaint, ag an am céanna. An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach tá sé ar fud na háite...
Ní thuigim é. Tá contúirt ar leith ag baint le cac madra. É sin ráite agam, ní ar aon ghadhar a chuirim an locht, ach ar na daoine nach bhfuil ag breathnú ina ndiaidh.
Anois, tá daoine ann a bhíonns ag gearán faoi ghuma coganta ar na sráideanna, agus tuigim dóibh, ach ní guma coganta atá mo chrása, ach cac mada.
...agus fiú...
Ní hé nach bhfuil neart de na boscaí cuí ar fáil...
...tá siad ar fud na háite, ach, fós, is cuma cá mbíonn siad curtha...
...tarlaíonn rudaí mar seo, i gcónaí...
Ní thuigim é. Tá contúirt ar leith ag baint le cac madra. É sin ráite agam, ní ar aon ghadhar a chuirim an locht, ach ar na daoine nach bhfuil ag breathnú ina ndiaidh.
Labels:
Bun Cranncha,
cac,
contúirt,
galar,
grianghraf,
imeartas focal,
mada,
méim,
rabhadh,
siúlóid,
súil eile
Wednesday, February 3, 2016
Fírinne
Deacair í a fheiceáil...
...ach tá sí ann.
Deacair í a fheiceáil...
...ach tá sí ann.
Deacair í a fheiceáil...
...ach tá sí ann.
Tá na polaiteoirí i mbun feachtais anois, thall agus abhus, a léitheoirí. Ar ndóigh, tá agus beidh a scéal féin ag gach duine acu le roinnt linn, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, agus is fúinne a bheas sé brí a bhaint as na scéalta sin.
Seo chugaibh roinnt seanfhocal as an leabhar 'Seanfhocla Chonnacht' le cuidiú libh. Tá siad le fáil faoin gceannteideal 'Fírinne.'
Bíonn dhá thaobh ar gach scéal.
Ní maith scéal gan ábhar.
Tá scéal go maith go dtig an dara scéal.
Ní bhíonn an cath mar an scéal.
Níl scéal ar bith nach mbaintear casadh as.
Friday, November 13, 2015
Seanfhocal
Na seanfhocail seo a leanas ón leabhar Seanfhocla Chonnacht; na grianghraif uaimse, cinn a thóg mé anseo, i bPáirc Swan, le déanaí.
Lúb leis an gcrann a lúbfas leat. (Cairdeas)
Ní thagann duilliúr ar an gcrann a chríonas. (Aois)
Leagfaidh tua bheag crann mór. (Bás)
Nuair a ghearrtar géaga an chrainn is furasta an crann féin a leagadh. (Cúnamh)
Crann na foighde an crann is airde. (Flaithis)
Ní hé an crann a bhíos i bhfad ag crith an chéad chrann a thuitfeas. (Eolas)
Maireann an crann, ach ní mhaireann an lámh a chuir é. (Saol)
Thursday, October 15, 2015
Díthreabhacht
Tá feachtas ar bun, i láthair na huaire, ag Focus Ireland, dream atá de shíor ag cuidiú le daoine nach bhfuil chomh maith as, ná ina suí chomh te, is atá sibhse agus mise, a léitheoirí.
Má tá cúpla pingin le spáráil agat, bheinn buíoch díot ach do thacaíocht a thabhairt dóibh, trí do théacs a sheoladh chuig an uimhir 50300, agus cuir an focal SHINE i gcorp an téacs, le go bhfaighe Focus Ireland €4 uait. Ní mórán é, sa lá atá inniu ann, ach chuideodh sé, go mór, leosan, ina bhfeachtas i gcoinne easpa dídine.
Is féidir libh scéalta faoi easpa dídine a léamh, ar shuíomh Focus Ireland, anseo.
Idir an dá linn, le bheith cinnte go mbeidh an scéal faoin deontas/síntiús/tabhartas thuas á scaipeadh agaibh, a chairde, is féidir libh na treoracha anseo a leanúint, féinphic de do scáth a thógáil (mar atá déanta agam féin thuas), é a roinnt ar Twitter/Facebook, agus ainmnigh triúr eile, ar a laghad, len iad a chuir ar an eolas faoin gcraic seo, sa gcaoi go mbeidh siadsan páirteach san fheachtas seo, freisin.
Mar a deir na seanfhocail, sa leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal 'Cúnamh,'
Bhí duine ariamh ag déanamh gair dá chomharsain.
Ní ualach do bhád a gléas, cúnamh do bhád téad.
Nuair a thagas cabhair, tagann dhá chabhair.
Bhfuil d'fhéinphic tógtha agat, fós? Tá sé in am dúinne, ahem, dhá mhéar a thabhairt d'easpa dídine. Scaipígí an scéal, le bhur dtoil.
Má tá cúpla pingin le spáráil agat, bheinn buíoch díot ach do thacaíocht a thabhairt dóibh, trí do théacs a sheoladh chuig an uimhir 50300, agus cuir an focal SHINE i gcorp an téacs, le go bhfaighe Focus Ireland €4 uait. Ní mórán é, sa lá atá inniu ann, ach chuideodh sé, go mór, leosan, ina bhfeachtas i gcoinne easpa dídine.
Is féidir libh scéalta faoi easpa dídine a léamh, ar shuíomh Focus Ireland, anseo.
Idir an dá linn, le bheith cinnte go mbeidh an scéal faoin deontas/síntiús/tabhartas thuas á scaipeadh agaibh, a chairde, is féidir libh na treoracha anseo a leanúint, féinphic de do scáth a thógáil (mar atá déanta agam féin thuas), é a roinnt ar Twitter/Facebook, agus ainmnigh triúr eile, ar a laghad, len iad a chuir ar an eolas faoin gcraic seo, sa gcaoi go mbeidh siadsan páirteach san fheachtas seo, freisin.
Mar a deir na seanfhocail, sa leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal 'Cúnamh,'
Bhí duine ariamh ag déanamh gair dá chomharsain.
Ní ualach do bhád a gléas, cúnamh do bhád téad.
Nuair a thagas cabhair, tagann dhá chabhair.
Bhfuil d'fhéinphic tógtha agat, fós? Tá sé in am dúinne, ahem, dhá mhéar a thabhairt d'easpa dídine. Scaipígí an scéal, le bhur dtoil.
Is ar scáth a chéile a mhaireas na daoine.
Sunday, October 11, 2015
Friday, September 11, 2015
Éan Scéal
Tá sé deacair í a fheiceáil, gan dabht ar bith, ach tá sí ann....
...an chailleach dhubh ag móradh na haimsire áille, ar Loch Súilí, i mBun Cranncha, ar maidin inniu.
Feictear dom, go deimhin, go bhfuil ainm nó dhó eile ag an cormorant, mar atá broigheall, duibhéan, murúchaill, treathlach, fiach mara agus amplóir, ach cailleach dhubh an t-ainm a chuala mé féin, thiar i gConamara.
An méid sin ráite, tá rogha nó dhó eile le feiceáil anseo, ainmneacha a chonaic mé i bhfoclóir Lane's Larger English-Irish Dictionary chomh maith, mar atá cabhail scréachóg, scarbh, seagadh, agus gairg, mar aon le fiach farraige, gairgéan, ballaire, gairrfhiach, agus glaimhfhiach!
Meas tú cén Ghaeilge a bheadh ar 'a picture paints a thousand words'...
Saturday, July 11, 2015
An Fhírinne Ghlan?
Deacair é a fheiceáil...
...ach tá sé ann.
Deacair é a fheiceáil...
...ach tá sé ann.
Deacair é a fheiceáil...
...ach tá sé ann.
Ó am go chéile, nuair a chloisim 'Let's be clear about this...' ag teacht as béal pholaiteora, tosaíonn mo Phota Amhrais ag blub-blubbáil, agus tosaím ag Hmmm'áil, mar go mothaím, ar an bpointe, bíodh mé ceart nó mícheart, nach soiléir, ar chor ar bith, a bheas a chuid raiméise cainte.
Ar ndóigh, ní hé sin le rá nach bhfuil an fhírinne áit éigin sa méid atá á rá aige ach, go minic, bíonn sé deacair í a aimsiú!
Seanfhocail, faoi 'Fírinne', ón leabhar Seanfhocla Chonnacht:
Ní chreidtear an fhírinne ó fhear déanta na mbréag.
Níor thacht an fhírinne fear riamh.
Ná tabhair do bhreith ar an gcéad scéal.
Ní bhíonn an cath mar an scéal.
Ritheann an bhréag ach fanann an fhírinne.
Ar ndóigh, ní hé sin le rá nach bhfuil an fhírinne áit éigin sa méid atá á rá aige ach, go minic, bíonn sé deacair í a aimsiú!
Seanfhocail, faoi 'Fírinne', ón leabhar Seanfhocla Chonnacht:
Ní chreidtear an fhírinne ó fhear déanta na mbréag.
Níor thacht an fhírinne fear riamh.
Ná tabhair do bhreith ar an gcéad scéal.
Ní bhíonn an cath mar an scéal.
Ritheann an bhréag ach fanann an fhírinne.
Wednesday, February 4, 2015
Tuesday, December 9, 2014
Wednesday, April 2, 2014
Amuigh Faoin Spéir
Wednesday, October 23, 2013
Rac is Roll?
Ó am go chéile, feicim rudaí, ahem, le súil eile. Tarlaíonn sé sin dom, ó am go chéile, mar is eol daoibh, sibhse a léann an blag seo go rialta. Níl leigheas air, a chairde...níl ann ach giota ealaíne; amharcealaín, b'fhéidir.
Pé scéal é, chonaic mé an Rock 'n Roller sin thuas, píosa soir an bóthar ón teach anseo, an lá cheana. Cén Ghaeilge atá ar Rock 'n Roll, meas tú, arsa mé féin liom féin? Bhuel, tá nathanna cainte dá leithéidí le feiceáil ar shuíomh Pota Focal anseo, agus ar shuíomh foclóir.ie anseo, agus ar shuíomh focal.ie anseo.
Bígí ag damhsa, a léitheoirí, agus bainigí sult as an saol! Mo chuimhne, meas tú cén Ghaeilge a bheadh ar 'Rock On!..?
Pé scéal é, chonaic mé an Rock 'n Roller sin thuas, píosa soir an bóthar ón teach anseo, an lá cheana. Cén Ghaeilge atá ar Rock 'n Roll, meas tú, arsa mé féin liom féin? Bhuel, tá nathanna cainte dá leithéidí le feiceáil ar shuíomh Pota Focal anseo, agus ar shuíomh foclóir.ie anseo, agus ar shuíomh focal.ie anseo.
Bígí ag damhsa, a léitheoirí, agus bainigí sult as an saol! Mo chuimhne, meas tú cén Ghaeilge a bheadh ar 'Rock On!..?
Sunday, September 16, 2012
Déanta in Éirinn
Tá clár nua, Déanta in Éirinn, á chraoladh ar TG4 na laethanta seo. Ar an gclár, a thosaigh Déardaoin seo caite, fiosraíonn
Manchán Magan an féidir maireachtáil, in Éirinn, ar earraí de bhunús na
hÉireann amháin.
Tá jab nach beag roimhe, a léitheoirí.
Chonaic mé an chéad chlár, agus bhain mé an-sult agus eolas
as. Mar shampla, d’fhoghlaim mé go bhfuil traenacha na tíre seo
déanta sa Chóiré Theas; níor tógadh traein sa tír seo le 40 bliain nó mar sin -
easpa teicneolaíochta nua-aimseartha, gan ach 10 gcomhlacht ar fud an
domhain ag plé le saintáirgeadh na dtraenacha domhanda, is cosúil.
An raibh a fhios agaibh go bhfuil busanna Bhus Éireann
déanta san Ísiltír, sa Fhrainc, i Sasana, sa Ghearmáin, sa tSualainn, agus sa
Tuirc? Tá sé deich mbliana ó bhí bus de dhéantús na hÉireann ar bhóithre na
tíre seo, creid é nó ná creid.
Dé réir mar a thuig mé ón gclár, rinne rialtas na tíre seo
cinneadh, am éigin sna seachtóidí, go raibh todhchaí thionscal na tíre le díriú
ar ríomhairí agus ar sheirbhísí eile, seachas ar obair láimhe, an dtuigeann sibh; rud a fhágann, sa bhliain 2012,
nach bhfuil Manchán bocht in ann taisteal ar bhus, ná ar thraein, de dhéantús
na tíre seo.
Ach, d’éirigh leis theacht ar rothar a táirgeadh in Éirinn,
am éigin sna seachtóidí. Bhí tionscal Raleigh anseo ó
1952 go dtí 1980, agus cé gur thóg Manchán spin beag ar cheann de na
rothair, is carr a bhí uaidh.
I 1917 a osclaíodh monarcha Ford i gCorcaigh le tarracóirí a
thógáil, ach táirgeadh carranna ann, freisin, an Ford Model T, ó 1923-1927.
Níor éirigh le Manchán ceann acu a fháil ar iasacht don chlár, áfach.
I 1959 a tosaíodh ar na
Shamrock Cars i mBaile na Lorgan. Níor mhair an
tionscal ach 6 mhí, táirgeadh 8 gcarr ar fad, agus ní mhaireann ach 4 cinn acu anois. Níor éirigh le Manchán ceann acu sin a fháil ar iasacht, ach an oiread.
I ndeireadh na dála, d’aimsigh Manchán an DeLorean DMC-12,
carr a táirgeadh i mBéal Feirste idir 1981-1982. Ó tharla carr de dhéantús na
hÉireann aimsithe aige, an tseachtain seo chugainn is ar bhia na tíre a bheidh
aire Mhancháin dírithe.
An mbeidh sé in ann é féin a chothú ar bhia de dhéantús
na hÉireann amháin? Beidh le feiceáil.
TG4 ar an Déardaoin, agus athchraolta ar an Luan.
Labels:
Bus Éireann,
carr,
Éire,
Manchán Magan,
meáin,
súil eile,
táirge,
teilifís,
TG4
Sunday, September 9, 2012
Thursday, September 6, 2012
Fírinne nó Fógraíocht?
D’fhreastail mé ar chúrsa Scileanna Teilifíse roinnt blianta
ó shin, agus d’fhoghlaim mé go leor faoin earnáil sin, rud a fhágann go bhfuil
tuiscint mhaith agam ar na bealaí éagsúla inar féidir le heagarthóireacht scéal a... inar
féidir le heagarthóireacht scéal a mhúnlú, deirimid.
Dá bhrí sin, níor chuir sé iontas ar bith orm nuair a
léigh mé faoin eachtra seo in alt dar teideal
‘Nokia's new PureView ad is amazing, too bad it's faked.’ - b’fhiú
daoibh breathnú ar an dara físeán ar an suíomh sin, a léitheoirí, an ceann ón The Verge iad féin, go bhfeice sibh an, ahem, botún sceitheach.
Dar le Nokia, ‘we should have posted a disclaimer stating
this was a representation of OIS only,’ agus seans go ndéarfadh an duine
ciniciúil, ‘Well, they would say that, wouldn’t they!’
Mise? Bhuel, le blianta fada, táimse ag éisteacht le ‘78% of women agree’ ar
fhógra teilifíse, ach ag léamh ‘78% of 101 women asked agree’ scríofa sa chlásal séanta beag bídeach ar an scáileán; ag
léamh ‘You too can have hair like this’ ar fhógra irise do ‘Volume Hair
Shampoo’, ach ag léamh ‘Hair extensions have been added for effect’ ar an
gclásal séanta beag bídeach i gcúinne an leathanaigh, mar shampla.
Seans go bhfuil an lucht fógraíochta ag brath ar
‘inattentional blindness’ an lucht éisteachta agus léitheoireachta, ag súil
nach dtabharfaidh siad na nithe folaithe faoi deara, abair; rud nár tharla i gcás
Nokia, is cosúil – an geábh seo.
Agus, más rud go bhfuil uait fáil amach an bhfuil
‘inattentional blindness’ agat féin, a léitheoir, b’fhiú duit tabhairt faoi
cheist na, ahem, liathróidí ar an suíomh seo - is gearr uait do fhreagra.
Sunday, July 15, 2012
Súil Eile
Ó am go chéile, feicim nithe ar bhealach nach, ahem, bhfeicfeadh daoine eile iad, b’fhéidir, ach sin mar a bhím, agus diabhal neart agam air, a léitheoirí.
Pé scéal é, tá neart bláthanna ag fás i bpotaí againne anseo i gCeann
Scríbe, os comhair an tí agus ar chúl an tí. Ar m’fhilleadh abhaile dom, lá amháin le déanaí, chonaic mé an bláth thuas,
agus chuir sé rud éigin i gcuimhne dom; b’fhacthas dom go raibh rud éigin cosúil leis feicthe agam
cheana, áit éigin, ach ní raibh mé cinnte cá bhfaca mé é.
Ar aon nós, chuaigh mé ag cartadh i mo chuid smaointe, agus tháinig mé ar an
ngrianghraf thíos, ceann a thóg mé an mhí seo caite, agus mé amuigh ag súil i
Swan Park.
Saturday, September 10, 2011
Blagáil...Bás nó Beatha?
Sea, is mé atá ann, a léitheoirí, Mise Áine, agus mé beo beathach, ag blagáil liom, mar is iondúil liom, ón gcéad lá úd, ceithre bliana ó shin.
Ar ndóigh, bíonn sosanna agam anois is arís, díreach mar a tharla an mhí seo caite, mar shampla, agus mé ag fámaireacht liom, idir Maidrid agus Conamara, rud a d’fhág mo bhlag díomhaoin, ar feadh píosa. Aiféala orm faoi sin, a chairde, ach tuigeann sibh féin craic an tSamhraidh.
Ní raibh mé i bhfad as blag, cheap mé féin, mar sin samhlaígí an gheit a baineadh asam, ar m'fhilleadh dhom, nuair a chonaic mé an teideal ‘Blagadóireacht na Gaeilge, R.I.P.’ ar mhír Bhreandáin Delap in Beo!. Céard eile a cheapfadh bean ach go raibh mo chomhbhlagálaithe chomh brónach sin i m’uireasa, gur thit an tóin as an earnáil…le, ahem, cumha i mo dhiaidh, an dtuigeann sibh.
Ach, ní mar a shíltear a bítear, agus táim den bharúil nach raibh ann ach tuairimíocht iriseora ar na blaganna Gaeilge sin ‘ar fiú iad a léamh’. Céard is ‘fiú’ a léamh na laethanta seo, meas tú? Ceist mhaith, agus, an bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach táim den bharúil go luíonn freagra na ceiste sin libhse.
Deas bheith ar ais libh, a chairde.
Wednesday, July 13, 2011
Marbh, nó Beo?
Muintir Uí Chordailíní – marbh, ach beo ar bhealach eile, b’fhéidir…
Ag siúl leis an madra.
Ag caint leis an gcúpla.
Ag impí.
Ag bulaíocht...
Labels:
amharcealaín,
craic,
grianghraf,
meon,
súil eile
Subscribe to:
Posts (Atom)
















