Aiféala orm faoin mhoill ag labhairt libh faoi bhua amhrán na hÉireann ag an bhFéile Pan Cheilteach Idirnáisiúnta i Leitir Ceanainn ar an 25 Aibreán, ach, bhuel, bhí mé gnóthach.
Mo chuimhne, más rud gur éirigh le haon duine agaibh, a léitheoirí, aon cheo i nGaeilge a aimsiú sna meáin chlóite faoi bhua an amhráin, Ní Thuigim, ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach, (tá an méid a scríobhadh tar éis na Féile Náisiúnta aimsithe agam) bheinn buíoch díbh ach mé a chur ar an eolas, le bhur dtoil.
Pé scéal é, a bhuí le Bríde de Róiste ó choiste na féile náisiúnta i gCeatharlach (Glór Cheatharlach), chuir sí an giota seo a leanas ar fáil don Carlow Nationalist,
agus chuir sí leagan 'glan' (taifeadadh proifisiúnta) den amhrán ar fáil do na meáin, an leagan a chas Daríona Nic Dhonnacha go hálainn, ar oíche na féile náisiúnta i gCeatharlach; le hOllie Hennessy á tionlacan ar an méarchlár, agus Aoife Kavanagh á tionlacan ar an bhfidil. (Cuireann coiste na féile náisiúnta banna ceoil tí ar fáil ar an oíche, agus bíonn siad iontach, má theastaíonn tionlacan don té nach mbeadh banna ceoil acu, fearacht na mná seo, mar shampla.)
Sé an leagan sin atá le cloisteáil ar na meáin Ghaeilge ó shin (Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió Fáilte) agus an leagan a bhí le cloisteáil ar chlár 'Sunday With Miriam,' freisin; podchraoladh anseo.
Ná fiafraigh díom cén fáth, ach níl aon taifeadadh oifigiúil den leagan a casadh sa chomórtas idirnáisiúnta ar fáil, mar sin, mo bhuíochas ó chroí le Bríde de Róiste as an leagan a bhí aici a roinnt leis na meáin, le go mbeidh fáil acu ar chóip a d'fheilfeadh don raidió.
Ach, rinne mé taifeadadh ar m'fhón féin, oíche na féile idirnáisiúnta i Leitir Ceanainn (féach thuas), agus tá taifeadadh a rinne máthair Dharíona, ar a fón féin, le cloisteáil ar YouTube, anseo.
Mar a fheicfidh sibh, ó na físeáin thuasluaite, bhí an t-ádh orm go raibh Ciarán Tourish sásta a theacht as Baile Átha Cliath agus tionlacan álainn, ar an bhfidil agus ar an bhfeadóg stáin, a chur ar fáil d'amhrán na hÉireann, oíche na féile idirnáisiúnta. Tháinig sé féin, Ollie (a tháinig as Ceatharlach) agus Daríona (a tháinig as Gaillimh) le chéile lá an chomórtais idirnáisiúnta, agus chaith siad cúpla uair a chloig ag cleachtadh le chéile, sular thosaigh an comórtas.
Mar is eol daoibh, faoin am seo, d'éirigh go hiontach leo, agus bhí an bua ag Éirinn ar an oíche. Táim chomh buíoch den triúr acu. Go raibh céad míle maith agaibh - rinne sibh éacht!
Ar chúiseanna pearsanta, bhí ar Ollie agus ar Chiarán imeacht luath maidin lá arna mhárach, mar sin ní raibh deis againn a theacht le chéile, mar ba mhaith liom, ina dhiaidh sin, ach ní dhéanfaidh mé dearmad, go brách, ar an méid tacaíochta a thug siad domsa agus do Dharíona. Fir uaisle, fir chuidiúla.
Is ar scáth a chéile a mhairfimid.
Mo chuimhne, mo bhuíochas, freisin, le mo chara, Angela Tourish, grianghrafadóir a thug a ceamara léi ar an oíche, agus a chuir na pictiúir a thóg sí ar fáil, ar Facebook, anseo. Chomh maith leis sin, bhí baint nach beag aici lena deartháir, Ciarán, a chur ar an eolas faoin amhrán. Muintir Inis Eoghain abú!
Mar scríbhneoir, murach go bhfuil amhránaithe agus ceoltóirí sásta m'amhráin Ghaeilge nuachumtha a chasadh, ní bheadh siad le cloisteáil; murach go bhfuil comórtais d'amhrán nuachumtha ar fáil, ní bheadh deis agamsa, ná ag aon duine eile, amhráin nua i nGaeilge a chur ar fáil, go rialta; murach go gcuireann na meáin amhráin nuachumtha ar fáil don lucht éisteachta, ní bheadh siad le cloisteáil. Go raibh maith agaibh uilig, a chairde.
Táim fíorbhuíoch de Bhríde de Róiste agus den choiste uilig i nGlór Cheatharlach, as an méid a dhéanann siad, agus chomh proifisiúnta agus a dhéanann siad an méid a dhéanann siad, ar mhaithe le cultúr na tíre seo a choinneáil beo beathach, idir thacaíocht agus phoiblíocht.
Beidh an Fhéile Náisiúnta Pan Cheilteach, agus an Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ar siúl i gCeatharlach, an bhliain seo chugainn. Ní comórtais amhrán nuachumtha amháin a bheas ar siúl, ach ceiliúradh...deis eile ag an náisiún seo, agus ag na náisiúin Cheilteacha eile, ár dteanga agus ár gcultúr a cheiliúradh, agus a chur chun cinn.
Le Glór Cheatharlach i mbun cúrsaí, féile iontach a bheas ann. Cuirigí na dátaí sa dialann anois, a chairde, 14-19 Aibreán.
Éire abú!
No comments:
Post a Comment