Showing posts with label Maigh Eo. Show all posts
Showing posts with label Maigh Eo. Show all posts

Sunday, September 22, 2013

Fód Dúchais

Carr a chonaic mé i mBaile An Róba an tseachtain seo caite. 

Cé gur, ahem, Cailín na Gaillimhe mé féin, phós mé fear as Maigh Eo, b'as Maigh Eo do m'athair, agus do mo sheanmháthair ar thaobh mo mháthar, (gan trácht ar na mílte gaolta atá agam i dTuar Mhic Éadaigh!) mar sin, ar fhaitíos aon dabht ann faoi mo chuid dílseachta, tá mo chosa fódaithe sa talamh le dream Mhaigh Eo inniu - Maigh Eo abú!

Bainígí sult as Domhnach na Peile, a léitheoirí.

Saturday, September 21, 2013

Fadó Fadó Fadó...

...nuair a bhí mise an-óg ar fad, bhí sé de nós againn, mar pháistí agus mar dhéagóirí, ceisteanna, ahem, tábhachtacha, a chur ar bhananaí. 
Bhfuil ceist agat dom?

Mura gcreideann sibh mé, gur féidir a leithéidí a dhéanamh, a léitheoirí, féach ar an leathanach seo, agus léigh an píosa faoin teideal 'How to ask a banana a question.' 
Céard í do cheist?

An dtabharfaidh Maigh Eo Corn Mhic Uidhir ar ais abhaile leo amárach, a bhanana?
 Cinnte dearfa, tabharfaidh...

Anois, an gá dom a thuilleadh a rá - an fhírinne ó chraiceann an bhanana-gan-bhréag, agus an bhratach chuí ar chúl an tí anseo ag mo Gharraíodóir!

Maigh Eo Abú!

Thursday, September 27, 2012

Wúhúps!


Thosaigh sé mar gháir mholta, an cineál wúhú! sin a ligeann duine uaidh, go nádúrtha, nuair a tharlaíonn rud a chuireann fonn wúhúáil air nó uirthi;

rud cosúil leis an gcéad chúl sin a chiceáil Michael Murphy, captaen fhoireann Dhún na nGall, isteach san eangach, Dé Domhnaigh seo caite;   

ach, chríochnaigh sé ina gháir dhearmaid, an cineál úps! sin a ligeann bean uaithi, go nádúrtha, nuair a mheabhraíonn sí go mba chóir di, mar Chonnachtach atá, ahem, ina suí ar tholg in éineacht le fear as Maigh Eo, go mba chóir di bheith, abair, rúinín beag diomúch faoin gcúl sin.

Sea, bhí mé idir dhá stól, a léitheoirí, ag iarraidh go n-éireodh go maith leis an dá thaobh, an dtuigeann sibh, agus cé go raibh mé díomách nuair a chaill Maigh Eo, bhí áthas an domhain orm nuair a bhuaigh Dún na nGall. 

Wúhúps?

Sea, bhí mé ar an gclaí, a léitheoirí, ach ar fhaitíos aon amhras oraibh faoi cá mbeidh mo chuid tacaíochta ag dul Dé Domhnaigh seo chugainn, beidh sí le Gaillimh, agus le Gaillimh amháin.

Mar a tharlaíonn sé, beidh mé ar eitleáin ag am na himeartha, agus diabhal mórán a fhéadaim a dhéanamh faoi sin, mar go raibh na socruithe taistil déanta agam sular chinn Gaillimh go bhfanfadh siad tamaillín eile sula dtabharfaidh siad Liam siar abhaile leo.

Beidh mé ar ais libh gan mhoill, a chairde. Idir an dá linn, níl le rá agam ach…

…Gaillimh Abú! 

Saturday, September 22, 2012

Friday, September 21, 2012

Laoithe na Féinne agus Leabhair Eile


Sí Bean an tSléibhe a d’inis dom faoin siopa leabhar Universal Books, siopa atá ar Lána na hEaglaise i Leitir Ceanainn, agus siopa inar féidir leabhair athláimhe a cheannach. 
 
David is ainm d’úinéir an tsiopa, agus ó tharla go raibh aithne aige orm ón gcéad lá a shiúil mé isteach chuige, an mhí seo caite, agus go raibh a fhios aige, ón gcuairt sin, go bhfuil suim atá agam i leabhair Ghaeilge, is eisean a d’inis dom go raibh an tseoid leabhair thuas, Laoiṫe na Féinne, faighte aige, agus é le díol aige, dá mbeadh suim agam ann.

Mar is eol do léitheoirí rialta mo bhlaganna, tá luí nach beag agamsa le leabhair, agus nuair a bhím istigh i siopaí leabhar, ní théim abhaile gan leabhar nó dhó liom. Mar a fheicfidh sibh, ón bpictiúr thíos, rinne mé amhlaidh an geábh seo. 
Bhuel, nuair a chonaic An Garraíodóir na leabhair uilig, beag nár thit an fear bocht as a sheasamh.

‘Count each one as a Mayo goal.’ arsa mé féin, sular cuireadh aon cheist orm faoi, ahem, chostas na leabhar, an dtuigeann sibh.

Ní raibh gá a thuilleadh a rá. Tá sé breá sásta anois, mar atá mé féin, a léitheoirí, le mo charnán luachmhar taighde/eolais ag méadú. Ach, is féidir margadh a dhéanamh le David, mar a rinne mise, agus b’fhéidir go bhfaighfeá cupán tae uaidh, freisin. Tá atmaisféar ar leith sa siopa sin, agus is duine cairdiúil cuidiúil é mar úinéir, feictear dom.

B’fhiú go mór súil a choinneáil ar an suíomh Facebook atá aige, mar bíonn féirín nó dhó le feiceáil ann, go minic. Is ann a chonaic mé an leabhar a gheobhaidh An Garraíodóir don Nollaig, ach, shhhh, ná habair tada leis! Ní fhaca sé é sa charnán. Ní fhaca sé ach cúil Mhaigh Eo..;-)  


Wednesday, September 19, 2012

Billy Abú!


Is léir, óna aghaidh, go bhfuil Billy s’againne breá sásta lena chulaith nua, agus go mbeidh sé ag tacú le Dún na nGall Dé Domhnaigh seo chugainn.

Ach, tá fear as Maigh Eo ina chónaí sa teach seo, freisin, agus ní dóigh liom gurb í an chulaith chéanna a bheidh airsean.

Mise? Is Connachtach mé. Gaillimh Abú! 

Sunday, September 2, 2012

Maigh Eo -v- Baile Átha Cliath



Cé nach mbeidh An Garraíodóir ag an gcluiche inniu, is léir ó na bratacha thuas, atá ar foluain taobh amuigh de Cheann Scríbe, cén fhoireann lena mbeimid ag tacú sa teach seo. Inniu, pé scéal é.

Dar le Conor Heneghan ar JOE.ie, 

‘Mayo might be underdogs but if they can come through that particular test unscathed, they'll be hard to stop.’

B’fhéidir nach bhfaca sé Dún na nGall ag imirt an lá cheana…