Ó tharla go bhfuilim ag streachailt liom le slaghdán na laethanta seo, gan fonn orm aon cheo a dhéanamh nuair atá neart le déanamh, mar a déarfá, thosaigh mé ag útamáil liom ar an idirlíon ar maidin, ar mhaithe le rud éigin a dhéanamh, an dtuigeann sibh.
Pé scéal é, ó tharla sibh uilig i mo smaointe ar maidin, agus ó tharla gur léigh mé faoin ábhar ar an idirlíon anois díreach, chinn mé go roinnfinn an, ahem, t-eolas-iontach-tábhachtach-seo-a-leanas libh, sa chaoi nach ndéanfaidh sibh, tá súil agam, praiseach iomlán d'aon chaidreamh um Nollaig seo:
na nithe nár chóir duit a rá le do pháirtí, más fear é, anseo, (is maith leis na nithe seo a chloisteáil, deirtear), agus na nithe nár chóir duit a rá le do pháirtí, más bean í, anseo. Is maith léi na habairtí seo a chloisteáil, más fíor.
Tá sibh curtha ar bhur n-aire anois, a léitheoirí - go n-éirí go geal libh!
Showing posts with label mná. Show all posts
Showing posts with label mná. Show all posts
Wednesday, December 4, 2013
Monday, October 28, 2013
Focail Féilire
Ná mill leithscéal le leithscéal.
Never ruin an apology with an excuse.
An leagan Gaeilge uaimse, agus an leagan Béarla ó Kimberly Johnson, más fíor an méid a léigh mé anseo. Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí.
Fuair mé ceann nó dhó eile, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht, mar a leanas, leis na ceannteidil i lúibíní, taobh leo:
Leithscéal agus a thóin leis. (Cur i gCéill)
An glas ar an doras is an eochair ar iarraidh. (Doicheall)
Is geall le eiteach leithscéal. (Doicheall)
Is furasta le neamhfhonn leithscéal a fháil. (Tíobhas)
Níor fhéach bean thar a gualainn ariamh le leithscéal a fháil. (Mná)
Maidir leis an gceann deireanach sin thuas, tá sé ráite faoi, sa leabhar, 'Gur éasca do bhean leithscéal a cheapadh,' ach táim féin den bharúil go bhféadfadh bean míniú eile a bhaint as an gceann sin...abair, ahem, nach mbeadh gá di breathnú thar a gualainn mar is minic an leithscéal le fáil aici ó bhéal an leithscéalaí os a comhair amach!

Tuesday, September 10, 2013
Glaoch Rolla!
Ceann folamh agus...
ceann folamh eile.
Sí an cheist atá ag an mbean seo ná 'Cén fáth?' Ach, arsa mé féin liom féin, b'fhéidir go bhfuil fir, ahem, eile amuigh ansin nach bhfuil in ann an, ahem, glaoch rolla a fhreagairt.
Ar an ábhar sin, agus ó tharla gur, ahem, bean chuidiúil mé, chuaigh mé ar thóir eolais ar bhur son, a fheara, agus seo chugaibh físeán a d'aimsigh mé ar YouTube, le cuidiú libh.
Roll Up! Roll Up!
Saturday, November 10, 2012
Bréadú
Luadh é ar chlár Marian Finucane ar maidin, agus chuir sé
iontas orm nár chuala mé iomrá roimhe sin ar an nós nuálach seo, ar a dtugtar ‘Meshing.'
Ón méid a léigh mé san alt sin, is cosúil gur nós é meshing
a thosaigh i Meiriceá sé bliana ó shin: fir agus mná ag bréadú a sloinnte nuair
a phósann siad, seachas duine amháin acu ag géilleadh do thraidisiún agus ag
caitheamh uaithi an sloinne lenar rugadh í, is dócha.
Go deimhin, fiú agus bean ag fáil réidh lena sloinne féin, ba
shloinne é, go hiondúil, nár thug aitheantas dá laghad dá máthair féin,
ná do shloinne mháthair na máthar sin, ach an oiread.
Níl fadhb agam féin le bréadú sloinnte, ach tá a
fhios agam go rómhaith go mbeidh seanbhlas na dtraidisiúnaithe ardaithe ag an
nós seo, mar nach dtuigeann siad, go minic, go mbíonn gá le traidisiúin
nuálacha a chruthú, le comhionannas agus cearta daonna a chothú.
Nuair a léigh mé na tráchtanna ag bun an ailt sin ar an Mail
Online, tháinig osna nó dhó as mo bhéal. É sin ráite, tháinig gáire nó dhó as mo
bhéal, freisin - go háirithe nuair a léigh mé an ceann ón tráchtaire a dúirt go
raibh aithne aici ar lánúin a rinne bréadú ar a sloinnte, Fudge agus Bucker,
nuair a phós siad.
Labels:
bréadú,
cearta,
comhionannas,
fir,
Mail Online,
meshing,
mná,
raidió,
seanbhlas,
sloinne,
Smaointe ag Rith,
traidisiún
Friday, July 20, 2012
Mná Cliste
Aiféala orm, a fheara, ach
caithfidh mé an scéal seo a roinnt libh.
Sea, tá mná níos cliste.
Ní hé nach raibh a fhios agam
féin é sin, an dtuigeann sibh, ach bhí uaim an fhianaise a roinnt libhse, a fheara
cliste, ar fhaitíos na bhfaitíos go bhfuil aon fhear cliste amuigh ansin, ahem,
ag léamh an bhlag seo.
Ar ndóigh, thuigfeadh aon fhear
cliste go bhfuil gá leis an scéal seo a roinnt, go forleathan go deimhin, le
daoine a choinneáil ar an eolas faoi, ahem, fhíricí tábhachtacha an tsaoil seo.
Tuesday, October 11, 2011
Prios Beagmhaitheasa
Inniu, d’fhreastail mé ar ócáid, le Bord Fiontar Chontae Dhún na nGall, in óstán An Grianán, áit inar chuala mé mná suimiúla ag labhairt; a scéalta fiontracha féin á roinnt acu uilig leis an lucht éisteachta.
Tharla sé gur luaigh duine acu, Suzanne Browne as Clevamama, agus í ag labhairt, más buan mo chuimhne, ar chíbe smaoineamh nuálach a thiocfadh isteach i do chloigeann, ‘don’t let it land in the junk cupboard.’
Rith an smaoineamh liom gur dóigh go bhfuil prios beagmhaitheasa i mbeagnach chuile teach, a léitheoirí. Is prios é, cheapfainn, ina gcaitear na nithe sin as a mbainfimid úsáid ‘lá éigin’, nithe nach gcaitear amach ‘ar fhaitíos na bhfaitíos’ go dteastódh siad uainn ‘am éigin amach anseo’.
Agus mé ag breathnú isteach i mo phrios beagmhaitheasa féin anocht, chinn mé go m’fhéidir go bhfuil sé in am dom na nithe atá istigh ann a chaitheamh amach. I ndiaidh gach ní, is nithe beagmhaitheasacha iad.
Subscribe to:
Posts (Atom)