Showing posts with label Emma Uí Bhroin. Show all posts
Showing posts with label Emma Uí Bhroin. Show all posts

Wednesday, April 16, 2025

Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2025

Beidh tús á chur leis an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach an tseachtain seo chugainn, i gCeatharlach, am a ndéanfar ceiliúradh ar chultúir, ar thraidisiúin agus ar theangacha Ceilteacha na sé náisiún a bheidh páirteach ann; Éire, Alba (Albain), Breizh (An Bhriotáin), Cymru (An Bhreatain Bheag), Kernow (Corn na Breataine) agus Mannin (Oileán Mhanann).  

Beidh an fhéile ar siúl ón 22-26 Aibreáin, agus a bhuí leis na coistí idirnáisiúnta agus leis an gcriú iontach atá acu i nGlór Cheatharlach, mar aon le hurraitheoirí agus le comhpháirtithe na féile, tá clár den scoth curtha le chéile acu; is féidir leagan PDF de chlár na n-imeachtaí a íoslódáil anseo

Mar a fheicfidh sibh ó chlár na n-amhrán, thíos, bhí an Comórtas Náisiúnta Amhrán Nua Pan Cheilteach ar siúl ag deireadh mhí Eanáir, agus d'éirigh le Gráinne Álainn Ní Fhátharta an bua a fháil, arís, an geábh seo le m'amhrán nuachumtha, Fágtha Gan Freagraí. Beidh Gráinne ag casadh an amhráin, mar ionadaí na hÉireann, ag an bhféile idirnáisiúnta seachtain ón Déardaoin seo chugainn, an 24 Aibreán. Go n-éirí go geal léi, agus leis an bhféile ina hiomláine. 

Tréaslaím a mbua le Gráinne (1ú háit, Amhrán #2), le Éire Ní Fhaoláin & Chulainn Ó Faoláin (2ú háit, Amhrán #11) agus le Anne Marie Ní Chonchubhair (3ú háit, Amhrán #8). Ní raibh mé fhéin i láthair ar an oíche, ach bíonn na comórtais le fáil beo ar líne agus d'éirigh liom gach amhráin a fheiceáil agus a chloisteáil beo ar an oíche. 

Mo bhuíochas ó chroí le mo dheirfiúr, Angela, a ghlac an duais ar mo shon, agus do Ghráinne a tháinig an bealach uilig as Conamara, ainneoin an damáiste a rinne stoirm Éowyn ar fud na tíre. Go deimhin, comhghairdeachas leis na hiomaitheoirí uilig. Rinne siad éacht nuair a d'éirigh leo uilig a mbealach a dhéanamh go dtí an Visual i gCeatharlach tar éis na drochbhaile a bhí curtha ag an stoirm ar an tír. Maith sibh uilig! 

Tuesday, January 30, 2024

Féile Pan Cheilteach 2024 - Amhrán Nuachumtha - Na Torthaí

Cé nach raibh mé fhéin in ann a bheith i láthair oíche Sathairn, bhí mé in ann na hamhráin uilig a chloisteáil beo ar Facebook a bhuí le hobair iontach an choiste eagraithe i nGlór Cheatharlach. Más mian libh éisteacht siar leis an gcomórtas amhránaíochta, is féidir éisteacht siar anseo, faoi 'Videos from this Event.' Tosaíonn an chéad amhrán ag an bpointe 30.36 ar an bhfíseán. 

Comhghairdeachas ó chroí le, 

1.  Éabha Breathnach as an gCeathrú Rua i gConamara, a thug léi an chéad áit lena hamhrán álainn "Na Pictiúir ar an mBalla," amhrán a chum agus a chas sí ag Oireachtas na Gaeilge 2021, amhrán faoin gcumha a d'airigh sí agus í ag fágáil a baile den chéad uair (41.08, amhrán uimhir 3); 

2.  leis an ngrúpa Burnchurch (Cill Chainnigh) a tháinig sa dara háit leis an amhrán "Maidin" amhrán a chum Éanna Ó Casaide (ball den ghrúpa/clann,) amhrán a cumadh do cheolchoirm a reáchtáladh an samhradh seo caite in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí (1.46.50, amhrán uimhir 9); 

3.  leis an ngrúpa enCÓRe (Ceatharlach) a tháinig sa tríú háit leis an amhrán "Thuas Seal, Thíos Seal," amhrán a chum Melíosa Breathnach agus Clár Ní Dhuinn (baill den ghrúpa). amhrán faoi dhóchas agus amhrán lán dearfachta - 'níl tuile dá mhéad nach dtránn' téama an amhráin. (2.02.45, amhrán uimhir 11)

Is féile ar leith í an fhéile seo a thugann deis do chuile aoisghrúpa a n-amhrán nuachumtha a chur i láthair ar ardán poiblí. Mar is léir ón bhfíseán a chonaiceamar ar Facebook, cuirtear fáilte roimh chuile chineál stíl amhráin agus ceoil, agus cuireann an banna ceoil tí (faoi stiúir Ollie Hennessy, fear uasal a chuireann an dua air fhéin an tionlacan is fearr a chur ar fáil do chuile iomaitheoir, a labhraíonn leo roimh ré, a chuidíonn leo ar chuile bhealach a fhéadann sé) banna a chuireann tionlacan den scoth ar fáil don amhránaí nó don ghrúpa, más mian leo tionlacan ar an oíche.

Ní thuigim cén fáth nach bhfuil an comórtas seo le cloisteáil beo ar TG4, nó craolta ina hiomláine ar bhealach éigin ag na craoltóirí seirbhíse poiblí. Tá scoth na n-amhrán nuachumtha i nGaeilge ag teacht ar an bhfód chuile bhliain ag an bhféile seo, le 50 bliain anuas. Ní dhíríonn an fhéile ar amhráin ar an sean-nós amháin, ná ar amhráin cheol tíre amháin, mar shampla; bíonn meascán de sheánraí éagsúla le cloisteáil chuile bhliain. 

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le coiste na féile, Ollie, Emma, agus Bríde, a dhéanann obair na gcapall don chomórtas seo ar mhaithe leis na cumadóirí agus na hamhránaithe uilig; do na hurraitheoirí a thacaíonn go fial flaithiúil leis an bhféile seo, agus don lucht taca uilig a chuidíonn ar an stáitse ar an oíche. Murach iad!

Mo bhuíochas, freisin, le Seosamh 'Josie' Mac Donnacha, a chas m'amhrán nuachumtha ag an gcomórtas, "Is Mise Mé Fhéin," (1.53.38, amhrán 10), agus do Raidió na Gaeltachta as na hagallaimh a dhéanann siad le lucht na féile, roimh an bhféile agus ina diaidh. Tá agallaimh déanta agam leo, mar chumadóir, thar na blianta, mar a rinne mé ar  Raidió Fáilte, Raidió na Life agus ar Ruaille Buaille le Colm Ferriter ar Highland Radio. Tá lucht taca na féile ag méadú chuile bhliain. Go raibh céad míle maith agaibh uilig!

Beidh Éabha ag déanamh ionadaíochta thar ceann na hÉireann ag an gcomórtas amhránaíochta a bheidh ag siúl ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ar an 4 Aibreán, agus guím gach rath uirthi - go n-éirí go geal léi!

Is féidir ticéid don ócáid a chur in áirithe anseo, agus is féidir tuilleadh eolais faoi na hócáidí uilig a bheidh ar siúl ag an bhféile idirnáisiúnta a fháil anseo 

Thursday, January 11, 2024

Féile Pan Cheilteach 2024 - An Gearrliosta

Mar is eol daoibh, ó mo bhlagmhíreanna eile ar an ábhar go dtí seo, beidh an Comórtas Náisiúnta Amhrán Nuachumtha Pan Cheilteach ar siúl ar an 27ú den mhí seo in Amharclann GB Shaw/Ionad Ealaíne VISUAL i gCeatharlach. Fógraíodh gearrliosta na n-amhrán inniu. Tá 14 amhrán roghnaithe as na hiarratais uilig, mar a leanas,

1.      Conor Bowman/Ian Smith (Iarmhí) - Ag Feitheamh ar an Ghrian  
         Diane Canon an t-amhránaí. 

2.      Áine Durkin (Gaillimh/Dún na nGall) - Is Mise Mé Fhéin 
         Seosamh Mac Donnacha (Conamara) an t-amhránaí. 

3.     Damian Mac Gabhann (BÁC)  - Tomás Ó Cuirín
        Clann agus an Blow In á chasadh. 

4.     Aidan Cranny & Damian Mac Gabhann (BÁC) - A Chuid Machnaimh i Mo Pheann 
        Aileen Treanor an t-amhránaí. 

5.     Brí Carr (Dún na nGall) - Táim Anseo
        Brí agus a cairde á chasadh. 

6.     Caitríona Lane (Gaillimh)  - An Ghaoth
        Caitríona í fhéin á chasadh. 

7.     Niamh Ní Chatháin (BÁC) - Tar Aníos
        Niamh í fhéin á chasadh. 

8.     Melíosa Breathnach & Clár Ní Dhuinn (Ceatharlach) - Thuas Seal, Thíos Seal
        enCÓRe á chasadh.

9.      Sheona Ní Mháille (Maigh Eo/Gaillimh) - Cá Bhfuil Mé?
         Sheona í fhéin á chasadh. 

10.    Oisín Mac Cinnéide (Cill Chainnigh/GCC) - Anois is gach aon Lá 
         Oisín agus a chairde á chasadh. 

11.    Éabha Breathnach (Conamara) - Na Pictiúir ar an mBalla
         Éabha í fhéin á chasadh.

12.     Éanna Ó Casaide (Cill Chainnigh) - Maidin 
          Grúpa Burnchurch á chasadh. 

13.    Sharon Ní Chuilibín (Maigh Eo) - Mo Sheanmháthair
         Sharon í fhéin á chasadh. 

14.    Mairéad Ní Chríodáin - Rudaí Milse
         Mairéad í fhéin á chasadh. 

Is iad na moltóirí i mbliana ná Órla Fallon (amhránaí agus cláirseoir), Tadhg (ceoltóir, amhránaí, cumadóir) agus Niamh de Búrca (amhránaí). Mar is iondúil, is é Ollie Hennessy a bheas ina stiúrthóir ceoil ar an oíche.

Beidh na doirse ar oscailt ón 7.30i.n. agus cuirfear tús le himeachtaí na hoíche ag 8.00i.n. Cead isteach €15. Is féidir íoc ag an doras nó ticéad a chur in áirithe anseo

Is iad an coiste iontach ag Pan Cheilteach Cheatharlach atá ag reachtáil an chomórtais agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ó 087-2857048 (Bríde), ó 085-1340047 (Emma) nó seol ríomhphost chuig pancelticcarlow@gmail.com.

Go n-éirí go geal leis an gcomórtas! An-jab déanta ag an gcoiste, mar is iondúil leo. 

Tuesday, February 11, 2020

Féile Pan Cheilteach 2020 - An Gearrliosta

Tá an t-am sin den bhliain buailte linn, arís, a léitheoirí! Sea, is gearr uainn Féile Pan Cheilteach na bliana seo.

Mar is eol do chuid agaibh, bhain m'amhrán nuachumtha, Ní Thuigim, an comórtas amhránaíochta náisiúnta agus idirnáisiúnta, anuraidh, agus tá áthas orm a rá go bhfuil an leagan de Ní Thuigim, a casadh ag an bhféile idirnáisiúnta i Leitir Ceanainn, anuraidh, máistrithe go digiteach ag an gcoiste, agus le cloisteáil ar shuíomh na féile anseo - Daríona Nic Dhonncha á chasadh, Ciarán Tourish agus Ollie Hennessy á tionlacan. Go raibh céad míle maith agaibh uilig!
Seoladh comórtas amhránaíochta na bliana seo ar an gclár Ardtráthnóna ar Raidió na Gaeltachta, i Mí na Samhna, anuraidh, agus fógraíodh an gearrliosta, don chomórtas náisiúnta i gCeatharlach, ar an gclár céanna coicís ó shin - is féidir éisteacht le Bríde de Róiste, as Glór Cheatharlach, agus leis an láithreoir tacúil, Máirtín Tom Sheáinín, ag labhairt faoin ngearrliosta anseo, agus is féidir tuilleadh faoin gcomórtas a léamh, ar shuíomh IMRO, anseo.

Táim ag súil go mór leis an ócáid, arís i mbliana. Tá amhrán liom, Mar a Bhíonn, ar an ngearrliosta, agus Gráinne Ní Fhátharta as Baile na hAbhann á chasadh dom an geábh seo...go raibh maith agat, a Ghráinne!   

Go n-éirí go geal leis na hiomaitheoirí uilig. Táim ag súil go mór lena n-amhráin nuachumtha a chloisteáil, agus molaim iad as a gcuid cumadóireachta; is maith ann amhráin nua i nGaeilge, agus mo bhuíochas ó chroí leis na coistí uilig, agus leis na hurraitheoirí, a thugann an deis sin dúinne, cumadóirí agus amhránaithe na Gaeilge, amhráin nua chomhaimseartha a chur ar fáil, tríd an gcomórtas seo. 

Beidh an ócáid ar siúl anseo, in amharclann an VisualCarlow, i gCeatharlach, ar an 22 Feabhra, ag 7.30 i.n, agus is féidir ticéid don ócáid a cheannach ar an suíomh sin, anseo

An Gearrliosta

1. Meabh Ní Bheaglaoich – “Litir Ón Leanbh” (Ciarraí)
2. Matt McGinn – “Suaimhneas” (Co.an Dúin)
3. Dave Fadden & ‘Síol’ – “Sinsir” (Cluain Dolcáin)
4. Aidan Gene Cranny – “Imeacht Faoi Scáth” (Cluain Dolcáin)
5. Zoe Langsdale – “Tír Nua” (Stát Aontaithe agus Gaillimh)
6. Brighdín Carr – “Mo Ghuí” (Dún na nGall) le Diane Cannon & Hannah Nic Pháidín
7. Áine Durkin “Mar a Bhíonn” (Dún na nGall) le Gráinne Ní Fhátharta (Conamara, Co. na Gaillimhe)
8. Ciara Nic an Fhailí – “Liomsa Amháin” (Ceatharlach)
9. Diarmuid Mac Gabhann – “Cearúilín” (Cluain Dolcáin)
10. Gráinne Holland – “Mise & Tusa” (Co. an Dúin)
11. Damian Mac Gabhann – “Saol Símplí” (Cluain Dolcáin)
12. Clíona McDonald – “Shiúl Tú as Mo Shaol” (Co. Laoise)
13. Sonny Ní Cathasaigh “Áit ar an nGealach Lán” (Conamara, Co. na Gaillimhe)
14. Conor Bowman – “Grá Amháin Faoi Leith” (Dún Búinne, Co. na Mí)
15. Colm Mac Séalaigh – “1967” (Baile Átha Cliath)
16. Treasa Ní Cheannabháin – “Dóchas” (Conamara, Co na Gaillimhe)
17. Mairéad Ní Chríodáin-Ní Shé – “Bossa Nova Celtica” (Corcaigh)
18. Conor Mangan & Banna – “Brionglóidí (Dún na nGall)
19. Gaeltacht KK Banna – “Mistéir an Ghrá” (Cill Chainnigh)
20. Molly & Ella de Búrca – “Le Déanaí” (Cill Chainnigh)

Sunday, March 17, 2019

Féile Pan Cheilteach 2019 - An Gearrliosta

an t-am sin den bhliain buailte linn, arís, a léitheoirí, agus is gearr uaim mo thuras go Ceatharlach, áit a mbeidh Daríona Nic Dhonnacha ag casadh m'amhrán nuachumtha 'Ní Thuigim,' sa chomórtas náisiúnta amhránaíochta, ag an bhFéile Pan Cheilteach.

Fógraíodh an gearrliosta (féach thíos) ar an gclár Ardtráthnóna ar Raidió na Gaeltachta, an mhí seo caite, agus is féidir éisteacht le Bríde de Róiste, as Glór Cheatharlach, ag labhairt le Máirtín Tom Sheáinín, faoin gcomórtas agus faoin ngearrliosta, anseo

Beidh an comórtas ar siúl in amharclann an Visual i gCeatharlach i mbliana, Dé Sathairn seo chugainn, ag 7.30 i.n. - is féidir sonraí na hócáide a léamh anseo, nó caith súil ar na himeachtaí iontacha eile Gaeilge lena mbíonn Bríde, agus a comhghleacaithe i nGlór Cheatharlach, ag obair, go dian dícheallach i gcónaí, anseo

Mo bhuíochas ó chroí le hurraitheoirí na hócáide, Glór Cheatharlach, Gael Linn agus IMRO; tugann a gcuid tacaíochta ardán d'amhránaithe, agus do scríbhneoirí na n-amhrán Gaeilge; deis acu amhráin nuachumtha a thabhairt ar an bhfód. Cé nach n-éiríonn le chuile chumadóir áit a fháil ar an ngearrliosta, mar sin féin, faigheann coiste na féile suas le 50 amhrán nuachumtha Gaeilge don chomórtas seo, bliain i ndiaidh bliana, agus sin 50 amhrán nuachumtha, i nGaeilge, nach raibh ann riamh roimhe...sin bua ann féin, i mo thuairimse.  

Is ar na moltóirí, triúr acu, (Seán Ó hÉanaigh, Emer Ní Fhlaithearta, Liam Lawton) a thitfidh cúram na hoíche an buaiteoir a roghnú, agus cibé amhrán a roghnaítear, rachaidh sé ar aghaidh le hionadaíocht a dhéanamh, ar son na hÉireann, ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach, a bheidh ar siúl i Leitir Ceanainn, an mhí seo chugainn. 

Gearrliosta na gcumadóirí,


1. Pádraig Jack (Árainn)
2. Lauren Ní Chasaide (Conamara)
3. Aidan Cranny (BÁC)
4. Grooveline (Longphort)
5. Pól Ó Colmáin (Corcaigh)
6. Murchadh Ó Colmáin (Corcaigh)
7. Aoife Ní Chathasaigh (An Clár)
8. Daithí Kearney (Co. Lú )
9. Áine Durkin (Dún na nGall)
10. Tadhg Ó Grifín (Ceatharlach)
11. Damian Mac Gabhann (BÁC)
12. Nick Nolan & Aoife Ní Mhuirí (BÁC)
13. Colm Gavin ( BÁC)
14. Naosan Moore (Muileann gCearr)
15. Niamh Keane (BÁC)
16. Róisín Ní Eadhra (Conamara)
17. Brighdín Carr (Dún na nGall)
18. Margaret Creedon O’Shea (Corcaigh)

Go n-éirí go geal glórach libh uilig, a chairde! Feicfidh mé ann sibh. 

Tuesday, January 15, 2019

Féile Pan Cheilteach 2019

Tá an fhéile seo luaite agam ar Facebook agus ar Twitter roimhe seo, a chumadóirí na n-amhrán, agus níl anseo uaim ach meabhrúchán beag, ar fhaitíos sibh ag cumadh libh, agus dearmad déanta agaibh den spriocdháta srl,...níl ach breis agus coicís fágtha! 

Seo chugaibh na sonraí,

'Spriocdháta don Chomórtas Amhrán Pan Cheilteach 2019

Tá an spriocdháta d’iarratais don chomórtas náisiúnta chun amhrán a roghnú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann i gComórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019 ag druidim linn. Glacfar le hiarratais suas go 5i.n. Dé hAoine, 1ú Feabhra 2018. Mar sin déanaigí deifir! 

Ní foláir na hamhráin a bheith as Gaeilge agus is gá na focail agus an ceol a bheith nua-chumtha. Cuirfear fáilte roimh amhráin ó amhránaithe aonair, grúpaí ceoil nó bannaí. Glacfar le gach saghas amhráin ar mp3 nó cd don chomórtas áirithe seo idir amhráin traidisiúnta, bailéid, pop amhráin, amhráin tíre, rac, snagcheol agus eile.

Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh ag an gcomórtas náisiúnta a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 23ú Márta in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach. Beidh painéal de dhaoine aitheanta I saol an cheoil agus na Gaeilge i mbun moltóireachta ar an oíche agus bronnfar duais airgid €1,000 ar an mbuaiteoir chomh maith leis an trófaí náisiúnta.

Rachaidh an t-amhrán a roghnófar ar aghaidh le bheith in iomaíocht ar son na hÉireann leis na hamhráin nua-chumtha eile ag Alba, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanainn, an Choirn agus an Bhriotáin ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019 a bheidh ar siúl i Leitir Cheanainn um Cháisc.

IMRO i gcomhar le Gael Linn agus Glór Cheatharlach a dhéanfaidh urraíocht ar an gcomórtas náisiúnta arís i mbliana. Pádraic Seoighe agus Niall Teague as Conamara a bhuaigh comórtas na bliana seo caite leis an amhrán ‘Ar Saoire’ agus d’éirigh leo an comórtas idirnáisiúnta a bhuachaint chomh maith. Rinne Emer Ní Fhlaitheartaigh an éacht céanna in 2018 leis an amhrán ‘Taibhse’. Beifear ag súil mar sin go leanfar le hádh na nGael don tríú bliain as a chéile!

Tá rialacha uile an chomórtais agus foirm iarratais ar www.panceltic.ie.  Is féidir sonraí a fháil chomh maith ach teagmháil a dhéanamh le Glór Cheatharlach ar 085 1340047 nó 087 2857048  nó is féidir scríobh chuig pancelticcarlow@gmail.com

An seoladh d’amhráin ar dhlúthdhiosca maille leis an bhfoirm iarratais faoi 5i.n. 1ú Feabhra ná Comórtas Amhrán Pan Cheilteach, Glór Cheatharlach, Áras na nÓg, Éire Óg, Ceatharlach.

Bríde de Róiste & Emma Uí Bhroin, Pan Cheilteach, Ceatharlach
087 2857048, 085 1340047