Showing posts with label coróinvíreas. Show all posts
Showing posts with label coróinvíreas. Show all posts

Monday, January 3, 2022

Lá an Phaoraigh

Níl a fhios agam cé chomh minic is a dúirt mé 'beidh lá eile ag an bPaorach' anuraidh, ach dúirt mé é go han-mhinic, faraor. 

I mbliana, cé nach bhfuil ach tús curtha leis an mbliain nua le trí lá anuas, tá Oimiocrón ag scaipeadh fud fad na háite. Is féidir linn pleananna a dhéanamh, ar ndóigh, rud a rinne mé fhéin, sách minic, anuraidh, nuair a ceadaíodh a leithéid...turas anseo, tae ansiúd, dinnéar nó dhó pleanáilte le daoine muinteartha liom atá chomh cúramach faoin víreas is atá mé fhéin...ach, ní mar a síltear a bítear. 

Mar a tharla anuraidh, ní féidir a bheith cinnte cén toradh a bheas ar aon phlean i láthair na huaire. Ní féidir linn a dhéanamh ach a bheith ciallmhar agus cúramach, agus gan aon cheo a dhéanamh a chuirfeadh aon duine eile i mbaol, nó a chuirfeadh le líon na gcásanna atá sna hotharlanna. Mo thrua iad na haltraí agus na dochtúirí, agus na hothair bhochta a rinne chuile iarracht an víreas a sheachaint. 

Faraor, tá go leor daoine tinn tuirseach de na srianta. Agus, ar ndóigh, tá séantóirí fós thart. Níor athraigh mise m'intinn fhéin ar an ábhar ó thús na paindéime. Creidim fós an méid a dúirt mé i mo dhán, An Séantóir. Beidh mé cúramach go mbeidh bealach as ann. 

Is cuma leis an víreas faoi phleananna, cheapfainnn, ach bheinn den bharúil, dá mbeadh guth aige, go mbeadh sé breá sásta go bhfuil daoine ann atá tinn tuirseach de na srianta, agus bheadh sé an-mhór leis na séantóirí. Níl uaidh ach neamhaird, cheapfainn. Slíodóir cruthanta athraitheach, brábúsaí ag tapú gach deis. Is fearr gan aon deis a thabhairt dó. 

Idir an dá linn, beidh pleananna  á gcur i dtoil a chéile agam. Beidh mé ag cloí le moltaí...masc, scaradh sóisialta, lámha nite go minic, mar is gá. Más gá rud éigin a chur ar ceal, glacfaidh mé leis. Cén mhaith a bheith cantalach, mar ní athróidh sé sin aon scéal, ach amháin go gcuirfidh sé go mór le scéalta chailleach an uafáis. 

Má theipeann orm mo phleananna a chur i gcrích, nach cuma! Beidh lá eile ag an bPaorach. 

Beannachtaí na bliana nua oraibh go léir, a léitheoirí. 

Saturday, December 25, 2021

Barróga na Nollag

Níl duine ná deoraí ina suí sa teach seo, fós, ach mé fhéin. Is gearr uaim an trup, an torann, an callán. Táim ag súil go mór leis.

I mbliana, beidh na garpháistí uilig anseo, agus níl aon bhronntanas ar domhan níos deise ná barróg ghrámhar pháiste. Cheil an coróinvíreas na barróga sin, le fada, ach tá an féinleithlisiú riachtanach déanta, agus tá na barróga ag teacht go fial flaithiúil le cúpla lá anuas. 

Ag an am seo den bhliain, ach go háirithe, tagann na daoine seo chun cuimhne. Smaoiním oraibhse, a léitheoirí, agus ar na daoine seo. Seolaim barróga fíorúla. 

Nollaig shona, a chairde. 

                                           ****************************

Maidir le barróga, beidh saothar uaim le cloisteáil ar Raidió na Life ag 11:00 i.n. inniu, ar an gclár, Cuimhní na Nollag. Beidh giotaí eile ar an gclár ó Réaltán Ní Leannáin, Síle Ní Ghallchóir, Alison Martin, Ciarán Ó Maitiú, Máire Dinny Wren, Darren Ó Riagaín, agus beidh ceol le cloisteáil ó Aoibheann Devlin, Aran Corcoran, Gluas & Traic.

Saturday, September 25, 2021

Ceann Oifig

Seo thíos alt a scríobh mé don iris lánGhaeilge, Súil Thart, forlíonadh a bhíonn mar chuid den nuachtán, an Donegal News, chuile mhí. Is ag deireadh mhí an Mhárta seo caite a foilsíodh leagan den scéilín seo, agus tugann sé léargas dúinn ar na srianta a bhí i bhfeidhm sa tír ag an am agus, go deimhin, tugann sé léargas dúinn ar an dul chun cinn atá déanta againn, maidir leis an gcoróinvíreas, ó shin. 

Mar a scríobh mé cheana, ní galfaire mise. Ach, maidir le fear an tí...

************************

Ceann Oifig

I láthair na huaire, tá sé molta, ag treoirlínte go leor an taobh seo tíre, gan dul níos faide ná 5K ón teach. An gcloím leis seo? Cloím. Le tamall fada anuas. Tamall an-fhada. Tamall rófhada a déarfadh duine nó dhó. Mar sin fhéin, cloím leis na treoirlínte. Siúlóid nó siopadóireacht. Taobh istigh de 5K. Sin an méid. An chuid eile den am, déanaim mar a rinne mé riamh, le blianta fada anuas, bím ag scríobh. Ní sé molta gailf a imirt. Sin an fhadhb. Domsa. Tuigfidh go leor daoine a oibríonn ón mbaile mo chás. Cloigeann cromtha agat ar do chuid oibre, do chuid smaointe gafa leis an ábhar atá idir lámha agat, ansin,

‘Fancy going for a spin?’

Nuair a bhristear isteach ar shnáithe do chuid smaointe, go háirithe má tá tú i lár taighde do dhán nó scéal nua, mar shampla, is cuma cén grá atá agat don té atá ag fancyáil spin (nó do fancyáil, fiú) seans nach é grá an chéad smaoineamh eile a rithfeas leat, agus do chloigeann á ardú agat ó do chuid oibre. Tá seans ann gur easpa ceana de shaghas éigin a bheas le feiceáil sa súil fhiata a bhain tú den ríomhaire. 

Pé scéal é, tháinig mé ar réiteach le fear an tí. Nuair is léir go bhfuilim istigh i mo cheann oifig, an áit sin i mo chloigeann ina mbíonn mo chuid smaointe ag rith fud fad na háite ag iarraidh greim a fháil ar a chéile, is fearr dó gan a bhéal a oscailt, ar fhaitíos, ahem, go dtarraingeoidh ceann acu cic air.

An rud faoi cheann oifig, is féidir leat dul áit ar bith agus tú istigh inti, gan aon imní a bheith ort faoi theorainneacha. Ní gá cloí le 5K. Ní gá cloí le tada, go deimhin. D’fhéadfá do rogha rud a dhéanamh istigh i do cheann oifig, agus ní bheadh aon duine ar an eolas faoi, maith nó olc. 

Anois, nílimse ag moladh go dtabharfá tús áite do smaointe olca, ná a dhath mar sin. Is fearr, b’fhéidir, díriú ar na smaointe cineálta, ar fhaitíos go mbuailfeadh ráig fheirge tú, gan choinne, agus go mbeadh fonn ort, ahem, cic a tharraingt ar dhuine éigin. Tá treoirlínte ann dá leithéidí sin, an dtuigeann tú – de réir dlí, níl cic ceadaithe.

Idir anois agus deireadh na ráige, beidh mise gnóthach i mo cheann oifig. Is inti atá mo chuimhní. Tá aiféala orm, a léitheoir, ach caithfidh mé imeacht, anois. Feicim smaoineamh ag rith le ceann de mo chuid cuimhní…

**********************

Is é Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Comhairle Contae Dhún na nGall, eagarthóir na hirise, Súil Thart. 

Tuesday, May 4, 2021

Víreas agus Vacsaín

Seo an scéal, 

chláraigh mise, agus cara liom i nGaillimh atá ar chomhaois liom, don vacsaín, ar líne. Ar an lá ceannann céanna. I bhfoisceacht cúpla nóiméad dá chéile. 

Fuair sise a vacsaín inné, i nGaillimh. Chuile dhuine ar a haithne, i nGaillimh, atá níos sine ná í, agus a chláraigh don vacsaín, tá an vacsaín faighte acu. 

Anseo, i nDún na nGall, fuair fear ar m'aithne, 66, téacs an tseachtain seo caite, le bheith i Leitir Ceanainn le haghaidh vacsaín a fháil, inniu. Sea, tá sé 66. Chláraigh sé in am. Ach an oiread liom fhéin. Már a dúradh linn/iarraidh orainn/moladh dúinn a dhéanamh. Cloím leis na treoirlínte.

Tá daoine eile ar m'aithne, atá níos óige ná é, ach níos sine ná mise, nach bhfuil focal cloiste acu fós. Ach an oiread liom fhéin. 

Ar fhaitíos na bhfaitíos, chuir mé scairt ar an FSS, le fáil amach an raibh gach rud i gceart le m'iarratas. Tá. Gheobhaidh mé téacs, am éigin roimh an 15 Bealtaine. Sin téacs. Ní vacsaín. Téacs. Le coinne luaite ann. Tá súil agam. 

Tá Dún na nGall coinnithe ar gcúl, shílfeá.  Tá a fhios ag madraí an bhaile é sin. 

Thursday, November 26, 2020

Lá an Altaithe

Tá a fhios agam nach ionann an bhliain seo agus blianta eile. Tá a fhios agam nach mbeidh daoine in ann a theacht le chéile mar is iondúil leo, ar an lá-mór-le-rá seo, thall ná abhus. Mar sin féin, díreoidh mé ar mo bheannachtaí.

Cibé áit ina mbeidh sibh, nó cibé bealach a bheas agaibh an lá seo a cheiliúradh, bainigí sult as, agus fanaigí slán sábháilte, a léitheoirí. Sin mo bheannacht. 

Inniu, tá cruinniú Zoom eagraithe ar mo mhuintir féin. Beidh sé deireanach anseo, luath go leor thall, ó thaobh ama de, ach, mar sin féin, beidh na teaghlaigh uilig ag teacht le chéile, ar ball. 

Fiú más go fíorúil féin é, beidh muid ag ceiliúradh le chéile, díreach mar a rinneamar do lá breithe mo mháthar i mbliana. 

Is féidir leis An Covid go leor damáiste a dhéanamh, a léitheoirí, ach déanfar chuile iarracht gan ligean dó aon damáiste a dhéanamh don dlúthcheangal agus don dlúthghrá atá againn dár ndream féin. 

Níl aon víreas in ann grá a scriosadh. Bainigí taitneamh as an lá, a chairde.

Wednesday, November 25, 2020

Smaointe Ag Rith

B'fhearr liom a bheith cineálta ná gránna.

Sin é a dúirt sí. Blianta fada ó shin. 

Comhrá a bhí ann, idir í féin agus bean eile, faoi bhás an fhir; andúileach a d'imigh ar shlí na fírinne, i bhfad roimh a am, shílfeá. 

Ní raibh sé fiú seasca bliain d'aois. 

Rug a chuid ólacháin ar a chroí, agus d'fháisc an bheatha as, mar gheall ar an drochbhail a bhí curtha ar na baill eile dá chorp.  

Ar feadh a shaoil, nuair nach pingin fanta aige le deoch a cheannach, cheannódh daoine eile deoch dó, nó thabharfadh siad deoch chun tí chuige, agus greim le hithe, mar go raibh trua acu dó.

Ní air atá an locht, an créatúr bocht.

Daoine cineálta. Ní raibh siad gránna. Tuigim a gcás. Ní raibh siad ag iarraidh go mbeadh sé ag fulaingt. 

Sa leaba a bhí sé, nuair a thángadar ar a chorp. 

Na daoine sin atá, fós, ag dul chuig cóisirí, tórraimh, sochraidí, gruagairí, seisiún óil, ag seasamh taobh le taobh le daoine, go poiblí nó go príobháideach, nuair a moltar nach bhfuil a leithéidí sábháilte, ní daoine gránna iad. 

Ar maidin, smaoiním ar an bhfear sin, fear a fuair bás roimh a am, ina leaba, leis féin, gan aon duine gaolta leis ina chuideachta. 

Níl rós gan dealg.

Friday, October 23, 2020

Na Dátaí Sin

Thug mé suntas dó, inné, nuair a bhí mé i mbun siopadóireachta in ollmhargadh áitiúil, go bhfuil sé de nós agam súil ghéar a choinneáil ar an 'dáta ar fearr roimhe' nó ar an 'dáta dulta ó mhaith' atá scríofa ar na táirgí éagsúla, sula gceannaím iad. 

Is ceist sách achrannach iad na dátaí céanna, muise, agus, dá bhrí sin, cloím leis an dáta is úire, nó leis an dáta is faide anonn, a dhéanann ciall domsa, mar thomhaltóir. Mé fhéin a bheas thíos leis má thógaim an ceann mícheart; mise a bheas tinn, má dhéanaim neamhaird iomlán de mholtaí na saineolaithe bia, nó, níos measa fós, d'fhéadfadh duine éigin eile a bheith go dona tinn, dá dtabharfainn an táirge lofa abhaile chucusan. 

Ní féidir an fhreagracht uilig a fhágáil le foireann an tsiopa (ní bhíonn siadsan, ná saoi, gan locht), caithfimid cuid den chúram a ghabháil orainn fhéin, freisin, shílfeá. 

Rith an smaoineamh liom, ar maidin, nach bhfuil fiú saineolaithe an domhain ar ghalair neamhchoitianta in ann dátaí cinnte a thabhairt dúinn maidir le dáta éaga an choróinvíris. Dá bhrí sin, caithfear a bheith cúramach, gan an fhreagracht uilig a fhágáil le rialtais ná le saineolaithe, ach ár gcuid a dhéanamh le haire a thabhairt dúinn fhéin agus do dhaoine eile. 

Tá dáta úr faighte againn, cé nach bhfuil an dáta is faide anonn ar eolas ag éinne againn, fós. 

Go bhfága muid fhéin ár sláinte againn.  

Sunday, June 21, 2020

Lá na nAithreacha

Mar a scríobh mé, blianta fada ó shin, nuair a bhíomar inár gcónaí béal dorais, agus lán an tí de pháistí fásta fós ina gcónaí linn, bhí sé de nós againn ár mbróga a fhágáil ag bun an staighre, díreach taobh istigh den doras tosaigh, an chuid is mó den am, ach, go háirithe, dá mbeadh duine ag teacht isteach i lár na hoíche, agus gan iad ag iarraidh a dtuismitheoirí a dhúiseacht, an dtuigeann tú. 

Nuair a bhog mé féin agus An Garraíodóir isteach sa teach nua, Ceann Scríbe, níor bhog na páistí fásta isteach linn. D'fhan siad sa seanteach. Sa teach nua seo, níl an staighre in aice leis an doras tosaigh, ach is ag bun an staighre a fhágtar na bróga, mar sin féin. Ná fiafraigh díom cén fáth, mar níl a fhios agam, ach is ann a fhágtar iad. 

Ar maidin, seo an radharc a bhí romham. 


Nuair a d'éirigh fear an tí, d'fhiafraigh mé de cá raibh an dá bhróig eile, páirtithe na beirte, thuas. 

'I couldn't find them.' an freagra a fuair mé. 

Ar chaith sé iad? Chaith, go deimhin. Is cuma. Ar aon nós, is é inniu Lá na nAithreacha, agus cé nach bhfuil m'athair féin beo, faraor, beidh mé féin agus fear na mbróg corr á cheiliúradh, le chéile. Sin é an rud is tábhachtaí. 


Cibé áit ina bhfuil sibh inniu, a aithreacha, tá súil agam go mbeidh lá iontach agaibh, agus cé go bhfuil seans ann nach mbeidh na barróga chomh coitianta i mbliana, mar gheall ar an gcoróinvíris, tá súil agam go bhfuil a fhios agaibh nach bhfuil aon fhrídín ar domhan in ann grá a mhúchadh, ná a scrios. 

Tuesday, June 2, 2020

Radhairc na Seachtaine

Tá roinnt físeán curtha le chéile agam ó thosaigh an Covid-19, agus tá siad roinnte agam libh, ó am go chéile (anseo agus anseo agus anseo, más mian libh iad a fheiceáil, arís), ó tharla go raibh cuid agaibh nach raibh in ann bhur dtithe a fhágáil, agus na radhairc laethúla a fheiceáil, mar a bhí mise á bhfeiceáil. 

Is ar scáth a chéile atá muid uilig ag maireachtáil, na laethanta seo, a chairde, agus, ó tharla go dteastaíonn tacaíocht ó na carthanachtaí éagsúla, ar fud an domhain, freisin, tháinig an t-amhrán, Tiocfaidh Muid Tríd, ar an bhfód, le déanaí. Tá scéal an amhráin le léamh anseo

Má chloistear an t-amhrán, iarrtar ar an éisteoir cúpla pingin/cent/euro, nó cibé, a sheoladh chuig carthanacht éigin, más féidir é, ar chor ar bith. Leid bheag daoibh, d'fhéadfadh, ahem, go mbeadh oraibh pingin nó dhó a bheith faoi réir agaibh, má bhreathnaíonn sibh ar an bhfíseán seo a leanas, 


Táim chomh buíoch den amhránaí, Caitlín Ní Chualáin, agus dá hiníon, Sorcha, a chuir físeán den amhrán le chéile ar Facebook agus ar Twitter (os cionn 5,400 amharc go dtí seo!). Ar chuala tú é? Tá na naisc thuas, a léitheoir, más mian leat súil a chaitheamh ar an bhfíseán sin. Agus, má tá pingin nó dhó le spáráil agat, ná déan dearmad ar na carthanachtaí! 

Tiocfaidh muid tríd, a chairde. 

Sunday, May 24, 2020

Tiocfaidh Muid Tríd

Amárach, Dé Luain, 25 Bealtaine, beidh amhrán nuachumtha, Tiocfaidh Muid Tríd, le cloisteáil, den chéad uair, ar an gclár Iris Aniar, ar Raidió na Gaeltachta.

Is amhrán é a cumadh le hairgead a bhailiú do charthanachtaí éagsúla - áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta - atá ag streachailt na laethanta coróinvíreasacha seo. Tuigeann sibh féin an scéal, a léitheoirí. Tá srianta i bhfeidhm. Tá daoine ag fulaingt. Tá tacaíocht ag teastáil.

Caitlín Ní Chualáin a bheas ag gabháil fhoinn, agus beidh Seán Ó hÉanaigh á tionlacan, idir uirlisí ceoil agus chomhcheol. Mise a chum, idir fhocail agus fhonn, iadsan a rinne an cóiriú iontach. Mar gheall ar chineáltas agus ar fhlaithiúlacht na beirte sin, mar aon leis an tacaíocht a fuair siad óna gcomhghleacaithe i Raidió na Gaeltachta, tá cóip den amhrán réidh, agus beidh sé le cloisteáil, amárach.

Is fúibhse, an lucht éisteachta, a bheas sé, le bhur dtoil, cúnamh a thabhairt don amhrán, Tiocfaidh Muid Tríd, airgead a bhailiú don charthanacht is ansa libh féin, bíodh an charthanacht sin áitiúil, náisiúnta nó idirnáisiúnta.

Má chloiseann tú an t-amhrán, is cuma cén áit, iarrtar ort, láithreach bonn más féidir é ar chor ar bith, cúpla euro (nó níos mó!) a dheonú do chibé charthanacht is mian leat féin. Ansin, mura miste leat, déan iarracht theacht ar chóip den amhrán, áit éigin ar na meáin shóisialta, b'fhéidir, agus roinn an t-amhrán, agus an scéal, ar do chairde.

Dá mhéad líon na ndaoine a chloiseann an t-amhrán agus a dheonaíonn ansin, thall nó abhus, is amhlaidh is fearr é do na carthanachtaí éagsúla.

Má tá fón póca agat, tá liosta anseo de na carthanachtaí ar féidir leat téacs tacaíochta a sheoladh chucu (faigheann an carthanas €1.80 as gach €2 a dheonaítear, is cosúil), nó d'fhéadfá suíomh gréasáin na carthanachta a aimsiú, agus airgead a dheonú ar líne.

Mura bhfuil scil agat ina leithéidí teicniúla, b'fhéidir go bhféadfá crúsca (nó rud éigin mar sin) a fhágáil ar an mbord sa bhaile, nó ar leac na fuinneoige, agus chuile uair a chloiseann tú an t-amhrán, nó má thosaíonn tú á chasadh gan choinne (is fonn é a fhanfaidh leat, tá súil againn!), caith euro nó dhó isteach sa chrúsca, le go mbeidh deis agat, am éigin, ar bhealach éigin, an t-airgead sin a dheonú. 

In am an éigin, teastaíonn tacaíocht, agus táim fíorbhuíoch do Chaitlín, do Sheán, agus dá gcomhghleacaithe, as a gcuid tacaíochta. Níor caitheadh oiread is pingin rua ar an amhrán, go dtí seo, ach tá súil agam go mbeidh sibhse, an lucht éisteachta, ag caitheamh neart airgid i dtreo na carthanachtaí, arís is arís eile. 

Tá liricí an amhráin le léamh thíos, a léitheoirí. Beidh Caitlín agus mé féin ag labhairt faoin togra seo ar an gclár, Iris Aniar, amárach, agus beidh an t-amhrán le cloisteáil ar an gclár céanna. 

Is fúibhse a bheas sé, a chairde, an scéal a scaipeadh go forleathan. Le bhur gcúnamh, le bhur gcuid tacaíochta, agus ar scáth a chéile, tiocfaidh muid tríd.  


Tiocfaidh Muid Tríd

Ní raibh trácht ar olc ná baol,
Ach, is ait an mac é’n saol,
Aniar aduaidh, tháinig plá gan trua,
Ag scriosadh ’gus ag briseadh croí,
Tá pobal agus tír faoi scáil,
Gan saoirse mar is gnách le fáil,
Ní bheidh muid ag géilleadh
Mar ar scáth a chéile,
Tiocfaidh muide tríd.

Curfá

Tiocfaidh muid slán,
Cine ‘gus clann,
Teaghlach is tír,
Tiocfaidh muid tríd.

Níl do shaolsa mar a bhíodh,
Deirtear leat do lámha’ nigh,
Seas siar, cur fút, gan aon ní romhat
Ach laethanta gan cuma ná caoi,
Tá tinneas ann, is baol an bháis,
Crá croí leis an tuile gan trá,
Ach, lenár ndúchas láidir,
Agus neart ár bpaidir,
Tiocfaidh muide tríd.

Curfá

Tiocfaidh muid slán,
Cine ‘gus clann,
Teaghlach is tír,
Tiocfaidh muid tríd.

Saturday, May 23, 2020

Rang Beag Scríbhneoireachta

Roinnt seachtainí ó shin, fuair mé glaoch ó Bhridget Bhreathnach, atá ina Bainisteoir Margaíochta leis an gcomhlacht foilsitheoireachta, Cló Iar-Chonnacht.

Bhí smaoineamh aici.

Bíonn smaointe suimiúla ag Bridget, i gcónaí, mar is eol d'aon duine a léann an méid a bhíonn á scríobh aici ar tuairisc.ie, mar sin bhioraigh mé mo chluasa, agus shlog mé, go fonnmhar, an duán ar a raibh baoite a smaoinimh curtha aici. 

Tá croí mór fial ag Bridget Bhreathnach. Duine báúil í. Smaoineamh maith a bhí ann, ceann a chuideoidh le daoine a bhfuil, b'fhéidir, am acu anois, agus smaointe dá gcuid féin acu, smaointe a ba mhaith leo a roinnt, ar bhealach cruthaitheach éigin, ach nach bhfuil siad róchinnte cá dtosóidh siad.

Tá sraith nua, Rang Beag Scríbhneoireachta, ag tosú Dé Céadaoin seo chugainn, 27 Bealtaine, ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht, ar YouTube s'acu, agus ar na meáin shóisialta.

Cúigear againn a bheas páirteach sa chéad sraith - mise, Anna Heussaff, Áine Ní Ghlinn, Réaltán Ní Leannáin, agus Alex Hijmans - físeáin ghairide an duine uainn, faoi chúig nóiméad an ceann, ina mbeidh muid ag cur síos ar ghné faoi leith den scríbhneoireacht. 

Beidh muid ag tabhairt leideanna don lucht féachana maidir leis na modhanna oibre, agus an cur chuige, a bhíonn in úsáid againn féin agus muid i mbun pinn, é mar aidhm ag gach físeán go mbeadh an té a bheadh ag breathnú air in ann foghlaim uaidh agus, más mian leo, an t-eolas a úsáid ina gcleachtas scríbhneoireachta féin.

Ar na topaicí a chlúdófar, beidh,

Áine Durkin:                  Ó smaoineamh go scríbhinn - ag bailiú                                                     smaointe agus á bhforbairt. 
Anna Heussaff:              Ag lorg aiseolais i rith phróiseas na                                                           scríbhneoireachta. 
Áine Ní Ghlinn:             Ag forbairt carachtair. 
Réaltán Ní Leannáin:     Comhrá agus dialóg i bhficsean. 
Alex Hijmans:               An tábhacht atá le disciplín agus cleachtas                                                 oibre don scríbhneoir. 

Táim ag súil go mór le toradh bhur gcuid oibre, a lucht féachana. Ar scáth a chéile, tiocfaidh muid tríd. 

Tuesday, April 28, 2020

Radhairc Na Seachtaine

Trí mo shúile, chuig do shúile. Tá súil agam go bhfuil sibh ag coinneáil go maith, sibhse atá ag neadú, agus sibhse atá ag clutharú. Mo bheannacht chugaibh, uilig...


Sunday, April 19, 2020

Radhairc Na Seachtaine

Daoibhse atá ag clutharú, nó atá neadaithe, nó atá ag fanacht sa bhaile, tá sibh uilig i mo smaointe, go laethúil. 



Monday, April 13, 2020

Smaointe Ag Rith

Ní mar a chéile aon duine againn. 

Nuair a léim cuid de na tráchtanna a fheicim ar na meáin shóisialta, ar nós Facebook agus Twitter, mar shampla, cuireann sé iontas orm go bhfuil daoine ann a leagann méar ar mhéarchlár le trácht nó tuairim éigin a roinnt, go poiblí, amhail is nach dtuigeann siad, nó amhail is gur cuma leo, gur trácht poiblí atá ann.  

Léitear an trácht go forleathan, agus téann sé i bhfeidhm ar dhaoine, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Sin é an saol sna meáin shóisialta sin. Caithfear a bheith cúramach, cheapfainn. 

Tá chuile sheans ann nach gceapann na tráchtairí céanna go bhfuil drochmhúineadh ná drochmheas ag baint lena dtrácht, mar baineann a dtuairimí lena ndúchas féin, agus ní miste leo iad a roinnt, go fial fairsing, agus go poiblí, bíodh siad ceart nó mícheart. Ar an taobh eile den scéal, b'fhéidir gur 'meas' agus 'múineadh' atá i gceist ag an scríbhneoir lena thrácht, i ngan fhios don léitheoir. 

An fhadhb atá ann, ar an drochuair, ná gur féidir le trácht fánach míchúramach dochar a dhéanamh don duine atá goilliúnach, nó ag streachailt leis an saol, abair. Tá a ndúchas, agus a dtuairimí, féin ag na daoine goilliúnacha sin, dar ndóigh. Mar a scríobh mé, ag tús na blagmhíre, ní mar a chéile aon duine againn. 

Bíonn gach dearóil íogair, is dócha, nuair a bhriseann an dúchas trí shúile an tráchtaire. Cibé scéal é, bhí smaointe eile ag rith liom, inné, ó tharla mo mhacnamh á dhéanamh agam ar na meáin shóisialta sin. 

Ó thosaigh an coróinvíreas ar a thuras domhanda, tá na mílte is na mílte duine maraithe aige, agus tá an víreas lofa marfach sin fós ag taisteal ar fud an domhain, ag scriosadh roimhe; bailte, tíortha agus cine faoina scáil, faraor. 

Caithfidh muid a bheith cúramach, agus caithfear cloí leis na srianta a mholtar, sé sin, srian a chur le haon teagmháil shóisialta a chuirfeadh do bheatha, nó beatha aon duine eile, i mbaol. 

Sin tús agus deireadh an scéil. 

Saturday, March 21, 2020

Cíor Thuathail 2020

Ní raibh aon duine againn ag súil leis; víreas damanta damáisteach tagtha aniar aduaidh orainn, agus tá muid uilig trína chéile, mar gheall air. 

'Cogadh' an focal a chloisim agus, ar go leor bealaí, is cogadh atá ann. Ní féidir a bheith neodrach an geábh seo - tá muid uilig inár gcuid den chogadh seo, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. 

Le go mbeidh muid in ann an ceann is fearr a fháil ar an diabhal víreas seo, tá sé tábhachtach go mbeadh muid uilig ag cloí leis na moltaí atá ag teacht ó na húdaráis chuí oifigiúla, ar nós Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte

Táim féin den bharúil go gcaithfear a bheith cúramach faoi na tráchtanna a fhágann tráchtairí aineolacha anaithnide ar na meáin shóisialta fearacht Twitter agus Facebook. Tá sé de nós agam féin éisteacht leis an méid a chloisim ar na meáin oifigiúla Ghaeilge (raidió agus teilifís) mar go bhfuil sé de nós acusan na saineolaithe cearta a chur faoi agallamh, agus léim na tráchtanna nuashonraithe rialta a thagann uatha sin, freisin. Mo bhuíochas ó chroí leo uilig.

Táim buíoch, ach go háirithe, de na daoine sin atá ag breathnú inár ndiaidh; na daoine sin atá sna seirbhísí tosaigh, sna seirbhísí duine le duine - na 'freastalaithe' uilig sin atá sna siopaí, sna cógaslanna, sna hospidéil, sna clinicí, sna saotharlanna, sna seirbhísí tarrthála srl., - daoine atá á gcur féin sa bhearna bhaoil, ar mhaithe leis an bpobal a choinneáil chomh slán agus chomh sábháilte agus is féidir leo, i láthair na huaire agus na hanachana. 

Níl sé éasca orthu sin uilig, agus ní bheidh sé éasca orainne, mar phobal, ach caithfidh muid ár gcuid a dhéanamh, freisin, le tacú leosan. Tá siadsan ag tabhairt aire dúinne, mar sin is dóigh liomsa go mba chóir dúinne ár n-iarracht féin a dhéanamh gan iadsan a chur i mbaol. Go gcloímid uilig leis na treoirlínte oifigiúla ciallmhara seachanta atá molta ag na saineolaithe. 

Mo chuimhne, táim den bharúil, freisin, go bhfuil ár bpolaiteoirí ag déanamh an-jab go deo. Nár laga an víreas iadsan, ná sibhse, a léitheoirí. 

Tiocfaidh muid slán! 

Monday, March 16, 2020

Lá Fhéile Pádraig 2020

Tá a fhios agam go mbeidh an chuid is mó agaibh sa bhaile, in bhur dtithe féin, ar Lá Fhéile Pádraig na bliana seo. Sin an saol, na laethanta seo, faraor. 

Seo mo bheannacht chugaibh, a léitheoirí - físeán a chuir mé le chéile, anocht, le grianghraif a thóg mé, anseo agus ansiúd, ar fud na tíre, ach go háirithe in Inis Eoghain agus i gConamara. 

Faoina bhun, tá mo dhán nuachumtha, Tiocfaidh Muid Slán, agus é curtha leis an bhfonn a théann le 'Óró Sé Do Bheatha Abhaile.' 

Bímis ag canadh agus ag ceiliúradh le chéile, a chairde!


Tiocfaidh Muid Slán

Inniu, seo lá na féile móire,
Ceiliúradh a’inn in ardú glórtha,
Ceol sa mbaile agus amhráin ghlóire,
Tiocfaidh muid slán le chéile.

Curfá
Óró, sé do bheatha abhaile,
Óró, sé do bheatha abhaile,
Óró, sé do bheatha abaile,
Tiocfaidh muid slán ón ngéibheann.

Tír is teaghlach faoi ghlas corónach,
Baol ón tinneas, tá gach gníomh deonach,
Seasfaidh muid fód, agus beidh muid glórach,
Tiocfaidh muid slán le chéile.

Curfá
Óró, sé do bheatha abhaile…

Víreas ag bagairt ar chlann, ar chine,
Deighilt ag galar idir sibh is sinne,
Neart le chéile, sin spiorad an duine,
Tiocfaidh muid slán le chéile.

Curfá
Óró, sé do bheatha abhaile…

Inniu, seo lá na féile móire,
Ceiliúradh a’inn in ardú glórtha,
Ceol sa mbaile agus amhráin ghlóire,
Tiocfaidh muid slán le chéile.

Sea, tiocfaidh muid slán le chéile!

Beidh sibh uilig i mo smaointe, go dtaga muid slán ón ngéibheann.