Showing posts with label Féile na Nollag. Show all posts
Showing posts with label Féile na Nollag. Show all posts

Saturday, December 3, 2016

Bronntanas Uait?

Mura bhfuil bronntanais na Nollag ceannaithe agat fós, a léitheoir, is féidir leat súil a chaitheamh ar mo bhlagmhíreanna anseo, míreanna a scríobh mé an t-am seo anuraidh, agus arú anuraidh, faoi tháirgí atá ar fáil i nGaeilge. 

I mbliana, tá na cártaí thuas le fáil in Aldi, agus taobh amuigh de na siopaí atá luaite agam sna míreanna roimhe seo, tá a fhios agam go mbeidh cártai i nGaeilge le fáil ó Shiún Ní Dhuinn, go luath, agus táim ag súil go mór leo. 

Is féidir súil a chaitheamh ar chártaí le Catherine Dunne anseo.

Tháinig mé ar an tseacláid thuas in Heatons i Leitir Ceanainn, ach tháinig mé ar an suíomh gréasáin seo le Bumble Bee Creations ina dhiaidh sin, agus is cosúil gur féidir leat seacláidí agus táirgí eile 'pearsanta' a fháil, más mian leat, ach d'ordú bheith leo roimh na dátaí seo.
Fuair mé an phlaic thuas déanta anseo i mBun Cranncha; leaids óga ón idirbhliain i Scoil Mhuire, atá á ndéanamh, Chonaic mé a dtáirgí ag Margadh na Nollag an tseachtain seo caite, agus bhí m'ordú pearsanta leo, ar an bpointe. Is féidir dul i dteagmháil leo ag @LaserItYourDesign ar Facebook, más mian leat plaic a ordú in am don Nollaig. 

Thursday, December 1, 2016

Tuesday, December 1, 2015

Wednesday, December 24, 2014

Beannachtaí na Féile

Beannachtaí an tséasúir uaimse chugaibhse, a léitheoirí: go lige sibh i ndearmad buarthaí an tsaoil i rith na féile, a chairde; go ndéana sibh, agus go roinne sibh, cuimhní cinn agus craic le bhur muinitir agus le bhur gcairde; go raibh agaibh smaointe dearfacha amháin, agus go seachnaí sibh daoine diúltacha agus, ahem, póiteanna.

 Ceann Scríbe

Bainigí sult as!

Wednesday, December 3, 2014

Is fánach an áit...

...a bhfaighfeá soilse na Nollag, ach is istigh i siopa An Spailpín Fánach, ag Ceardlann an Spidéil, a cheannaigh mé soilse na Nollag do Cheann Scríbe. Tá siad éagsúil (na soilse!), agus is maith liom éagsúil.
Cheannaigh mé na cinn sin thuas roinnt blianta ó shin, agus thaitin siad chomh mór sin liom, gur chinn mé na cinn thíos a cheannach, i mbliana.
Nuair a cheannaítear iad, bíonn siad dúnta, mar atá siad thuas, ach....
...tagann siad faoi bhláth...
...nuair a spreaeáiltear iad le huisce.
Tá siad go hálainn, nuair a bhíonn siad tirim, agus lasta. 
Ar ndóigh, tá bronntanais agus cártaí na Nollag ar fáil i siopa An Spailpín Fánach, freisin, Is fiú dul i dteagmháil leo anseo, le fáil amach faoin réimse leathan soilse atá acu - tá siad galánta! Na soilse, agus an fhoireann ann.

Monday, December 23, 2013

Beannacht


Beannachtaí na féile uaimse chugaibhse, a léitheoirí. 

Tá súil agam go gcaithfidh sibh bhur gcuid ama le cuideachta shultmhar, agus go mbeidh craic agus cairdeas romhaibh, cibé áit ina mbeidh sibh an Nollaig seo. Cúpla smaoineamh daoibh, as m'amhrán, Féile na Nollag

Guímid don pháiste a rugadh,
's don leanbh nár tháinig go fóill,
's dár bpáistí a d'fhág sinn róluath,
ina gcuimhne ardóimid ár nglór.

Do dhaoine atá ar an ngannchuid,
ag fulaingt, faoi chéasadh, i bpáis,
seolfaimid cúnamh is beidh muid
'cur síolta ár ngrá dhóibh ag fás.

Níl muide 'nár mbreitheamh ar éinne,
is cuma cén creideamh ná claon,
go maire ár gcineáltas daonna,
mar a bhíonn sé an t-am seo den bhliain. 

Bainigí sult as na laethanta saoire, a chairde. Beidh mé ar ais libh ar ball beag. 

Sunday, November 24, 2013

Tacaíocht do Pieta House

Mar is eol daoibh, a léitheoirí, rinne mé jab beag le déanaí - go deimhin, ní raibh ann ach jab beag, i gcomparáid leis an méid oibre atá déanta, agus atá á dhéanamh, ag na daoine uilig atá, agus a bheidh, páirteach sa cheolchoirm (fógra thuas) atá á reáchtáil ag Ros na Rún, i gcomhar le Raidió na Gaeltachta, an Déardaoin seo chugainn, 28 Samhain, i nGaillimh, ar mhaithe le Pieta House i dTuaim - ach, mar a deir an seanfhocal, ní neart go cur le chéile!  

Beidh mé féin ag dul chuig an gceolchoirm, mar a bheidh Clann Uí Mhaoileáin, an dream a bheidh ag casadh m'amhrán an oíche sin, agus tá súil agam go mbeidh scaifte mór daoine i láthair don chraic uilig. Tá súil agam, ach go háirithe, go bhfuil daoine ag ceannach na dticéad, sa chaoi go ndéanfar neart airgid don charthanacht iontach seo; i dteannta a chéile is fearr é, mar is eol daoibh, a chairde. 

Tá na ticéid le fáil sna siopaí seo a leanas, ar fud na Gaillimhe:

Hanleys Menswear (Sráid na Siopaí), Garavan's Pub (Sráid na Siopaí), Claddagh Jewellery (Sráid na Céibhe), Blake's Corner (Bóthar Eglington), Michael Ryder (An tSráid Ard i dTuaim), Tigh Durkin (Baile na hAbhann), Siopa an Phobail (Indreabhán), agus Texaco (An Spidéal.)

Le bhur dtoil, scaipigí an scéal faoin gceolchoirm i measc bhur gcairde uilig i nGaillimh, agus ar fud na tíre, mura miste libh - beidh chuile phingin ón gceolchoirm ag dul chuig Pieta House i dTuaim. 

Idir an dá linn, má tá cúpla euro le spáráil agat féin, a léitheoir, d'fhéadfá iad a roinnt leis an gcarthanacht anseo, dá mba mhian leat. 

Ar scáth a chéile a mhaireas na daoine.