Showing posts with label torthaí. Show all posts
Showing posts with label torthaí. Show all posts
Wednesday, November 9, 2016
An Mámh Cinn
Nuair a luaigh mé le cara liom, aréir, go raibh seans maith ann go dtoghfaí Donald Trump ina uachtarán ar Mheiricéa, bhí 'Dia idir sinn agus an drochrud' ar shála a ráitis 'An bhfuil tú iomlán craiceáilte, a chailín!' Ar ndóigh, b'fhéidir go bhfuilim craiceáilte, ach, ar chloisteáil dom faoi na torthaí ar maidin, an t-aon mhearbhall a bhí orm ná go raibh an oiread sin ionaidh ar dhaoine eile faoin toradh.
B'fhacthas domsa go raibh dóiteacht agus crá croí ar chosmhuintir na tíre, le fada. Cén fáth nár thug an 'establishment' é sin faoi deara, meas tú? Thug an t-uachtarán tofa é faoi deara, go deimhin, agus fuair sé lucht éisteachta dílis dá bharr sin; 'outsider -v- insider' a chonaic mé scríofa áit éigin, agus chuile sheans gurb í an bharúil sin a bhí ag tromlach na vótálaithe nuair a chaith siad a gcuid vótaí inné.
Meas tú nach é an rud ceanann céanna a tharla le Breatimeacht níos luaithe i mbliana? Le linn na dtoghchán, sa mBreatain agus sna Stát Aontaithe, ní raibh na polaiteoirí uilig, ná go leor daoine sna meáin chlóite agus teilifíse, shílfeá, ach ag éisteacht lena dtuairimí agus lena smaointe féin. Ní fheileann sé sin don té atá ar an ngannchuid. Mar is léir, tá guth an vóta láidir agus tréan, bíodh sé ceart nó mícheart.
Níl a fhios ag aon duine againn céard atá i ndán dúinn de thoradh na nithe atá ag titim amach in earnáil na polaitíochta i láthair na huaire. Ach, tá a fhios agam an méid seo, níl a dhath le déanamh ach deis a thabhairt don té a thapaigh a dheis an deis sin a thapú, más féidir.
Beidh le feiceáil.
Labels:
Breatimeacht,
meáin,
rialtas,
SAM,
torthaí,
uachtaránacht,
vótáil
Monday, August 20, 2012
Oideas Veigeatórach
Bainim
úsáid as an oideas seo le quiche cáis ghabhair a dhéanamh. Déanaim mar atá
molta aici ina nótaí, ‘Be bold and try new flavors,’ agus athraím na glasraí san oideas, ó am go chéile.
Inniu, in
áit na n-oinniún, chuir mé puimcín imchnó isteach sa quiche, leis na cúirséid. Blás níos
milse air, gan na hoinniúin, agus bhí blas na tíme sa quiche níos láidre, shíl
mé.
Sa sailéad
tá spionáiste, peirsil, trátaí, basal, cáis feta, agus rúinín ola ológa úríon
measctha le peisteo basal. Mo chuimhne,
bainim úsáid as plúr slánghráin; plúr speilte, go hiondúil.
Labels:
béile,
feoilséantóir,
oideas,
torthaí,
veigeatóir
Subscribe to:
Posts (Atom)
