Showing posts with label Smaointe ag Rith. Show all posts
Showing posts with label Smaointe ag Rith. Show all posts

Thursday, January 8, 2026

Smaointe Ag Rith

Ó tharla go bhfuair mé corróg nua roinnt seachtainí ó shin, ní raibh mórán eile ar bun agam, idir sin agus anois, ach cleachtadh coisíochta, agus cneasú. Tá an phian imithe, agus tá mo chuid fuinnimh ar an mbealach ar ais, diaidh ar ndiaidh. Is gearr uaim mo sheanléim, shamhlóinn.  

Ar aon nós, a fhad is a bhí mé ag cneasú liom, i mo luí nó i mo shuí, gan tada eile a d'fhéadfainn a dhéanamh ceal fuinnimh, bhí am ag mo chuid smaointe bheith ag rútáil trí mo chuid cuimhní cinn. Is iomaí cuimhne a tháinig chun cinn; cuid acu brónach, cuid acu dearfach, cuid acu áthasach, cuid acu diúltach, agus ceann nó dhó a tháinig chun cinn a raibh dearmad glan déanta agam ar an eachtra lenar bhain siad! Ach, is scéalta iad sin do bhlagmhír eile, amach anseo. B'fhéidir. 

Blianta ó shin, roinnt blianta sula bhfuair mo dheirfiúr Ciara bás, bhíodh sí ag obair in ionad altranais, áit a mbíodh sí ag tabhairt aire d'othair a bhí gafa ag néaltrú; an galar Alzheimer ach go háirithe, más buan mo chuimhne. Cé nach raibh sí ag obair san ionad altranais le cúpla bliain roimhe, fuair sí cead ón lucht bainistíochta, is dócha, dul ar cuairt ann, dá mba mhian léi. Duine lách a bhí inti agus ní dhearna sí dearmad orthu, fiú agus post nua faighte aici. 

Bhí mé thall ar cuairt, uair amháin, agus d'iarr sí orm ar mhaith liom a dhul in éineacht léi chuig an ionad altranais. Ní raibh sí ar ais san ionad le tamall, agus bhí sí ag iarraidh mé a chur in aithne do na haltraí, agus hello a rá le chuile dhuine ann, ag an am céanna. Nuair a shroich muid an áit, chuir sí mé in aithne do na hoibrithe ann, ar dtús, agus ansin shiúlamar isteach sa 'seomra suite' le go mbeadh sí in ann mé a chur in aithne do na clients, mar a thugtar orthu thall. 

Duine ar dhuine, le gliondar ina gcuid súl, d'éirigh na clients uilig le barróg a thabhairt do Chiara. Thug mé faoi deara go raibh ainm chuile dhuine acu fós ar eolas aici, cé nach féidir liom a bheith cinnte go raibh cuimhne acusan uilig ar ainm mo dheirféar. Sin néaltrú. Sciobann sé cuimhní. Bhí go leor 'I miss you so much' le cloisteáil uathu, mar sin fhéin.  

Bhí bean amháin, bean bheag le meangadh áthais ar a béal, ina seasamh go foighneach, ag fanacht lena deis barróg a thabhairt do Chiara. Nuair a fuair sí a deis bharróige, rug sí greim ar lámha Chiara, bhreathnaigh uirthi le lúcháir, agus dúirt,

'I can't remember who you are, but I know I love you.'

An lorg nach maireann beo beathach sa chuimhne, maireann sé sa chroí. D'fhág Ciara lorg. Chuir mo chuid smaointe é sin i gcuimhne dom. Bhí a fhios ag mo chroí é, cheana féin. 

Thursday, March 21, 2024

Nósanna

Níl a fhios agam cén uair a thug mé an nós áirithe seo faoi deara, ach chomh luath agus a thug mé faoi deara go raibh mé á dhéanamh, rinne mé cinneadh gurbh fhearr liom gan é a dhéanamh arís. Nílim gan locht, an dtuigeann sibh. Glacaim leis go ndéanaim botúin, go bhfuilim lag scaití, go mbím neamhchinnte scaití, go mbrisim nós, go bhfuil mo nóisin fhéin agam (mar atá againn uilig, seans) gur féidir liom bheith dána nó maith (mar is eol do Shantaí), go bhfuil m’fhéiniúlacht fhéin agam. Ní lia duine ná tuairim, ar ndóigh, ach is minic go mbíonn mé fhéin agus mo choinsias ar aon tuairim nuair a thagann ár smaointe le chéile. Bíodh mé ceart nó mícheart, leanaim ar aghaidh leis na nósanna lena bhfuilim compordach; na nósanna a réitíonn le mo chuid smaointeoireachta fhéin.   

B’fhéidir go leanann daoine ar aghaidh lena gcleachtas mar gur gnáthnós atá ann dóibhsean; an rud a chonaic siadsan déanta ag an nglúin a chuaigh rompu, déanann siad fhéin é gan mórán smaoineamh a dhéanamh faoi. Go minic, leanann siad a dtréad agus nósanna a dtréad mar nach bhfuil sé de nós acu nós a bhriseadh ná nós nua a dhéanamh; freastalaíonn siad ar na heaglaisí céanna, caitheann siad vóta mar a chaith a ndream rompu, tugann siad ainmneacha a sinsear do naíonán nuabheirthe agus, go minic, sloinnte na bhfear amháin a bhíonn ar a bpáistí. Ach, ní bhaineann na cearta sin go baileach leis an scéal seo.

Nuair a thagann cuireadh ó dhlúthchara liom, nó duine de mo lucht aitheantais, is minic ainm mo pháirtí san áireamh ar an gcuireadh, cé go bhfuil seans ann nár casadh fear an tí seo orthu riamh. Is minic cártaí faighte agam ó sheanchara agus é sínithe aici ‘le grá’ uaithi, óna páirtí agus óna bpáistí. Tá daoine nár casadh orm riamh i mo shaol ag seoladh grá chugam! I ngan fhios dóibh fhéin, seans.

Maidir leis an gcuireadh chun bainise, is minic go dtugtar cuireadh don chara móide páirtí agus, in amanna, móide a bpáistí. Ciallaíonn sé sin go mbíonn go leor daoine ag an bpósadh acu nach bhfuil aithne ag an lánúin orthu, gan trácht ar an gcostas sa bhreis a bhíonn i gceist le strainséirí ag teacht chuig an mbainis. Ach, ní bhaineann na cearta sin go baileach leis an scéal seo.

Bíodh beannacht nó cuireadh i gceist, nuair a chuireann cara ainmneacha daoine eile ar chárta, daoine nach raibh riamh páirteach sa chaidreamh a bhí aici nó aige leis an té a gheobhaidh an cárta, an bhfuil nósmhaireacht i gceist, nó an é go gcuirtear an cairdeas a thosaigh ‘duine le duine’ go leataobh agus go ndéantar spleáchas den neamhspleáchas?

*************************

Is é Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha le Comhairle Contae Dhún na nGall, eagarthóir Súil Thart. Beidh leagan den alt seo le léamh sna nuachtáin Donegal News, Strabane Chronicle, Ulster Herald agus Dungannon Herald an tseachtain seo. 

Wednesday, November 25, 2020

Smaointe Ag Rith

B'fhearr liom a bheith cineálta ná gránna.

Sin é a dúirt sí. Blianta fada ó shin. 

Comhrá a bhí ann, idir í féin agus bean eile, faoi bhás an fhir; andúileach a d'imigh ar shlí na fírinne, i bhfad roimh a am, shílfeá. 

Ní raibh sé fiú seasca bliain d'aois. 

Rug a chuid ólacháin ar a chroí, agus d'fháisc an bheatha as, mar gheall ar an drochbhail a bhí curtha ar na baill eile dá chorp.  

Ar feadh a shaoil, nuair nach pingin fanta aige le deoch a cheannach, cheannódh daoine eile deoch dó, nó thabharfadh siad deoch chun tí chuige, agus greim le hithe, mar go raibh trua acu dó.

Ní air atá an locht, an créatúr bocht.

Daoine cineálta. Ní raibh siad gránna. Tuigim a gcás. Ní raibh siad ag iarraidh go mbeadh sé ag fulaingt. 

Sa leaba a bhí sé, nuair a thángadar ar a chorp. 

Na daoine sin atá, fós, ag dul chuig cóisirí, tórraimh, sochraidí, gruagairí, seisiún óil, ag seasamh taobh le taobh le daoine, go poiblí nó go príobháideach, nuair a moltar nach bhfuil a leithéidí sábháilte, ní daoine gránna iad. 

Ar maidin, smaoiním ar an bhfear sin, fear a fuair bás roimh a am, ina leaba, leis féin, gan aon duine gaolta leis ina chuideachta. 

Níl rós gan dealg.

Friday, October 23, 2020

Na Dátaí Sin

Thug mé suntas dó, inné, nuair a bhí mé i mbun siopadóireachta in ollmhargadh áitiúil, go bhfuil sé de nós agam súil ghéar a choinneáil ar an 'dáta ar fearr roimhe' nó ar an 'dáta dulta ó mhaith' atá scríofa ar na táirgí éagsúla, sula gceannaím iad. 

Is ceist sách achrannach iad na dátaí céanna, muise, agus, dá bhrí sin, cloím leis an dáta is úire, nó leis an dáta is faide anonn, a dhéanann ciall domsa, mar thomhaltóir. Mé fhéin a bheas thíos leis má thógaim an ceann mícheart; mise a bheas tinn, má dhéanaim neamhaird iomlán de mholtaí na saineolaithe bia, nó, níos measa fós, d'fhéadfadh duine éigin eile a bheith go dona tinn, dá dtabharfainn an táirge lofa abhaile chucusan. 

Ní féidir an fhreagracht uilig a fhágáil le foireann an tsiopa (ní bhíonn siadsan, ná saoi, gan locht), caithfimid cuid den chúram a ghabháil orainn fhéin, freisin, shílfeá. 

Rith an smaoineamh liom, ar maidin, nach bhfuil fiú saineolaithe an domhain ar ghalair neamhchoitianta in ann dátaí cinnte a thabhairt dúinn maidir le dáta éaga an choróinvíris. Dá bhrí sin, caithfear a bheith cúramach, gan an fhreagracht uilig a fhágáil le rialtais ná le saineolaithe, ach ár gcuid a dhéanamh le haire a thabhairt dúinn fhéin agus do dhaoine eile. 

Tá dáta úr faighte againn, cé nach bhfuil an dáta is faide anonn ar eolas ag éinne againn, fós. 

Go bhfága muid fhéin ár sláinte againn.  

Monday, April 13, 2020

Smaointe Ag Rith

Ní mar a chéile aon duine againn. 

Nuair a léim cuid de na tráchtanna a fheicim ar na meáin shóisialta, ar nós Facebook agus Twitter, mar shampla, cuireann sé iontas orm go bhfuil daoine ann a leagann méar ar mhéarchlár le trácht nó tuairim éigin a roinnt, go poiblí, amhail is nach dtuigeann siad, nó amhail is gur cuma leo, gur trácht poiblí atá ann.  

Léitear an trácht go forleathan, agus téann sé i bhfeidhm ar dhaoine, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Sin é an saol sna meáin shóisialta sin. Caithfear a bheith cúramach, cheapfainn. 

Tá chuile sheans ann nach gceapann na tráchtairí céanna go bhfuil drochmhúineadh ná drochmheas ag baint lena dtrácht, mar baineann a dtuairimí lena ndúchas féin, agus ní miste leo iad a roinnt, go fial fairsing, agus go poiblí, bíodh siad ceart nó mícheart. Ar an taobh eile den scéal, b'fhéidir gur 'meas' agus 'múineadh' atá i gceist ag an scríbhneoir lena thrácht, i ngan fhios don léitheoir. 

An fhadhb atá ann, ar an drochuair, ná gur féidir le trácht fánach míchúramach dochar a dhéanamh don duine atá goilliúnach, nó ag streachailt leis an saol, abair. Tá a ndúchas, agus a dtuairimí, féin ag na daoine goilliúnacha sin, dar ndóigh. Mar a scríobh mé, ag tús na blagmhíre, ní mar a chéile aon duine againn. 

Bíonn gach dearóil íogair, is dócha, nuair a bhriseann an dúchas trí shúile an tráchtaire. Cibé scéal é, bhí smaointe eile ag rith liom, inné, ó tharla mo mhacnamh á dhéanamh agam ar na meáin shóisialta sin. 

Ó thosaigh an coróinvíreas ar a thuras domhanda, tá na mílte is na mílte duine maraithe aige, agus tá an víreas lofa marfach sin fós ag taisteal ar fud an domhain, ag scriosadh roimhe; bailte, tíortha agus cine faoina scáil, faraor. 

Caithfidh muid a bheith cúramach, agus caithfear cloí leis na srianta a mholtar, sé sin, srian a chur le haon teagmháil shóisialta a chuirfeadh do bheatha, nó beatha aon duine eile, i mbaol. 

Sin tús agus deireadh an scéil. 

Friday, March 8, 2019

Lá Idirnáisiúnta na mBan 2019


Mná Ar Buile

Ag smaoineamh dhom ar chuimhní cinn,
Ar bhóthar ‘tá siúlta a’m seasca bliain,
Cé chasfaí dhom ach mná mo linne,
Mná na hÉireann ‘s iad ar buile.

Curfá  

Allilliú, puilliliú, aillilliú bhí mná ar buile
Aillilliú, puilliliú, aillilliú bhí mná ar buile.

Sa mBunreacht nua, bhí mná i sáinn,
Fir a chum na focla ann,
Áit na mban sa mbaile suite,
Socrú déanta, cearta sciobtha.

Curfá   Allilliú…

Bhí greim docht daingean ar gach broinn,
Ní ag na mná an greim docht sin,
Ach cléir is rialtas gan aon bhean,
An chos ar bholg ag dlíthe fear.

Curfá   Allilliú…

Ar phósadh dhí a thosaigh ‘n tost,
Chaill bean sloinne, cearta is post,
Le fear a colainn, maoin is spré,
Fiú dlí á chosaint ar ionsaí gnéasach.

Curfá   Allilliú…

Bhí Maighdiléanaí is iad á gcrá,
Obair chrua, gan meas ná páigh.
A bpáistí tógtha…cá raibh an grá?
Luach ar bheatha, nó fuair siad bás.

Curfá   Allilliú…

An leispiach, bhí sí faoin sceon,
Faoi bhagairt Dhia, Diabhal is meon,
Ach, ‘s fearr le Nádúr bród ná brón,
Níor laga Dia ná Diabhal ár Leo!

Curfá   Allilliú…
                                                                                                           
Savita álainn, chaill sí neart,
An bás a fuair sí, an raibh sé ceart?
Pian is faitíos, cabhair de dhíth,
Beag beann ar impí, cailleadh í.

Curfá   Allilliú…

Bhí reifreann ann a tharraing raic,
Maslaí caite…briathra is beart!
Iad siúd a cheap nár thuig mná faic,
Fuair siad cic sa tóin, is d’fhoghlaim ceacht.

Curfá   Allilliú…

Ó Vicky is Emma, tháinig scéalta
Faoi bhréaga inste, ‘s freagracht séanta,
Ach, sheas siad fód, chuir cos i dtaca,
Is d’fhiosraigh fáth, is feall, is peaca.

Curfá   Allilliú…

Tá obair a’inn le déanamh fós
Nós nua le cur in áit seanóis,
Go n-athróidh dearcadh, iompar is meon,
Beidh Mná na hÉireann ag déanamh gleo.                                                                       

Curfá  

Allilliú, puilliliú, aillilliú bhí mná ar buile
Aillilliú, puilliliú, aillilliú tá mná ar buile!


*******

Sin thuas amhrán a scríobh mé d'Oireachtas na Samhna, anuraidh. Nuair a scríobh mé an t-amhrán, bhí 'Emma' fós linn. Cailleadh í. Suaimhneas síoraí dá hanam uasal. Tá sí i mo smaointe, inniu ach go háirithe, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. 

Bíodh an-oíche agaibh, anocht, agus go n-éirí go geal libh uilig, a mhná! Aiféala orm nach mbeidh mé ansin, ach beidh mé anseo, amárach

Saturday, March 2, 2019

Béarlagair

Tá a fhios agaibh féin an chraic, a léitheoirí...bíonn tú i do shuí ansin, ag tabhairt aire do do ghnóthaí féin, ag éisteacht leis an raidió, nó ag breathnú ar an teilifís, agus an chéad rud eile cloisfidh tú nath cainte in úsáid, nath nach raibh cloiste agat, riamh cheana, ach atá anois in úsáid leis an minicíocht chéanna agus a chuirfeá im ar arán, nó bainne i do chuid tae.

Tóg an nath sin 'going forward' mar shampla, nath atá le cloisteáil as béal gach mac máthar a bhíonn ag labhairt faoi aon-cheo-gnó atá ag dul ag tarlú sna laethanta/seachtainí/blianta atá amach romhainn,.

Cuireann sé iontas orm, go deimhin, nach bhfuil an nath nuachumtha le feiceáil ar an liosta seo (liosta de bhéarlagair gnó a chuireann daoine soir), cé go bhfuil sé luaite-le-cantal san alt seo.

Ar aon nós, le scéal fada a dhéanamh níos faide, tá béarlagair gnó nua iomarca-úsáide cloiste agam, le déanaí, agus sé sin 'proof of concept,' nó 'cruthúnas coincheapa' mar a thugtar air anseo

Anois, ná fiafraigh díom cén fáth, ach nuair a chuala mé an nath sin thuas den chéad uair, thosaigh mo chuid smaointe ag rith ar fud na háite sin ar a dtugaim 'mo chloigeann.' Bhí mé ar thóir mhíniú ciallmhar ó m'inchinn chiallmhar, an dtuigeann sibh, ach ní sa treo sin a chuaigh mo, ahem, phróiseas smaointeoireachta

B'fhéidir gur féidir an locht a chur ar an bhfocal sin 'concept,' nó b'fhéidir gurb í an líne sin as Wikipedia, 'A proof of concept is usually small and may or may not be complete.' is ciontaí, ach, pé scéal é, tháinig, ahem, tógáil páistí isteach i mo chloigeann. 

Maidir le tógáil páistí, a léitheoirí, cibé coincheap atá in bhur gcuid gcloigne maidir leis an mbealach is fearr le páistí a thógáil, creid uaimse é, níl aon chruthúnas ann go n-éireoidh leis, going forward.

Friday, October 6, 2017

Seanfhocail agus Nathanna Cainte

Mise mé féin, ach cé hé thusa?

Dar leis an leabhar Seanfhocla Chonnacht, is éard atá i gceist leis an seanfhocal sin thuas, 'níl a fhios againn intinn an duine eile.'

Ar ndóigh, tá sé sin fíor. Is cuma céard a cheapann tusa ná mise faoi ráiteas nó faoi thuairisc a chloiseann nó a léann muid, i ndáiríre, ní féidir a bheith cinnte céard atá taobh thiar den smaoineamh a thugann beatha don rá béil a chloistear, nó don bhualadh méire a léitear. 

Is cuma cá mbím, feicim agus cloisim neart tuairimí á roinnt. Bíodh stampatír nó duine i gceist, bíonn dhá thaobh ar an mbád, agus roghnaíonn daoine an taobh is ansa leo féin.

Ní hionann moráltacht aon duine, ach is minic go dtagann beirt nó triúr, nó slua, le chéile, agus seolann siad uilig ar an mbád céanna, ó tharla an ghaoth ag séideadh i dtreo a fheileann dóibhsean. 

Chuile dhuine lena phaidrín agus lena chlocha féin, is dócha...athrú aeráide a fheileann, ar bhealach, nuair nach féidir an dá thrá a fhreastal, seans. 

Ní lia duine ná barúil, agus bíonn claonadh nó fabhar i gceist, fiú i ngan fhios, go minic. 

An féidir fanacht ar an gclaí? An féidir leis an mhaith an lámh in uachtar a fháil ar an olc? Ceist mhaith, agus is dóichí ná a mhalairt go mbraitheann an freagra ar mheon agus ar thuairim an duine.

Mise mé fhéin, ach cé hé thusa?

Monday, May 15, 2017

Smaointe ag Rith

Tharla sé go raibh sé fhéin agus mé fhéin ag ól caife, ar chúl an tí (sular fhág an ghrian muid) inné, agus cé nach cuimhin liom cén fáth ná cén chaoi ar tharla sé, tháinig ainm Emma Peel isteach sa chomhrá. 

Anois, tá a fhios agam go maith go bhfuil daoine á léamh seo agus ní bheidh leid dá laghad acu cé hí Emma Peel, agus tá chuile sheans ann nár chuala siad iomrá ar The Avengers ach an oiread (an clár ina mbíodh an t-aisteoir, Diana Rigg, ag aisteoireacht mar Emma Peel) ach ba chlár é a thaitin go mór liom fhéin, nuair a bhí mé i mo chailín óg. 

Bhí mé, ahem, ag iarraidh bheith cosúil le Emma Peel, an dtuigeann sibh, a léitheoirí. Shamhlóinn mé fhéin, i m'éadaí dubha teanna, ag sábháil an domhain, agus is iomaí karate cic a tarraingíodh, i dtreo mo shiblíní, thar na blianta, agus mé, ahem, i mbun na hoibre sin. Tá chuile sheans ann go bhfuair mé cic nó dhó ar ais, ach ní cuimhin liom na, ahem, rudaí beaga suaracha sin. 

Ach, is cuimhin liom, go maith, an díomá a bhí orm nuair nár éirigh le Daidí na Nollag an chulaith dhubh theann sin a fhágáil faoin gcrann Nollag dom. Bhí sí ar bharr mo liosta a'm! Ar ndóigh, tá a fhios agam nach ar Dhaidí na Nollag a bhí an locht, mar nár fhéad sé theacht ar chulaith a d'fheilfeadh. Mar sin fhéin, ag an am ar leith sin, bhí an cailín beag ramhar seo an-bhuartha ar fad. Níor thuig sí, an créatúirín, go raibh an saol agus a cuid samhlaíochta in adharca a chéile. Tuigim anois é. 

Sa lá atá inniu, feicim an brú atá ar chailíní agus ar bhuachaillí. Tá siad báite agus sáite sna meáin, áiteanna ar féidir an fhírinne a cheilt; go mion minic, i ngan fhios don té atá soineanta, nó neamheolach ar fhíricí an tsaoil. 

Bhí an t-ádh liomsa, ar go leor bealaí. Bhí daoine muinteartha liom, agus cairde agam, a choinnigh súil ar mo chuid samhlaíochta, agus a chothaigh mo chuid muiníne, ar feadh mo shaoil. Is faoina dtioncharsan atá mé fós ag maireachtáil. 

An méid sin ráite, ní hionann an dá ré, ansin agus anois. Ach, is ionann mianta an duine óig, mar go bhfuil a gcuid samhlaíochta fós aibí, agus éasca a mhúnlú. 

Tá súil agam go mbeidh muintir agus cairde daoine óga samhlaíocha na linne seo in ann iad a thabhairt slán ón múnlú dodhéanta neamhchríonna. 

Sunday, March 26, 2017

Lá na Máithreacha

'Staid intinne is ea an tseanaois. Staid intinne is ea an óige. An rud is tábhachtaí ná a bheith dílis do do chuid prionsabal féin, do shaol a chaitheamh de réir na gcaighdeán agus an tslat tomhais a leagann tú síos duit féin.'

Léigh mé an méid sin thuas, focail a tháinig ón scríbhneoir Mícheál Ó Ruairc, ar tuairisc.ie, le déanaí. Sin iad na focail a rith liom, ar maidin, ar Lá na Máithreacha, agus mé ag cogaint círe an lae, le mo lón machnaimh. 

Fadó, os cionn caoga bliain ó shin, rith smaoineamh liom i séipéal, agus níor athraigh mé m'intinn ar an ábhar, ó shin. Creidim i nithe atá 'ceart' agus 'cóir,' agus creidim i gcomhionannas

Cuireann sé iontas orm, mar shampla, nuair a scaoileann mná, go traidisiúnta, lena sloinnte, ach glacaim leis go bhfuil an ceart sin acu, fiú má shamhlaím féin nach gcuidíonn sé le cearta na mban. Sin mise. 

Ar ndóigh, b'fhéidir gur hipí atá ionam, ach níor athraigh mo 'chuid prionsabal' mórán ó bhí mé sé bliana d'aois, agus ní dóigh liom go n-athróidh siad anois. 

Seasaim go glórach ciúin ar mo chlaí fhéin, an dtuigeann sibh. Trasna an bhóthair uaim tá claí eile, agus tá daoine ina seasamh ar an gclaí sin, mar nach maith leo an claí ar a bhfuilimse i mo sheasamh. Tá an ceart sin acu. Níl dochar san éagsúlacht, an fhad is nach gcaitear clocha, ná urchair; fhad is nach ngonntar le beart ná le briathar. 

Teastaíonn droichid, ní drochíde. Sin mo phrionsabal. 

Bainigí sult as Lá na Máithreacha, a léitheoirí. 

Monday, April 11, 2016

Smaointe ag Rith

'Life is too short to wake up with regrets. So love the people who treat you right and forget about the ones who don't.'

Is ar Twitter a bhí mé ar maidin, nuair a chonaic mé an t-athfhriotal thuas, athfhriotal a tháinig ó @WomenOfHistory, via @Tuigim. Táim den bharúil gur ó fhear a tháinig an t-athfhriotal, ar dtús, ach sin scéal eile, nach mbaineann leis an scéal seo. Ceapaim. 

Pé scéal é, chuir an t-athfhriotal sin athfhriotal eile i gcuimhne domsa, ceann a chuala mé ó bhean chliste roinnt blianta ó shin, ceann a chum sí óna dúchas féin, agus í ag labhairt liom, le nádúr carad agus comhairleora, 

Ná glan ach tóin an té a ghlanfadh do thóin duit. 

Chinn mé an t-athfhriotal a roinnt ar mo chuntas féin thall ar Twitter agus, dá thoradh sin, thosaigh trácht nó dhó idir mé fhéin agus @uathachas agus @aonghusoha. Is féidir libh, más mian libh, na tráchtanna sin a léamh anseo

Ar aon nós, thosaigh mo smaointe ag rith, siar ar bhóithrín na smaointe. Roinnt blianta ó shin, roinn mé athfhriotal na mná cliste le cara eile liom, agus an bhfuil a fhios agaibh céard a dúirt sí liom,

'Honestly, Áine, I don't think I could personally wipe your ass if it needed wiping... but I wouldn't leave you in that state - I'd pay somebody to do it!'

Agus, tuigim a cás...ina bealach féin, ní fhágfadh sí cara san fhaopach, agus sin, ahem, bun agus barr an scéil agus na fealsúnachta. I bhfocail an fhir chliste a chum an leagan nua dom ar maidin, 

Ní grá go glanadh tóna.

Mar sin, is fearr comhluadar a choinneáil leis na daoine a 'who treat you right' agus 'forget about the ones who don't' is dócha. Lón machnaimh daoibh, ar maidin, a chairde. 

Tuesday, June 2, 2015

Smaointe Ag Rith

Tharla sé gur chaill mé codladh na hoíche, aréir, a léitheoirí. Ní go rómhinic a tharlaíonn sé, go deimhin, ach, nuair a tharlaíonn, líontar folús mo dhúiseachta le cuimhní cinn, agus tosaíonn smaointe ag rith isteach i mo chloigeann; go dtí nach mbíonn áit sa chloigeann céanna do chodladh na hoíche, is dócha. Sin é an baol.

Pé scéal é, ceann de na cuimhní a tháinig chugam aréir ná an scéal a chuala mé, blianta fada ó shin, ó lánúin a chaill codladh na hoíche iad féin, nuair a tháinig duine éigin ag cnagadh ar dhoras a tí, in am marbh na hoíche. Ghlac siad leis gur duine óltach a bhí ann, rinne siad neamhaird den chnagadh, agus d’fhan siad ina leaba. 

Ní dea-scéal toradh an scéil sin, ach sin scéal eile, nach bhfuil fúm é a roinnt anseo.

Is dóigh liom gurb é an fáth gur tháinig an scéal sin chun cuimhne ná mar gheall ar scéilín eile a insíodh dom, le déanaí. Lánúin eile, lánúin i bhfad níos óige, a bhí i mbun inste an geábh seo. Dúisíodh iad, i lár na hoíche, níl sé i bhfad ó shin, nuair a chuala siad duine éigin ag cnagadh ar dhoras a tí, ach ghlac siad leis gur scam de shaghas éigin a bhí ann, rinne siad neamhaird den chnagadh, agus d’fhan siad ina leaba.

Rith sé liom, aréir, nach bhfuil an saol ag athrú, ar chor ar bith, fiú má mhaítear go bhfuil. Táimid uilig éagsúil, mar is iondúil; cuid againn inár ‘is cuma liom’aithe, agus cuid againn inár ‘ní bhaineann sé liom’aithe, agus níl a fhios ag aon duine againn, go cinnte, cén toradh a bheas ar aird, ná ar neamhaird. Sin é an saol, agus nach é an mac baolach é, gan amhras dá laghad.

An méid sin ráite, b’fhéidir go mba chóir dúinn amhras a bheith orainn faoina leithéidí. Deacair a rá. D’fhéadfá codladh na hoíche a chailleadh…

Monday, June 9, 2014

Na Boscaí Sin

Ar an deasc i m'oifig anseo i gCeann Scríbe, tá na trí bhosca sa ghrianghraf thuas. Chuir mé ansin iad, roinnt blianta ó shin, le go mbeinn in ann ord, de shaghas éigin, a choinneáil ar mo chuid, ahem, dea-rún. 

Sa chéad bhosca, cuirim na focail féilire, nó na hathfhriotail Bhéarla a fheicim, na cinn ar mhaith liom leagan Gaeilge a chumadh lena n-aghaidh, am éigin amach anseo, ach an deis a bheith agam é sin a dhéanamh. 

Sa dara bosca, cuirim na nathanna cainte nua/focail nua/seanfhocail nua a chloisim...nathanna agus focail i mBéarla agus i nGaeilge, cinn ar mhaith liom a mbunús a fhiosrú/taighde a dhéanamh orthu, le go mbeinn in ann iad a roinnt ar mo bhlag, am éigin amach anseo, ach an deis a bheith agam é sin a dhéanamh. 

Sa tríú bhosca, breactha ar phíosaí páipéir, tá na smaointe sin a ritheann liom, go rialta agus go laethúil...smaointe as a dtiocfadh dán, nó scéal, nó amhrán, nó blagmhír, b'fhéidir, ach an deis a bheith agam ceann a scríobh, am éigin amach anseo.

Le bliain nó dhó, thug mé faoi deara go raibh i bhfad níos mó ag dul isteach sna boscaí sin, seachas mar a bhí ag teacht amach astu, mar a déarfá...bhí mo spiorad toilteanach ach, faraor, thug mé faoi deara go raibh mo chorp sách trodach. Bhí laethanta go leor ann agus ní raibh fuinneamh caitín agam, agus ghlac an bhean mheánaoiseach seo leis sin, mar gheall ar na focail eile sin a chuala mé sách minic...aois, athrú saoil, srl., srl., srl.

Ach, i ndeireadh na dála, ní mar a shíltear a bítear, i gcónaí. Rud eile ar fad a ghoid m'fhuinneamh uaim, fadhb bheag lena bhfuilim ag dul i ngleic, gan stró, ach fadhb bheag atá do mo choinneáil ó mo chuid scríbhneoireachta mar sin féin, agus, dá bhrí sin, do mo choinneáil ó mo bhlag. Aiféala orm faoi sin, a léitheoirí rialta dílse. Níl mo sheanléim i bhfad uaim, tá súil agam. 

Rith smaoineamh eile liom ar maidin - cuirtear daoine i mboscaí, freisin; aois, aicme, inscne, creideamh, srl., srl., srl. Cuirtear lipéid orainn, in ainneoin ár leithlí. Gura fada uainn dáileoirí na lipéad. Go raibh deis againn uilig cneasú. 


Friday, April 25, 2014

Droch-chomhartha?

Meas tú, arsa mé féin liom féin, ar maidin - nuair a chonaic mé an comhartha loite thuas, taobh amuigh d'ollmhargadh Lidl anseo i mBun Cranncha - meas tú, arsa mé féin liom féin, an bhfaca lucht an TCI cé a rinne an damáiste? 

Is deacair a rá...ní bheadh a fhios agat...cá bhfios?!

Mo chuimhne, an raibh a fhios agaibh, a léitheoirí, go raibh a leithéid de chomhartha ann agus an interrobang? Meas tú cén Ghaeilge a bheadh ar a leithéidí? Comhartha uaillcheiste?

Is deacair a rá...ní bheadh a fhios agat...cá bhfios?!

Saturday, January 25, 2014

Glanadh an Earraigh

Le seachtain anuas, táim ag glanadh amach cófraí agus tarraiceán anseo i gCeann Scríbe. Is dócha gur 'glanadh an earraigh' a thabharfadh duine ar an nglanadh seo, ó tharla muid i mbrollach an earraigh. 

Bíodh sin mar atá, buaileann rámhaille ghlantóireachta an scríbhneoir seo ó am go chéile, is cuma an t-earrach ann nó as, ach, mar sin féin, tugtar 'glanadh an earraigh' air, feictear dom, is cuma cén t-am den bhliain a ndéantar é.  (An ionann é sin agus 'grianghraf' a thabhairt ar phictiúr a thógfadh duine ar lá báistí, meas tú?) Hmmm...

Cibé scéal é, chuir sé iontas orm na nithe (truflais, giuirléidí) a bhí bailithe agam, sna cófraí agus sna tarraiceáin, thar na míonna - rudaí nach mbainfinn úsáid astu riamh, seans, ach nithe a choinnigh mé 'ar fhaitíos na bhfaitíos' go dteastódh siad lá éigin, is dócha. É sin nó cheap mé go raibh tábhacht éigin ag baint leo, agus go mba chóir dom iad a choinneáil 'ar eagla na heagla.' 

Ar aon nós, scaoil mé le m'fhaitíos agus le m'eagla, agus chaith mé formhór na dtaiscí sa bhruscar. 

Rith sé liom anocht, agus mé ag déanamh machnaimh ar mo sheachtain oibre, nach ndéanfadh sé dochar ar bith dúinn uilig dá gcaithfeadh muid amach cuid de na smaointe sin atá curtha i dtaisce againn thar na blianta; smaointe atá ag bailiú meirge, smaointe nach ndéanfaidh aon mhaith riamh.

Monday, December 30, 2013

Rún ag Filleadh

Sea, an t-am sin den bhliain atá ann arís, a léitheoirí; deireadh bliana, le bliain úr ag teacht ar shála na seanbhliana, mar is iondúil léi - am na rún romhainn arís.  

Ní féidir í a sheachaint, an bhliain úr, ach amháin má fhaigheann tú bás, Dia idir sin agus an anachain. Mholfainn, b'fhéidir, é sin a bheith mar chéad rún agat, a léitheoir - sé sin le rá, an rún a bheith agat fanacht beo beathach, agus sláintiúil, más féidir é ar chor ar bith. Beidh arís ann, an dtuigeann tú, agus is é an dóchas lia gach anró, deirtear. 

Go deimhin, mar a scríobh mé ag tús na bliana, is iad na rúin chéanna a chuireann tús lenár ndea-rúin chuile bhliain, agus nach maireann i bhfad, go minic, cé go mbíonn muid i ndáiríre píre fúthu nuair a cheapann muid iad - tá an spiorad ullamh ach tá an cholainn fann, faraor. 

Sea, déanfaimid chuile iarracht, gan dabht, mar ní féidir iarracht a shárú, ach ritheann an smaoineamh liom féin, go minic, gur rud 'cumtha' é an féilire (bhí níos mó ná ceann amháin acu ann fadó) agus cén fáth, mar sin, an gcuireann muid an oiread sin strus orainn féin faoin mbliain úr mar, más fíor an méid a léim anseo, cumadh blianta úra úra riamh anall, agus ní féidir bheith cinnte cé acu an ceann ceart, an féidir?

Mar sin, mholfainn féin gan bacadh leis an strus, a chairde, ach lean ar aghaidh leis an gcraic, más mian libh, agus léigh na rúin atá molta acu ar happywink.org, faoi gceannteideal Funny New Year Resolutions

Maireann croí éadrom i bhfad. 

Friday, May 17, 2013

Smaoineamh An Lae


Enlightenment does not happen in time. It happens when time stops. 

Ní thagann tuiscint in am, ach nuair a stopann am. 

An leagan Béarla léite agam i leabhar le Gabriel Rosenstock, Haiku Enlightenment, ach is ón bhfear seo, Papaji, a tháinig an ráiteas, dar leis an údar. 

Is uaimse an leagan Gaeilge, ach cuirtear fáilte roimh bhur leaganacha féin, mar is iondúil, a léitheoirí.  

Mar chuid den fhéile Singing the Bridge (16-19 Bealtaine), beidh Ceardlann Haiku le Gabriel Rosenstock san Verbal Arts Centre i nDoire amárach, agus ó tharla go mbím ag léamh Rogha Gabriel ó am go chéile, táim ag súil go mór leis an gceardlann seo. 

Ar thóis tuisceana atáim, an dtuigeann sibh...

Sunday, March 10, 2013

Céaslóireacht

Sa reilig in Eanach Mheáin, i gCeantar na nOileán, a bhí mé arú inné, nuair a chonaic mé an radharc seo thíos. 

Ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid de rud ann agus surfáil seaschéaslóireachta, go dtí gur fhill mé ar Cheann Scríbe aréir, agus rinne mé giota taighde ar an ábhar, ar maidin. Tháinig mé ar an méid seo in Wikipedia. 

Ar ndóigh, nuair a chonaic mé an leagan Gaeilge do stand up paddle surfing in focal.ie, tráthúlacht an fhocail sin 'chéas' i lár an fhocail a thug mé faoi deara. Cén fáth? 

Bhuel, is dócha, nuair a bhím sa reilig in Eanach Mheáin, bím ag breathnú ar uaigheanna na ndaoine muinteartha liom atá curtha ann, daoine a d'imigh roimh am, shílfeá, nó roimh sheanaois, pé scéal é; cuid acu a d'imigh go tobann tubaisteach, faraor, gan súil ar bith againn lena n-imeacht. 

'Cén fáth?' an cheist a chuirim orm féin, go míon minic, agus mé ag breathnú ar na huaigheanna sin. 

Ar maidin, nuair a chonaic mé an focal sin 'seaschéaslóireacht,' rith sé liom go mb'fhéidir nach fiú dúinn muid féin a chéasadh le ceisteanna faoin mbás, mar nach bhfuil ciall ná réasún leis; níl ann ach freagra na fírinne, freagra nach bhfuil ag aon duine againn, is cuma cén leabhar as a mbíonn daoine ag quotáil.  

Táimid uilig ag céaslóireacht linn, a léitheoirí, lenár linn féin, inár linn féin. Bainigí sult as an saol. Níl ann ach seal. 

Agus, bainigí sult as Lá na Máithreacha

Sunday, February 24, 2013

Smaointe ag Rith

Ar maidin, agus mé ag léamh an leabhair Seanfhocla Chonnacht, bhí Sióg ina luí le mo thaobh; go deas sona socair sásta, an bheirt againn.

Ansin, chuala Sióg ceol éin, a bhí ag teacht tríd an bhfuinneog oscailte, agus chuir sé cluas air féin ar an bpointe. An dúchas ag briseadh trí chluasa an chait, is dócha, arsa mé féin liom féin.

Ar aon nós, thosaigh mo smaointe ag rith. Blianta ó shin, lá dá raibh mé féin agus An Garraíodóir ag breathnú ar chuain coileán, thug mé faoi deara go raibh coileán amháin acu le heireaball fada air, rud nach raibh ar na coileáin eile.

Insíodh dom, ag an am, go mbíodh eireabaill fhada ar an gcineál sin coileán tráth den saol, ach go raibh a n-eireabaill á sciotadh leis na cianta agus, dá thoradh sin, rugadh formhór dá gcineál gan eireaball anois.

Céim éabhlóide, seans, an smaoineamh a rith liom an lá úd, ach amháin gur éirigh le cuimhne na bunghéine an t-eireaball fada ar leith sin a thabhairt léi fós, shílfeá, rud a d’fhág an coileán nuabheirthe úd lena eireaball éagsúil. Meas tú an féidir ‘éagsúil’ a thabhairt ar an ní sin atá, i ndeireadh an tsaoil, dúchasach?

Giota faoi Lamarkism nó faoi nithe eipiginiteacha le léamh anseo agus anseo, más rud go bhfuil fonn ort roinnt taighde a dhéanamh ar an ábhar, a léitheoir. Ní raibh caife na maidine agam féin fós, an dtuigeann sibh, mar sin níl fonn taighde orm.

I, ahem, leaba an taighde sin, díreoidh mé m’aire ar chúpla seanfhocal ón leabhar thuasluaite, ó tharla é i mo lámh agam – bhuel, níl sé i mo lámh agam agus mé ag clóscríobh, mar a thuigfeá, ach tá an leabhar in aice láimhe, agus fuair mé na seanfhocail seo a leanas faoin gceannteideal, Dúchas:

An rud atá beirthe sa bhfuil is deacair a bhaint as an bhfeoil.


An rud atá sa bhun bán, tá sé sa bharr glas.


Is mar a shiúileas an seanphortán is ea a shiúileas an portán óg.


An fíon a bhíos sa mbaraille, fanann cuid de sna cláir.


Bionn beirt in aon bhroinn is ní hionann iad.


Is deacair lacha a bhá.


Dá airde a theas an priompallán sa lá, i gcac a chaitheas sé an oíche.


Is fusa deoch a bhaint as sruth ná greim as cloch.


Ní buí ón ngréin ach buí ó nádúr.

Saturday, November 10, 2012

Bréadú


Luadh é ar chlár Marian Finucane ar maidin, agus chuir sé iontas orm nár chuala mé iomrá roimhe sin ar an nós nuálach seo, ar a dtugtar ‘Meshing.'

Ón méid a léigh mé san alt sin, is cosúil gur nós é meshing a thosaigh i Meiriceá sé bliana ó shin: fir agus mná ag bréadú a sloinnte nuair a phósann siad, seachas duine amháin acu ag géilleadh do thraidisiún agus ag caitheamh uaithi an sloinne lenar rugadh í, is dócha. 

Go deimhin, fiú agus bean ag fáil réidh lena sloinne féin, ba shloinne é, go hiondúil, nár thug aitheantas dá laghad dá máthair féin, ná do shloinne mháthair na máthar sin, ach an oiread.

Níl fadhb agam féin le bréadú sloinnte, ach tá a fhios agam go rómhaith go mbeidh seanbhlas na dtraidisiúnaithe ardaithe ag an nós seo, mar nach dtuigeann siad, go minic, go mbíonn gá le traidisiúin nuálacha a chruthú, le comhionannas agus cearta daonna a chothú.

Nuair a léigh mé na tráchtanna ag bun an ailt sin ar an Mail Online, tháinig osna nó dhó as mo bhéal. É sin ráite, tháinig gáire nó dhó as mo bhéal, freisin - go háirithe nuair a léigh mé an ceann ón tráchtaire a dúirt go raibh aithne aici ar lánúin a rinne bréadú ar a sloinnte, Fudge agus Bucker, nuair a phós siad.