Showing posts with label feoilséantóir. Show all posts
Showing posts with label feoilséantóir. Show all posts

Friday, November 25, 2016

Comhábhair


An lá faoi dheireadh, chuir Dennis an t-oideas thuas ar fáil dúinn, thall ar an Twittersféar. Mar fheoilséantóir, bhí dúil agam ann (san oideas) ach bhí comhábhar nó dhó nach raibh agam.

Tharla sé go raibh An Garraíodóir san ollmhargadh ar maidin, nuair a chuimhnigh mé go raibh na comhábhair sin ag teastáil uaim. Sheol mé téacs chuige. Fuair mé freagra. Fuair seisean freagra, nó dhó. Fuair mise freagra. Nó, ceist, b'fhéidir. 

Mar a fheicfidh sibh, is léir go bhfuil comhábhar nó dhó eile atá riachtanach, nuair atá, ahem, téarma cúpla scór bliain curtha isteach agat leis an bpáirtí céanna:
...sea, a léitheoirí, siad na comhábhair sin ná réamheolas agus féith an ghrinn!

Wednesday, March 12, 2014

Putóga Péacacha

Sular bhain mé greim ar chor ar bith as na putóga iontacha feoilséantacha sin thuas, ón De Mad Food Co., comhlacht atá lonnaithe anseo in Éirinn, i gCill Aichidh, Co.Uíbh Fhailí, bhí fonn orm an táirge a cheannach, mar gheall ar an gcaoi ar thug siad, ahem, treoracha don úsáideoir, ar an leathanach cúil, 

'Before you cook one of these fine puddings, it might be a good idea to remove all the packaging!'

Bhí treoir nó dhó eile ón gcomhlacht, ahem, craiceáilte ina dhiaidh sin, maidir leis an mbealach is fearr do dhuine na putóga a chócaráil, ansin bhí moladh eile uatha,

'T'wuld be great if you could finish off each wee pudding within 4 days of opening.'
Bhuel, arsa mé féin liom féin, má tá De Mad Food Co. in ann gáire a bhaint asam, b'fhéidir go mbeadh na putóga go maith freisin - agus bhí! 

Ní hamháin go bhfuil an táirge s'acu 'lovingly Produced in Ireland', ach tá na putóga an-bhlasta ar fad, rud a d'fheil domsa, mar fheoilséantóir; agus thaitin siad, go mór, leis na feoiliteoirí a d'ith bricfeasta liom, freisin.  

Sonraí teagmhála, agus liosta na siopaí inar féidir na putóga a cheannach, le fáil anseo. Íum íummmmm!

Friday, June 28, 2013

An Feoilséantóir is Gnéasúla?

Ní hea, ní mise í, a léitheoirí, ahem, chomh fada agus is eol dom, pé scéal é, ach dá mbeinn ar dhuine de na moltóirí ar a leithéid de chomórtas 'An Feoilséantóir is Gnéasúla ar Domhan', táim den bharúil go ndéanfainn cinnte de nach raibh an buaiteoir a roghnóinn ag ithe ainmhí ar bith, éanlaith agus iasc san áireamh. 

I mbialanna áirithe, nuair a chuirim an cheist 'What vegetarian options have you got?,' deirtear liom, go rialta, 'We have fish and chicken dishes.'...osna...osna...osna. Bím ag súil lena leithéid de fhreagra, mar tarlaíonn sé chomh minic sin, ach chuir sé iontas orm go roghnódh PETA (People for the Ethical Treatment of Animals) an cúpla luaite in alt Xposé Entertainment, más fíor.

Le bheith féaráilte, agus ar fhaitíos go gceapfadh aon duine go bhfuilim ag ithe na feola fuaire, feicim nach bhfuil Dax Shepard luaite, mar bhuaiteoir, ar shuíomh PETA, ar chor ar bith; níl luaite ann ach a pháirtí, Kristen Bell, feictear dom. 


Ar aon nós, ó tharla mé ar ábhar na feola, tá sé chomh maith dom roinnt eolais eile a roinnt libh, ach ná habair a dhath le haon duine eile faoi - sea, a léitheoirí, bhí mé féin ag titim chun feola, le roinnt blianta anuas, ach tá an fheoil á baint anuas agam anois. Wúhú!

Aclaíocht agus ainmhithe abú..;-)

                                ****************
ag ithe na feola fuaire - backbiting/slandering people

titim chun feola/titim i bhfeoil - to grow flabby/fat

an fheoil a bhaint anuas - to lose weight

Na nathanna cainte thuas le fáil  i WinGléacht, a chairde. 


Wednesday, June 5, 2013

In Aois na Gaoise

‘Ní thagann ciall roimh aois!’ a chonaic mé scríofa thall ar Thalamh an Éin, ó tharla mo bhlagmhír thíos, Focail Féilire, ag tarraingt giolcadh nó dhó ó dhuine nó dhó, thall ann.

B’fhéidir nach dtagann, arsa mé féin liom féin, ach, mar sin féin, tá sé tugtha faoi deara agam, thar na blianta, go mbíonn gaois aoise ag leanaí áirithe; ag aois nach mbeifí ag súil lena leithéid, mar a déarfá.

D’éirigh liomsa an físeán seo (le Luiz Antonio na Brasaíle ag labhairt) a fheiceáil nuair a bhí fotheidil Bhéarla leis - níl teanga dhúchais Luiz agam, áfach. Tá súil agam go mbeidh sibh in ann an leaidín álainn seo a thuiscint, a léitheoirí, mar is fiú a chiall a chloisteáil, i mo thuairim féin.

Táim den bharúil go dtagann chuile leanbh lena chiall nádúrtha féin, ciall atá, seans, i bhfad chun cinn ar chiall an duine fásta, ar bhealach. De réir mar a thagann aois ar pháistí, tá formhór acu múnlaithe ag creideamh, nó faoi thionchar creidimh, á ndream féin; rud a fhágann, b’fhéidir, nach mbíonn deis ag an leanbh éisteacht lena thuiscint inmheánach nádúrtha féin.

Tá súil agam nach gcaillfidh Luiz Antonio na Brasaíle a ghaois nádúrtha go brách.

Monday, February 18, 2013

Focail Liom Focail Leat

Táim ag leanúint ar aghaidh le m'fhocail nuachumtha, a léitheoirí, agus seo chugaibh ceann nua a tháinig chugam inniu, agus mé ag léamh na lipéad san ollmhargadh:

Campall: giotaí feola i gcruth bréagach.

Mar is iondúil, níl ach athrú beag amháin déanta agam ar fhocal a chloisim go rialta na laethanta seo, agus tá mo shainmhíniú féin tugtha agam thuas. Is aoibhinn beatha an fheoilséantóra...

Thursday, January 17, 2013

Comhfhoclacht Chapallach


Seans go bhfuil sibh ar an eolas faoin bhfadhb seo, agus nach giotaí den bhó amháin atá le fáil i, ahem, láir bhurgar mairteola.

Sea, tá giotaí den chapall bhocht istigh sa bhurgar leis an mbó bhocht, is cosúil – sórt coppáil on go bhfuil capall ann, shílfeá.

Each, ní fiú bheith ag gearrán, mar ní fúinne atá sé srian a chur leis an bhfadhb, ach tá sé faoin rialtas an each gan adhastar a aimsiú.  Beidh obair na gcapall le déanamh acu anois, seachas bheith ag spochadh leo, le bheith cinnte nach dtarlóidh an lúb ar láir arís.

Sea, ní fiú dúinn bheith ag naggáil, a léitheoirí, ná ní fiú dul ar stailc ocrais mar gheall ar an gcraic uilig; caithfear an diallait a chur ar an each cóir, an dtuigeann sibh, agus níl an rás sin rite fós. 

Más mian libh, is féidir libh comhfhoclacht chapallach an Bhéarla, a bhí ar Twitter le déanaí, a léamh anseo. 

Thursday, October 11, 2012

Íum Íum



Mionbhruar úll a thugaim ar an mias bhlasta sin thuas – bhuel, ceapaimse go bhfuil sí blasta, pé scéal é, agus ní bhíonn sí i bhfad as an oigheann sa teach seo, go mbíonn chuile ghreim di ite.

Níl baint ar bith ag blastacht na méise liomsa, mar chócaire, ó táim den bharúil go bhféadfadh aon duine an mhias seo a chur le chéile, gan stró. Bím i mbun ballaíochta agus na comhábhair á gcur le chéile agam, ach is mar seo a dhéanaim é, a bheag nó a mhór:

Meascaim le chéile,

plúr (speilt lánghráin) – leathchupán, nó mar sin.  
siúcra donn – leathchupán, nó níos lú má tá na húlla sách milis
cnó cócó triomaithe – leathchupán, nó mar sin
síolta lus na gréine – leathchupán, nó mar sin
síolta seasamain – leathchupán, nó mar sin
coirce lánghráin – lánchupan, nó mar sin
cainéal meilte – leath-thaespúnóg, nó mar sin
spíosraí measctha – leath-thaespúnóg, nó mar sin

Nuair atá an meascán thuas réidh, cuirim spúnóg ime, nó mar sin, isteach leis, agus cumascaim na comhábhair le mo mhéara, go mbíonn an meascán cosúil le conamar aráin.  

Ansin, grátálaim 6 úll. Fágaim féin an craiceann orthu agus mé á ngrátáil, ach ní bhainim úsáid as croí na n-úll, mar a thuigfeá, tá súil agam! Is fearr liom úlla milse a úsáid le nach mbeidh orm siúcra a chur leis an oideas ar chor ar bith.

Bíonn an mhias bealaithe agam, agus cuirim na húlla grátáilte isteach sa mhias ar dtús, ansin cuirim an meascán conamair anuas ar na húlla grátáilte, le go mbeidh siad clúdaithe go maith. Isteach san oigheann leis an iomlán ansin.  Bíonn an t-oigheann téite ag 190c, nó mar sin, agus fágaim an mionbhruar úll istigh ann ar feadh 40 nóiméad, nó mar sin.

Bíonn go leor de na 'nó mar sin’eanna ann agus mise ag bácáil, a léitheoirí, ach déanann siad cúis, muise! Le mias sách blasta os a gcomhair, ní bhíonn aon duine ag tormas ar a gcuid, go háirithe má bhíonn ocras orthu.

Is amanna, itear an mionbhruar seo mar mhilseog, le custard; in amanna eile, itear é mar bhricfeasta, le hiógart nádúrtha. Íum íum!

Tuesday, October 9, 2012

Dul i bhFiáin


Ar an Déardaoin beag seo, 11 Deireadh Fómhair, beidh sraith den chlár Dul i bhFiáin ag tosú ar TG4, ag a 10:00 i.n. Dar leis an mblurba ar shuíomh TG4, beidh ‘beirt shaineolaithe allamuigh ag dul ar thuras, ach caithfidh siad maireachtáil ar bhia ón dúlra…’

Bhuel, arsa mé féin liom féin, ní dóigh liom go ndéanfadh sé dochar ar bith dom foghlaim faoi na nithe seo, ar fhaitíos na bhfaitíos go rachadh mé féin agus é féin amú amuigh faoin tuath am éigin, agus go dteastódh greim bia uainn. Dá bhrí sin, tá mo nasc sraithe nasctha leis an gclár agam, agus táim ag súil go mór leis.

Ar ndóigh, níl leid dá laghad agam céard a bheidh ar an mbiachlár ag na saineolaithe agus láithreoirí, Frainc MacCionnaith agus Darach Ó Murchú, ná fiú an bhfeilfeadh an bia don fheoilséantóir seo, ach beidh le feiceáil.

Dul i bhFiáin, TG4, Déardaoin, 11 Deireadh Fómhair, 10:00 i.n. 

Monday, August 20, 2012

Oideas Veigeatórach

Bainim úsáid as an oideas seo le quiche cáis ghabhair a dhéanamh. Déanaim mar atá molta aici ina nótaí, ‘Be bold and try new flavors,’ agus athraím na glasraí san oideas, ó am go chéile.


Inniu, in áit na n-oinniún, chuir mé puimcín imchnó isteach sa quiche, leis na cúirséid. Blás níos milse air, gan na hoinniúin, agus bhí blas na tíme sa quiche níos láidre, shíl mé. 


Sa sailéad tá spionáiste, peirsil, trátaí, basal, cáis feta, agus rúinín ola ológa úríon measctha le peisteo basal.  Mo chuimhne, bainim úsáid as plúr slánghráin; plúr speilte, go hiondúil.