Le seachtain anuas, táim á sheachaint. Chuile uair a rachainn
isteach sa seomra leapa, bhí sé romham, ag bagairt orm, ‘Caithfidh tú é a
dhéanamh! Caithfidh tú é a dhéanamh!’
Ligfinn orm féin nach bhfaca mé é, agus ní dhearna mé é. Go
dtí inniu.
Sea, a léitheoirí, thosaigh mé ar an jab úd ar maidin - éadaí
an tsamhraidh á gcur san áiléar agam, agus éadaí an gheimhridh á dtabhairt
anuas agam.
Ní raibh rogha agam, i ndáiríre. Cé go raibh an fhírinne
á seachaint agam, mar aon leis an jab úd thuasluaite, is léir dom anois go
bhfuil an samhradh thart, agus go bhfuil gá le héadaí atá pas beag níos teolaí.
Mo chuimhne, chuala mé bean ag rá, le déanaí, ‘The trees are
turning...' agus cé gur thuig mé céard a bhí i gceist aici, níl a mhacasamhail d’abairt
‘crainn ag iompú’ le fáil i nGaeilge, chomh fada agus is eol dom; ‘tá an dath ag imeacht de na duilleoga’ a
deirtear, ceapaim.
‘Ar ndóigh, ní fhéadfadh crann é féin a iompú!’ arsa bean
chliste na Gaeilge liom, nuair a luaigh mé an leagan Béarla léi. Tá an méid sin
fíor, gan dabht, ach tá rud éigin iontach ealaíonta faoin íomhá a shamhlaigh mé,
nuair a dúirt fear áitiúil liom, le déanaí,
‘The frost turned the colour on the trees last night.’
Ealaíontóir an Fhómhair i mbun a chuid oibre, is dócha.
