Showing posts with label Meiriceá. Show all posts
Showing posts with label Meiriceá. Show all posts

Thursday, November 22, 2018

Lá an Altaithe

Mo bheannachtaí chugaibhse, thall agus abhus, atá ag ceiliúradh Lá an Altaithe, inniu; tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh agus sult as an lá, agus go mbeidh cairde agus clann ag ceiliúradh in bhur gcuideachta, cibé áit ina mbeidh sibh. 

Más mian libh na beannachtaí, scéalta agus blagmhíreanna eile, a scríobh mé ar Lá an Altaithe, roimhe seo, a léamh, is féidir libh iad a aimsiú anseo agus anseo. 

Go raibh an-lá agaibh, a chairde! 

Wednesday, July 4, 2018

Lá na Saoirse

Bíodh sibh thall nó abhus, seo lá mór daoibhse atá ag ceiliúradh Lá na Saoirse, agus tá súil agam go mbainfidh sibh sult as, cibé áit ina bhfuil sibh, ar fud an domhain. 

Tá giotaí i nGaeilge d'Amhrán Náisiúnta na Stát Aontaithe le léamh ar bhlag Róislín anseo, agus anseo, agus anseo. 

Thursday, November 23, 2017

Lá an Altaithe

Daoibhse, thall agus abhus, a bheidh ag ceiliúradh Lá an Altaithe inniu, tá súil agam go mbeidh lá faoi shéan agus faoi mhaise agaibh uilig. Cibé áit ina mbeidh sibh, bainigí taitneamh agus sult as an lá, i gcuideachta bhur muintire agus i gcuideachta bhur gcairde.

Mo chuimhne, is cosúil go ndéantar ceiliúradh ar an lá seo le cairde amháin, nuair nach mbíonn muintir chairdiúil an cheiliúraí in aice láimhe, is dócha. Le go mbeidh sibh ar an eolas, ahem, riachtanach faoina leithéidí, tá, ahem, rialacha ag baint le Lá na gCairde, agus tá siad le léamh anseo, más mian libh tabhairt fúthu. Gura fada uaibh uimhir 15, a chairde!

Cibé scéal é, go raibh sibh uilig faoi shuíochán, agus saor ó bhuairt, inniu agus de shíor, más féidir é, a léitheoirí. 

Scéilín beag anseo daoibh, ón am a chaith mé féin thall, ar Lá an Altaithe, i 2015. Fonn agus fíon...meascán mearaí...hmmm...

Thursday, November 24, 2016

Lá an Altaithe

Daoibhse uilig, thall agus abhus, atá ag ceiliúradh Lá an Altaithe inniu, tá súil agam go mbeidh lá ar dóigh agaibh. 

Más féidir é, ar chor ar bith, caith an pholaitíocht as bhur gcloigne inniu, agus bí ar bhur suaimhneas le bhur gcairde agus le bhur muintir. Cibé áit ina mbeidh sibh, go raibh agaibh síocháin, sonas agus sócúlacht. 

Más mian libh scéilín beag a léamh, faoi m'am féin thall ar Lá an Altaithe, caith súil anseo, a léitheoirí. Táim den bharúil go bhfuil an dream seo, ahem, i bhfad níos fearr ná muidne!

Monday, July 4, 2016

Lá na Saoirse

Ó tharla go bhfuil chuile sheans ann go mbeidh sibh ag ceiliúradh bhur lá mór, inniu, a léitheoirí thall (nó abhus más ann atá sibh), tá súil agam go mbainfidh sibh sult agus taitneamh as an lá, cibé áit ina bhfuil sibh, ar fud an domhain.  

Giotaí ó Amhrán Náisiúnta na Stát Aontaithe le léamh, i nGaeilge,  ar bhlag Róislín anseo, agus anseo, agus anseo.

Thursday, November 26, 2015

Lá an Altaithe

Mar a dhéanaim chuile bhliain, ar an lá mór-le-rá seo, seolaim mo bheannachtaí chuig na daoine sin uilig, thall agus abhus, atá ag ceiliúradh Lá an Altaithe, inniu. 

Ach, ar dtús, scéilín. 

Roinnt blianta ó shin, chuaigh scaifte de mo mhuintir thiar, agus scaifte de mo chlann féin abhus, anonn go Bostún, áit ar chaitheamar uilig Lá an Altaithe, leis an dream thall. 

Níl a fhios agam cé mhéad againn a shuí chun boird an lá sin, ach bhí muid uilig ann, trí ghlúin ar a laghad, agus b'aoibhinn an t-am a bhí againn, le chéile...ag ithe, ag ól 's ag comhrá, an seandream ag roinnt cuimhní cinn leis an dream óg; cuid de na cuimhní sin, bhí siad an-bhrónach ar fad, ach, formhór na gcuimhní...bhuel, rinneamar go leor gáirí. 

Tharla sé gur chuir deirfiúr amháin againn leabhráin d'amhráin le chéile, seanamhráin a bhformhór, agus bhíomar ag gabháil fhoinn, tar éis an dinnéir, go dtí nach aon amhrán ó na leabhráin nach raibh canta againn. Ar ndóigh, bhí fonn orainn tuilleadh óil amhráin a chasadh, agus chinn duine den dream óg go mba chóir dúinn tabhairt faoi 'Someone Like You' le Adele. 

Bhuel, thosaíomar...mar a dhéanfadh aon duine leathsteamáilte le leathamhrán ar eolas acu. Nuair a bhí an t-amhrán, ahem, casta againn, arsa m'iníon,

'OMG, Mum! Ye killed it!'

Ní dóigh liom gur moladh a bhí ann. 

Pé scéal é, a léitheoirí, cibé áit ina bhfuil sibh ag ceiliúradh inniu, go raibh sibh uilig ar bhur suaimhneas i gcuideachta bhur gcairde agus i gcuideachta bhur muintire; go raibh sibh uilig faoi shíocháin agus saor ó bhuairt. 

Agus... hello!...b'fhéidir gurbh fhearr amhráin Adele a sheachaint...

Thursday, November 27, 2014

Lá an Altaithe

Bíodh sibh thall nó abhus, sibhse a bheidh ag ceiliúradh an lá seo inniu, tá súil agam go mbeidh Lá an Altaithe faoi shéan agus faoi mhaise agaibh.

Bainigí sult as bhur lá mór; go raibh sibh uilig i gcuideachta cairde, agus i gcuideachta bhur muintire, saor ó bhuairt, agus ar bhur suaimhneas. 

Thursday, July 4, 2013

Lá na Saoirse

Beidh sibh ag ceiliúradh bhur lá mór thall inniu, a léitheoirí, agus tá súil agam go mbainfidh sibh uilig sult as, cibé áit, ar fud an domhain, a mbeidh sibh inniu.  

Giotaí d'Amhrán Náisiúnta na Stát Aontaithe, as Gaeilge, le léamh anseo, ar bhlag Róislín, agus anseo, agus anseo. 

Thursday, November 22, 2012

Lá an Altaithe


Daoibhse, thall agus abhus, a bheidh ag ceiliúradh inniu, tá súil agam go mbeidh Lá an Altaithe faoi shéan agus faoi mhaise agaibh; go mbí sibh uile i gcuideachta bhur muintire, agus i gcuideachta cairde, agus go mbaine sibh sult as bhur lá mór.

Tuesday, September 11, 2012

Friday, September 7, 2012

Tip S'Againne!

Thug mé an brat thuas faoi deara agus mé amuigh ag siúl tráthnóna inniu. ‘Suimiúil’, arsa mé féin liom féin, ‘meas tú cén fáth a bhfuil sé sin ar foluain ansin?’

Bhuel, dá mbeadh an páipéar áitiúil léite agam an tseachtain seo, rud nach raibh, bheadh a fhios agam go bhfuil an ‘O’Neill clan on their way to Inishowen,’ (lch. 27) le comóradh a dhéanamh ar an ‘Tip O’Neill Donegal Diaspora Award’ - duais a bhronnfar ar an iriseoir Niall O'Dowd anocht, san Inishowen Gateway Hotel. 

Mar a fheicfidh sibh ón leac thuas, atá le feiceáil agam chuile lá agus mé ag siúl taobh na habhann anseo, ba as Bun Cranncha do sheanmháthair an Uasail Uí Néill. Beidh 80 dá mhuintir, a iníon Susan ina measc, ag teacht go Bun Cranncha an deireadh seachtaine seo, agus tá súil agam go mbeidh am iontach acu, mar tá go leor imeachtaí eagraithe dóibh – ina measc, ‘the unveiling of Tip O’Neill Diaspora monument on Buncrana’s shorefront.'

Agus, an bhfuil a fhios agaibh céard eile a chonaic mé agus mé amuigh ag siúl tráthnóna inniu, a léitheoirí, ó tharla go raibh fir oibre á ghlanadh agus mé ag dul thairis? Chonaic mé an séadchomhartha thuasluaite, agus chinn mé pictiúr a thógáil de, le m’fhón póca, le roinnt libhse, sula bhfeicfidh aon duine eile é. Ná habair tada..;-) 

Wednesday, July 4, 2012

Lá na Saoirse

Daoibhse thall, agus abhus go deimhin, a bheas ag ceiliúradh bhur lá mór inniu, bainigí sult as, a chairde!

Más rud gur suim libh giota d’Amhrán Náisiúnta na Stát Aontaithe a léamh as Gaeilge, b’fhéidir gur mhaith libh blagmhír Róislín a léamh anseo.