Showing posts with label gearrliosta. Show all posts
Showing posts with label gearrliosta. Show all posts

Saturday, November 14, 2020

Leathanach de Mo Shaol


Roinnt míonna ó shin, i Mí na Bealtaine, d'fhógair an Ray D'Arcy Show go raibh comórtas scríbhneoireachta á reáchtáil acu. D'iarr siad ag an lucht éisteachta cuimhní cinn a roinnt leis an gclár, i bhfoirm scéilín scríofa. 500 focal an t-uasmhéid a bhí ceadaithe. 

Fuair siad os cionn 2500 scéal. Fuair siad ceann uaimse. Bhí sé ar an ngearrliosta de scéalta a seoladh chuig na moltóirí Emer McLysaght, Donal Ryan, Emilie Pine, agus Eoin Colfer.

Cé nár bhain mé aon duais ar leith, nach mé a bhí sásta nuair a chuala mé go raibh mo scéalsa, agus 149 scéal eile ón gcomórtas, roghnaithe do leabhar nua, A Page from My Life, leabhar a bhí le seoladh le hairgead a bhailiú don charthanas LauraLynn

Is scéalta pearsanta iad, cuid acu a chuirfeadh duine ag gáire, cuid acu a chuirfeadh duine ag caoineadh, cuid acu a bhainfeadh geit as duine; scéalta suimiúla iad uilig, oscailt súl a bhí iontu uilig. 

Is féidir an leabhar a fháil ar líne anseo, más mian leat, nó is féidir leat é a ordú ó do shiopa leabhar áitiúil. Téann brabús an fhoilsitheora, Harper Collins Ireland, €3 ar a laghad, chuig an gcarthanas, LauraLynn

Tá an leabhar ag déanamh go maith, cheana féin, agus tá deis agaibh, más mian libh, vóta a chaitheamh don leabhar anseo, mar tá sé ar an ngearrliosta Best Irish-Published Book of the Year ag na An Post Irish Book Awards i mbliana - spriocdháta don vótáil 16 Samhain, mar sin tá dhá lá eile agaibh le vóta a chaitheamh. 

Is leabhar é a mholfainn mar bhronntanas Nollag, '...a timely reminder of the experiences and values that unite us, even as circumstances contrived to keep us apart.' 

Tuesday, February 11, 2020

Féile Pan Cheilteach 2020 - An Gearrliosta

Tá an t-am sin den bhliain buailte linn, arís, a léitheoirí! Sea, is gearr uainn Féile Pan Cheilteach na bliana seo.

Mar is eol do chuid agaibh, bhain m'amhrán nuachumtha, Ní Thuigim, an comórtas amhránaíochta náisiúnta agus idirnáisiúnta, anuraidh, agus tá áthas orm a rá go bhfuil an leagan de Ní Thuigim, a casadh ag an bhféile idirnáisiúnta i Leitir Ceanainn, anuraidh, máistrithe go digiteach ag an gcoiste, agus le cloisteáil ar shuíomh na féile anseo - Daríona Nic Dhonncha á chasadh, Ciarán Tourish agus Ollie Hennessy á tionlacan. Go raibh céad míle maith agaibh uilig!
Seoladh comórtas amhránaíochta na bliana seo ar an gclár Ardtráthnóna ar Raidió na Gaeltachta, i Mí na Samhna, anuraidh, agus fógraíodh an gearrliosta, don chomórtas náisiúnta i gCeatharlach, ar an gclár céanna coicís ó shin - is féidir éisteacht le Bríde de Róiste, as Glór Cheatharlach, agus leis an láithreoir tacúil, Máirtín Tom Sheáinín, ag labhairt faoin ngearrliosta anseo, agus is féidir tuilleadh faoin gcomórtas a léamh, ar shuíomh IMRO, anseo.

Táim ag súil go mór leis an ócáid, arís i mbliana. Tá amhrán liom, Mar a Bhíonn, ar an ngearrliosta, agus Gráinne Ní Fhátharta as Baile na hAbhann á chasadh dom an geábh seo...go raibh maith agat, a Ghráinne!   

Go n-éirí go geal leis na hiomaitheoirí uilig. Táim ag súil go mór lena n-amhráin nuachumtha a chloisteáil, agus molaim iad as a gcuid cumadóireachta; is maith ann amhráin nua i nGaeilge, agus mo bhuíochas ó chroí leis na coistí uilig, agus leis na hurraitheoirí, a thugann an deis sin dúinne, cumadóirí agus amhránaithe na Gaeilge, amhráin nua chomhaimseartha a chur ar fáil, tríd an gcomórtas seo. 

Beidh an ócáid ar siúl anseo, in amharclann an VisualCarlow, i gCeatharlach, ar an 22 Feabhra, ag 7.30 i.n, agus is féidir ticéid don ócáid a cheannach ar an suíomh sin, anseo

An Gearrliosta

1. Meabh Ní Bheaglaoich – “Litir Ón Leanbh” (Ciarraí)
2. Matt McGinn – “Suaimhneas” (Co.an Dúin)
3. Dave Fadden & ‘Síol’ – “Sinsir” (Cluain Dolcáin)
4. Aidan Gene Cranny – “Imeacht Faoi Scáth” (Cluain Dolcáin)
5. Zoe Langsdale – “Tír Nua” (Stát Aontaithe agus Gaillimh)
6. Brighdín Carr – “Mo Ghuí” (Dún na nGall) le Diane Cannon & Hannah Nic Pháidín
7. Áine Durkin “Mar a Bhíonn” (Dún na nGall) le Gráinne Ní Fhátharta (Conamara, Co. na Gaillimhe)
8. Ciara Nic an Fhailí – “Liomsa Amháin” (Ceatharlach)
9. Diarmuid Mac Gabhann – “Cearúilín” (Cluain Dolcáin)
10. Gráinne Holland – “Mise & Tusa” (Co. an Dúin)
11. Damian Mac Gabhann – “Saol Símplí” (Cluain Dolcáin)
12. Clíona McDonald – “Shiúl Tú as Mo Shaol” (Co. Laoise)
13. Sonny Ní Cathasaigh “Áit ar an nGealach Lán” (Conamara, Co. na Gaillimhe)
14. Conor Bowman – “Grá Amháin Faoi Leith” (Dún Búinne, Co. na Mí)
15. Colm Mac Séalaigh – “1967” (Baile Átha Cliath)
16. Treasa Ní Cheannabháin – “Dóchas” (Conamara, Co na Gaillimhe)
17. Mairéad Ní Chríodáin-Ní Shé – “Bossa Nova Celtica” (Corcaigh)
18. Conor Mangan & Banna – “Brionglóidí (Dún na nGall)
19. Gaeltacht KK Banna – “Mistéir an Ghrá” (Cill Chainnigh)
20. Molly & Ella de Búrca – “Le Déanaí” (Cill Chainnigh)

Sunday, September 1, 2013

Gearrliosta na Gaeltachta Áille

Cúpla lá ó shin, fuair mé ríomhphost ó Údarás na Gaeltachta, ríomhphost inar insíodh dom gur roghnaíodh grianghraf liom do chomórtas a luaigh mé libh cheana, a léitheoirí, agus go bhfuil sé ar an ngearrliosta don chomórtas, Is Álainn Í An Ghaeltacht; mar aon le 14 ghrianghraf eile. 

Isteach liom ar shuíomh an Údaráis, go bhfeicfinn cén ceann a roghnaíodh (chuir mé trí cinn chucu) agus go bhfeicfinn na 14 ghrianghraf eile atá san iomaíocht liom. Bhí sé ar cheann de na coinníollacha acu nach raibh an comórtas oscailte do ghrianghrafadóirí proifisiúnta, agus caithfidh mé a rá go bhfuil jab thar barr déanta ag na haimitéaraigh uilig, agus go bhfuilim ríméadach gur éirigh liom bheith ina gcuideachta. Maith sibh uilig, a chomhaimitéaraigh! 

Fágfaidh mé fúibh féin é bhur dtuairim a roinnt leis an Údarás maidir leis na grianghraif éagsúla, agus is féidir libh bhur dtacaíocht a thabhairt don chomórtas, agus vóta a chaitheamh do bhur rogha féin, trí 'Like' a bhrú ar an gceann is fearr libh, ar leathanach Facebook an Údaráis, áit a bhfeicfidh sibh na 15 ghrianghraf seo, atá ar an ngearrliosta.  

Caithfear bheith cláraithe le Facebook le do vóta a chaitheamh, agus an vóta sin a chaitheamh ar shuíomh an Údaráis amháin, áit a bhfeicfidh sibh cé a thóg an grianghraf, cár tógadh é, teideal an ghrianghraif srl. 

Beidh 50% de na marcanna ag brath ar vótaí ón bpobal, agus an 50% ag teacht ó phainéal moltóirí. Tá os cionn seachtain eile fágtha agaibh, a léitheoirí - ní ghlacfar le vótaí théis 5i.n, Dé Máirt, 10 Meán Fómhair. 

Nuair a thaispeáin mé mo phictiúr féin d'fhear ar m'aithne, agus dúirt leis go raibh mé ar an ngearrliosta ag na moltóirí, séard, ahem, a dúirt sé liom ná, 

'I guess they know a good ass when they see one!'

Tá na pictiúir uilig le feiceáil anseo. Bainigí sult as an gcraic, a chairde na Gaeltachta agus na grianghrafadóireachta, agus caithigí vóta roimh an 10ú, más féidir.