Showing posts with label Meon Eile. Show all posts
Showing posts with label Meon Eile. Show all posts

Tuesday, September 1, 2020

Féile Liú Lúnasa - Slam Filíochta

Craoladh Féile Liú Lúnasa, ina hiomláine, ar líne, i mbliana, mar gheall ar na srianta, agus rinne eagarthóir na féile, Caoimhe Ní Chathail, agus an Chultúrlann, an-jab go deo. Is féidir leat theacht ar na himeachtaí uilig, mar ar craoladh iad beo, anseo, ar shuíomh Facebook na féile. 

Ocht nduine dhéag a bhí páirteach sa chomórtas Slam Filíochta, i mbliana, comórtas a reáchtáladh ar an 28 Lúnasa. Is féidir an seó iomlán a fheiceáil, arís, anseo. Bhí teachtaireachtaí suimiúla dá gcuid féin le roinnt ag na hiomaitheoirí uilig, agus bhain mé an-taitneamh as an gcraic - an chéad uair agam bheith páirteach i gceann acu, agus súil agam tabhairt faoi arís. 

Tá éagsúlacht, foghlaim agus fuinneamh ar leith, ag baint le slamfhilíocht, feictear dom. Is maith ann foghlaim agus fuinneamh, i mo thuairim, agus is aoibhinn liom éagsúlacht. Beidh mé ag faire amach do na hiomaitheoirí a bhí páirteach ann, i mbliana - teachtaireachtaí agus/nó smaointe suimiúla acu uilig, agus táim ag súil, go mór, le tuilleadh a chloisteáil uatha. 

Sinéad Álainn Ní Uallacháin a chuir tús leis an gcomórtas Slam Filíochta, agus is é Séamus Barra Ó Súilleabháin, moltóir an chomórtais, a chuir clabhsúr leis an Slam (ó chúl charr éigin, ceapaim, ach d'fhéadfadh sé gur scáileán glas a bhí in úsáid aige) nuair a d'fhógair sé ainmneacha na mbuaiteoirí, théis focal nó dhó a rá faoin gcomórtas, agus, ahem, fúm féin. Táim buíoch díot, a chara. 

Comhghairdeachas ó chroí leis na buaiteoirí! Seo chugaibh ainmneacha na hiomaitheoirí a ghlac páirt sa chomórtas, le cló níos duibhe ar ainmneacha na mbuaiteoirí,  

Sinéad Ní Thuamáin (buaiteoir an chomórtais) le cloisteáil anseo 

Áine Durkin (féach thíos - mise mé féin) 

Cian Ó Gríofa

Padaí de Bléine

Dáithí de Buitléir

Gearóidín Nic Cárthaigh

Seph Ní Mhealláin

Ita Fitzmahony

Sam Ó Fearraigh (an dara háit) le cloisteáil ag 15.42 nóiméad anseo.

Stiofáin Ó Briain

Seán Ó Dubhchon

Ciara Ní É (an triú háit) le cloisteáil ag 26.38 nóiméad anseo

Jill McMahon

Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh

Maoilíosa Scott

Meadhbh Ní Eadhra

Emma Ní Chearúil

Dubhán Ó Longáin

     An Séantóir 

Saturday, October 24, 2015

Cúirt Filíochta an Oireachtais 2015

Mar is eol d'fhilí na tíre, is ócáid bhliantúil í an Chúirt Filíochta ag an Oireachtas, ó bunaíodh í sa bhliain 2010, agus tá an chúirt ag dul ó smacht ag dul i líonmhaireacht ó shin, a bhuí le cibé atá i gceannas ar an 'cumadh liom' achas sin.   

I mbliana, arís, is é Proinsias Mac A'Bhaird Sirriam Gníomhach agus eagraí na cúirte, agus beidh mé féin, nó an bhean uasal sin, Bríd Ní Mhoráin, ag ól ag feidhmiú mar Chléireach na Cúirte, nó mar, ahem, bhean smachta, mar a thugtar orainn, ó am go chéile. Chuile sheans go mbeidh deoch nó dhó go gcloise sibh dán nó dhó ón triúr againn, mar go bhfuil an nós sin againn, freisin, ó am go chéile. 

Pé scéal é, fuair mise mo Bharántas ón Sirriam Gníomhach cheana, agus tá cóip den Barántas sin, agus cóip de, ahemDeasghnátha na Cúirte, le léamh, thíos. 

Más mian leat do dhán a bheith le feiceáil ar scáileán agus é á aithris agat, bheinn buíoch díot ach cóip leictreonach a sheoladh chuig Proinsias ag pmacabhaird ag gmail ponc com,  roimh 29 Deireadh Fómhair, sin Déardaoin seo chugainn, le go mbeidh deis aige na socruithe teicniúla cuí a dhéanamh roimh ré. Ar an gcaoi sin, beidh do dhán le feiceáil agus le cloisteáil, ag an am céanna...nach é Proinsias atá cliste!

Is ócáid neamhfhoirmiúil spraíúil a bheas inti, le béim ar an taobh sóisialta den Chúirt. A bhuí le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge, beidh sólaistí ar fáil i ndiaidh na Cúirte, agus cé nach bhfuil brú ar dhuine ar bith dán nua a chumadh, má tá aon duine agaibh ag iarraidh téama, tá 'fáilte, flaithiúlacht agus féile' socraithe ag Proinsias, mar théama na Cúirte. 

An méid sin ráite, mura bhfuil uait ach bheith i láthair, mar éisteoir sa lucht éisteachta, beidh fearadh na fáilte romhat chuig an gCúirt Filíochta, seachtain ó inniu. 

A bhuí le Proinsias, agus le foireann iontach An tOireachtas, beidh an Chúirt ar siúl sa Svuít Newcastle in Óstán an Citywest, Baile Átha Cliath, ar an Satharn, 31 Deireadh Fómhair, 2015, ag 1.00 i.n.. 

Mo chuimhne, an bhfuair sibh aip nua An tOireachtas fós? Tuilleadh faoin aip sin, agus faoi 'Conas Teacht Slán as Oireachtas na Samhna' le léamh anseo, ar Meon Eile...Eoin P Ó Murchú atá ciontach as a scríobh na moltaí san alt sin. 

Proinsias Mac A'Bhaird atá ciontach as an mbarántas, agus as na, ahem, rialacha/deasghnátha, atá scríofa, thíos.

*****
Barántas

Do Bhaird, Filí agus Ollaimh na hÉireann, beannachtaí!

Whereas, de réir fianaise na mbard ón chianaimsir anall, is de bhunadh na Scitia sa Mheánoirthear cine na nGael.
Be it known, gur tháinig an fine bhláthuasal go hInis Ealga in aimsir Mhíle Easpáin, gur chuir an bhandia Éiru fáilte rompu i ndiaidh di Amhrán Aimhirgin a chloisteáil agus gur roinn siad fód Bhanba le Tuath Dé Danann go dtí gur ruaig muid iad trínár ndearmad, neamhshuim agus easpa creidimh.
Whereas, tá cine eile de chuid na Scitia ársa ag déanamh ar chríocha gléghlasa na hÉireann, cén t-amhrán a chanfaidh baird na linne boichte seo i dtaobh na gcuairteoirí seo ón imigéin?
Ordaítear duit mar sin subpoena ad testificum a bheith i láthair ag Cúirt in Áth Cliath a tionólfar ar an Satharn, 31 Deireadh Fómhair (nuair is ísle an brat idir sinn agus an t-aos sídhe) ag 1.00 san iarnón, chun do chuid fianaise a thabhairt i dtaobh fáilte, flaithiúlacht agus féile.
Tugtha faoi mo lámhsa [le neart éirí in airde, ardnós domhaíte agus
údarás incheistithe] ar an lá seo, an tríú lá dhéag de mhí Strictly Come DancingBliain ár dTiarna Dhá Mhíle agus a Cúig Déag.

PROINSIAS MAC A’ BHAIRD
Sirriam Neamhghníomhach


God Save The King!

*****
Deasghnátha na Cúirte

Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann (fada) réidh aici nó aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla i láthair lá na Cúirte.

Ní gá don fhinné cloí le téama na Cúirte agus ní gá don fhinné dán dá c(h)uid féin a aithris ach iarrtar ar gach finné a bheith gléasta go snasta agus cuma a chur air/uirthi féin go bhfuil fhios aige/aici cad faoi a bhfuil sé/sí ag caint.

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige nó aici. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaíonn sé/sí aire rialtais ar bhealach nuálach turgnamhach]. Fágtar faoi dhiscréid oifigigh na Cúirte é cé acu an dtabharfaí bualadh bos d’fhinné sula dtosaíonn sé/sí ag léamh!

Seachnaítear an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a dhéanamh ar cad is tubaiste ann. Ní aireofar cúrsaí peile (caide), ceist na Gaeilge nó Joe Mc Hugh ina thubaiste náisiúnta nó pearsanta.

Má théann finné ar bith ar aghaidh ró-fhada lena chuid fianaise, beidh sé de chead ag an ghiúiré é/í a aoradh is ábhar magaidh a dhéanamh de/di.

Ceadaítear éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadaítear éirí suas ar bhaill eile den ghiúiré [a fhad is atá gnó na Cúirte ar siúl].

Beidh sé de chead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh cead ag an ghiúiré cathaoireacha a chaitheamh ar an fhinné.

Taispeántar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte, agus beannaítear go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith agus leoga i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar ar seo mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte.

Tá cead ag finné a c(h)uid fianaise a chanadh, ach ní mór glór ceolmhar binn a bheith aige/aici. Moltar na mionghléasanna a sheachaint.

Beidh sé de chead ag an ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne.