Tá tír na n-éan ar chúl an tí, tír álainn trína chéile, lucht dhá chos ag eitilt an tslí, is cleití orthu mar eanlaith...
Showing posts with label éanlaith. Show all posts

Sunday, March 31, 2024
Tuesday, April 28, 2020
Radhairc Na Seachtaine
Trí mo shúile, chuig do shúile. Tá súil agam go bhfuil sibh ag coinneáil go maith, sibhse atá ag neadú, agus sibhse atá ag clutharú. Mo bheannacht chugaibh, uilig...
Wednesday, October 31, 2018
Friday, March 2, 2018
Tuesday, August 11, 2015
Focail Liom Focail Leat
Corr Scréachóg le Corr Ghainimh
Cé gur corr scréachóg an t-ainm a chuala mé féin, i gConamara, don fhocal heron, tá a fhios agam go bhfuil neart ainmneacha eile aici, freisin, mar atá Máire fhada, corr mhóna, corr ghlas, corr éisc, Nora na bportach (WinGléacht), bunán, corr ghréine (Lane's Larger), Cáití fhada, agus Júní an scrogall (McCionnaith), mar shampla.
Sa ghrianghraf thuas, ceann a thóg mé i mBun Cranncha le déanaí, tá corr ghainimh (eel) ina béal ag an gcorr scréachóg, agus cé nach 'cluiche' atá ann, ar chor ar bith, don chorr ghainimh bhocht, rinne mé méim as an ngrianghraf. Is féidir libh féin bhur míniú féin a bhaint as, mar mhéim, ach beidh cúpla leid le fáil sa bhlagmhír seo, cheapfainn.
Is iomaí míniú atá ag an bhfocal sin corr; rounders atá i gceist le cluiche corr, dá mba mhian leat an míniú sin a bhaint as, ach d'fhéadfá corr a úsáid mar aidiacht, mar shampla, round, curved, nó don fhocal eccentric, bhí sé riamh corr, ach más odd atá an duine, is éan corr a thabharfá air, dá mba mhian leat. Chloisfeá a leithéidí, corr uair, nó occasionally, is dócha.
Is corr leitheadach a thugtar ar an spoonbill, agus ar long-necked person, freisin, dar le WinGléacht, agus ní bheadh tú as cor dá gcuirfeá an t-ainmfhocal corr (projecting point, angle, edge) le hainmfhocal nó dhó eile, mar shampla, corr diallaite (pommel of saddle), corr inneonach (horn of anvil), nó corr cláirsí (neck of harp), abair.
Mo chuimhne, dar leo anseo, d'fhéadfá an odd game a úsáid, dá mbeadh cluiche corr 'ar siúl sa chúlra,' an dtuigeann sibh. Is iomaí cor sa saol, a léitheoirí, agus corra go leor, freisin, is cosúil.

Friday, June 28, 2013
An Feoilséantóir is Gnéasúla?
Ní hea, ní mise í, a léitheoirí, ahem, chomh fada agus is eol dom, pé scéal é, ach dá mbeinn ar dhuine de na moltóirí ar a leithéid de chomórtas 'An Feoilséantóir is Gnéasúla ar Domhan', táim den bharúil go ndéanfainn cinnte de nach raibh an buaiteoir a roghnóinn ag ithe ainmhí ar bith, éanlaith agus iasc san áireamh.
I mbialanna áirithe, nuair a chuirim an cheist 'What vegetarian options have you got?,' deirtear liom, go rialta, 'We have fish and chicken dishes.'...osna...osna...osna. Bím ag súil lena leithéid de fhreagra, mar tarlaíonn sé chomh minic sin, ach chuir sé iontas orm go roghnódh PETA (People for the Ethical Treatment of Animals) an cúpla luaite in alt Xposé Entertainment, más fíor.
Le bheith féaráilte, agus ar fhaitíos go gceapfadh aon duine go bhfuilim ag ithe na feola fuaire, feicim nach bhfuil Dax Shepard luaite, mar bhuaiteoir, ar shuíomh PETA, ar chor ar bith; níl luaite ann ach a pháirtí, Kristen Bell, feictear dom.
Ar aon nós, ó tharla mé ar ábhar na feola, tá sé chomh maith dom roinnt eolais eile a roinnt libh, ach ná habair a dhath le haon duine eile faoi - sea, a léitheoirí, bhí mé féin ag titim chun feola, le roinnt blianta anuas, ach tá an fheoil á baint anuas agam anois. Wúhú!
Aclaíocht agus ainmhithe abú..;-)
****************
ag ithe na feola fuaire - backbiting/slandering people
titim chun feola/titim i bhfeoil - to grow flabby/fat
an fheoil a bhaint anuas - to lose weight
Na nathanna cainte thuas le fáil i WinGléacht, a chairde.
Subscribe to:
Posts (Atom)