Showing posts with label Cén Sórt É. Show all posts
Showing posts with label Cén Sórt É. Show all posts
Saturday, September 7, 2013
Cearc Go Leor!
Má bhíonn cearc leat ag breith, caithfidh tú cur suas lena glagarnaigh.
Tháinig mé ar an seanfhocal thuas ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, agus thóg mé an pictiúr thuas i dTír An Fhia, níl sé i bhfad ó shin, am a raibh mé ar thóir Áilleacht na Gaeltachta. Mo chuimhne, tá agaibh go dtí 5 i.n. Dé Máirt seo chugainn le bhur vótaí a chaitheamh anseo, a léitheoirí, más mian libh bhur dtuairim faoi áilleacht na Gaeltachta a roinnt, trí 'Like' a bhrú ar an ngrianghraf is fearr libh.
Ar aon nós, tá neart seanfhocal sa leabhar céanna ina bhfuil cearca luaite iontu, ach tháinig an ceann ar leith sin thuas faoin gceannteideal Brabach, mar a thuigfeá .i. an craiceann agus a luach, mar a déarfá, ó tharla gur fiú an tairbhe an trioblóid, is dócha.
Cibé scéal é, thug mé faoi deara, agus mé ag útamáil liom tríd an leabhar thuasluaite, go bhfuil giota scríofa ann faoi chiall an tseanfhocail 'Cearca samhraidh agus crábáin fómhair, níl aon mhaith leo.' Deirtear ann, faoin éanlaith a thagann amach mall sa bhliain, nach bhfásann an éanlaith sin mar is ceart, agus go mbíonn siad 'giortach.'
Maidir le 'crábán', sin coileach le drochghlaoch aige, nó gan glaoch ar bith aige - focal é crábán nach ionann é agus an focal crabadán, ón leabhar Cén Sórt É, focal a chiallaíonn cantalach. Cúpla sampla eile uaim, ón leabhar sin, anseo, a léitheoirí.
Dar leis an seanscéal atá scríofa ar leathanach 92 den leabhar Seanfhocla Chonnacht, tá pisreoga ag baint le coiligh agus cearca an Mhárta. Is ionann é coileach Mártain agus coileach a rugadh i Mí Márta (mar aon lena athair agus a mháthair roimhe); tá an bua aige go bhfuil sé 'in ann duine a shábháil ó spiorad.'
Má bheirtear coileach, a athair agus a sheanathair i Mí an Mhárta, dar leis an bpisreog, 'nuair a ghlaonn sé, tá dainséar na hoíche thart agus níl diabhal ná sióga in ann baint le daoine.'
Is cosúil nach bhfuil sé ceart 'coileach a thiocfadh amach faoi Fhéile Mhártain a ithe' agus go bhfuil 'coileach firinnach Márta in ann namhaid a aithint fad garraí ón teach.'
Más rud go bhfuil sibh ag iarraidh tuilleadh den seanchas béil maidir le Oíche Fhéile Mártain, agus féilte eile, a léamh, a léitheoirí, tá siad le fáil faoin gceannteideal Féilte sa leabhar Seanfhocla Chonnacht, nó b'fhéidir go mbeadh eolas ar an bhféile le fáil áit éigin ar an suíomh seo.
Wednesday, August 22, 2012
Puipéad Stoca?
Nuair nach mbíonn daoine, fearacht mé féin, go hiomlán ar
an eolas faoi chúrsaí ríomhaireachta ná faoi ghnóthadóireacht an idirlín, seans
go dtarraingeodh focal cosúil le sockpuppet a n-aird ina threo.
Dar le Wikipedia, séard is sockpuppet ann ná ‘an online identity used for purposes of deception… ‘ agus ar fhaitíos go mbeadh aon bhlagálaí nó aon ghiolcaire amuigh ansin amhrasach faoina identity féin, deirtear ar an suíomh céanna sin,
‘A significant difference between the use of a pseudonym and the creation of a sockpuppet is that the sockpuppet poses as an independent third-party unaffiliated with the puppeteer.’
D’fhágfadh sé sin go mbeadh an sockpuppet Neamhspleách Ar Phuipéadóir, b'fhéidir? Féach napachán ar an líosta thíos, a léitheoirí.
Ní fúmsa atá sé, sa mhír seo, lipéad a chur ar aon duine; níl uaim ach leagan Gaeilge den fhocal sockpuppet a aimsiú, más féidir é, ceann nach ionann é agus aistriúchán díreach, an dtuigeann sibh. Tháinig mé ar na focail seo a leanas, in Cén Sórt É nó ar an suíomh Is Iomaí Duine ag Dia:
Napachán – (Duine anásta dallintinneach; Duine ráscánta maolaigeanta; Leanbh gan chaill) CSÉ (lumpish, witless person) IIDaD
Cealgaire - (duine glic lúbach, duine a chuirfeadh amú thú d’aon turas; duine fimíneach) CSÉ (guileful person, beguiler, deceiver) IIDaD
Faladhúdaí - (stealthy person, thief, deceiver) IIDaD
Gliúcálaí- (Rógaire, duine cealgach) CSÉ (Gliúcálaidhe ar IIDaD)
Saofóir - (perverter, deceiver) IIDaD (Duine a chuirfeadh duine nó ní as a cheart; duine cealgach; duine a bheadh ag breabadh nó ar cur cathú) CSÉ
Láimhsitheoir - (Duine a bheadh ag ionramháil) CSÉ (manipulator, grappler) IIDaD
Beartaí – Duine a bheadh ag pleanáil; duine a bheadh ag bagairt; duine a bheadh ag pleanáil go cliste) CSÉ
Bhuel, tharraing sé m’airdse, pé scéal é, nuair a chonaic mé
an focal luaite ag Willie O’Dea san Indo, ina alt faoi Chris Andrews.

Líonláimhsitheoir? Gliúcálaí Gréasáin? Saofóir Suímh?
Faladhúdaí Idirlín? Láimhsitheoir Láithreáin? Cealgaire Caismirteach?
Caochadán, b’fhéidir? Napachán, b’fhéidir? Bhur mbarúil féin?
Caochadán, b’fhéidir? Napachán, b’fhéidir? Bhur mbarúil féin?
Subscribe to:
Posts (Atom)