Ní hea, a léitheoirí, níl baint ar bith ag an scéal seo liomsa, ná le hÁine na Dála, ach le hÁine eile. Sea, tá an Áine eile sin 'ag taisteal ar fud na hÉireann ag tabhairt faoi tascanna difriúla' le Tobar Productions.
Dúshláin, agus clár nua do TG4, atá idir lámha aici an geábh seo, agus más rud go mbeidh tusa, nó do chairde, i nGaoth Dobhair tráthnóna amárach, Dé hAoine (chomh fada agus is eol dom!) beidh Áine Arskypeacheile ansin, le tobshlua a thabhairt le chéile - tobshlua céilí!
Anois, céard eile a dhéanfá tráthnóna amárach, agus an aimsir chomh hálainn is atá sí, ach dreas damhsa taobh an bhóthair? Nach é Dev a bheadh bródúil asaibh, más fíor, dá dtiocfadh libh é sin a dhéanamh, a chairde!
Bhuel, bheinn féin sásta libh, pé scéal é, mar is aoibhinn liom tobshlua ag damhsa, mar is eol daoibh. Murach go bhfuil clannchruinniú, agus dreapadh na Cruaiche, romham féin an deireadh seachtaine seo, bheinn i nGaoth Dobhair, gan dabht.
Go n-éirí go geal leis an gcraic agus leis an gcéilí. ♫♪♪♪♫♫♪ Tuilleadh eolais le fáil ach treoracha Áine a leanúint anseo.
Showing posts with label Gaoth Dobhair. Show all posts
Showing posts with label Gaoth Dobhair. Show all posts
Thursday, July 11, 2013
Tuesday, May 15, 2012
Nathanna Cainte
Bhí mé i nGaoth Dobhair le déanaí, agus i gConamara go
gairid ina dhiaidh sin, rud a thug deis dom nathanna cainte dúchasacha a chloisteáil sna nGaeltachtaí sin.
Dá mbeadh tantrum ag páiste, d’fhéadfadh sé bheith ag
brúchtadh screadaíl ó thuaidh ach ag cur a chosa beaga uaidh thiar.
Chuala mé an mhallacht ‘Caor thine ort!’ ó thuaidh, cé nach bhfuil an
leagan ar leith sin de mhallacht ag an dream thiar, go bhfios dom.
An té a bheadh ag glanadh na bprátaí ó thuaidh, seans go mbeadh sé ag
peeling potatoes, cé gur ag baint an chraicinn de na fataí a bheadh an duine i
gConamara. Dá mbeadh aon ghlanadh fataí á dhéanamh thiar, is ag baint an tsalachair
de na fataí san iomaire a bheadh siad: is ionann an salachar sin agus na fiailí,
nó weeds, an dtuigeann sibh.
Lustan an focal a chuala mé ar weeds ó thuaidh, nuair a
cuireadh ceist orm ar mheas mé gur cuireadh an ‘lus’ i lus an chromchinn mar
gur weed atá ann – freagra nach bhfuil agam, a léitheoirí, cé go bhfaca mé, i WinGléacht,
gur lus gan athair gan mháthair an Ghaeilge atá ar duckweed!
Dá mbeadh ultach smúdáil le déanamh ag an duine ó thuaidh,
bheadh an oiread sin iarnála le déanamh ag an duine thiar.
Agus dá mbeadh fonn ort a leg of chicken a ithe i gConamara,
ní cois sicín a d’íosfá, seans, ach ceathrú sicín. Ar
ndóigh, ní íosfainn féin ceachtar acu, mar is eol daoibh.
Maidir leis an aimsir, tá sí feabhsaithe rud beag inniu. Níl
sé ag cur sceana gréasaí mar a bhí sé inné, nuair a bhí an lá fliuch fuar feannaideach. Glacaim leis, mar sin, ó chuala mé an nath sin ón Dómhnallach, go mbíonn sceana an ghréasaí wet cold and sharp.
Friday, January 28, 2011
Ar Camchuairt
Inné, rinne mé féin agus Bean an tSléibhe mar a rinneamar cheana, agus chuamar go Gaoth Dobhair, ar camchuairt.
Bhí mo cheamara nua liom agam, agus thóg mé cúpla grianghraf eile daoibh, a léitheoirí, ó tharla an lá agus an áit chomh hálainn sin, agus ó tharla mé ag iarraidh a dhul i dtaithí ar mo bhréagán nua.
Sin thuas Gleann Nimhe. An bhfuair sé a ainm ó Bhalor na Súile Nimhe, nó ó chartagrafaí Sasanach, meas tú? Tá freagra, ceapaim, le léamh anseo.
Tá scéal eile, scéal nach mbaineann ar chor ar bith leis an áit álainn thuas, ach scéal a bhaineann leis An tSúil Nimhe, le léamh anseo - níl ann ach gur tháinig mé air, mar scéal, agus mé ag útamáil thart ar an idirlíon anois díreach, agus cheap mé go raibh na focail dheireanacha ann, 'ní thugann aon duine aird ar bith ar an Phobal agus tá an Todhchaí ina cac.' sách tráthúil don aimsir láithreach, an dtuigeann sibh.
Tá fothracha na seaneaglaise, eaglais a tógadh le linn na 1830aidí, le feiceáil ar chlé sa ghrianghraf thuas, agus tá Dunlewey House, teach mhuintir Guinness, i bhfolach sna crainn ar dheis.
Sin thuas ‘Bád Eddie’, mar a thugtar air, ‘bád iascaigh a chuaigh ar ancaire i mbá Mhachaire Chlochair sna 1970idí agus atá ann go fóill.’ Is léir go bhfuil.
Bhí mo cheamara nua liom agam, agus thóg mé cúpla grianghraf eile daoibh, a léitheoirí, ó tharla an lá agus an áit chomh hálainn sin, agus ó tharla mé ag iarraidh a dhul i dtaithí ar mo bhréagán nua.
Sin thuas Gleann Nimhe. An bhfuair sé a ainm ó Bhalor na Súile Nimhe, nó ó chartagrafaí Sasanach, meas tú? Tá freagra, ceapaim, le léamh anseo.
Tá scéal eile, scéal nach mbaineann ar chor ar bith leis an áit álainn thuas, ach scéal a bhaineann leis An tSúil Nimhe, le léamh anseo - níl ann ach gur tháinig mé air, mar scéal, agus mé ag útamáil thart ar an idirlíon anois díreach, agus cheap mé go raibh na focail dheireanacha ann, 'ní thugann aon duine aird ar bith ar an Phobal agus tá an Todhchaí ina cac.' sách tráthúil don aimsir láithreach, an dtuigeann sibh.
Tá fothracha na seaneaglaise, eaglais a tógadh le linn na 1830aidí, le feiceáil ar chlé sa ghrianghraf thuas, agus tá Dunlewey House, teach mhuintir Guinness, i bhfolach sna crainn ar dheis.
Subscribe to:
Posts (Atom)