Showing posts with label nós. Show all posts
Showing posts with label nós. Show all posts

Friday, March 14, 2025

Seal Le Chéile


Chaith mé maidin thaitneamhach, inné, san Ionad Seirbhísí Poiblí i Leitir Ceanainn. Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2025, bhí teacht le chéile agus gearrscannán eagraithe ag Oifigeach na Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall, Róise Ní Laifeartaigh. Seachas fear amháin, mná uilig a bhí ann, agus is againn a bhí an chraic agus an comhrá.

  Mé fhéin agus Róise Ní Laifeartaigh

Casadh Róise orm, den chéad uair, nuair a bhí an bheirt againn i mbun céime i Stair agus i Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Mhig Aoidh i nDoire, agus is ann a casadh Seán Mór Ó Daimhín orm, freisin. Tháinig Róise mar chomharba ar Sheán mar Oifigeach na Gaeilge leis an gcomhairle, anuraidh. Ach an oiread le Seán Mór, tá a croí istigh i dteanga agus i gcultúr na tíre, agus tá sí mar urlabhraí díograiseach againne, lucht na mbrící lochtacha, chomh maith.  

Mé fhéin agus Bairbre Uí Chathail

Casadh Bairbre Uí Chathail orm ag an Ionad, freisin. Is í Bairbre an Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Líonra Leitir Ceanainn, agus is maith ann í. Bíonn sí de shíor ag eagrú ócáidí i nGaeilge do mhuintir na háite - Tráth na gCeist, Clubleabhar, Pop-Up Gaeltacht, cúrsaí don té atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim nó a fheabhsú - agus is féidir tuilleadh faoina cuid oibre a léamh anseo.

Bean eile a bhfuil an-mheas agam uirthi na Clíona Ní Ghallchóir (féach thuas). Castar orm í, go rialta, ag Oireachtas na Samhna - áit ar bith inar féidir le Clíona teanga agus cultúr na tíre seo a chur chun cinn, bíonn sí ann, mar sin bhí áthas an tsaoil orm, inné, nuair a chuala mé go bhfuil sí anois fostaithe go lánaimseartha, ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar an gClochán Liath, mar Aistritheoir Gaeilge. Bheinn den bharúil nach bhfeicfear aon 'praistriúchán' ag teacht ón mbean óg chumasach chairdiúil seo agus í i mbun a cuid oibre leis an gcomhairle. Go n-éirí go geal léi ina post nua!

Maidir leis an ngearrscannán a chonaiceamar inné, An Trucailín Donn, ní raibh sé feicthe agam roimhe, agus ní raibh an scéal sin (cás cúirte) faoi Niall Mac Giolla Bhrighde ar eolas agam. Go deimhin, ní raibh a fhios agam go raibh Pádraig Mac Piarais mar aturnae aige! Ní raibh a fhios agam, ach an oiread, gurb é Niall a scríobh 'The Hills of Donegal' agus 'Mo chró beag ag bun Chnoc an Tí' - fear fíorshuimiúil agus is féidir tuilleadh faoina shaol a léamh anseo

Táim fíorbhuíoch do Róise as an gcuireadh, agus do na hearnálacha Gaeilge uilig a chuidíonn liomsa, agus le foghlaimeoirí eile, an teanga a aimsiú agus a úsáid ar bhonn rialta. Ní thuigfidh mé, go brách, an gá leis na ciorruithe seo nuair is léir domsa, le blianta fada anuas, go bhfuil an teanga faoi bhláth agus í faoi chúram na ndaoine thuasluaite agus a leithéidí. Nach é Niall a bheadh bródúil as a gcumas, ach níl a fhios agam céard a bheadh le rá ag an bhfear cróga sin faoi na ciorruithe atá beartaithe don teanga sa lá atá inniu ann.

                                  ********

https://vimeo.com/339348227/d3f70ad007

Thursday, February 27, 2020

Logainm nó Lagainm?

Ar mo bhealach chuig an bhFéile Pan Cheilteach i gCeatharlach, Dé Sathairn seo caite (is i gCeatharlach a tharla sé seo an oíche sin - maith thú, a Ghráinne!), thug mé an rud ceannann céanna faoi deara is a thug Bridget Bhreathnach faoi deara anseo, agus í ag tiomáint as ais as Luimneach,

'Ní raibh aon gharraí le feiceáil nach raibh ag cur thar maoil le huisce.'

Bhrisfeadh sé do chrói. Níl a fhios agam cén deireadh a bheas le scéal na haimsire, ná leis an drochbhail a chuireann na haibhneacha ar thithe agus ar fheirmeacha, de bharr na drochaimsire, ach tá trua agam do na daoine bochta sin mar tuigim a gcás, ar bhealach

Anois, níl baint ag na scéalta sin thuas le hábhar na blagmhíre seo, ar shlí. An t-aon bhaint atá acu leis an scéal-fada-atá-á-dhéanamh-agam-den-scéal-gearr-seo ná go ndearna mé agallamh le Colm Feiritéir ar an gclár Ruaille Buaille aréir agus, ar m'fhilleadh abhaile dom, tháinig sceitimíní idir mé féin agus codladh na hoíche, mar sin thosaigh mé ag léamh tuairisc.ie (alt Bhridget, thuas) agus nos.ie, áit ar léigh mé an scéal seo, faoi logainmneacha, agus na focail a cuireadh síos do Aodhán Ó Deá,

'"Chonaic mé físeán faoi logainmneacha ar na meáin shóisialta i gcaitheamh na Nollag agus rith sé liom, nuair a smaoinítear air, gur gibris amach is amach atá i bhformhór na logainmneacha Béarla in Éirinn..."'


Tuigim céard atá i gceist aige. Rugadh agus tógadh mise in Eanach Mheáin, logainm a insíonn scéal, i mo thuairim, ach is Annaghvaan Island an leagan galldaithe a fheicim ar mhapaí, go rialta...lagainm, nach n-insíonn aon scéal, i mo thuairim. 

Ar aon nós, le scéal-gearr-fadaithe a dhéanamh níos faide, tá sé de nós agam súil a choinneáil ar chomharthaí bóthair, agus mé ag tiomáint liom, le go bhfeice mé cén logainm Gaeilge atá scríofa taobh thuas den lagainm Béarla, le go dtuige mé scéal na háite. 


Ar mo bhealach ar ais go Bun Cranncha as Ceatharlach, Dé Domhnaigh seo caite, bhí mé tuirseach. Tháinig sceitimíní eile idir mé féin agus codladh na hoíche roimhe, an dtuigeann sibh, ach, mar sin féin, bhí mé ag breathnú ar na comharthaí bóthair, agus mé ag tiomáint ar ais; ag déanamh iontais den lag a thiteann ar an log, an dtuigeann sibh. 

Bhí a fhios agam go raibh sé in am dom stopadh, agus cupán caife a fháil dom féin, nuair a chonaic mé an comhartha bóthair 'Tiredness Kills' agus thosaigh ag cuardach an logainm Gaeilge!

Tuesday, July 30, 2019

Athbhreithniú agus Comhairle

An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach baineadh siar asam nuair a chuala mé go raibh 'Athbhreithniú ar Mhaoiniú Fhoras na Gaeilge d'Earnáil na Meán Gaeilge clóite agus ar líne' ar na bacáin. 

Cén fáth? 

Bhuel, an chéad smaoineamh a rith liom, nuair a léigh mé faoin athbhreithniú, ná 'Ná habair liom go bhfuil scéal 'Gaelscéal' eile ar an mbealach!' - nuachtán eile a bhí ar fáil ar feadh tréimhse agus, ansin, é imithe go dtí éitear chartlanna an idirlín, sula raibh deis ag dúch ár ndúchais triomú air, fiú. 

Ach, ní Gaelscéal amháin a d'imigh, ach Foinse, Beo, Feasta, An tUltach srl.; nuachtáin agus irisí a léigh mé, go rialta. D'imigh siad ón aimsir láithreach go dtí an aimsir chaite i ngan fhios dúinn, shílfeá; cuid acu a d'imigh de réir a chéile, ach cuid eile acu imithe uainn, díreach agus muid ag cur aithne mar is ceart orthu. 

Is mór an trua é sin. Chuidigh siad liom, go mór, barr feabhais a chur ar mo chuid Gaeilge. Más rud nach bhfuil mo chuid Gaeilge foirfe nó caighdeánach, ní orthu siúd atá an locht, go deimhin, ach orm féin. 

Fiú mura raibh ann ach sracshúil, ó am go chéile, bhí seans ann go dtiocfainn ar alt, i gceann acu, a thaitneodh liom, agus thug sé deis dom mo theanga dhúchais a choinneáil beo beathach i mo chloigeann. Bhí mé ag foghlaim, agus bhí fáil agam ar nuacht an tsaoil, i bhfoirmeacha a thug deis dom an nuacht sin a fháil, ag am a d'fheil dom féin. 

Sa lá atá inniu ann, bainim úsáid as podchraoltaí, go rialta (cé nach mbíonn gach clár Gaeilge a thaitníonn liom i gcónaí le fáil ar phodchraoltaí Raidió na Gaeltachta, ar fáth éigin - Meascra, mar shampla) agus táim ag teacht isteach ar an gcóras Soundcloud as a mbaineann Raidió na Life úsáid

Tugann podchraoltaí, agus TG4 Player, deis dom na scéalta is fearr liom a fháil, ag am a fheileann dom féin. 

Ach, ní hionann 'éist siar' ná 'súil siar' agus 'an bhfuil a fhios agat céard a tharla inniu' nó 'fan go gcloise tú céard atá ag tarlú thall/abhus' nó 'tá úrscéal nua ar fáil/banna ceoil nua le cloisteáil/uirlis nua tagtha ar an bhfód' - teastaíonn nuacht reatha, agus teastaíonn sé uainn inár dteanga dhúchais, le go mbeidh fáil againn uilig, idir óg agus aosta, ar scéalta an lae. 

Ní chaithim mo shaol ar Twitter ná ar Facebook, ach nuair a bhím ar cuairt ar na meáin sin, is ar lucht na Gaeilge a dhírím m'aird, den chuid is mó. B'fhéidir go roinnim alt i mBéarla, ó am go chéile, ach is í an Ghaeilge mo theanga chumarsáide, formhór an ama. Agus, tá go leor le foghlaim ó na meáin sin, maidir le cúrsaí reatha agus seanscéalta srl.  

Caithim súil ar chuala.me  beagnach chuile lá beo, le go bhfeice mé céard atá i mbéal an phobail, agus, níos minice ná a mhalairt, is scéalta as tuairisc.ie nó as nós.ie a bhíonn roinnte ag lucht scríofa na Gaeilge ar Twitter. Ar ndóigh, bíonn Nuacht TG4, PEIG,ie, Meon Eile, BLOC, TG4, Raidió na Gaeltachta, BBC Gaeilge, Nuacht RTÉ, Raidió na Life, Raidió Fáilte, ToghCon, Conradh na Gaeilge, dúchas.ie, Údarás na Gaeltachta, agus tuilleadh nach iad, i lár an aonaigh ann, freisin.

Anois, ar fhaitíos go gceapann aon duine go bhfuil dearmad déanta agam de comhar.ie, níl ann ach gur fhág mé an ceann is fearr go dtí an deireadh. Ní iontas ar bith é go bhfuil Cathal Goan imníoch, agus tuigim a chrá. Níl a fhios agam sa diabhal cén chaoi a n-éiríonn le bord na hirise maireachtáil ar an méidín suarach maoinithe a fhaigheann siad cheana, gan trácht ar aon ghearradh siar a chur i bhfeidhm. Tá iris chlóite, LeabhairComhar, COMHARTaighde, COMHARÓg, agus Portráidí curtha ar fáil acu. Réimse leathan ar mhaoiniú teoranta - éacht oibre!

Tuigim, go rímhaith, go bhfuil an saol ag athrú. Thuig mé an méid sin, fadó fadó, nuair a dúirt duine de mo dhéagóirí liom 'We need to get a computer, Mom!' Ní raibh leid dá laghad ag an scríbhneoir seo céard sa diabhal é 'computer' ach ní raibh mé i bhfad ag foghlaim go mbeadh siad lárnach sa todhchaí, agus cheannaigh mé ceann acu. 

Bhí an déagóir sin 37 i mbliana, agus sna chúig bliana fichead ó thosaigh mise agus ise ag útamáil ar an idirlíon, tá méadú ollmhór tagtha ar ábhair na Gaeilge atá ar fáil...ón 'faic' go 'flúirseach' atá i gceist agam, an dtuigeann sibh.

Tá súil agam nach mbeidh aon athrú ar scéal na flúirse, ach tuigim, go maith, go bhfuil gá le hathbhreithniú, le go mbeidh muid uilig in ann coinneáil suas leis an todhchaí, ar bhealach cúramach ciallmhar. 

Tá machnamh á dhéanamh agam ar an scéal, maidir le 'Earnáil na Meán Gaeilge clóite agus ar líne,' i láthair na huaire. Tá tuairimí léite agam, ó dhaoine éagsúla ar tuairisc.ie (daoine a bhí/atá bainteach leis na meáin, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile), agus d'éist mé le Maitiú Ó Coimín (eagarthóir na hirise Nós) agus Áine Ní Ghlinn (eagarthóir COMHARÓg) ag labhairt ar an gclár Tús Áite (podchraoladh anseo, 27 Meitheamh) le go mbeidh mé in ann freagraí tomhaiste a thabhairt ar na ceisteanna thíosluaite. 

Ní bheidh sé éasca, ach creidim go bhfuil gá le hionchur uainne, léitheoirí agus foghlaimeoirí na Gaeilge atá ag brath ar an earnáil seo, le go dtuigfidh Foras na Gaeilge céard atá uainn. 

Tá an doiciméad comhairliúcháin le fáil anseo. Ceithre cheist atá le freagairt:

C 1.    An bhfuil tú i bhfabhar/i gcoinne an chur chuige nua atá molta nó aon ghné de? Mínigh an chúis le do thoil:

C 2.    An bhfuil moltaí feabhais a mholfá don chur chuige nua atá molta nó aon ghné de? Liostaigh thíos le do thoil:

C 3.   Lasmuigh den chur chuige nua molta, an bhfuil moltaí agat maidir leis an socrú reatha a fheabhsú? Mínigh do mholtaí le do thoil:

C 4.   Sa chás go bhféadfadh Foras na Gaeilge cur leis an maoiniú reatha de €500k don earnáil seo, cad iad na tosaíochtaí caiteachais eile a mholfá:

Gan ionchur uainne, d'fhéadfadh laghdú a theacht ar an earnáil, seachas leathnú. Caithfidh muid ár gcomhairle a bheith faighte ag Foras na Gaeilge faoin 15 Lúnasa 2019 ar 13.00. 

Coinnígí súil ar an todhchaí, a léitheoirí. Is gearr uainn í. 

Saturday, March 2, 2019

Béarlagair

Tá a fhios agaibh féin an chraic, a léitheoirí...bíonn tú i do shuí ansin, ag tabhairt aire do do ghnóthaí féin, ag éisteacht leis an raidió, nó ag breathnú ar an teilifís, agus an chéad rud eile cloisfidh tú nath cainte in úsáid, nath nach raibh cloiste agat, riamh cheana, ach atá anois in úsáid leis an minicíocht chéanna agus a chuirfeá im ar arán, nó bainne i do chuid tae.

Tóg an nath sin 'going forward' mar shampla, nath atá le cloisteáil as béal gach mac máthar a bhíonn ag labhairt faoi aon-cheo-gnó atá ag dul ag tarlú sna laethanta/seachtainí/blianta atá amach romhainn,.

Cuireann sé iontas orm, go deimhin, nach bhfuil an nath nuachumtha le feiceáil ar an liosta seo (liosta de bhéarlagair gnó a chuireann daoine soir), cé go bhfuil sé luaite-le-cantal san alt seo.

Ar aon nós, le scéal fada a dhéanamh níos faide, tá béarlagair gnó nua iomarca-úsáide cloiste agam, le déanaí, agus sé sin 'proof of concept,' nó 'cruthúnas coincheapa' mar a thugtar air anseo

Anois, ná fiafraigh díom cén fáth, ach nuair a chuala mé an nath sin thuas den chéad uair, thosaigh mo chuid smaointe ag rith ar fud na háite sin ar a dtugaim 'mo chloigeann.' Bhí mé ar thóir mhíniú ciallmhar ó m'inchinn chiallmhar, an dtuigeann sibh, ach ní sa treo sin a chuaigh mo, ahem, phróiseas smaointeoireachta

B'fhéidir gur féidir an locht a chur ar an bhfocal sin 'concept,' nó b'fhéidir gurb í an líne sin as Wikipedia, 'A proof of concept is usually small and may or may not be complete.' is ciontaí, ach, pé scéal é, tháinig, ahem, tógáil páistí isteach i mo chloigeann. 

Maidir le tógáil páistí, a léitheoirí, cibé coincheap atá in bhur gcuid gcloigne maidir leis an mbealach is fearr le páistí a thógáil, creid uaimse é, níl aon chruthúnas ann go n-éireoidh leis, going forward.

Sunday, January 6, 2019

Nollaig na mBan

Scríobh mé blagmhír faoi Nollaig na mBan, roinnt blianta ó shin, mar a fheicfidh sibh anseo, agus is ansin a bheas sibh in ann léamh faoi na nósanna agus nathanna cainte éagsúla a d'fhoghlaim mé féin, ó thaithí nó ó thaighde, le himeacht na mblianta. 

Inné, chaith mé cúpla nóiméad ag labhairt le Bláthnaid ar an gclár Bláthnaid Libh, ó tharla gurb é inniu lá 'Nollaig na mBan,' (nó, más fearr leat, is é inniu An Nollaig Bheag, Eipeafáine, Lá Chinn an Dá Lá Dhéag, nó Féile na dTrí Ríthe - Seán Mac an tSíthigh ag scríobh faoin lá ar tuairisc.ie anseo agus anseo; féach ar bhlag Róislín, maidir le hainm an lae, anseo), agus bhí Bláthnaid ag labhairt liomsa, agus le mná eile, faoinár dtaithí maidir le nósanna a bhaineann leis an lá seo.

Go dtí gur luaigh sí liom é, bhí dearmad déanta agam den nós a bhíodh againn, thiar i gConamara. agus mé ag fás aníos, coinneal a lasadh sna fuinneoga uilig, ar fud an tí, ar an lá seo. Ní cuimhin liom cén fáth a ndearna muid é sin, ach ní dóigh liom gur chuala mé, ag an am, gurb í, aheman ghéarleanúint a rinne ríocht na Breataine orainn, fadó, a ba chúis leis, mar nós. 

Pé scéal é, tríocha bliain ó shin, nó mar sin, agus mé i mo chónaí in Inis Eoghain, chuala mé, ó bhean a bhí pósta le fear as Corcaigh, go raibh nós eile ann a bhaineann leis an lá seo, sé sin le rá, mná ag teacht le chéile, mar gur..

'Ar na fir a thiteann obair an tí ar an 6 Eanáir[4]. Tá traidisiún ann go bhfaigheann mná lá saoire ó dhualgais an tí ar an lá seo (traidisiún an-láidir i gCorcaigh ach lag sa tír in iomlán). Is traidisiún iomlán Éireannach é[5]. Eagraíonn na mná cóisireacha nó turais amach go dtí na bialanna nó na tábhairní. Bíonn na bialanna agus na tithe tábhairne lán go doras le mná an oíche sin.' 

...más fíor an méid a léigh mé anseo. Ar aon nós, mura dtaga leat tar leo (seanfhocal uimhir 15 anseo) agus, anocht, beidh mé i mbialann le banchairde agus, i dtraidisiún nach bhfuil 'iomlán Éireannach,' ní bheidh an bhean seo, ná aon bhean eile ar m'aithne, saor 'ó dhualgais an tí,' inniu, ná ar aon lá eile!

Gabh mo leithscéal anois, a léitheoirí, ach caithfidh mé imeacht, mar tá 'glaoch rolla' le freagairt ag an mbean seo. 

Bíodh lá maith agaibh, a chairde! 


Thursday, November 23, 2017

Lá an Altaithe

Daoibhse, thall agus abhus, a bheidh ag ceiliúradh Lá an Altaithe inniu, tá súil agam go mbeidh lá faoi shéan agus faoi mhaise agaibh uilig. Cibé áit ina mbeidh sibh, bainigí taitneamh agus sult as an lá, i gcuideachta bhur muintire agus i gcuideachta bhur gcairde.

Mo chuimhne, is cosúil go ndéantar ceiliúradh ar an lá seo le cairde amháin, nuair nach mbíonn muintir chairdiúil an cheiliúraí in aice láimhe, is dócha. Le go mbeidh sibh ar an eolas, ahem, riachtanach faoina leithéidí, tá, ahem, rialacha ag baint le Lá na gCairde, agus tá siad le léamh anseo, más mian libh tabhairt fúthu. Gura fada uaibh uimhir 15, a chairde!

Cibé scéal é, go raibh sibh uilig faoi shuíochán, agus saor ó bhuairt, inniu agus de shíor, más féidir é, a léitheoirí. 

Scéilín beag anseo daoibh, ón am a chaith mé féin thall, ar Lá an Altaithe, i 2015. Fonn agus fíon...meascán mearaí...hmmm...

Tuesday, July 18, 2017

Bhfuil Ciall Leis Sin?

Is minic an ráiteas 'Níl ciall dá laghad aige/aici!' cloiste agam thar na blianta, agus chuala mé é ráite arís, ar maidin. 

Séard a bhí i gceist ag an té a dúirt, i ngan fhios dó féin, seans, 'níl ár gciall/mo chiall/do chiall' ag an duine sin. Bhuel, sin an chiall a bhainim féin as an ráiteas, pé scéal é.

Céard is ciall ann, meas tú? 

Mura bhfuil tú in ann ciall dá laghad a bhaint as rud, an é sin le rá nach bhfuil ciall agat? Nó, b'fhéidir go gceapann tú nach bhfuil ciall dá laghad leis an gceist sin! Bheadh ciall leis sin, b'fhéidir. 

Ar ndóigh, d'fhéadfá do chiall a chailleadh, rud a chuirfeadh duine eile as a chiall, seans, mura mbeadh duine ciallmhar thart faoin áit, a thabharfadh an bheirt agaibh chun céille, arís.  

Mura bhfuil ciall cheannaithe agat, is dócha nach mbeidh tú in ann ciall ná réasún a bhaint as an mblagmhír seo...chuile amadán is ciall dó fhéin, (nó chuile amadán agus a chiall fhéin) mar a deir an seanfhocal. 

Seanfhocal nó dhó eile daoibh, a léitheoirí, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, 

An té nach bhfuil ciall aige, beidh cuimhne aige.  (Díth Céille) 

An duine ciallmhar, is é is lú caint. (Caint)

Is fearr ciall ná cuid. (Ciall)

Ní dhearna croí agus ciall cuingir mhaith riamh. (Comharsan)

Is iomaí fear ciallmhar a bhíos cam. (Cosúlacht)

Múinfidh do shrón fhéin ciall duit. (Críonnacht) 

Blagmhír nó dhó eile uaim, ar an ábhar, anseo, anseo agus anseo


Monday, November 28, 2016

I gCuimhne

Níl a fhios agam cén uair a thosaigh mé ar an nós ach, le blianta fada anois, tá sé de nós agam, roimh an Nollaig, dul trí na cártaí Nollag ón mbliain roimhe, agus más rud go bhfuair mé cárta ó aon duine a fuair bás idir an dá linn, coinním an cárta sin.

Chuile Nollaig, cuirim na cártaí uilig atá bailithe agam ar an matal sa seomra suite, i gcuimhne ar na daoine sin. Ar an gcaoi sin, airím liom iad nó, ar a laghad, tagann siad chun cuimhne, nuair a léim na beannachtaí a sheol siad chugam.

Faraor, tá líon na gcártaí sin ag méadú, bliain i ndiaidh bliana.

Nós eile atá agam, ná na cártaí Nollag uilig ón mbliain seo caite a choinneáil san áiléir, i mbosca na gcártaí. Is bosca é ina mbíonn na cártaí thuasluaite, agus cártaí Nollag nua glan, cártaí nár úsáideadh riamh, chomh maith le liosta ainmneacha agus seoltaí na ndaoine a fhaigheann cártaí go rialta uaim, um Nollaig.

Aréir, bhí mé ag cartadh sa mbosca sin, agus tháinig mé ar sheanliosta, liosta a scríobhadh blianta fada ó shin; os cionn deich mbliana ó shin, ceapaim. Baineadh siar asam nuair a chonaic mé ainmneacha ar leith ar an liosta sin; ainmneacha daoine nach bhfuil linn a thuilleadh, faraor, daoine atá imithe ar shlí na fírinne, ó cuireadh an liosta sin le chéile.

Ar bhealach, bím uaigneach nuair a léim a leithéidí. Ar bhealach eile, tá a fhios agam go mbeidh deis agam a mbeannachtaí a léamh arís, i gcuimhne orthu, mar a déarfá. Nuair a bheas an seomra suite maisithe don Nollaig an mhí seo chugainn, beidh na cártaí agus a mbeannachtaí ar an matal.

Más féidir barróg a fháil ó bheannacht, rud a mhothaím, beidh barróga go leor á roinnt.

Monday, February 29, 2016

Mí an Mhárta

Is gearr uainn tús an Mhárta, agus ó tharla gur chuir Dennis ceist orm faoi sheanfhocail a bhaineann leis an mí ar leith seo...mí atá ar tí a cuid cantail a chur in iúl dúinn, más féidir brath ar fhianaise na haimsire anseo in Inis Eoghain ar maidin!...chuaigh mé ar thóir roinnt seanfhocal, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal 'Aimsear,'

Má thagann an Márta isteach mar leon, rachaidh sé amach mar uan. 

Má thagann an Márta isteach breá, rachaidh sé amach garbh. 

Márta garbh gaothach, Aibreán bog braonach, Bealtaine béalfhliuch. 

Márta tirim, tuar plandaí. 

Mallacht ghaoth ghágach na Márta.

Bíonn 'Máirtín Gágach' amuigh sa Márta. 

Deirtear, sa leabhar, go bhfágann 'an ghaoth fhuar ghéar gága ar chraiceann na lámh is na gcos: déantar 'Máirtín' as ainm na míosa.' 

Labhair mé, inniu, le mná ar m'aithne as Conamara, triúr acu, agus thug mé faoi deara go ndúirt an duine ba shine acu 'Mí an Mhárta' (tá sí os cionn cheithre scór), agus go ndúirt an bheirt eile 'Mí na Márta.' Bhí 'Máirtín Gágach' cloiste ag beirt acu, an duine b'óige (55+) agus an duine ba shine (80+), cé nach raibh sé cloiste ag an mbean i lár báire (65+). 

Bhí an bhean ba shine acu ag insint dom go mbíodh an aimsir an-fhuar go deo sa seanam, agus gur cuimhin léi na gága (agus an fhuil leo) ar chosa na ndaoine, ag teacht isteach ón bhfuacht, théis lá oibre ar an gcladach, nó áit éigin mar sin. Bhíodh 'triomach' ann, a dúirt sí, ach bhíodh 'sioc' ann, freisin, agus is 'ón bhfuacht' a tháinig na gága.

D'inis sí dom, chomh maith, go mbíodh sé de nós ag na daoine, an t-am sin, an mhóin fhliuch ón gcruach mhóna a chuir amach 'i lár an chnocáin' nó 'suas ar an gclaí' i Mí an Mhárta mar, deiridís, 'triomóidh an Márta í sin!'

An Márta a mharaíos daoine
Na Faoillí a mharíos caoirigh.

Ce nach raibh sí ar an eolas faoi 'Na Faoillí' a bheith mar ainm ar Mhí Feabhra, dúirt sí go mbíodh an mhí sin fliuch, ach go mbíodh Mí an Mhárta 'fuar agus tirim.' 

Ní bhíonn sé crua fuar go dtí an Sean-Mhárta.

Maidir leis an seanfhocal thuas ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, tá sé scríofa 'Ní mhothaítear fuacht go dtí an t-earrach (nó deireadh Márta)'

Mo chuimhne, tá Mí na bhFaoillí (Mí na bhFaoilleach) beagnach caite. Tá lá sa bhreis againn an mhí seo, inniu mar a tharlaíonn sé, rud a fhágann gur bliain bhisigh atá ann i mbliana, agus tá pisreoga a bhaineann leis an mbliain bhisigh le léamh ar leathanach 11 den PDF seo ó Choláiste na hOllscoile Chorcaigh. 

Agus, ó tharla 'laethanta na bó riabhaí' ar an mbealach i Mí an Mhárta, freisin, is féidir leat mo bhlagmhír ar an ábhar sin a léamh anseo

Sunday, January 31, 2016

Nós nó Nóisean

I láthair na huaire, táim ag glanadh tí, ó bhun go barr, nós a thosaigh mé, théis na Nollag, roinnt blianta ó shin, nuair a bhogamar go Ceann Scríbe. Ní hé (ar fhaitíos aon, ahem, mhíthuiscint, a léitheoirí) nach nglanaim an teach go rialta, ach seo sciúradh ar leith...ceann a thugaim don teach, i Mí Eanáir, chuile bhliain.

B'fhéidir nach bhfuil ann ach nóisean agam, ceann a bhuail mé ag an am sin ó tharla teach nua tógtha againn, ach, mar sin féin, tá sé de nós agam tabhairt faoin sciúradh an mhí seo, chuile bliain...seachas mar a dhéanann daoine eile, mar a déarfá; iad siúd a thugann, go bliantúil, faoi ghlanadh an earraigh...glanadh an gheimhridh atá ar bun agamsa, is dócha.

Pé scéal é, is mór an mhaith go bhfuil áiléar breá mór anseo i gCeann Scríbe, mar is ann, faraor, a chuirtear an stuif uilig as nach mbainim, nó as nár bhain mé, úsáid rialta an bhliain seo caite...ach amháin an truflais agus na giuirléidí -  ag brath ar an chuma a bhí orthu, tá siad sin san araid rothaí anois, nó ag siopa carthanais áitiúil.   

Na laethanta seo, táim ag glanadh oifig an tí - tugaim oifig ar an áit ina bhfuil sé de nós agam bheith ag scríobh agus ag léamh; thabharfadh daoine eile seomra gloine nó grianán air, seans - agus tá cartadh nach beag á dhéanamh agam istigh ann. Is mór an mhaith go bhfuil an t-áiléar chomh mór is atá sé, mar is ann atá na leabhair agus comhaid uilig á gcur, i mboscaí plaisteacha trédhearcacha, le go mbeidh fáil éasca agam orthu, (agus ar aon cheo atá istigh iontu) má théim ar a dtóir, amach anseo. 

Le scéal fada a dhéanamh níos faide, agus ó tharla gurb iad na smaointe seo a rith liom inné, agus mé i mbun mo chuid oibre, thug mé faoi deara go bhfuil nós nó dhó eile agam, nósanna nach sean-nósanna iad, ach nósanna a bhaineann le mo nóisin féin, mar a déarfá. 

Scríobh mé cheana faoi Na Boscaí Sin, ach tá sé de nós agam, má chloisim aon rá, ráiteas nó ráiteachas a théann i bhfeidhm orm, ag teacht ó dhuine éigin i mo chomhluadar, tá sé de nós agam greim a fháil ar an leabhar nótaí is gaire dom, agus an t-athfhriotal a bhreacadh síos ann; an t-am a dúradh é, an áit a dúradh é, agus cé a dúirt é. 

Tháinig mé ar charnán de na leabhair nótaí sin, inné, agus d'oscail mé ceann acu, go fánach. Ar an leathanach ar leith seo, bhí an líne seo scríofa agam, 

'When people die, we forget their bad points - we should do that when they're alive.'

Iníon liom a dúirt liom é, cúig bliana ó shin, i siopa i nDoire. Ní cuimhin liom comhthéacs an chomhrá, ach nárbh deas an nós a bheadh ann, dá ndéanfadh chuile dhuine amhlaidh.

Saturday, October 10, 2015

Blaiseadh Den Sean-Am


Blianta ó shin, nuair a bhí mise iontach óg ar fad, bhíodh mé i mo chónaí i dteach in éineacht le mo shean-aintín, agus le mo shin-seanmháthair. Bhí mo thuismitheoirí ann, freisin, ar ndóigh, agus ní raibh i gceist ach seal gairid, go dtí go raibh teach nua s'againn féin tógtha, nó rud éigin mar sin. 

Cé nach raibh mé féin ach, b'fhéidir, cúig bliana d'aois nó mar sin, tá cuimhne mhaith agam ar an tráth sin i mo shaol, mar gheall ar mo shin-seanmháthair, ach go háirithe. Baintreach a bhí inti, le fada, bean álainn chineálta, bean a chaith éadaí dubha an t-am ar fad, b'fhacthas dom, nós a bhí sách coitianta sa sean-am. An méid sin scríofa, foscéal atá sa chuimhne sin, ach roinnim anseo í, ó tharla gur rith sí liom, mar chuimhne, anois díreach. 

Ina póca, ag mo shin-seanmháthair, áit éigin faoina seál, bhíodh milseáin aici, i gcónaí. Bhíodh siad istigh i mála beag bán, más buan mo chuimhne, agus thabharfadh sí ceann de na milseáin sin dom, go rialta. Milseáin iad a bhí déanta as liocras, milseáin a bhí chomh dubh leis na héadaí a chaith sí féin, milseáin díreach cosúil leis na cinn dhubha atá le feiceáil sa bhosca, sa phictiúr ansin thuas, milseáin a cheannaigh mé i siopa áitiúil inné.

Chomh luath agus a chuir mé ceann de na milseáin dhubha isteach i mo bhéal, thosaigh mé ar mo thuras siar, siar ar bhóithrín na smaointe. Tháinig blaiseadh den sean-am chugam, arís, agus thosaigh mé ag roinnt mo chuimhní cinn leis an nGarraíodóir, fear a bhí ag slogadh na milseán eile as an mbosca Liquorice Allsorts, amhail is dá mbeadh lá éigin an chumais ag teannadh linn. 

Pé scéal é, ceann de na cuimhní a rith liom ná an chraic a bhíodh agam féin, agus ag mo shiblíní, leis na milseáin dhubha sin. Ar ndóigh, d'ithimis iad, go fial fonnmhar, ag cur ár dteangacha dubha i gcomórtas lena chéile, ach sí an chuimhne is mó a rith liom ná an chaoi a mbainimis úsáid as na milseáin, le mantacháin a dhéanamh dínn féin. 

Agus, ar fhaitíos na bhfaitíos nach dtuigfidh sibh an modh oibre sin, a léitheoirí, seo chugaibh, thíos, pictiúr mínitheach, ceann a thóg mé níba luaithe, inné.

Rabhadh anseo, b'fhéidir...

Tuesday, August 13, 2013

Tic Tic, Clic Clic...

Spriocdhátaí na gcomórtas ag teacht níos gaire, a léitheoirí!

Tá trí lá eile agaibh le bhur ngrianghraif a sheoladh chuig an iris Nós, más rud go bhfuil ticéid ag teastáil uaibh le haghaidh an Electric Picnic. 

Agus, tá sé lá eile agaibh le bhur ngrianghraif a sheoladh chuig Údarás na Gaeltachta, más rud go gceapann sibh gur álainn í an Ghaeltacht!

Clic, clic, tic, tic...

Tuesday, July 16, 2013

Comórtais Ghrianghrafadóireachta


Sea, bhí mé ar bharr na Cruaiche, a chairde, agus thug mé créacht nó dhó abhaile liom, (mo dhroim bocht...mo chosa bochta...mo lámha bochta!) ach thug mé grianghraf nó dhó abhaile liom, freisin, mar atá le feiceáil agaibh thuas.

Tá an comórtas grianghrafadóireachta don iris Nós luaite agam libh cheana - comórtas le haghaidh dhá thicéad don fhéile cheoil Electric Picnic 2013 - agus tá súil agam go dtiocfaidh libh bhur n-áit ar leith féin a aimsiú, le bhur Nós a léamh, roimh an 16 Lúnasa, a léitheoirí, mar sin é an spriocdháta d'iarratais atá leagtha síos ag na heagraithe don ghrianghraf ar leith sin.

comórtas grianghrafadóireachta eile á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta - 'Is álainn í an Ghaeltacht' - é mar aidhm acu an Ghaeltacht 'a chur chun cinn mar áit álainn le cónaí, le hoibriú, le dul ar saoire agus le gnó a dhéanamh ann.' Tá agaibh go dtí an 19 Lúnasa le bhur ngrianghraif, a léiríonn saol na Gaeltachta, a sheoladh chucu. Tuilleadh eolais le fáil anseo

Bígí ag cliceáil! Agus, go n-éirí go geal libh, a léitheoirí.  

Wednesday, July 10, 2013

Nósanna na mBlagálaithe

Bhuel, an bhfuil sé déanta agaibh fós, a léitheoirí? 

An bhfuil bhur ngrianghraf tógtha agaibh, agus seolta agaibh chuig an dream thall i Nós, don chomórtas atá a reáchtáil acu? Níl le déanamh agaibh ach 'grianghraf suimiúil a ghlacadh díbh féin agus sibh ag léamh NÓS in áit ar leith' - simplí, nach bhfuil! 

An n-aithníonn sibh aon duine sa ghrianghraf thuas, grianghraf a tógadh taobh amuigh d'fhoirgneamh Oideas Gael, i nGleann Cholm Cille, aréir? 

Sea, sin, ahem, Mise Áine ar chlé, Karen (Íomhá an Lae) i lár báire, agus Réaltán (Turas Ailse) ar dheis; Mike (Cainteoir Doofus) a bhí taobh thiar den cheamara - blagálaithe muid uilig, ag baint suilt as an gcraic agus as an aimsir álainn i nGleann Cholm Cille inné. 

Agus, bhíomar ag léamh Nós, ar ndóigh! 


Cá mbeidh tusa ag léamh do cheannsa, a léitheoir? 

Tá agat go dtí an 16 Lúnasa le d'iarracht a sheoladh chucu thall i Nós, ag comortas@nosmag.com; nó do ghrianghraf a chur chucu ar Twitter, nó a chur ar an leathanach Facebook atá acu, mar a rinne mise. 

Tuilleadh eolais faoin gcomórtas le fáil anseo

Sunday, March 24, 2013

Suirbhé Pobail ó Fhoras na Gaeilge


Leis an suirbhé pobail nua atá curtha le chéile ag lucht Fhoras na Gaeilge, tá sé mar aidhm acu tuairimí an phobail a thomhas maidir leis an bhformáid ab fhearr leis an bpobal sin do sheirbhís nuachta Gaeilge; ó tharla an nuachtán Gaelscéal imithe anois, is dócha.  

Ar bhealach, níor chuir sé iontas orm nár éirigh le Gaelscéal, cé go raibh brón orm nár éirigh leis, caithfidh mé a rá. Cheannaigh mé é, go rialta, agus cheap mé go raibh tús maith aige, mar nuachtán, agus foireann iontach díograiseach i gcónaí, ach, ag pointe áirithe, d’athraigh sé treo, b’fhacthas dom.  Bíodh mé ceart nó mícheart, cheap mé go ndeachaigh sé an iomarca i dtreo na dáiríreachta. Ar ndóigh, b'fhéidir gur mheall a leithéid de dháiríreacht léitheoirí eile! Deacair a rá. 

Mo chuimhne, cá ndeachaigh Bernie Ní Fhlatharta? Bhain mé an-sult as na giotaí a scríobhfadh sí sa nuachtán, agus d’airigh mé uaim a tuairimí suimiúla.

Ach, bhí fáth eile le m'easpa iontais - ní dóigh liom go raibh go leor de lucht labhartha agus léite na Gaeilge ag tacú leis an nuachtán ón gcéad lá riamh. Ba mhinic a chuir mé ceist ar dhaoine, daoine arb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga, agus ní raibh siadsan á chéannacht; ach bhí nuachtáin Bhéarla á gcéannacht acu. Cén fáth, meas tú?

Níl freagra na ceiste sin agamsa, ach creidim gur fiú an suirbhé a chomhlánú, le bhur dtuairimí féin a roinnt leis an bhForas, le go mbeadh deis acu, b’fhéidir, jab níos fearr a dhéanamh; ceann a chuideodh go mór leis an gcéad thogra nuachtáin eile uatha, tá súil agam.

Tá mo fhreagraí féin tugtha agus seolta agam cheana.  Agus, fiú mura fiú a dhath iad, seo chugaibh moladh nó dhó eile uaim, don tseirbhís nua nuachta, ó tharla iad i mo chloigeann inniu:

Cloí leis an nuacht a mheallann léitheoirí, idir óg agus aosta, fud fad na tíre. Meascán ilghnéitheach nuachta, idir éadrom agus trom, a bheadh go deas, ceapaim féin.

Meascán de gach uile chineál nuachta a bheadh i gceist, agus gan é bheith dírithe ar 'Gaeilge' agus ar 'Gaeltacht' an iomarca i.e. bíodh sé ina nuachtán as Gaeilge, seachas ina nuachtán a dhíríonn ar chás na teanga arís is arís eile. Am agus áit ag achan alt, ar achan ábhar.

Más rud go bhfuil alt fada le roinnt, ar aon ábhar, go háirithe más alt le hábhar 'trom' atá i gceist, d'fhéadfaí an chéad chuid den alt a chur ar leathanach amháin, b'fhéidir, agus an chuid eile den alt ar leathanach eile, 'léigh tuilleadh ar leathanach...' mar shampla, nó mar nasc 'léigh tuilleadh' ar shuíomh idirlín an nuachtáin.

Agus, bíodh greann ann! Ná bíodh sé ródháiríre ar chuile leathanach. Leathanaigh as an iris Nós mar fhorlíonadh, b’fhéidir? Ar a laghad, labhair leis an eagarthóir, Tomaí Ó Conghaile. Fear cumasach díograiseach fadradharcach; le rannpháirtithe cumasacha fuinniúla ag cuidiú leis ar an iris sin, feictear dom.

Féach alt 'Cumarsáid Chaolchúiseach' le Seanán Ó Coistín in 'eagrán is déanaí' de Nós Mhí Eanáir, mar shampla, nó an t-alt 'Grá & Gaol' le Micheál Mac an Bheatha san eagrán sin. Bhí mé i lagrachaí gáire agus na hailt sin á léamh agam. Teastaíonn giotaí greannmhara uainn uilig, a léitheoirí, go háirithe sa lá atá inniu ann. 

Ní dhéanfadh comórtas nó dhó aon dochar i.e. cinn a mheallfadh léitheoirí le bheith páirteach iontu, cinn rialta, seachtainiúil: comórtas fotheideal ar chartún; comórtas cumadóireachta i.e. dán, seanfhocal nua, focal grinn, scéilín; comórtas grianghrafadóireachta; crosfhocal, agus mar sin de; agus iad a bheith dírithe ar chuile aoisghrúpa.

An bhféadfaí comórtas a reáchtáil le hainm an nuachtáin/suímh nua a aimsiú?

Níl ansin thuas uaim ach Methuiscint i.e. mo thuairim féin. Ní gá gur ionann na tuairimí a nocht mé anseo agus tuairimí aon, ahem, chantalán eile. Is cuma. Is léitheoir nuachta mé, agus tá a fhios agam céard atá uaim. Go mba hé duit! 

Anois, líon isteach an suirbhé anseo, a chara na Gaeilge, mura miste leat, roimh an 16 Aibreán, le do thoil. Maith an léitheoir.  

Wednesday, February 20, 2013

Gradam agus Gáire


Thug mé cluas éisteachta d’Eibhlín Ní Chonghaile ar an gclár Iris Aniar Dé Luain seo caite, agus nach orm a bhí an t-ádh gur thug, go deimhin.

Mo chuimhne, sula dtosóidh mé ar rámhaille na maidine, ní chuireann sé iontas ar bith orm go bhfuil ainmniúchán faighte ag an mbean uasal sin do Láithreoir Raidió na Bliana, ag Féile na Meán Ceilteach, agus tá súil agam go n-éireoidh go geal léi, agus le chuile dhuine/chlár eile ó Raidió na Gaeltachta agus TG4, atá ainmnithe ar an ngearrliosta.

Mo chuimhne eile, feicim an clár teilifíse Ó Tholg go Tolg ar an ngearrliosta (le Bláthnaid agus Laura an geábh seo) rud nach gcuireann iontas ar bith ar an scríbhneoir seo, mar is eol daoibh, ón méid a scríobh mé faoi Áine Goggins agus faoin gclár sin cheana.  

Ar aon nós, ar ais linn chuig fáth eile na blagmhíre seo, gáire. Sea, a léitheoirí, d'ardaigh mo chroí agus mo mheanma maidin Dé Luain seo caite nuair a chuala mé an clár Iris Aniar le Éibhlín álainn, agus más rud go bhfuil drochspion ort ar maidin, nó ar aon lá eile, isteach leat chuig na podchraoltaí anseo, éist, ag 1.03.20 nóiméad, le clár an Luain, 18 Feabhra 2013, go gcloise sibh Seán Bán Breathnach agus Bernie Ní Fhlatharta, agus an chraic uilig a bhí acu ag an rang Ióga Gáire i nGaillimh. 

Is fearrde iógáire ná íogaire - seanfhocal nua?

Mura bhfuil do chantal curtha díot agat fós, a léitheoir, fan leis an bpodchraoladh sin thuas agus éist, ag 47.00 nóiméad, leis an gcolún rialta ó Mháirtín Jaimsie - scoth fir le scoth na Gaeilge aige, agus is fiú éisteacht le chuile fhocal uaidh, i mo thuairim féin. 

Nár laga a gCé iad na daoine sin a bhaineann gáire as daoine eile!  

Thursday, January 31, 2013

Oíche na Féile Bríde


Mar a scríobh mé arú anuraidh, a léitheoirí, anocht Oíche na Féile Bríde.

Níl anseo uaimse ach meam beag, le cur i gcuimhne daoibh, más rud é go bhfuil sibh ag iarraidh Bratach Bhríde a bheith agaibh i mbliana, go gcaithfidh sibh bhur mbratach, (píosa d’éadach bán) a ullmhú inniu, sa chaoi go mbeidh sí réidh agaibh in am, len í a chrochadh taobh amuigh den doras anocht. 

Ar fhaitíos aon mhíthuiscint, ahem, sí an bhratach, chan aon Bhríd, atá le crochadh, an dtuigeann sibh.  

Beidh oraibh bheith in bhur suí roimh éirí na gréine ar maidin amárach, le go mbeidh drúcht na maidine agus, deirtear, na ‘powers of healing and protection..’ fós ar an mbrat. 

Deirtear, freisin, go mairfidh draíocht an drúchta ar feadh na bliana, ach Bratach Bhríde a choinneáil slán sábháilte in áit éigin sa teach.

Go n-éirí go geal le bhur mochéirí! 

Sunday, January 6, 2013

Nathanna agus Nósanna na Nollag


Inniu Lá Nollaig na mBan, an lá deireanach de shéasúr na Nollag, an 6ú Eanáir. Déanann mná na tíre céiliúradh ar an lá seo, a deirtear anseo, mar gur ‘traidisiún iomlán Éireannach é…é mar bhealach chun lá saor óna gcuid cúraimí a thabhairt do mhná na tíre tar éis na Nollag.'

Aréir, bhí Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag ann, oíche a ‘lastar dhá choinneal déag sna fuinneoga ag seasamh do dhá lá dhéag na Nollag agus an lá arna mhárach tá an Nollaig thart go ceann bliana eile,’ mar a léigh mé anseo. Ní tharlaíonn traidisiún sin 'lasadh na gcoinnle' chuile áit, feictear dom, ach tharla sé i gConamara, agus mise ag fás aníos.

Tharla sé go raibh cara liom anseo i gCeann Scríbe aréir, agus luaigh sí liom go mbeadh an lá ag dul chun síneadh anois, ó tharla Nollaig na mBan anseo. An Rooster’s Step a thug sí ar fhad an ‘síneadh’ sin, nó fad coiscéim coiligh mar is fearr aithne ar an nath i nGaeilge - síneadh beag, oiread coiscéim coiligh, ag teacht ar an lá anois, deirtear; is ionann coiscéim coiligh agus ‘an imperceptible amount’ dar le Pota Focal.

Dar le Tomás Ó Máille in An Béal Beo, leathanach 34, ‘Bíonn fad ag tíocht ar an lá ó Lá Fhéile Fhionáin amach. Bíonn fad coiscéim coiligh ar charn aoiligh tagtha air Lá Fhéile Stiofáin.’  Tá Lá Fhéile Fhionáin ar an 21ú Nollaig, agus tá Lá Fhéile Stiofáin ar an 26ú Nollaig, ach, dar le Balor anseo, agus é ag cur síos ar an am seo den bhliain,

Tá an Nollaig thart agus Nollaig na mBan fós le teacht. Tá an oíche ag dul chun giorraithe agus an lá ag dul chun síneadh. Má tá coiscéim coiligh ar an lá idir an dá Nollaig, is áit inteacht i lár na coiscéime sin atá muid anois…

Cibé scéal é, seo Lá Chinn an Dá Lá Dhéag, agus tá an Nollaig thart inniu. Mar a scríobh Róislín, tá sé in am na maisiúcháin a chur i dtaisce, a léitheoirí. 

Saturday, August 18, 2012

GSOH agus Nós


Tharla sé go raibh mé ag léamh an ailt seo le hEimear Ní Bhraonáin an lá cheana. Chuaigh sí ‘online to look for love,’ an dtuigeann sibh, agus roinn sí cuid de na torthaí linn, maidir leis na freagraí éagsúla aite a fuair sí ar ais ó na fir éagsúla aite, ón tseirbhís geandála idirlín lenar chlár sí. 

Mura bhfuil am agat an t-alt a léamh, ní gá a rá ach gurb é bun agus barr a scéil ná go ndúirt sí, i ndeireadh na scríbe, ‘give me some real-life romance any day.’ Cén fáth?

Bhuel, is léir nár thuig sí go raibh rudaí nár chóir, b'fhéidir, a chur ar do phróifíl, nithe fearacht ‘up for the craic’ mar shampla, mar gur ionann ‘up for the craic’ i gcaint na seirbhísí ar leith sin, dar léi, agus i ngan fhios di,  ná ‘Girl wants to have no-strings-attached sex.’

Anois, ar fhaitíos go mbeadh sé le rá agaibh, a léitheoirí, nach gcoinnímse sibhse ar an eolas faoi na nithe tábhachta seo, seo chugaibh an t-eolas a ba chóir a bheith agaibh, más rud go bhfuil fonn ar aon duine agaibh an trá fholamh ar leith seo a fhreastal: 

an chaoi le bréagadóir idirlín a aithint le léamh anseo, agus an fíórmhíniú taobh thiar de na frásaí próifíle éagsúla le fáil anseo

Mo chuimhne, cé nach bhfaca mé leagan Gaeilge de GSOH ar liosta Eoin P. Ó Murchú, léigh mé a liosta suimiúil de ‘Giorrúcháin na Gaeilge’ in eagrán mhí Iúil den iris Nós, in alt leis dar teideal ‘Caint na nDaoine Abú.’ Má tá aon mholadh sa bhreis agaibh dó, maidir le giorrúcháin Gaeilge nua dá liosta, is féidir iad a roinnt leis ag eolas@nosmag.com nó ar Twitter le @murchadhmor.

Is maith liom go bhfuil Nós, an ‘Iris Ghaeilge don Nua-Aois’ ar ais ar an bhfód arís. Taitníonn an leagan amach nua den iris go mór liom, agus guím gach rath ar an eagarthóir, Tomaí ÓConghaile, agus ar a rannhpháirtithe.

Is féidir an t-eagrán is déanaí a léamh, nó fiú síntiús a ghlacadh leo dá mba mhian leat, anseo.

Tuesday, October 4, 2011

Moráltacht

Agus mé ag éisteacht leis an nuacht, le déanaí, chuala mé trácht ar an scéal seo, scéal faoi dhrugaí mídhleathacha a gabhadh in Éirinn, le déanaí. Dar leo, ‘492 packages were seized.’’ – bhí cobhsaitheoirí, méadaitheoirí, agus laghdaitheoirí mar chuid de na drugaí, is cosúil. 

Chuir an scéal sin scéal eile i gcuimhne dom, scéal a d'inis bean dom, níl sé i bhfad ó shin, faoin am, sna seascaidí, a mbíodh ar lánúin phósta coiscíní a ordú tríd an bpost, mar nach raibh aon bhealach eile acu theacht ar ábhar frithghinúna.

Bíodh an scéal sin fíor nó ná bíodh, ní dóigh liom gur in aon iris Éireannach a d’fheictí na fógraí óna gceannóidís na coiscíní, mar bhíodh greim docht daingean ag an Eaglais Chaitliceach ar na meáin, ag an am, agus ba í an eaglais chéanna a threoraigh moráltacht an phobail; formhór an ama, pé scéal é. Ceapaim.

Ar aon nós, dar le mo chara-inste-scéil, bhí bean phósta amháin, agus, ar ór ná ar airgead, nó ar fhaitíos na bhfaitíos roimh shagart agus roimh chomharsa, ní chuirfeadh sí a seoladh féin ar ordú na gcoiscíní. Chuir sí ainm a céile ar an ordú, agus seoladh na hoifige ina raibh sé ag obair.

Baineadh geit nach beag as an bhfear céile, seachtain nó dhó ina dhiaidh sin, nuair a tháinig a rúnaí oifige ina threo, le pacáiste poist lán coiscíní, a d’oscail sí ní ba luaithe, ina glac aici,

Sorry, it wasn’t marked ‘Personal’’, ar sí, go dearg-ghnúiseach.

Agus mé ag meabhrú ar scéalta na bpacáistí, agus ar an scéal seo faoin amhránaí Rihanna, rith an smaoineamh liom: an é an easpa smachta ón eaglais a thugann saoirse do dhaoine a gcéadfaí a mheath, a mhaolú nó a mhéadú, mar is mian leo, nó an é go bhfuil na meáin ár dtreorú anois?