Má tá am le caitheamh, caith ag obair é.
If you want to kill time, try working it to death.
An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla ó Sam Levonson, más fíor an méid a léigh mé anseo.
Mar atá scríofa sa leabhar Seanfhocla Chonnacht,
Is fearr obair ná caint.
Déan obair, a chapaill, is gheobhaidh tú coirce.
Is fearr déirc ná goid, is fearr obair ná déirc.
Is fearr díomhaoineach ná obair in aisce.
Maidir leis an seanfhocal deireanach sin, chuir mé é san áireamh anseo mar ba mhaith liom cúpla focal a rá faoi na focail sin 'in aisce.'
Bhí an nath cainte 'saor in aisce' faoi chaibidil agam féin agus ag an Dómhnallach inné, mar a tharla sé, agus thugamar faoi deara go bhfuil an nath sin 'saor in aisce' cloiste ag an mbeirt againn go mion minic; ach tá an rud 'saor' nó tá sé 'in aisce' - ní féidir leis, mar sin, bheith 'saor in aisce' an féidir?
Showing posts with label Dómhnallach. Show all posts
Showing posts with label Dómhnallach. Show all posts
Wednesday, October 16, 2013
Saturday, March 16, 2013
Focail Féilire
Is deacair bheith 'do laoch ach is éasca bheith dea-chroíoch.
One cannot always be a hero but one can always be human.
Is treise trua ná tréan.
An chéad leagan Gaeilge ón Dómhnallach, agus an dara leagan Gaeilge uaimse. Tháinig an t-athfhriotal Béarla ón bhfear seo, Johann Wolfgang von Goethe, agus is féidir tuilleadh athfhriotal uaidh a léamh anseo.
Rith nuafhocal eile liom, Ní laoch go lách, agus, dá thoradh sin, tháinig mé ar na seanfhocail seo a leanas, faoin gceannteideal 'Cúnamh,' sa leabhar Seanfhocla Chonnacht:
D'fhág mise faoi chúram Dé é, is d'fhág Dia faoi mo chúram féin é.
Is beag an rud a thugas duine ó bhás go beatha.
Is cuid den bhróg an bharriall.
Is fearr beagán cúnta ná mórán truaighe.
Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh go léir, a léitheoirí!

Tuesday, May 15, 2012
Nathanna Cainte
Bhí mé i nGaoth Dobhair le déanaí, agus i gConamara go
gairid ina dhiaidh sin, rud a thug deis dom nathanna cainte dúchasacha a chloisteáil sna nGaeltachtaí sin.
Dá mbeadh tantrum ag páiste, d’fhéadfadh sé bheith ag
brúchtadh screadaíl ó thuaidh ach ag cur a chosa beaga uaidh thiar.
Chuala mé an mhallacht ‘Caor thine ort!’ ó thuaidh, cé nach bhfuil an
leagan ar leith sin de mhallacht ag an dream thiar, go bhfios dom.
An té a bheadh ag glanadh na bprátaí ó thuaidh, seans go mbeadh sé ag
peeling potatoes, cé gur ag baint an chraicinn de na fataí a bheadh an duine i
gConamara. Dá mbeadh aon ghlanadh fataí á dhéanamh thiar, is ag baint an tsalachair
de na fataí san iomaire a bheadh siad: is ionann an salachar sin agus na fiailí,
nó weeds, an dtuigeann sibh.
Lustan an focal a chuala mé ar weeds ó thuaidh, nuair a
cuireadh ceist orm ar mheas mé gur cuireadh an ‘lus’ i lus an chromchinn mar
gur weed atá ann – freagra nach bhfuil agam, a léitheoirí, cé go bhfaca mé, i WinGléacht,
gur lus gan athair gan mháthair an Ghaeilge atá ar duckweed!
Dá mbeadh ultach smúdáil le déanamh ag an duine ó thuaidh,
bheadh an oiread sin iarnála le déanamh ag an duine thiar.
Agus dá mbeadh fonn ort a leg of chicken a ithe i gConamara,
ní cois sicín a d’íosfá, seans, ach ceathrú sicín. Ar
ndóigh, ní íosfainn féin ceachtar acu, mar is eol daoibh.
Maidir leis an aimsir, tá sí feabhsaithe rud beag inniu. Níl
sé ag cur sceana gréasaí mar a bhí sé inné, nuair a bhí an lá fliuch fuar feannaideach. Glacaim leis, mar sin, ó chuala mé an nath sin ón Dómhnallach, go mbíonn sceana an ghréasaí wet cold and sharp.
Friday, March 30, 2012
Nathanna Cainte
‘B’annamh leis an gcat srathair a chur air,’ arsa An Dómhnallach liom, an lá cheana. Go deimhin, ní dhéanfadh cat a leithéid. Ní dhéanfadh cat é seo, ach an oiread, ach sin scéal eile.
Maidir leis an seanfhocal thuas, deirtear anseo go bhfuil sé ‘said of something noticeable for being unusual,’ agus sin go díreach an míniú a fuair mé ón Dómhnallach. Go raibh maith agat, a chara.
Ó tharla cat luaite liom, chuaigh mé ar thóir nathanna cainte agus seanfhocal ina luaitear iad, agus seo toradh mo chuid oibre, a léitheoirí:
An t-am a múchtar na coinnle bíonn an uile chat glas – When candles are out all cats are grey
Cat is dhá eireaball a rinne sé – He did a lot
Cat breac – Turncoat
Tá cat mara air – It is terrible
Agus, dá gcuirfeá an leagan Béarla den fhocal cat in abairt, mar shampla, ‘bhí an aimsir cat an lá cheana’ nó ‘tá sé sin cat,' an focal ‘uafásach’ a bheadh i gceist agat.

Does a cat like milk? – Ní theitheann cú ó chnámh
An t-am a múchtar na coinnle bíonn an uile chat glas – When candles are out all cats are grey
Cat de réir cineáil – Cat after kind
Tá cat crochta romhat sa teach sin – They have it in for you
Like a cat on hot bricks – Bheith ar bís
See what way the cat jumps – Féachaint cén cheard a shéidfidh an ghaoth
Not enough room to swing a cat in it – Níl slí dhá chat chun rince ann
Let the cat out of the bag – Rún a sceitheadh
Ní raibh cat ná madra ann – There was nobody there
Íde na gcat is na madraí a thabhairt dá chéile - To quarrel like cat and dog
Cat is dhá eireaball a rinne sé – He did a lot
Beidh cait óga aige – He will have a fit
Dhéanfadh sé cat is dhá eireaball air – He’d work wonders
Céard a dhéanfadh an cat ach luch a mhárú – Like father, like son
Ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán – A cat purrs for its own benefit
Gan ‘cat dubh’ ná ‘cat bán’ a rá leis – Say nothing to him
Cat breac – Turncoat
Cat mara – Calamity
Tá cat mara air – It is terrible
Agus, dá gcuirfeá an leagan Béarla den fhocal cat in abairt, mar shampla, ‘bhí an aimsir cat an lá cheana’ nó ‘tá sé sin cat,' an focal ‘uafásach’ a bheadh i gceist agat.
Foinsí
FBG – T.deBhaldraithe – lch 105
FGB Uí Dhónaill – lch 196
FBG McCionnaith – lch 166
FBG T O’Neill Lane (Larger) - lch 266 – 267
Wingléacht
Gaeilge Iorras Aithneach le Brian Ó Curnáin – an pdf (5.25MB) ón Dublin Institute for Advanced Studies le léamh anseo.
Tuesday, September 20, 2011
Focail Féilire
Sprioc dodhéanta, éadóchas cinnte.
'Despair is the price one pays for setting oneself an impossible aim.'
Is cosúil gur tháinig an leagan Béarla, atá ar m'fheilire féin, ón bhfear seo. Tháinig an leagan Gaeilge uaimse, mar is iondúil, le hionchur ón Dómhnallach, mar is minic léi.
Saturday, March 5, 2011
Nathanna Cainte
An bhfuil tú ar forbhás, a léitheoir?
Ghéaraigh mo chluasa ar an fón nuair a chuala mé, ón Dómhnallach, ‘Bhí mé ar forbhás go dtiocfadh scéala.’ Go deimhin, is ‘Bhí mé forabhás go dtiocfadh scéala.’ an rud a thit ar mo chluasa, ach is dóigh liom gur ar forbhás an leagan a scríobhtar.
Pé scéal é, go dtí sin, ní raibh an nath cainte ar forbhás cloiste ná feicthe agam, agus ba ghearr uaim mo cheist ar an Dómhnallach. Dar léi, imní, nó míshochracht de shaghas éigin, a bhí i gceist aici leis an bhfocal, agus í den bharúil gur forbhás an chaoi lena litriú. Agus, ar ndóigh, bhí an ceart aici. Agus an míniú? Sin ceist eile.
Dar leo anseo, luann na Bráithre Críostaí (lch. 19, GGBC) gur corrach a bheadh an rud a bheadh ar forbhás, rud lena n-aontaíonn teasáras Pota Focal, feictear dom, cé go bhfuil sealadach, soghluaiste, agus baoth scríofa mar mhíniú ann, chomh maith. Dar le WinGléacht, is ionann an rud corrach agus rud a bheadh uneasy nó unsettled, b’fhéidir.
Seans go mbeadh Dinneen (lch.479) ag aontú leis sin, ar bhealach, mar is ionann an focal forbhás aigesean agus edge nó slope. An raibh An Dómhnallach on edge, mar sin, agus í ar forbhás? An mbeadh an duine atá on edge, agus an duine atá uneasy nó unsettled, sórt imníoch, nó míshocair, meas tú?
Dar le focal.ie, bheadh an caibinéad ar forbhás dá mbeadh sé tipping over, agus thitfeadh sé sin isteach leis an ngluais a roinn Ormondo linn anseo, áit ina bhfuil top heavy mar mhíniú ar an nath cainte ar forbhás, sa scéal An Taoille Tuile, ón leabhar An Braon Broghach (lch. 46), le Máirtín Ó Cadhain (An Gúm):
“Chuir sí oiread maolóige le ceachtar den bheirt Loideánach ar an dara cliabh. Murach scuabán den mhaológ seo a bhí ar forbhás ar fhiacail an chléibh agus a thit di, ag teacht amach ciumhais na Cora, ní móide go sciorrfadh Mairéad.”
Coinnígí fúibh iad, a léitheoirí, agus ná bígí ar forbhás, cibé scéal é!
*************
Tuilleadh Nathanna Cainte uaim anseo, ar mo sheanbhlag, Mise Áine.
Gramadach Gaeilge na mBráithre Críostaí (GGBC), agus foclóir Dinneen, le fáil faoi ‘Cuidiú nó Cruinneas Uait’, sna painéil ar thaobh na láimhe deise den dá bhlag, Mise Áine agus anseo, ar Rámhaille.

Tuesday, February 1, 2011
Lá Fhéile Bríde
"Crios Bhríde mo chrios
Crios na gceithre cros
An té a thiocfas trí mo chrios
Go mba seacht fearr a bheas sé bliain ó inniu."
Crios na gceithre cros
An té a thiocfas trí mo chrios
Go mba seacht fearr a bheas sé bliain ó inniu."
Sin thuas rím a chuala mé ón Dómhnallach aréir, agus mé á ceistiú faoin bhféile seo. Tháinig mé ar leagan níos faide den phaidir/bheannacht/rím anseo, in alt faoin teideal ‘Brigit as Healer’.
'Crios, Crios Bríde mo chrios,
Crios na gceithre gcros;
Muire a chuaigh ann,
Agus Bríd a tháinig as;
Más fearr sibh inniu,
Go mba seacht fearr a bheas sibh
Bliain ó inniu.'
Crios na gceithre gcros;
Muire a chuaigh ann,
Agus Bríd a tháinig as;
Más fearr sibh inniu,
Go mba seacht fearr a bheas sibh
Bliain ó inniu.'
Is léir go gceaptaí go raibh cumas an leigheasóra ag Naomh Bríd, agus bhí sé de nós ag daoine fadó crios, le ceithre chros snaidhmthe tríd, a dhéanamh - an crios déanta as tuí, agus na crosa déanta as broibh - agus théití thart leis an gcrios, chuig na tithe áitiúla, le muintir an teaghlaigh a bheannú leis an gcrios, agus leis an bpaidir.
Ansin, deirtí an rím thuasluaite, rud a choinneodh an duine sin sábháilte ó olc i rith na bliana, is dócha - nó, mar a deirtear san alt sin ‘Brigit as Healer’, ‘men and women would step through it three times, kissing it and stepping through it right foot first, as a symbolic act of rebirth in order to ensure health and protection for the year ahead.’
Go mba hé daoibh, a léitheoirí!
Labels:
beannacht,
Dennis,
Dómhnallach,
féile,
nós,
oidhreacht,
paidir,
Proinsias,
Róislín,
traidisiún
Subscribe to:
Posts (Atom)