Bhuel, a léitheoirí, bhí mé as baile le seachtain anuas, agus céard a bhí romham nuair a d'fhill mé inné, ar an ngléas freagartha anseo sa bhaile, ach teachtaireacht ó RTÉ! Níl a fhios agam cén chaoi ar éirigh leo greim a fháil ar m'uimhir bhaile, ach rinne mé píosa leo cheana, agus is dócha go bhfuil m'uimhir sa chóras áit éigin acu - fonn a dhéanfas fiach, seans.
Pé scéal é, dar le hÚna, an bhean lenar labhair mé ar an bhfón, bean atá ag obair ar an gclár The Voice of Ireland, agus bean ag a raibh neart Gaeilge, bail óna Cé uirthi (cé nár chuala mé an sloinne sin s'aici, Seach, riamh roimhe), tá siad ag iarraidh go mbeadh ar a laghad amhrán amháin as Gaeilge ar an gclár, don bhabhta ceathrú ceannais, clár a bheas ar siúl i lár na míosa seo.
Táim féin den bharúil gur bhain an lá úd, Dearg le Fearg, geit astu i RTÉ, agus chuile sheans nach bhfuil siad ag iarraidh fearg a chur ar an dream a bheas i mBéal Feirste ar an 12ú den mhí seo, ach oiread.
Ar aon nós, baineadh geit nach beag asam féin, caithfidh mé a rá, a léitheoirí, nuair a luaigh sí go raibh siad ar an eolas faoi mar ar éirigh le m'amhrán nuachumtha i gcomórtas Ros na Rún/Raidió na Gaeltachta an bhliain seo caite, agus d'iarr sí orm an mbeinn sásta amhrán nua a scríobh don chlár The Voice, chomh luath agus is féidir, le go mbeadh deis ag na hiomaitheoirí an t-amhrán a chleachtadh in am, agus i gceart, don bhabhta ceathrú ceannais.
Bhuel, bhreith mé ar an bhfaill, mar a thuigfeá, a léitheoir! Thapaigh mé mo dheis, agus dúirt mé léi go mbeadh amhrán i nGaeilge aici roimh dheireadh an lae. Agus, rinne mé amhlaidh. Ainm an amhráin?
♫♪♫ Chreid an tAmadán Mé. ♫♪♫
Bígí ag faire, a léitheoirí, agus bainigí sult as an lá.
Showing posts with label óinseach. Show all posts
Showing posts with label óinseach. Show all posts
Tuesday, April 1, 2014
Friday, July 26, 2013
Do Mo Thástáil
Tharla sé go ndeachaigh mo charr tríd an TNC inné, agus seo mar a tharla - teip! Is mar gheall ar an rud seo, agus an rud seo amháin, a theip ar an gcarr:
Bhí an meicneoir san ionad iontach deas, agus mhol sé dom go raibh agam go dtí an 24 Lúnasa le caoi a chur ar an bhfadhb, agus go bhféadfainn an carr a thabhairt ar ais chuig an ionad, am ar bith roimh an dáta sin, agus ní bheadh aon chostas sa bhreis le híoc agam. Dá bhfágfainn é go dtí théis an 24 Lúnasa, bheadh tástáil iomlán le déanamh ar an gcarr arís, rud a chosnódh €55 eile.
Bhuel, arsa mé féin liom féin, nuair atá an t-iarann dearg is cóir a bhualadh, agus isteach liom i mo charr arís, amach geata an ionaid, agus thiomáin mé giota soir/siar an bóthar, go bhfaca mé garáiste. Isteach liom sa siopa ann, agus d'fhiafraigh mé den Garage Attendant, a casadh orm,
'Do you have power steering fluid?
'Over there...' arsa an fear cuidiúil, '...beside the oil.'
Anonn liom chuig an tseilf chuí. Diabhal power steering fluid ar bith a chonaic mé.
'I can't find it.' arsa mé féin.
Shiúil an fear i mo threo, phioc suas buidéal ón tseilf, agus shín chugam é, le leamhgháire-an-fhir-atá-ag-breathnú-ar-óinseach ar a aghaidh, ag rá,
'Here you are.'
An bhfeiceann aon duine agaibhse power steering fluid scríofa aon áit ar an mbuidéal sin, a léitheoirí? Ní fheiceann? Ní fhaca, ahem, mise ach oiread. Pé scéal é, chreid mé eolaí na hola, agus chuir mé an automatic transmission fluid isteach i mo charr. Bhí mo dhiosca TNC agam taobh istigh de leathuair an chloig.
Óinseach? Ní, ahem, dóigh liom é...

Labels:
banláidreacht,
Black Babe,
carr,
craic,
greann,
óinseach,
scéal,
seanfhocal,
TNC
Subscribe to:
Posts (Atom)