Showing posts with label Bille Gaeltachta. Show all posts
Showing posts with label Bille Gaeltachta. Show all posts

Saturday, January 11, 2014

Gaeltachtadh

B'fhéidir gur rud é a bhaineann le haois, nó b'fhéidir nach bhfuil ann ach go bhfuil fonn na hagóide caillte agam, ach cibé rud atá ann, a léitheoirí, ní chuireann Gaeltachtadh an rialtais ionadh ná brú ar bith orm, cé nach maith liom é, ach oiread le haon Gaeltachtadh eile a dhéantar. Ní maith liom ciníochas. 

Ní maith liom gnéasachas. Ní maith liom ábharachas. Ní maith liom barbarachas. Ní maith liom lámhachas. Ní maith liom seicteachas. Ní maith liom aon -achas a fhágann duine gan a chearta daonna. Is cuma liom cén reiligiún/deachtóir/polaiteoir atá i gceannas ar aon náisiún/stát/tír, ba cheart go mbeadh a gcearta daonna ag chuile fhear, ag chuile bhean agus ag chuile pháiste, is cuma cén áit ar domhan ina bhfuil siad.  Ach, ní mar sin a bhíonn an scéal, faraor. 

Mo chuimhne, alt suimiúil ag mo chomhbhlagálaí, An Croiait, anseo, más mian le haon duine agaibh é a léamh. 

Ach, ar ais liom chuig an tachtadh teanga, an Gaeltachtadh (m'fhocal féin) sin a luaigh mé ar dtús. Is Gael mé, atá Gaelach, chomh fada agus is eol dom, pé scéal é. Ní le Gaeilge a tógadh mé, ach sí an Ghaeilge an teanga is ansa liom, seachas aon teanga eile. Sí mo mhian í a labhairt, í a scríobh, agus í a roinnt, aon deis a fhaighim. Sin mise. 

Níl aon pholaitíocht i gceist le mo mhian, níl ann ach go mothaím bá le agus grá don teanga; mar go mbaineann sí linn féin, mar Ghaeil, is dóigh liom. Bhí sí sa tír ó thús ama, agus seans go bhfuil sí i mo ghéinte, dá bhrí sin. Ní féidir an dúchas a sheachaint, cé gur léir go bhfuil Gaeil ann atá a shéanadh, gan dabht. Tá an rogha sin acu. Ní fúmsa atá sé mo ghrá do, ná mo bhá le, mo dhúchas a bhrú ar aon duine. Cé go bhfuil cónaí orm i nGalltacht, tá mise i mo Ghaeltacht féin anseo i gCeann Scríbe, dar liom féin. Sin mise. 

An méid sin ráite, fearacht Sheáin Uí Chuirreáin, An Comisinéir Teanga, goilleann sé orm nach féidir liom theacht ar sheirbhís phoiblí trí mheán na Gaeilge, nuair is mian liom mo ghnó a dhéanamh i mo theanga dhúchais. Bíodh mé i nGaeltacht nó i nGalltacht, feictear dom go bhfuil an ceart sin tuillte agam, mar Ghael, gan trácht ar mo chearta bunreachtúla, mar atá siad luaite ag uimhir 1, 2 agus 3 anseo. Ní dóigh liom nach mbeadh fáil ar an bhFraincis in oifig phoiblí sa Fhrainc, mar shampla, ná nach mbeadh fáil ar an Spáinnis in oifig phoiblí sa Spáinn, abair, mar sin cén fáth nach bhfuil fáil ar an nGaeilge i ngach oifig phoiblí sa tír seo?

Ach, ní chaillfidh mé codladh na hoíche mar gheall air seo. Leanfaidh mé orm, in ainneoin an 'tachtadh' teanga sin a mhothaím ó na páirtithe polaitíochta éagsúla thar na blianta, agus in ainneoin mheath na teanga sna Gaeltachtaí, mar go gcreidim féin gur fúinn uilig atá sé ár dteanga a chaomhnú, más mian linn go mairfidh sí. Ní féidir brath ar aon rialtas, feictear dom. Is féidir linn ár nGaeltacht féin a chruthú, is cuma cá mbeimid; bíodh muid inár n-aonar, nó ná bíodh. 

Beannóidh mé do na hoibrithe sna siopaí, agus sna hoifigí poiblí, trí mheán na Gaeilge, agus déanfaidh mé chuile iarracht ar mo ghnó a dhéanamh leo sa teanga sin, ach ní bhrúfaidh mé mo theanga dhúchais ar aon duine. Mura dtuigeann an Gael é féin a dhúchas, nó más mian leis a dhúchas a shéanadh nó a sheachaint, tá an ceart sin aige. Mura mian le hoibrí na tíre an teanga dhúchais a fhoghlaim, tá an ceart sin acu. 

Ach, idir an dá linn, ná baintear mo chearta díomsa, le bhur dtoil. 

Tuesday, July 17, 2012

Scéal Ghaeilge Bhocht


Na Carachtair:

An Cat:                    Gaeilge
An Madra:                Béarla
Úinéir Ghaeilge:        Séamaisín 
Úinéir Bhéarla:        Bill

Bhí an cat, Gaeilge bhocht, iontach buartha. Bhí Bill théis bogadh isteach sa teach léi féin agus le Séamaisín, agus bhí a mhadra, Béarla, in éineacht leis.

Cé gur lean Séamaisín air ag labhairt le Gaeilge go minic, de réir mar a chuaigh na laethanta thart, is minice a labhródh sé le Bill agus le Béarla; madra a bhí de shíor ag rith i ndiaidh Ghaeilge, agus á ruaigeadh amach as an teach.

Chuir sé iontas ar an gcat nár thug Séamaisín suntas ar bith don chaoi a raibh Béarla ag caitheamh léi. Murach an doras beag a bhí gearrtha ag bun an dorais cúil, an cat flap mar a thug Bill air, bheadh Gaeilge bhocht maraithe ag Béarla. Thug an cat flap sin deis saoirse don chat, deis di éalú amach go Garraí na Gaeltachta, áit nach raibh aon mhadra eile le feiceáil.

Agus í amuigh sa gharraí sin, mhothaigh sí go raibh sí slán ón madra contúirteach sin, Béarla. Agus í ag spraoi ann, labhródh na comharsana le Gaeilge, ó am go chéile. Bhí siad an-bháúil léi. Bhí cait acu féin, agus ní raibh mórán measa acu ar mhadraí, ó chonaic siad an damáiste a d’fhéadfadh siad a dhéanamh, mura gcoinneofaí faoi smacht iad.  

Lá amháin, nuair a ruaig Béarla Gaeilge amach as an teach arís eile, céard a bhí le feiceáil amuigh sa gharraí aici ach madra eile! Ba léir gur leis an bhfear óg béal dorais é, mar go raibh sé á pheataireacht, ag rá ‘Good boy! leis an madra nua.  Bhí díomá ar Ghaeilge. Anois, ní bheadh sí in ann fanacht sa gharraí fiú! Cá rachadh sí?  

Thuig Gaeilge, go rómhaith, nach raibh mórán áiteanna eile a d’fhéadfadh sí a dhul. Bhí an domhan taobh amuigh de Gharraí na Gaeltachta an-mhór, gan ach corr áit ann le dúil acu i gcait amháin. 

Bhí a fhios aici, freisin, gur iomaí teach, fearacht a tí féin, ina raibh madraí móra láidre, agus ní raibh na madraí céanna, ná a n-úinéirí, róbháúil le cait. Bhí sí tuirseach. Thosaigh sí a siúl fada ar chosa laga. 

De réir mar a chuaigh na laethanta thart, níor thug Séamaisín faoi deara nach raibh Gaeilge sa teach níos mó, agus níor thug na comharsana faoi deara go raibh sí ar iarraidh ón ngarraí. Faoin am sin, thaitin Béarla go mór leosan agus lena bpáistí, iad uilig den bharúil go raibh madraí níos áisiúla agus níos deise, after all.

Sunday, July 15, 2012

An Bille Gaeltachta i mBeagán Focal

Le tuiscint níos fearr a fháil ar an méid atá ag titim amach leis an mBille Gaeltachta faoi láthair, tá comhrá suimiúil le cloisteáil anseo. (24 nóiméad ach achoimre, thíos, ón láithreoir)

Podchraoladh ón gclár Today with Pat Kenny atá ann, clár ina raibh Donncha Ó hÉallaithe agus an tAire Donnchadh Mac Fhionnlaoich ag labhairt faoin mbille, an tseachtain seo caite.

Seo achoimre ón láithreoir, Pat Kenny, faoin méid a bhí cloiste aige ón mbeirt fhear ar an gclár:

It seems that we have a difficulty here, two philosophies if you like. One is the one that you are proposing, Donncha, which, you say, is the realistic one: designate the areas where Irish is truly spoken and mind it…care for it, and make sure that, however few they are, that those people survive using Irish as their living language; and the Minister’s, which is, maybe, hoping that this current wave of optimism about the language that exists, particularly in the cities of the country, that that might, in some way, help to revive the language.” (17.45)

Ar ndóigh, dá mba mhian leat comhrá 24 nóiméad a dhéanamh níos gairide fós, d’fhéadfá éisteacht leis an méid a dúradh ag deireadh an agallaimh, idir 22.30 agus 23.58, le tuilleadh a fhoghlaim faoin scéal, le gastacht.

Ní dóigh liom go ndéanfadh sé dochar ar bith an bille a choinneáil siar, ar feadh píosa, le cinntiú go ndéanfar an jab i gceart, ar mhaithe leis an teanga a choinneáil beo.