Oíche Nollag a thagann siad ar cuairt, go hiondúil, na daoine óga sin a rugadh agus a tógadh timpeall an ama chéanna le mo chlann féin. Is cairde lenár bpáistí iad, cairde a chaith go leor ama ag teacht agus ag imeacht ó theach s'againne, thar na blianta.
Tháinig siad, arís, i mbliana. Iadsan agus a bpáistí. Bhí gliondar agus gleo ann, beatha agus beannú. Óladh tae agus caife, itheadh brioscaí agus milseáin, insíodh go leor scéalta. Rinneadh go leor gáire.
D'éist mé leo. Cúpla uair an chloig a d'fhan siad. D'imigh an gleo leo. D'fhan an gliondar i mo chroí.
Beannachtaí na féile oraibh go léir, a chairde.
Tá a thuairim féin ag gach aon neach, go háirithe maidir le cúrsaí creidimh. Dúirt fear ar m'aithne liom, le déanaí, agus cúrsaí creidimh faoi chaibidil againn,
'There are too many loopholes. Nobody has ever come back to confirm or deny, so religions have it all sewn up, really.'
Go deimhin, sin scéal eile, nach mbaineann, go hiomlán, leis an mblagmhír seo. Is fút féin atá sé, a léitheoir, an gcreideann tú gur fabhalscéalta nó fíorscéalta, cumtha nó inchreidte, atá sna leabhair éagsúla.
Baineann an bhlagmhír seo le ráiteas a chuala mé ón altóir, tráth dá raibh. Dar leis an sagart, d'fhéadfá crá croí agus brón a aithint, ar an bpointe, mar go mbíonn an duine atá cráite ag sileadh na ndeor, go fras.
'Hmmmm....' arsa mé féin liom féin, ag an am.
Is iomaí rud a bhainfeadh deora as duine...gáire, grá, pian, páis, frustrachas, feall, fearg, éad, áthas...ach ní hé sin le rá go mbainfeadh na mothúcháin sin deora as chuile dhuine, ceapaim, fiú agus duine cráite/croí briste/croite/trí chéile.
Nuair a bhaintear an mothú as duine, is minic go bhfágtar gan mhothú é. Mas amhlaidh atá, ní hé sin le rá nach bhfuil an duine bocht sin briste brónach agus brúite, ach tá a dheora i ngéibheann in áit atá chomh domhain sin ina chrá, nach féidir iad a scaoileadh.
*****************
Frásaí a bhaineann le deora le feiceáil anseo, anseo agus anseo, agus seanfhocal daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, le léamh, thíos,
Is goirt iad na deora, na deora a shiltear, ach is goirte go mór iad na deora nach siltear. (Brón)
Uaigneach
Dóchasach
Fuinniúil
Más rud go dteastaíonn spreagadh uait ar maidin, a chara, is fiú go mór uimhir 6 anseo a léamh. Go n-éirí go geal leat!