Mise mé féin, ach cé hé thusa?
Dar leis an leabhar Seanfhocla Chonnacht, is éard atá i gceist leis an seanfhocal sin thuas, 'níl a fhios againn intinn an duine eile.'
Ar ndóigh, tá sé sin fíor. Is cuma céard a cheapann tusa ná mise faoi ráiteas nó faoi thuairisc a chloiseann nó a léann muid, i ndáiríre, ní féidir a bheith cinnte céard atá taobh thiar den smaoineamh a thugann beatha don rá béil a chloistear, nó don bhualadh méire a léitear.
Is cuma cá mbím, feicim agus cloisim neart tuairimí á roinnt. Bíodh stampa nó tír nó duine i gceist, bíonn dhá thaobh ar an mbád, agus roghnaíonn daoine an taobh is ansa leo féin.
Ní hionann moráltacht aon duine, ach is minic go dtagann beirt nó triúr, nó slua, le chéile, agus seolann siad uilig ar an mbád céanna, ó tharla an ghaoth ag séideadh i dtreo a fheileann dóibhsean.
Chuile dhuine lena phaidrín agus lena chlocha féin, is dócha...athrú aeráide a fheileann, ar bhealach, nuair nach féidir an dá thrá a fhreastal, seans.
Ní lia duine ná barúil, agus bíonn claonadh nó fabhar i gceist, fiú i ngan fhios, go minic.
An féidir fanacht ar an gclaí? An féidir leis an mhaith an lámh in uachtar a fháil ar an olc? Ceist mhaith, agus is dóichí ná a mhalairt go mbraitheann an freagra ar mheon agus ar thuairim an duine.
Mise mé fhéin, ach cé hé thusa?
Showing posts with label idirlíon. Show all posts
Showing posts with label idirlíon. Show all posts
Friday, October 6, 2017
Friday, July 8, 2016
Faill agus Feall
Meas tú, arsa mé féin liom féin, ar maidin, nuair a bhí nuacht na seachtaine á léamh agam ar an idirlíon, an raibh an domhan riamh ina chíor thuathail, ach nach raibh muid ar an eolas faoi, ar an bpointe, mar a déarfá, mar nach raibh fáil againn ar an nuacht chomh sciobtha fadó?
I láthair na huaire, tá An Ríocht Aontaithe curtha as a riocht, shílfeá, agus tá sé deacair a rá cé acu faill nó feall atá/a bhí taobh thiar den Bhreatimeacht sin a tharla le déanaí, nó easpa muiníne. Mar a tharla sé, bhí mé thall ar feadh míosa, agus bhí mé i Londain nuair a bhí an reifreann, agus a gcuid tuairimí maidir leis an reifreann, á bplé ag daoine. Ba léir domsa, ón méid a chuala mé, agus ón méid a léigh mé, go raibh Breatimeacht i ndán don tír. Ba mhór an líon daoine é '11% still undecided.'
Leag Cathal Mac Coille a mhéar air, ceapaim, nuair a scríobh sé, ina alt ar tuairisc.ie,
'Níl muinín níos mó as an élite ag sciar mór den phobal sa Bhreatain ná i mórán tíortha eile. Cé hiad? Ceannairí agus urlabhraithe na bpríomhpháirtithe agus an chuid is mó de na húdaráis i ngach tír, chomh maith le ranna stáit, saineolaithe, iriseoirí agus baincéirí.'
Ní raibh na daoine 'mór le rá' ag éisteacht, feictear dom. Ní raibh na daoine ba chóir bheith 'ag éisteacht' ag éisteacht, shílfeá.
Agus, is cosúil nach raibh siad ag éisteacht nuair a bhí nithe amhrasacha ag tarlú in Console. Tá an damáiste déanta, faraor. Agus, tá na cogaí, feictear dom, leanúnach; gan gá leo, dá n-éistfeadh daoine lena chéile.
Chuile sheans nach raibh fáil againn ar an eolas, ná ar na drochscéalta, leis an luas céanna, fadó, nuair nach raibh an t-idirlíon ann, ach tá anois, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Ach, fós, fiú agus muid ar an eolas faoin bhfaill agus faoin bhfeall, tá ag éirí leis na brabúsaithe. Níos measa fós, is minic go ligtear leo.

Labels:
Breatimeacht,
carthanacht,
cogadh,
Console,
faill,
feall,
idirlíon,
meáin,
polaitíocht,
tuairim,
tuairisc.ie
Tuesday, August 26, 2014
Scaoil Amach an Buicéad...Ó!
Deis agaibh, a chairde na Gaeilge, tacaíocht a thabhairt don charthanas IMNDA abhus (téacs MND chuig 50300), nó don charthanas ALS thall (modh deonaithe anseo), mura miste libh.
Ar scáth a chéile, an dtuigeann sibh...
Labels:
ALSA,
blagsféar,
carthanacht,
dóchas,
Facebook,
Gaeilge,
Gaeilge Amháin,
idirlíon,
IMNDA,
tacaíocht,
Twitter
Wednesday, December 4, 2013
Ná hAbair É!
Ó tharla go bhfuilim ag streachailt liom le slaghdán na laethanta seo, gan fonn orm aon cheo a dhéanamh nuair atá neart le déanamh, mar a déarfá, thosaigh mé ag útamáil liom ar an idirlíon ar maidin, ar mhaithe le rud éigin a dhéanamh, an dtuigeann sibh.
Pé scéal é, ó tharla sibh uilig i mo smaointe ar maidin, agus ó tharla gur léigh mé faoin ábhar ar an idirlíon anois díreach, chinn mé go roinnfinn an, ahem, t-eolas-iontach-tábhachtach-seo-a-leanas libh, sa chaoi nach ndéanfaidh sibh, tá súil agam, praiseach iomlán d'aon chaidreamh um Nollaig seo:
na nithe nár chóir duit a rá le do pháirtí, más fear é, anseo, (is maith leis na nithe seo a chloisteáil, deirtear), agus na nithe nár chóir duit a rá le do pháirtí, más bean í, anseo. Is maith léi na habairtí seo a chloisteáil, más fíor.
Tá sibh curtha ar bhur n-aire anois, a léitheoirí - go n-éirí go geal libh!

Saturday, July 6, 2013
Saol na Gaeilge
Tagann Saol na Gaeilge isteach i mo shaol uair sa mhí. Bíonn an t-eagrán reatha romham, i mo bhosca isteach, ag tús na míosa, agus bíonn ailt suimiúla ann, go minic: Príomhscéalta; GnéAilt; Nuacht agus Ócáidí; Foghlaimeoirí; Foilseacháin, agus Aerscéalta - brú ar na ceannteidil éagsúla sin, ar an suíomh, a léitheoir, agus tiocfaidh tú ar na hailt/comórtais/agallaimh éagsúla, faoin liosta anuas.
An mhí seo, is féidir leat alt a léamh faoin Aip Ghaeilge, Anseo, atá bunaithe ar GPS, 'chun tú a cheangal le do chairde...' srl., agus is fiú, ceapaim féin, tabhairt faoin gCrosfhocal míosúil, faoin gceannteideal Foghlaimeoirí, crosfhocal a chuideoidh leat snas a chur ar do theanga, seans; agus tabharfaidh sé deis duit dul san iomaiocht le daoine eile, le greim a fháil ar an 4 x €50 atá le buachan gach mí - ach na freagraí cearta a bheith curtha sna boscaí cuí agat, ar ndóigh!
Má fhaigheann tú deis, caith súil ar an nuachtiris mhíosúil, Saol na Gaeilge, atá faoin chúram Choilm Uí Thórna, agus atá maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Tá na heagráin eile, ó 2011 i leith, le fáil ar an suíomh, freisin.

Wednesday, January 9, 2013
Focail Liom Focail Leat
Tharla sé, agus mé ag útamáil liom ar an idirlíon aréir, gur
tháinig mé ar an eolas faoin Style Invitational - comórtas de shaghas a bhíonn ar
siúl ar an Washington Post go
seachtainiúil.
Mar chuid de chomórtas amháin a bhí acu, d’iarr siad ar na
léitheoirí focal amháin a phiocadh as an bhfoclóir, agus an focal sin a athrú, nó a
athchóiriú, mar a leanas:
gan cead ag an léitheoir ach litir amháin a bhaint amach as an
bhfocal sin, nó litir amháin sa bhreis a chur isteach san fhocal sin; nó litir
amháin, atá san fhocal cheana, a athrú. Ansin, bhí sainmhíniú le tabhairt ar an
bhfocal nua.
Seo thíos cúpla sampla d'fhocail a bhuaigh, cinn a chonaic mé sa Word Gallery anseo:
Giraffiti: Vandalism spray-painted very, very high
Intaxication: Euphoria at getting a refund from the
IRS, which lasts until you realize it was your money to start with
Chinn mé, ar maidin, m’iarracht féin a dhéanamh, le focail as
Gaeilge an geábh seo. Seo focal nuachumtha nó dhó uaimse:
Ispíon: Giota muiceola, coicís i ndiaidh an dáta ‘b’fhearr roimh.’
Eolifint: Duine a
bhfuil an t-uafás eolais aige, eolas nach ndéanfaidh sé dearmad air go brách.
Mar is iondúil, agus más mian libh, cuirim fáilte le bhur n-iarrachtaí féin, a léitheoirí.
Thursday, September 6, 2012
Fírinne nó Fógraíocht?
D’fhreastail mé ar chúrsa Scileanna Teilifíse roinnt blianta
ó shin, agus d’fhoghlaim mé go leor faoin earnáil sin, rud a fhágann go bhfuil
tuiscint mhaith agam ar na bealaí éagsúla inar féidir le heagarthóireacht scéal a... inar
féidir le heagarthóireacht scéal a mhúnlú, deirimid.
Dá bhrí sin, níor chuir sé iontas ar bith orm nuair a
léigh mé faoin eachtra seo in alt dar teideal
‘Nokia's new PureView ad is amazing, too bad it's faked.’ - b’fhiú
daoibh breathnú ar an dara físeán ar an suíomh sin, a léitheoirí, an ceann ón The Verge iad féin, go bhfeice sibh an, ahem, botún sceitheach.
Dar le Nokia, ‘we should have posted a disclaimer stating
this was a representation of OIS only,’ agus seans go ndéarfadh an duine
ciniciúil, ‘Well, they would say that, wouldn’t they!’
Mise? Bhuel, le blianta fada, táimse ag éisteacht le ‘78% of women agree’ ar
fhógra teilifíse, ach ag léamh ‘78% of 101 women asked agree’ scríofa sa chlásal séanta beag bídeach ar an scáileán; ag
léamh ‘You too can have hair like this’ ar fhógra irise do ‘Volume Hair
Shampoo’, ach ag léamh ‘Hair extensions have been added for effect’ ar an
gclásal séanta beag bídeach i gcúinne an leathanaigh, mar shampla.
Seans go bhfuil an lucht fógraíochta ag brath ar
‘inattentional blindness’ an lucht éisteachta agus léitheoireachta, ag súil
nach dtabharfaidh siad na nithe folaithe faoi deara, abair; rud nár tharla i gcás
Nokia, is cosúil – an geábh seo.
Agus, más rud go bhfuil uait fáil amach an bhfuil
‘inattentional blindness’ agat féin, a léitheoir, b’fhiú duit tabhairt faoi
cheist na, ahem, liathróidí ar an suíomh seo - is gearr uait do fhreagra.
Wednesday, August 29, 2012
Locht
Ní raibh fáil agam ar leathanbhanda ón gCéadaoin seo caite,
go dtí inniu. Dá bhrí sin, bhí mo ríomhaire díomhaoin formhór an ama; rud nár
thuig Sióg s’againne, cat a shiúlann isteach san oifig romham chuile mhaidin,
agus a shuíonn le taobh an ríomhaire, ag fanacht go dtosóidh mé ag clóscríobh.
Cibé scéal é, nuair a ghlaoigh mé ar an gcomhlacht teileafóin, cuireadh an locht ar an líne, áit a raibh fabht, dúradh liom. Dar leo, chuirfidís caoi ar an teip ‘within 2 to 5 working days’ - thug mé suntas ar leith den fhocal ‘usually’ a cuireadh, mar eireaball, leis an abairt chéanna; níl ach an dá “bh’fhéidir” ann, a dúirt mé liom féin.
Ar ndóigh, b’fhéidir go bhfuil an ceart aige, agus go mba
chóir dom níos lú ama a chaitheamh os comhair an ríomhaire. Gan fáil agam ar an
idirlíon, chuir mé seachtain éagsúil isteach, ach seachtain phléisiúrtha, mar
sin féin. Diabhal locht le fáil agam ar an scéal sin, a léitheoirí.
Cibé scéal é, nuair a ghlaoigh mé ar an gcomhlacht teileafóin, cuireadh an locht ar an líne, áit a raibh fabht, dúradh liom. Dar leo, chuirfidís caoi ar an teip ‘within 2 to 5 working days’ - thug mé suntas ar leith den fhocal ‘usually’ a cuireadh, mar eireaball, leis an abairt chéanna; níl ach an dá “bh’fhéidir” ann, a dúirt mé liom féin.
Mo chuimhne, dúradh liom, freisin, nach ‘working days’ iad
an Satharn ná an Domhnach, rud a d’fhág an bhean seo le laethanta sa bhreis
idir locht agus leigheas; ní raibh an líne cóirithe roimh an Aoine, faraor.
Bhuel, ní théann rogha ón réiteach, agus tá gach rud i gceart
arís, feictear dom, mar sin ní fiú bheith ag gearán. Tá Sióg agus mé féin ar
ais ag an ríomhaire, agus beidh sé breá sásta anseo le mo thaobh, a fhad is
nach ndéanfaidh mé dearmad láchín a dhéanamh leis, ó am go chéile. Mura dtugaim
aird air, seo thíos an rud a dhéanann sé.
Labels:
blag,
idirlíon,
leathanbhanda,
locht,
ríomhaire,
Sióg,
sos,
teicneolaíocht
Saturday, August 18, 2012
GSOH agus Nós
Tharla sé go raibh mé ag léamh
an ailt seo le hEimear Ní Bhraonáin an lá cheana. Chuaigh sí ‘online to look
for love,’ an dtuigeann sibh, agus roinn sí cuid de na torthaí linn, maidir
leis na freagraí éagsúla aite a fuair sí ar ais ó na fir éagsúla aite, ón tseirbhís geandála idirlín lenar chlár sí.
Mura bhfuil am agat an t-alt a
léamh, ní gá a rá ach gurb é bun agus barr a scéil ná go ndúirt sí, i ndeireadh na scríbe, ‘give me
some real-life romance any day.’ Cén fáth?
Bhuel, is léir nár thuig sí go
raibh rudaí nár chóir, b'fhéidir, a chur ar do phróifíl, nithe fearacht ‘up for the craic’
mar shampla, mar gur ionann ‘up for the craic’ i gcaint na seirbhísí ar leith
sin, dar léi, agus i ngan fhios di, ná
‘Girl wants to have no-strings-attached sex.’
Anois, ar fhaitíos go mbeadh sé
le rá agaibh, a léitheoirí, nach gcoinnímse sibhse ar an eolas faoi na nithe
tábhachta seo, seo chugaibh an t-eolas a ba chóir a bheith agaibh, más rud go
bhfuil fonn ar aon duine agaibh an trá fholamh ar leith seo a fhreastal:
an chaoi le
bréagadóir idirlín a aithint le léamh anseo, agus an fíórmhíniú taobh thiar de
na frásaí próifíle éagsúla le fáil anseo.
Mo chuimhne, cé nach bhfaca mé leagan
Gaeilge de GSOH ar liosta Eoin P. Ó Murchú, léigh mé a liosta suimiúil de
‘Giorrúcháin na Gaeilge’ in eagrán mhí Iúil den iris Nós, in alt leis dar teideal
‘Caint na nDaoine Abú.’ Má tá aon mholadh sa bhreis agaibh dó, maidir le
giorrúcháin Gaeilge nua dá liosta, is féidir iad a roinnt leis ag eolas@nosmag.com nó ar Twitter le
@murchadhmor.
Is maith liom go bhfuil Nós, an
‘Iris Ghaeilge don Nua-Aois’ ar ais ar an bhfód arís. Taitníonn an leagan amach
nua den iris go mór liom, agus guím gach rath ar an eagarthóir, Tomaí ÓConghaile, agus ar a rannhpháirtithe.
Is féidir an t-eagrán is déanaí
a léamh, nó fiú síntiús a ghlacadh leo dá mba mhian leat, anseo.
Thursday, August 16, 2012
Falaing Cham Eile
Baineadh geit asam aréir. Geit mhór! Cuireadh mo ríomhaire faoi ghlas orm, gan chead gan fiafraí, agus mé díreach ar tí giota a scríobh ar mo bhlag.
Siúd ansin muid, mise agus mo
ríomhaire, aghaidh ar aghaidh, gan gíog ná míog as an ríomhaire - ach amháin an
leathanach thuas ag breathnú amach orm.
Sula raibh deis ag an bhfulaingt
tosú arís, chuir mé glao fóin ar chara nó dhó liom, daoine eolacha cumasacha, (daoine
a thuigeann ríomhairí murab ionann is mise!) agus roinn mé mo scéal, agus ábhar
an leathanaigh thuas, leo. Tháinig an freagra céanna ón mbeirt acu – bhí víreas
ar an ríomhaire, agus gan pingin rua a íoc leis an gcamadán a bhí ag iarraidh
€100 orm le glas a bhaint den ríomhaire bocht.
Ar maidin, bhí sé i gceist agam
mo ríomhaire a thabhairt chuig ospidéal na ríomhairí anseo i mBun Crannacha,
le caoi a chur air, ach chinn mé roinnt taighde a dhéanamh ar an idirlíon ar dtús.
Ar ríomhaire an Gharraíodóra, tháinig
mé ar an suíomh seo, áit a bhfuair mé eolas ar an mbealach is fearr le fáil
isteach i mo ríomhaire dobhogtha, le go mbeinn in ann mo Malwarebytes’Anti-Malware a chur ag dul arís – áis atá go hiontach maith ag aimsiú víreas
ach updating rialta a dhéanamh uirthi, rud nach raibh déanta agamsa. Chuidigh an suíomh seo go mór liom, freisin.
Le treoir agus cuidiú na suíomh
uilig, fuair mé réidh leis na víris -trí cinn acu! – agus tá mé ar ais ar an
bhfód libh arís, a léitheoirí, mar a fheiceann sibh.
Teagasc an scéil? Coinnigh do
ríomhchlár aimsithe víreas bord ar bhord lena bhfuil ag tarlú i ndomhan na
gcamadán, trína choinneáil nuashonraithe go rialta; agus más rud go bhfuil tú
den bharúil go bhfuil falaing cham ag iarraidh dallamullóg a chur ort, ná
tabhair pingin rua dó!
Subscribe to:
Posts (Atom)