Showing posts with label Conradh na Gaeilge. Show all posts
Showing posts with label Conradh na Gaeilge. Show all posts

Thursday, February 27, 2020

Logainm nó Lagainm?

Ar mo bhealach chuig an bhFéile Pan Cheilteach i gCeatharlach, Dé Sathairn seo caite (is i gCeatharlach a tharla sé seo an oíche sin - maith thú, a Ghráinne!), thug mé an rud ceannann céanna faoi deara is a thug Bridget Bhreathnach faoi deara anseo, agus í ag tiomáint as ais as Luimneach,

'Ní raibh aon gharraí le feiceáil nach raibh ag cur thar maoil le huisce.'

Bhrisfeadh sé do chrói. Níl a fhios agam cén deireadh a bheas le scéal na haimsire, ná leis an drochbhail a chuireann na haibhneacha ar thithe agus ar fheirmeacha, de bharr na drochaimsire, ach tá trua agam do na daoine bochta sin mar tuigim a gcás, ar bhealach. 

Anois, níl baint ag na scéalta sin thuas le hábhar na blagmhíre seo, ar shlí. An t-aon bhaint atá acu leis an scéal-fada-atá-á-dhéanamh-agam-den-scéal-gearr-seo ná go ndearna mé agallamh le Colm Feiritéir ar an gclár Ruaille Buaille aréir agus, ar m'fhilleadh abhaile dom, tháinig sceitimíní idir mé féin agus codladh na hoíche, mar sin thosaigh mé ag léamh tuairisc.ie (alt Bhridget, thuas) agus nos.ie, áit ar léigh mé an scéal seo, faoi logainmneacha, agus na focail a cuireadh síos do Aodhán Ó Deá,

'"Chonaic mé físeán faoi logainmneacha ar na meáin shóisialta i gcaitheamh na Nollag agus rith sé liom, nuair a smaoinítear air, gur gibris amach is amach atá i bhformhór na logainmneacha Béarla in Éirinn..."'


Tuigim céard atá i gceist aige. Rugadh agus tógadh mise in Eanach Mheáin, logainm a insíonn scéal, i mo thuairim, ach is Annaghvaan Island an leagan galldaithe a fheicim ar mhapaí, go rialta...lagainm, nach n-insíonn aon scéal, i mo thuairim. 

Ar aon nós, le scéal-gearr-fadaithe a dhéanamh níos faide, tá sé de nós agam súil a choinneáil ar chomharthaí bóthair, agus mé ag tiomáint liom, le go bhfeice mé cén logainm Gaeilge atá scríofa taobh thuas den lagainm Béarla, le go dtuige mé scéal na háite. 


Ar mo bhealach ar ais go Bun Cranncha as Ceatharlach, Dé Domhnaigh seo caite, bhí mé tuirseach. Tháinig sceitimíní eile idir mé féin agus codladh na hoíche roimhe, an dtuigeann sibh, ach, mar sin féin, bhí mé ag breathnú ar na comharthaí bóthair, agus mé ag tiomáint ar ais; ag déanamh iontais den lag a thiteann ar an log, an dtuigeann sibh. 

Bhí a fhios agam go raibh sé in am dom stopadh, agus cupán caife a fháil dom féin, nuair a chonaic mé an comhartha bóthair 'Tiredness Kills' agus thosaigh ag cuardach an logainm Gaeilge!

Tuesday, April 10, 2018

BEO - Gaelach agus Bródúil


Tá ócáid mhór ag tarlú Dé Sathairn seo chugainn i mBaile Átha Cliath, a léitheoirí, mar a fheicfidh sibh ón bpóstaer thuas. 

B'aoibhinn liom bheith ann, ach, faraor, beidh mé thar lear. An méid sin ráite, beidh mé ag ceiliúradh na hócáide, i mo bhealach fhéin; sé sin le rá, déanfaidh mé mar a dhéanaim chuile lá BEO, agus labhróidh mé i nGaeilge, nó scríobhfaidh mé i nGaeilge, más féidir liom é, ar chor ar bith.

Agus, is mian liom í a labhairt, agus í a scríobh, mar theanga. Mar a scríobh mé cheana, is foghlaimeoir mise, a tógadh trí mheán an Bhéarla i gceantar Gaeltachta. Chaill mé go leor de shaibhreas teanga amháin mar gheall ar labhairt na teanga eile, ach ní raibh aon neart agamsa ar an scéal. An t-am sin. 

Ach, tá neart agam anois...neart bealaí ann le Gaeilge a fhoghlaim, neart áiteanna ann len í a labhairt agus a scríobh, neart daoine/eagraíochtaí ar an idirlíon ag iarraidh í a fhorbairt, mar theanga. Is aoibhinn liom go bhfuilim páirteach i bhfoghlaim agus i bhforbairt na teanga sin, i mo bhealach fhéin. 

Má éiríonn libh a bheith ann, a chairde, bainigí sult as na himeachtaí uilig atá eagraithe don lá mór seo...BEO, Gaelach agus bródúil...ní neart go cur le chéile!

Thursday, November 5, 2015

Sliocht Luimneach

Seans go raibh an t-ádh le cuid agaibh agus go raibh an deis agaibh bheith i láthair don 'Léamh agus Comhrá' a bhí ar bun ag 'Sliocht Gaillimh' in Áras na nGael i nGaillimh aréir, ach más rud nár éirigh leat bheith ansin, agus go bhfuil tú áit éigin i Luimneach anocht, b'fhiú go mór duit freastal ar 'Sliocht Luimneach,' ócáid a bheas ag siúl in Halla Íde, at 8:00 i.n.


Mar a fheicfidh sibh thuas, beidh Jackie MacDonncha, Micheál Ó Conghaile agus Réaltán Ní Leannáin (blagálaí 'Turas Amháin') ag léamh as na leabhair atá curtha i gcló acu leis na foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht, an dream atá ag reáchtáil na hócáide i gcomhar leis An Siopa Leabhar, le Conradh na Gaeilge agus le Halla Íde Luimneach.

Go n-éirí go geal leo uilig!

Thursday, February 27, 2014

Nílim Dearg le Fearg...

...ach, mar atá le feiceáil, bhí mise, le mo phlaiceard, ag siúl liom i mBaile Átha Cliath, ar Lá Mór na Gaeilge, beagnach coicís ó shin. Bhí an aimsir go hálainn, agus d'ardaigh sé mo chroí an oiread sin daoine a fheiceáil ag ceiliúradh na teanga, an teanga is ansa liom féin. 

Níor chuir mé 'dorn san aer' mar a rinne go leor daoine eile; b'fhéidir go mbaineann sé sin le m'aois, nó le mo mheabhair, ach samhlaím go bhfuil rud éigin trodach ag baint le dorn. Bíodh mé ceart nó mícheart faoin méid sin, bhí mise ansin le mo thacaíocht a thabhairt do chearta mo theanga, i mo bhealach féin, agus sin mar a rinne mé.   

Thug mé faoi deara fógra nó dhó eile ar an mórshiúl, cinn nár bhain beag ná mór le Lá Mór na Gaeilge, cheap mé féin. Is dócha go dtapaíonn lucht-feachtais-eile an deis, nuair atá slua agus ceamaraí thart, lena dteachtaireacht féin a chraoladh, fiú mura bhfuil baint ag a bhfeachtas/bhfógra le hócáid an lae. Tá an ceart sin acu, go deimhin, cé go mb'fhearr liomsa gach rud a fheiceáil ina am agus ina ionad féin. 

Ach, nílim feargach faoi sin, ach oiread. Níl fonn orm bheith conspóideach faoi mo theanga dhúchais, nó faoi fheachtas aon duine eile. Níl uaim ach go mbeadh na cearta céanna agamsa agus atá ag lucht labhartha an Bhéarla sa tír seo; níl uaim ach aird dhearfach an phobail a chothú i leith na Gaeilge, ach, ag an am céanna, tá mé ag iarraidh neamhaird an rialtais ina leith a thabhairt chun solais. Sin mo mhian, agus sin a thug mise, le mo phlaiceard, go Baile Átha Cliath an lá úd. 

Nárbh fhearr i bhfad an Ghaeilge a bheith le feiceáil ar bhealach atá tarraingteach, cairdiúil, tacúil, cuidúil, spraíúil, spreagúil, sa chaoi nach mbeidh gá le cártaí fearacht an chárta seo a leanas, cárta, ahem, dearg a cheannaigh mé inné, in Aldi, do Lá Fhéile Pádraig, 

 Lena cheart a thabhairt d'Aldi, a léitheoirí, tá an cárta sin de dhéantús Éireannach faoi ráthaíocht. Caithfear gach ceart a chosaint. Caithfear bheith féaráilte. Sin a bhfuil uaim. 

Friday, February 7, 2014

Lá Mór Na Gaeilge

Mar is eol daoibh, a léitheoirí rialta, níl sé i bhfad ó shin ó scríobh mé, ar an mblag seo, faoi Gaeltachtadh. 

Mar a scríobh mé sa bhlagmhír sin, 'goilleann sé orm nach féidir liom theacht ar sheirbhís phoiblí trí mheán na Gaeilge, nuair is mian liom mo ghnó a dhéanamh i mo theanga dhúchais.,'  dá bhrí sin, beidh mise, leis an bplaiceard thuas, ag siúl ar son mo chearta i mBaile Átha Cliath, i gceann seachtaine, Dé Sathairn, 15 Feabhra.

Mé féin a chum na focail atá ar an bplaiceard, agus is é Kyle, fear na gComharthaí, a lean na treoracha a thug mé dó faoin gcaoi len é a dhearadh dom - sin thuas toradh na hoibre, agus beidh sé liom agam ar an Lá Mór - an plaiceard, chan Kyle! 

Más mian le haon duine agaibh cóip a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Kyle é féin - tá na sonraí teagmhála le fáil anseo, faoi Visit Us. 

Tá bunchostas an fhógra íoctha agamsa cheana, mar is dom féin a d'ordaigh mé é, ach táim den bharúil gur €15 a bheadh ar phlaiceard anois, agus €10 ar phóstaer, dá mbeadh spéis agaibh i gceann acu.

Mura bhfuil spéis agaibh i gceann acu, diabhal dochar déanta...ach amháin ag an dream nach bhfuil ag tabhairt '...seirbhísí Stáit as Gaeilge don phobal atá ar comhchaighdeán agus ar comhchéim leis na seirbhísí as Béarla..'

An Ghaeilge Abú! 

Friday, November 9, 2012

Oireachtas na Samhna 2012 - Na Seastáin


Cé nach bhfaighim deis cuairt a thabhairt orthu uilig, bainim sult as na seastáin, i Halla na Seastán, ag an Oireachtas. Tugann siad deis dom eolas a fháil ar scéimeanna nua, leabhair nua, táirgí nua agus mar sin de. 

Seo chugaibh cuid acu, agus is féidir tuilleadh eolais a fháil fúthu ach brú ar na nascanna idirlín atá aibhsithe i ngorm agam, faoi na grianghraif éagsúla seo a leanas: 



Tháinig mé ar na táirgí sin thuas ag seastáin siopacultúr.com, dream ag a bhfuil an siopa Gaeilge Cult Úr, in Ionad Siopadóireachta Cathrach Ard Mhacha, ar Shráid Thomáis in Ard Mhacha. Ar fhaitíos nach bhfuil sibh in ann an bhileog eolais sin thuas a léamh, seo mar atá scríofa acu:

Cuideachta theoranta phobalbhunaithe agus carthanas atá i CAIRDE Teo a bhíonn ag cur na Gaeilge chun cinn trí chártaí beannachta, bronntanais, éadaí, srl a tháirgeadh agus a dhíol agus trí thograí agus imeachtaí Gaeilge a eagrú i gcomhar le scoileanna, grúpaí pobail agus eagraíochtaí cultúir.

Ní hamháin gur cheannaigh mé na táirgí Gaeilge sin thuas, (agus cén chaoi a bhféadfainn bibe ‘Is mise Áine’ a fhágáil i mo dhiaidh!), ach cheannaigh mé cártaí na Nollag, agus páipéar beartán na Nollag uathu chomh maith. 


Níl sé i bhfad ó shin ó ghlac mé síntiús leis an iris Comhar. Chuir mé scairt fóin ar an oifig (bhí mé ar thóir an eagráin ar leith sin inar scríobh Máire Ní Fhinneadha a halt iontach suimiúil, Conair na nDriseacha – alt ar fiú é a léamh, i mo thuairimse, más rud go bhfuil suim agat i slánú na Gaeilge sna Gaeltachtaí éagsúla) agus bhí an Feidhmeannach Riaracháin agus Gnó san oifig, Elly Shaw, an-chuidiúil ar fad.

Dá bhrí sin, bhí áthas orm go raibh deis agam bualadh le hElly chuidiúil fhaisnéiseach ag seastán Comhar. D’inis sí dom faoi Comhar Óg, iris liteartha na n-óg, iris ina bhfoilseofar dhá eagrán le gearrscéalta, filíocht, ailt srl., ó dhaltaí iar-bhunscoile; an mhí seo agus i Márta na bliana seo chugainn.

Bronnfar duaiseanna agus íocfar táillí leo, mar sin scaip an scéal, a léitheoirí! Tuilleadh eolais ó iriscomhar@gmail.com. 


Bhí seastán ag an RCEF, an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann. Fuair mé a mbileog eolais, Cad é do Thuairimse?, bileog a insíonn dúinn go bhfuil an RCEF, atá faoi chúram an Aire Carál Ní Chuilín, ‘ag déanamh comhairliúchán poiblí’ le tuairimí á lorg acu ‘maidir lena straitéis dréachta le forbairt na Gaeilge a chosaint agus a fheabhsú.’

Tá agaibh go dtí 27 Samhain 2012 teagmháil a dhéanamh le Foireann na Straitéisí Teanga ann (pdf 408 kb) le ‘freagairt a thabhairt ar an phróiseas comhairliúcháin’ nó scríobh ríomhphost chucu ag consultation@dcalni.gov.uk.

Fuair mé a leabhrán eolais, Líofa 2015, leabhrán ina bhfuil iarracht déanta ag an RCEF ar gach eolas a chur ar fáil ann maidir le ranganna agus cúrsaí Gaeilge atá ar fáil i dTuaisceart Éireann, le go mbeidh foghlaimeoirí na Gaeilge in ann bheith líofa faoin mbliain 2015, más mian leo. Is féidir clárú le Líofa anseo. 


Tá Oideas Gael ar an bhfód le fada, ‘cúrsaí Gaeilge agus laetha saoire cultúrtha’ á gcur ar fáil acu le os cionn cúig bliana is fiche, creid é nó ná creid. D’fhreastail mé féin ar chúrsa nó dhó ann thar na blianta, go deimhin, agus bhain mé an-tairbhe astu. Is féidir clárú do na cúrsaí éagsúla anseo. 


Fuair mé an mála deas thuas ag seastán Bhord na Gaeilge/UCD, áit a raibh eolas ar Scéim Chónaithe Bhord na Gaeilge (pdf 5.78MB) le fáil ó Ailbhe álainn na gruaige rua.

Is scéim í Scéim Chónaithe Bhord na Gaeilge a bunaíodh ‘chun neartú agus tógáil a dhéanamh ar úsáid na teanga ar champas…Bíonn deis ag mic léinn de chuid réimsí éagsúla léinn maireachtáil agus obair le chéile as Gaeilge…Tairiscíonn Bord na Gaeilge 24 scoláireacht do mhic léinn atá líofa sa Ghaeilge agus a dteastaíonn uathu í a chur ar a aghaidh le tograí nua.’

Más rud é go bhfuil aithne agaibh ar aon dalta ardteistiméireachta, nó fiú má tá aithne agaibh ar aon mhac léinn atá ag freastal ar Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath cheana féin, ar mhaith leis/léi iarratas a dhéanamh ar cheann de na scoláireachtaí seo, is féidir an fhoirm iarratais a fháil anseo. 


Lena bhfeachtas Glac Leis, deirtear ar a suíomh idirlín go bhfuil Conradh na Gaeilge ‘ag cur daoine óga ar an eolas faoina gcearta teanga sa bhaile agus san Eoraip.’

Ar ndóigh tá Conradh na Gaeilge ag plé le cur chun cinn na Gaeilge le fada an lá, mar is eol dúinn, agus ceapaim féin go bhfuil an lámhleabhar thuas, a fuair mé óna seastán, an-tarraingteach ar fad. Deirtear ann go bhfuil ‘eolas sa lámhleabhar seo ar cén áit gur féidir an Ghaeilge a úsáid agus cén fáth gur chóir í a úsáid.’

Go deimhin, táim féin den bharúil nach ndéanfadh sé dochar ar bith dá mbeadh cóip den lámhleabhar seo ag chuile Ghaeilgeoir, le go dtuigfeadh siad an tábhacht a bhaineann le ‘úsáid’ na teanga; nach ‘labhairt’ amháin a thugann beatha di. 

*****
Bhí neart seastán eile ag an Oireachtas - Breacadh, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Coiscéim, t-léine.ie, An Siopa Leabhar, Raidió na Life - agus tuilleadh nach iad, ach ní raibh deis agam am a chaitheamh leo uilig. 

É sin ráite, tá tuilleadh le rá agam faoi abair.ie, scríobh.ie, nascanna.com; agus faoi roinnt rudaí eile a tharla ag Oireachtas na Samhna: na comórtais a chonaic mé, an Chúirt Filíochta, an clár teilifíse a chonaic mé, léacht nó dhó a chuala mé, seoladh nó dhó a tharla, duine nó dhó a casadh liom ann. 

Ar ball beag, a léitheoirí. Sos beag ag teastáil anois - uainn uilig!