Ó am go chéile, ritheann sé liom go bhfuilim ag dul anonn in aois. Amanntaí eile, bím den bharúil go mb'fhéidir go bhfuilim curtha soir, agus amach sna blianta, ag aimhréidh an tsaoil.
Tá an saol de shíor ag athrú, mar is eol daoibh, a léitheoirí. Tá sé deacair cloigeann ná cos a choinneáil leis an gcraic uilig. Ach, déanaim iarracht bheith ar an eolas faoi chúrsaí an tsaoil, agus déanaim iarracht sibhse a choinneáil ar an eolas faoi na nithe sin nach bhfuil/raibh ar eolas agam. Déanaim é sin, ar fhaitíos na bhfaitíos go mbeadh aon duine agaibhse chomh haineolach liomsa, an dtuigeann sibh.
Faraor, tá corr rud a sciorrann tharam, i ngan fhios dom.
Roinnt blianta ó shin - am nach raibh mé chomh gar sin do na trí scóir is atáim anois, ach am a raibh na páistí tógtha agam, agus deis agam suí ar mo sháimhín só i bpub i mBaile Átha Cliath, ag labhairt le duine nó dhó a cuireadh ar m'aithne tríd an mblag seo - bhí, ahem, deoch nó dhó ólta agam, agus sheol mé féinpic chuig m'iníon, An Bhean Neamhspleách, bean a bhí ag cur fúithi i Londain ag an am.
'You look like Gollum!'
...an téacs a sheol sí ar ais chugam. Rinne me googláil ar 'Gollum images' go bhfeicfinn cén sórt boicín é an Gollum seo, boc nach raibh ar m'aithne agam. Nuair a chonaic mé mo leathchúpla, d'inis mé scéal na dtéacsanna don lucht dí i mo chomhluadar.
'Ba chuma liom...' arsa mé fhéin leo, '...ach níl aon aithne a'msa ar Ghollum, mar nach bhfaca mé Star Wars riamh i mo shaol!'
Tá siad fós ag gáirí fúm. Rinne mé tuilleadh googlála ar an ábhar ina dhiaidh sin, mar a thuigfeá. Níl Star Wars feicthe fós agam. Ná Lord of the Rings. Aiféala orm faoi sin, a lucht Sci-Fi!
Ar maidin, chonaic mé tvúit ó Aonghus, thall ar Twitter,
'Ná bac le mac a' Wookie is ní bhacfaidh mac a' Wookie leat...' a bhí cumtha aige.
Ar fhaitíos na bhfaitíos gur chaill sibh an scéal, a léitheoirí, rinne mé googláil ar Wookie, ar ár son. Mar eolas daoibh, tá ní darbh ainm Chewbacca ina Wookie... tá, ahem, seisean in Star Wars, freisin, is cosúil.
Is ait an mac an saol, ach táim ag foghlaim liom. Anois, ná bíodh sé le rá ag aon duine agaibh, a léitheoirí, nach bhfuilim do bhur gcoinneáil ar an eolas faoi, ahem, nithe tábhachtacha an tsaoil.
Showing posts with label féinpic. Show all posts
Showing posts with label féinpic. Show all posts
Wednesday, May 25, 2016
Saturday, March 22, 2014
#Féinphic Gan Smideadh
Tá Cumann Ailse na hÉireann ag baint tairbhe as an nós nua atá faoi lánseol ar Facebook agus ar Twitter i láthair na huaire - an #féinphic-gan-smideadh.
Ní raibh baint ar bith ag CAÉ leis an bhfeachtas/treocht nua seo, chomh fada agus is eol dom, ach tá daoine ag glacadh páirte ann, idir fhir agus mhná ag féinphiceáil-gan-smideadh, le hairgead a bhailiú don charthanas iontach sin.
Cé nach lia duine ná tuairim, táim féin den bharúil go bhfuil sé mar aidhm ag an bhfeachtas neamhoifigiúil seo feasacht a spreagadh i leith ailse, chomh maith le hairgead a bhailiú do CAÉ, agus diabhal locht a bheadh agam féin ar a leithéidí.
Dá bhrí sin, rinne mé beart de réir briathar, agus thug mé €4 don charthanacht inniu, trí théacs a sheoladh chuig 50300, gan ach an focal Pink scríofa i gcorp an téacs agam - fuair mé téacs admhála ar ais, ó likecharity.com, ar an bpointe,
'Thank you for your 4 euro donation to the Irish Cancer Society...Donation receipt 6664...'
Is léir nach mise an t-aon duine amháin a rinne amhlaidh mar, agus an bhlagmhír seo á scríobh agam, tá €475,000 bailithe acu don CAÉ go dtí seo.
Do na daoine uilig atá ag fulaingt/a d'fhulaing le hailse, do mo mháthair, do mo dheirfiúr, do m'aintíní, do mo chara, Réaltán, do mo sheanmháthair, do mo cholceathracha - seo chugaibh mo thacaíocht, le grá agus le meas,
Tuilleadh eolais le fáil anseo (www.actioncancer.org) agus anseo (www.cancer.ie). Seol do théacs anois, leis an bhfocal Pink, chuig 50300, nó taispeáin do thacaíocht ar bhealach éigin eile anseo.
Ní raibh baint ar bith ag CAÉ leis an bhfeachtas/treocht nua seo, chomh fada agus is eol dom, ach tá daoine ag glacadh páirte ann, idir fhir agus mhná ag féinphiceáil-gan-smideadh, le hairgead a bhailiú don charthanas iontach sin.
Cé nach lia duine ná tuairim, táim féin den bharúil go bhfuil sé mar aidhm ag an bhfeachtas neamhoifigiúil seo feasacht a spreagadh i leith ailse, chomh maith le hairgead a bhailiú do CAÉ, agus diabhal locht a bheadh agam féin ar a leithéidí.
Dá bhrí sin, rinne mé beart de réir briathar, agus thug mé €4 don charthanacht inniu, trí théacs a sheoladh chuig 50300, gan ach an focal Pink scríofa i gcorp an téacs agam - fuair mé téacs admhála ar ais, ó likecharity.com, ar an bpointe,
'Thank you for your 4 euro donation to the Irish Cancer Society...Donation receipt 6664...'
Is léir nach mise an t-aon duine amháin a rinne amhlaidh mar, agus an bhlagmhír seo á scríobh agam, tá €475,000 bailithe acu don CAÉ go dtí seo.
Do na daoine uilig atá ag fulaingt/a d'fhulaing le hailse, do mo mháthair, do mo dheirfiúr, do m'aintíní, do mo chara, Réaltán, do mo sheanmháthair, do mo cholceathracha - seo chugaibh mo thacaíocht, le grá agus le meas,
Subscribe to:
Posts (Atom)
