Ócáid neamhfhoirmiúil phléisiúrtha a bhí ann, mar is iondúil. Táim ag súil go mór le Cúirt Filíochta na bliana seo chugainn. Beidh muid ar ais i gCill Airne i 2026. Feicfidh mé ann sibh, a chairde, le cúnamh ár mBé.
Friday, January 16, 2026
An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2025
Ócáid neamhfhoirmiúil phléisiúrtha a bhí ann, mar is iondúil. Táim ag súil go mór le Cúirt Filíochta na bliana seo chugainn. Beidh muid ar ais i gCill Airne i 2026. Feicfidh mé ann sibh, a chairde, le cúnamh ár mBé.
Sunday, January 4, 2026
Féile Pan Cheilteach 2026 - An Gearrliosta
Reáchtálfar Comórtas Náisiúnta Amhrán Nuachumtha Pan Cheilteach ’26 sa VISUAL Carlow, in Amharclann George Bernard Shaw, Ceatharlach, oíche Dé Sathairn, 24 Eanáir ag 8.00i.n.
As 46 iarratas, roghnaíodh 15 amhrán don ghearrliosta. I measc na n-amhrán ar an ngearrliosta (féach thíos) tá cinn ó Chonamara, Dún na nGall, Baile Átha Cliath, Ciarraí, Ceatharlach, Maigh Eo, Cill Chainnigh agus Loch Garman.
Is iad na moltóirí ná an t-amhránaí, Charlie McGettigan, an t-amhránaí agus iarbhall den bhanna Celtic Woman, Órla Fallon, agus Martin Bridgeman, láithreoir leis an stáisiún raidió KCLR96FM.
Is é an ceoltóir agus cumadóir Ollie Hennessy a bheidh ina stiúrthóir ceoil ar an oíche, agus ina chuideachta beidh an Pan Celtic House Band.
Osclófar na doirse ag 7.00i.n. agus cuirfear tús le himeachtaí na hoíche ag 8.00i.n. Beidh fáilte roimh chách. Is féidir ticéid ar €15 a chur in áirithe anois ag boxoffice@visualcarlow.ie, nó ag 059 9172400, nó is féidir íoc ag an doras ar an oíche.
Má tá tuilleadh eolais uait, is féidir dul i dteagmháil le Bríde ar 087 2857048, Emma ar 085 1340047 nó seol ríomhphost chuig pancelticcarlow@gmail.com.
An Gearrliosta
1. Áine Durkin. “Briseadh Croí”. Conamara / Dún na nGall
2. Dave Barron & Fiach Ó M “Dúlra Scriosta” Ceatharlach
3. Bernard McCabe. “Tabhair Dom Do Lámh” Maigh Eo
4. Seán Breathnach. “Ceatharlach Le Chéile”. Ceatharlach
5. Paul Kelly & Damian. “Imigh Ón Áit Seo”. BÁC.
6. Damian Mac Gabhann “Hé Hó Craic ar an mbád”. BÁC.
7. Emmet Jones/Dara Eaton. “Mo Ghrása” Dara & The Patsys. Ceatharlach
8. Fergal Cantona. “Caoineadh Deirdre” Cill Chainnigh.
9. Stephen Murphy. “Aithrí”. Loch Garman
10. enCÓRe. “Ós Do Chomhair”. Ceatharlach
11. Éire & Chulainn “Áit a Bhíonn Faoi Uisce”. Loch Garman
12. Noeleen Ní Cholla “Fan Liom”. Gaoth Dobhair, Dún na nGall
13. Amano Miura. “An Domhan Thíos” An tSeapáin & Cill Airne, Ciarraí
14. Éabha Breathnach. “Ceanndána”. Conamara.
15. Oisín & Gaelcholáiste. “Siúl Ar Aghaidh”. Ceatharlach.
Monday, October 13, 2025
An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2025
Tá ár n-ócáid bhliantúil, An Chúirt Filíochta, ar ais linn arís agus, an geábh seo, beidh muid uilig ag tabhairt ár n-aghaidh agus ár ndánta i dtreo Bhéal Feirste, áit a mbeidh Oireachtas na Samhna ar siúl idir 29 Deireadh Fómhair agus 2 Samhain.
Is ar an Satharn, 1 Samhain, ag 2:00in, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich a bheas muid uilig ag bailiú le chéile le réabadh a dhéanamh aithris a dhéanamh ar na dánta a bheas cumtha againn don Chúirt.
Mar is iondúil, beidh mé fhéin agus Bríd Ní Mhóráin ag crochadh thart, mar mhná tí, le súil a choinneáil ar Phroinsias dháileadh an Cognac, caviar agus cócaoin, agus, más gá, triail a bhaint astu roimh ré, ar mhaithe libhse, a chumadóirí; le bheith cinnte go bhfuil siad ar ardchaighdeán, an dtuigeann sibh.
Beidh obair theicniúil le déanamh ag Proinsias Mac a'Bhaird, sirriam gníomhach agus eagraí na Cúirte, in am don ócáid, mar sin bheadh sé thar a bheith buíoch ach bhur gcuid dánta a fháil roimh an Déardaoin, 30 Deireadh Fómhair, chuig pmacabhaird ag gmail ponc com, sé sin, más mian leat do dhán/dhánta a bheith le feiceáil ar an scáileán agus tú i mbun aithrise.
Ní gá cloí le téama nó téamaí an bharántais, ach iarrtar ort gan ach dán amháin nó dhá dhán ghairide a thabhairt leat, mar d'fhéadfadh cuid den lucht éisteachta titim ina gcodladh bheith ag dul chuig ócáid eile, agus beidh orainn cloí leis an am atá leagtha síos don Chúirt Filíochta ag lucht eagraithe an Oireachtais. Bíonn siad sách cantalach cúramach faoi chúrsaí ama, mar a thuigfeá, agus caithfidh muid a bheith cinnte go mbeidh am againn dul ar ragairne do na sólaistí, ag deireadh na Cúirte. Ár mbuíochas le Clár na Leabhar Gaeilge/Foras na Gaeilge as a gcuid urraíochta fialmhaire.
Is ócáid shóisialta atá i gceist leis an gCúirt Filíochta, agus beidh fáilte roimh lucht éisteachta chomh maith le lucht aithrise. Cuirtear fáilte ar leith roimh fhilí nua, is cuma cén aois iad. Tá muid thar a bheith buíoch d'fhoireann an Oireachtais as a gcuid tacaíochta. Cuidíonn siad linn, chuile bhliain, croí na filíochta a choinneáil ag bualadh.
Iarrtar oraibh, le bhur dtoil, Deasghnátha na Cúirte a léamh go cúramach, ar fhaitíos go mbeadh gá le breab aon cheist agaibh do na hoifigigh, roimh an gCúirt.
Barántas
Whereas, ós tearc an éisteacht a thugtar don éigse, tá an domhan thoir agus an domhan thiar ar shiúl chun sioparnaí. Cuireann fáithe fealltacha cogair chalaoise i gcluas agus is minice bréag agus bladar á chluinstin ag pobal fulangach. Thairis sin, tugtar ár n-ógánaigh a thugann dúshlán ceoil ar ghéarleanúint agus cinedhíothú os comhair bhreithimh na nGall lena nglórthaí a chur ar ceal.
Be it known, tá maorgacht ár mbratacha á chlaonadh, tá síocháin ár ndaoine á réabadh agus go bhfuiltear ag iarraidh beag a dhéanamh dár n-amhráin agus dár n achainíocha.
Whereas, tá ceithre chuid de Chúig Achadh Uisnigh ag roghnú ceann urra úr a labhrós ar a son. Cén dán molta a chumfaidh Éigse Éireann dár n-uachtarán nua agus cén chomhairle a chuirfear uirthi agus í ag iarraidh Críocha Fáil a mhuirniú agus threorú le go mbeidh dóchas agus rath ar a chlann?
Ordaítear duit, subpoena ad testificum, fianaise a thabhairt os comhair Cúirte a eagrófar ar an tSatharn, an chéad lá de mhí na Samhna i mBéal Feirste cois cuain ag 2.00 pm, maidir le bratacha, brúidiúlacht agus bearta dóchais.
Tugtha faoi mo lámhsa [le húdarás incheistithe] ar an lá seo, an dara lá dhéag de Dheireadh Fómhair, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle Fiche a Cúig.
PROINSIAS MAC A’ BHAIRD
Sirriam (mall)ghníomhach
Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann réidh aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla ann lá na Cúirte.
Ní gá don fhinné cloí le téama na Cúirte agus ní gá don fhinné dán dá chuid féin a aithris ach iarrtar ar gach finné a bheith sa tseomra cheart.
Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaítear lucht uabhair ar bhealach nuálach turgnamhach].
Seachnaítear an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le tubaiste. Ní aireofar LGFA Dhún na nGall, tacsaithe Bhéal Feirste ná Jim Gavin ina thubaiste phearsanta nó náisiúnta.
Bronnfar dram uisce beatha, crág duilisc agus pins snaoisín ar gach finné a thugann fianaise shásúil. Bronnfar buidéal Cognac, caviar agus líne cócaoin ar fhinné a chuireann an giúiré ag gáire os ard.
Ar iarratas i scríbhinn ó ⅔ den ghiúiré a fhaightear 6 mhí roimh dháta na Cúirte, cuirfear aistriúchán comhuaineach ar fáil sna teangacha seo a leanas: Ultais, Gàidhlig, Gaelg, Gaelscoilis, Cant, agus Gaelic Bhóthar na bhFál.
Ceadaítear éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadaítear éirí suas ar bhaill eile den ghiúiré [a fhad is a bhíonn gnó na Cúirte ar siúl].
Beidh sé de chead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh sé de chead ag an ghiúiré a gcuid seanfháinní óir a chaitheamh ar an fhinné.
Taispeántar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte agus beannaítear go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith nó i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar air sin mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte.
Tá cead ag finné a chuid fianaise a chanadh, ach ní mór glór ceolmhar binn a bheith aige. Seachnaítear na mionghléasanna agus an Hip Hop.
Ceadaítear don ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne.
Wednesday, April 16, 2025
Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2025
Mar a fheicfidh sibh ó chlár na n-amhrán, thíos, bhí an Comórtas Náisiúnta Amhrán Nua Pan Cheilteach ar siúl ag deireadh mhí Eanáir, agus d'éirigh le Gráinne Álainn Ní Fhátharta an bua a fháil, arís, an geábh seo le m'amhrán nuachumtha, Fágtha Gan Freagraí. Beidh Gráinne ag casadh an amhráin, mar ionadaí na hÉireann, ag an bhféile idirnáisiúnta seachtain ón Déardaoin seo chugainn, an 24 Aibreán. Go n-éirí go geal léi, agus leis an bhféile ina hiomláine.
Tréaslaím a mbua le Gráinne (1ú háit, Amhrán #2), le Éire Ní Fhaoláin & Chulainn Ó Faoláin (2ú háit, Amhrán #11) agus le Anne Marie Ní Chonchubhair (3ú háit, Amhrán #8). Ní raibh mé fhéin i láthair ar an oíche, ach bíonn na comórtais le fáil beo ar líne agus d'éirigh liom gach amhráin a fheiceáil agus a chloisteáil beo ar an oíche.Saturday, March 15, 2025
An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2024
Bhí scaifte breá d'fhilí inár gcuideachta ag Cúirt Filíochta 2024. Tá cuid de na filí ag freastal ar an gCúirt le blianta fada ach, chuile bhliain, tagann file nua nó dhó chugainn; file, b'fhéidir, atá ag cumadh léi/leis sa mbaile i ngan fhios don saol, nó file, b'fhéidir, a d'aithris dán nó dhó roimhe seo ach nach bhfuil aon aithne fhorleathan curtha againn air/uirthi...fós.
Cibé fáth a dtagann daoine chuig an gCúirt Filíochta, bíodh filí nó lucht éisteachta ann, is aoibhinn le Proinsias, Bríd agus mé fhéin sibh uilig a fheiceáil agus a chloisteáil, mar is sibhse a thugann beatha agus beocht don Chúirt Filíochta. Aon fhile nua a thagann chugainn, cuirtear fearadh na fáilte roimhe/roimpi, i gcónaí - is iadsan filí na todhchaí agus is iadsan a choinneoidh lóchrann na filíochta Gaeilge beo agus beathach.
Ár mbuíochas leis na filí uilig, leis an lucht éisteachta, le hOireachtas na Samhna, agus le Foras na Gaeilge as bhur gcuid tacaíochta. Táimid ag súil go mór le sibh uilig a fheiceáil i mBéal Feirste ag tús Mí na Samhna, más é bhur dtoil é, agus tá súil leis na déithe agam nach gcuirfidh na diabhal de chiorruithe seo isteach ar bhorradh agus ar bhláth na filíochta mar a chloistear í ag an gCúirt Filíochta. Ní bláth go síol.
Agus, más rud gur éirigh linne, freisin, aon lánúin a thabhairt le chéile thar na blianta, is amhlaidh is fearr é! Comhghairdeachas ó chroí le Ciara Ní É agus Reic - áthas orm go bhfuil siad ag ceiliúradh deich mbliana a mbunaithe, i mbliana. Gura fada buan iad.
Cé nach raibh siad in ann bheith i láthair ag an gCúirt Filíochta, sheol Paddy Bushe, Alan Titley agus Brian Ó Conchubhair dánta chugainn le haithris. Táimid fíorbhuíoch díbh, a fheara!
Seo a leanas na filí a d'aithris ag Cúirt Filíochta 2024 - Mícheál Ó Ruairc, Máire Ní Laoire, Dairena Ní Chinnéide, Eoghan Mac Cormaic, Proinsias Mac a'Bhaird, Christine Jones, Áine Durkin, Cathal Poirtéir, Mícheál Ó hUanacháin, Bríd Ní Mhóráin, Fíona de Buis (ag léamh dán ó pheann a céile, Paddy Bushe), Conchubhar Ó Liatháin, Pádraig Mac Fhearghusa, Máirín Mhic Lochlainn, Seònaid Mac Dhòmhnaill, Dubhán Ó Longáin, Matt Ó Maoinigh, Sibéal Ní Chonghaile, Alastair Mac Cuish, Mícheál Ó Conghaile, Éamann Ó hAisí, Ciara Ní É, Aimeé Ní Chonaing, Iain Ó Leocháin, Aingeal Ní Chonghaile, Áine Ní Ghlinn agus Pádraig Ó Laighin.
Ár míle buíochas leo uilig, agus leis an slua mór a bhí sa lucht éisteachta. Más mian leat tuilleadh a léamh faoi na cúirteanna a bhí ann go dtí seo, a léitheoir, is féidir theacht ar chuid de mo sheanbhlagmhíreanna anseo.




































