Showing posts with label bóithrín na smaointe. Show all posts
Showing posts with label bóithrín na smaointe. Show all posts

Friday, March 8, 2019

Lá Idirnáisiúnta na mBan 2019


Mná Ar Buile

Ag smaoineamh dhom ar chuimhní cinn,
Ar bhóthar ‘tá siúlta a’m seasca bliain,
Cé chasfaí dhom ach mná mo linne,
Mná na hÉireann ‘s iad ar buile.

Curfá  

Allilliú, puilliliú, aillilliú bhí mná ar buile
Aillilliú, puilliliú, aillilliú bhí mná ar buile.

Sa mBunreacht nua, bhí mná i sáinn,
Fir a chum na focla ann,
Áit na mban sa mbaile suite,
Socrú déanta, cearta sciobtha.

Curfá   Allilliú…

Bhí greim docht daingean ar gach broinn,
Ní ag na mná an greim docht sin,
Ach cléir is rialtas gan aon bhean,
An chos ar bholg ag dlíthe fear.

Curfá   Allilliú…

Ar phósadh dhí a thosaigh ‘n tost,
Chaill bean sloinne, cearta is post,
Le fear a colainn, maoin is spré,
Fiú dlí á chosaint ar ionsaí gnéasach.

Curfá   Allilliú…

Bhí Maighdiléanaí is iad á gcrá,
Obair chrua, gan meas ná páigh.
A bpáistí tógtha…cá raibh an grá?
Luach ar bheatha, nó fuair siad bás.

Curfá   Allilliú…

An leispiach, bhí sí faoin sceon,
Faoi bhagairt Dhia, Diabhal is meon,
Ach, ‘s fearr le Nádúr bród ná brón,
Níor laga Dia ná Diabhal ár Leo!

Curfá   Allilliú…
                                                                                                           
Savita álainn, chaill sí neart,
An bás a fuair sí, an raibh sé ceart?
Pian is faitíos, cabhair de dhíth,
Beag beann ar impí, cailleadh í.

Curfá   Allilliú…

Bhí reifreann ann a tharraing raic,
Maslaí caite…briathra is beart!
Iad siúd a cheap nár thuig mná faic,
Fuair siad cic sa tóin, is d’fhoghlaim ceacht.

Curfá   Allilliú…

Ó Vicky is Emma, tháinig scéalta
Faoi bhréaga inste, ‘s freagracht séanta,
Ach, sheas siad fód, chuir cos i dtaca,
Is d’fhiosraigh fáth, is feall, is peaca.

Curfá   Allilliú…

Tá obair a’inn le déanamh fós
Nós nua le cur in áit seanóis,
Go n-athróidh dearcadh, iompar is meon,
Beidh Mná na hÉireann ag déanamh gleo.                                                                       

Curfá  

Allilliú, puilliliú, aillilliú bhí mná ar buile
Aillilliú, puilliliú, aillilliú tá mná ar buile!


*******

Sin thuas amhrán a scríobh mé d'Oireachtas na Samhna, anuraidh. Nuair a scríobh mé an t-amhrán, bhí 'Emma' fós linn. Cailleadh í. Suaimhneas síoraí dá hanam uasal. Tá sí i mo smaointe, inniu ach go háirithe, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. 

Bíodh an-oíche agaibh, anocht, agus go n-éirí go geal libh uilig, a mhná! Aiféala orm nach mbeidh mé ansin, ach beidh mé anseo, amárach

Wednesday, August 22, 2018

Níl Cara ag Tráma Ach Cuimhne

Ar an lá seo, anuraidh, dhúisigh mé le tinneas cinn. 

Go hiondúil, sula dtosaíonn aon phian i mo chloigeann, tugann an mhígréin réamhfhógra dom go bhfuil sí ar an mbealach. Anuraidh, áfach, tháinig sí aniar aduaidh orm, an mhaidin sin. 

Faraor, agus gan súil ar bith agam leis, thug sí cara léi, níos deireanaí sa lá.

D'éirigh mé, agus shuí mé ar chathaoir sa seomra leapa, taobh leis an bhfuinneog, ag fanacht go maolódh an phian. 

Thug mé faoi deara go raibh sé ina dhíle bháistí, taobh amuigh den fhuinneog. Ní raibh stop leis. Bhí an titim báistí chomh heisceachtúil sin, go ndearna mé taifead den fhearthainn agus den fhliuchras ar m'fhón póca, agus sheol mé an físeán anonn chuig mo shiblíní thall i mBostún. 

Chuaigh mé síos staighre um thráthnóna, agus thug mé faoi deara go raibh an-luas faoin uisce san abhainn ar chúl an tí. Níorbh rud annamh é sin, go deimhin, agus níor chuir sé imní orm; tá trí shúil ar an droichead taobh linn, agus bhí siad riamh in ann ag aon sruth láidir san abhainn, is cuma cén mhéid uisce a bhíodh ag éalú isteach inti, anuas ó na sléibhte i bhfad uainn. 

Fuair mé deoch uisce dom féin, thóg mé cúpla piolla don tinneas cinn. Ar ais liom suas staighre.

Níos deireanaí an tráthnóna sin, timpeall 8:00 i.n., chuaigh mé síos staighre, arís, agus baineadh siar asam, nuair a chonaic mé an abhainn; bhí sí níos colgaí ná mar a chonaic mé í riamh, agus bhí sí ag ardú ar luas lasrach, mar gheall ar an síor-titim báistí. 

Tháinig imní orm, ach ó tharla nach raibh imní ar An Garraíodóir, ghlac mé leis go raibh mo thinneas cinn ag méadú m'amhrais.

Ach, go gairid théis 10:00 i.n., tharla sé seo. 

Murach ár gcairde agus ár gcomharsan...

Ar maidin, labhair mé faoin tuile le Michelle Nic Grianna, láithreoir an chláir Barrscéalta, ar Raidió na Gaeltachta.  Thug mé faoi deara, agus mé i mbun comhráite léi, go raibh uafás na hoíche sin, anuraidh, fós in ann an anáil a bhaint díom. 

Táim den bharúil, anois, nach bhfágfaidh tráma an lae sin mo chuimhne go brách. Glacaim leis sin, ach ní haon chara liom í, mar chuimhne. 

Monday, May 15, 2017

Smaointe ag Rith

Tharla sé go raibh sé fhéin agus mé fhéin ag ól caife, ar chúl an tí (sular fhág an ghrian muid) inné, agus cé nach cuimhin liom cén fáth ná cén chaoi ar tharla sé, tháinig ainm Emma Peel isteach sa chomhrá. 

Anois, tá a fhios agam go maith go bhfuil daoine á léamh seo agus ní bheidh leid dá laghad acu cé hí Emma Peel, agus tá chuile sheans ann nár chuala siad iomrá ar The Avengers ach an oiread (an clár ina mbíodh an t-aisteoir, Diana Rigg, ag aisteoireacht mar Emma Peel) ach ba chlár é a thaitin go mór liom fhéin, nuair a bhí mé i mo chailín óg. 

Bhí mé, ahem, ag iarraidh bheith cosúil le Emma Peel, an dtuigeann sibh, a léitheoirí. Shamhlóinn mé fhéin, i m'éadaí dubha teanna, ag sábháil an domhain, agus is iomaí karate cic a tarraingíodh, i dtreo mo shiblíní, thar na blianta, agus mé, ahem, i mbun na hoibre sin. Tá chuile sheans ann go bhfuair mé cic nó dhó ar ais, ach ní cuimhin liom na, ahem, rudaí beaga suaracha sin. 

Ach, is cuimhin liom, go maith, an díomá a bhí orm nuair nár éirigh le Daidí na Nollag an chulaith dhubh theann sin a fhágáil faoin gcrann Nollag dom. Bhí sí ar bharr mo liosta a'm! Ar ndóigh, tá a fhios agam nach ar Dhaidí na Nollag a bhí an locht, mar nár fhéad sé theacht ar chulaith a d'fheilfeadh. Mar sin fhéin, ag an am ar leith sin, bhí an cailín beag ramhar seo an-bhuartha ar fad. Níor thuig sí, an créatúirín, go raibh an saol agus a cuid samhlaíochta in adharca a chéile. Tuigim anois é. 

Sa lá atá inniu, feicim an brú atá ar chailíní agus ar bhuachaillí. Tá siad báite agus sáite sna meáin, áiteanna ar féidir an fhírinne a cheilt; go mion minic, i ngan fhios don té atá soineanta, nó neamheolach ar fhíricí an tsaoil. 

Bhí an t-ádh liomsa, ar go leor bealaí. Bhí daoine muinteartha liom, agus cairde agam, a choinnigh súil ar mo chuid samhlaíochta, agus a chothaigh mo chuid muiníne, ar feadh mo shaoil. Is faoina dtioncharsan atá mé fós ag maireachtáil. 

An méid sin ráite, ní hionann an dá ré, ansin agus anois. Ach, is ionann mianta an duine óig, mar go bhfuil a gcuid samhlaíochta fós aibí, agus éasca a mhúnlú. 

Tá súil agam go mbeidh muintir agus cairde daoine óga samhlaíocha na linne seo in ann iad a thabhairt slán ón múnlú dodhéanta neamhchríonna. 

Monday, April 11, 2016

Smaointe ag Rith

'Life is too short to wake up with regrets. So love the people who treat you right and forget about the ones who don't.'

Is ar Twitter a bhí mé ar maidin, nuair a chonaic mé an t-athfhriotal thuas, athfhriotal a tháinig ó @WomenOfHistory, via @Tuigim. Táim den bharúil gur ó fhear a tháinig an t-athfhriotal, ar dtús, ach sin scéal eile, nach mbaineann leis an scéal seo. Ceapaim. 

Pé scéal é, chuir an t-athfhriotal sin athfhriotal eile i gcuimhne domsa, ceann a chuala mé ó bhean chliste roinnt blianta ó shin, ceann a chum sí óna dúchas féin, agus í ag labhairt liom, le nádúr carad agus comhairleora, 

Ná glan ach tóin an té a ghlanfadh do thóin duit. 

Chinn mé an t-athfhriotal a roinnt ar mo chuntas féin thall ar Twitter agus, dá thoradh sin, thosaigh trácht nó dhó idir mé fhéin agus @uathachas agus @aonghusoha. Is féidir libh, más mian libh, na tráchtanna sin a léamh anseo

Ar aon nós, thosaigh mo smaointe ag rith, siar ar bhóithrín na smaointe. Roinnt blianta ó shin, roinn mé athfhriotal na mná cliste le cara eile liom, agus an bhfuil a fhios agaibh céard a dúirt sí liom,

'Honestly, Áine, I don't think I could personally wipe your ass if it needed wiping... but I wouldn't leave you in that state - I'd pay somebody to do it!'

Agus, tuigim a cás...ina bealach féin, ní fhágfadh sí cara san fhaopach, agus sin, ahem, bun agus barr an scéil agus na fealsúnachta. I bhfocail an fhir chliste a chum an leagan nua dom ar maidin, 

Ní grá go glanadh tóna.

Mar sin, is fearr comhluadar a choinneáil leis na daoine a 'who treat you right' agus 'forget about the ones who don't' is dócha. Lón machnaimh daoibh, ar maidin, a chairde. 

Saturday, October 10, 2015

Blaiseadh Den Sean-Am


Blianta ó shin, nuair a bhí mise iontach óg ar fad, bhíodh mé i mo chónaí i dteach in éineacht le mo shean-aintín, agus le mo shin-seanmháthair. Bhí mo thuismitheoirí ann, freisin, ar ndóigh, agus ní raibh i gceist ach seal gairid, go dtí go raibh teach nua s'againn féin tógtha, nó rud éigin mar sin. 

Cé nach raibh mé féin ach, b'fhéidir, cúig bliana d'aois nó mar sin, tá cuimhne mhaith agam ar an tráth sin i mo shaol, mar gheall ar mo shin-seanmháthair, ach go háirithe. Baintreach a bhí inti, le fada, bean álainn chineálta, bean a chaith éadaí dubha an t-am ar fad, b'fhacthas dom, nós a bhí sách coitianta sa sean-am. An méid sin scríofa, foscéal atá sa chuimhne sin, ach roinnim anseo í, ó tharla gur rith sí liom, mar chuimhne, anois díreach. 

Ina póca, ag mo shin-seanmháthair, áit éigin faoina seál, bhíodh milseáin aici, i gcónaí. Bhíodh siad istigh i mála beag bán, más buan mo chuimhne, agus thabharfadh sí ceann de na milseáin sin dom, go rialta. Milseáin iad a bhí déanta as liocras, milseáin a bhí chomh dubh leis na héadaí a chaith sí féin, milseáin díreach cosúil leis na cinn dhubha atá le feiceáil sa bhosca, sa phictiúr ansin thuas, milseáin a cheannaigh mé i siopa áitiúil inné.

Chomh luath agus a chuir mé ceann de na milseáin dhubha isteach i mo bhéal, thosaigh mé ar mo thuras siar, siar ar bhóithrín na smaointe. Tháinig blaiseadh den sean-am chugam, arís, agus thosaigh mé ag roinnt mo chuimhní cinn leis an nGarraíodóir, fear a bhí ag slogadh na milseán eile as an mbosca Liquorice Allsorts, amhail is dá mbeadh lá éigin an chumais ag teannadh linn. 

Pé scéal é, ceann de na cuimhní a rith liom ná an chraic a bhíodh agam féin, agus ag mo shiblíní, leis na milseáin dhubha sin. Ar ndóigh, d'ithimis iad, go fial fonnmhar, ag cur ár dteangacha dubha i gcomórtas lena chéile, ach sí an chuimhne is mó a rith liom ná an chaoi a mbainimis úsáid as na milseáin, le mantacháin a dhéanamh dínn féin. 

Agus, ar fhaitíos na bhfaitíos nach dtuigfidh sibh an modh oibre sin, a léitheoirí, seo chugaibh, thíos, pictiúr mínitheach, ceann a thóg mé níba luaithe, inné.

Rabhadh anseo, b'fhéidir...

Monday, June 9, 2014

Na Boscaí Sin

Ar an deasc i m'oifig anseo i gCeann Scríbe, tá na trí bhosca sa ghrianghraf thuas. Chuir mé ansin iad, roinnt blianta ó shin, le go mbeinn in ann ord, de shaghas éigin, a choinneáil ar mo chuid, ahem, dea-rún. 

Sa chéad bhosca, cuirim na focail féilire, nó na hathfhriotail Bhéarla a fheicim, na cinn ar mhaith liom leagan Gaeilge a chumadh lena n-aghaidh, am éigin amach anseo, ach an deis a bheith agam é sin a dhéanamh. 

Sa dara bosca, cuirim na nathanna cainte nua/focail nua/seanfhocail nua a chloisim...nathanna agus focail i mBéarla agus i nGaeilge, cinn ar mhaith liom a mbunús a fhiosrú/taighde a dhéanamh orthu, le go mbeinn in ann iad a roinnt ar mo bhlag, am éigin amach anseo, ach an deis a bheith agam é sin a dhéanamh. 

Sa tríú bhosca, breactha ar phíosaí páipéir, tá na smaointe sin a ritheann liom, go rialta agus go laethúil...smaointe as a dtiocfadh dán, nó scéal, nó amhrán, nó blagmhír, b'fhéidir, ach an deis a bheith agam ceann a scríobh, am éigin amach anseo.

Le bliain nó dhó, thug mé faoi deara go raibh i bhfad níos mó ag dul isteach sna boscaí sin, seachas mar a bhí ag teacht amach astu, mar a déarfá...bhí mo spiorad toilteanach ach, faraor, thug mé faoi deara go raibh mo chorp sách trodach. Bhí laethanta go leor ann agus ní raibh fuinneamh caitín agam, agus ghlac an bhean mheánaoiseach seo leis sin, mar gheall ar na focail eile sin a chuala mé sách minic...aois, athrú saoil, srl., srl., srl.

Ach, i ndeireadh na dála, ní mar a shíltear a bítear, i gcónaí. Rud eile ar fad a ghoid m'fhuinneamh uaim, fadhb bheag lena bhfuilim ag dul i ngleic, gan stró, ach fadhb bheag atá do mo choinneáil ó mo chuid scríbhneoireachta mar sin féin, agus, dá bhrí sin, do mo choinneáil ó mo bhlag. Aiféala orm faoi sin, a léitheoirí rialta dílse. Níl mo sheanléim i bhfad uaim, tá súil agam. 

Rith smaoineamh eile liom ar maidin - cuirtear daoine i mboscaí, freisin; aois, aicme, inscne, creideamh, srl., srl., srl. Cuirtear lipéid orainn, in ainneoin ár leithlí. Gura fada uainn dáileoirí na lipéad. Go raibh deis againn uilig cneasú. 


Sunday, June 17, 2012

Lá na nAithreacha

Mar a scríobh mé cheana, níl m’athair féin, ná athair an Gharraíodóra, beo níos mó, ach bíonn an bheirt acu inár gcuimhne go minic; go háirithe ar Lá na nAithreacha.

Ar maidin, labhair mé féin agus é féin faoin mbeirt acu, agus is aoibhinn linn na smaointe fúthu a roinneamar lena chéile.

Cibé áit ina bhfuil sibh inniu, a léitheoirí, tá súil agam go mbeidh smaointe aoibhne agaibh le roinnt, agus le cruthú.  

Bainigí sult as an Lá.  

Sunday, May 15, 2011

Fianaise

Cothrom an lae seo, dhá bhliain ó shin, bhogamar isteach inár dteach nua, Ceann Scríbe.

Le lá nó dhó, agus mé ar bhóithrín na smaointe, ag siúl liom timpeall an tí, thug mé faoi deara na marcanna atá ar na ballaí agus ar na hurláir anseo.

Ní salachar atá iontu, an dtuigeann sibh, ach is marcanna iad a tharlaíonn nuair a bhuaileann rud éigin i gcoinne an bhalla go tubaisteach, mar shampla, nó nuair a thiteann rud éigin trom, nó géaruilleanneach, ar an urlár, abair.  

Feicim iad, na marcanna sin, anseo agus ansiúd ar fud an tí. Tá a scéal féin ag chuile mharc. Glacaim lena bhfianaise. Níl iontu, i ndáiríre, ach roic an tí.