Ceann de na haipeanna a thaitníonn go mór liom ná Podcast Republic. Tá sé ar m'fhón póca agam, rud a thugann deis dom clárú leis na cláir raidió is fearr liom, le go mbeidh mé in ann éisteacht leis na podchraoltaí is ansa liom, am ar bith gur mhian liom, pé áit gur mhian liom.
Ar na laethanta seo, bím ag éisteacht le podchraoltaí ón gclár Iris Aniar, ar Raidio na Gaeltachta. Mar is eol do léitheoiri an bhlag seo, is maith liom focail: seanfhocla, nuafhocail agus nathanna cainte. Mar gheall air sin, bhí áthas orm nuair a chuala mé, ón Dómhnallach, go mbíonn Jackie MacDonnacha ar an gclár Iris Aniar go rialta anois; an Fíodóir Focal é féin, agus focail dhúchasacha na Gaeilge á roinnt aige linn, mar a fheicfidh sibh anseo ar leathanach Facebook Iris Aniar.
Chuile choicís, ar an Luan, bíonn Jackie le cloisteáil, a léitheoirí. Mura mbíonn sibh in ann éisteacht leis beo ar an aer, is féidir 'Súil Siar' a chaitheamh ar an gclár ar an suíomh gréasáin, nó is féidir súil a choinneáil ar an leathanach Facebook.
É sin, nó is féidir libh éisteacht leis na podchraoltaí uaidh Jackie agus an láithreoir Eibhlín Ní Chonghaile ar an idirlín anseo. An-mhír go deo. Maith sibh, a chairde na Gaeilge!
Showing posts with label An Dómhnallach. Show all posts
Showing posts with label An Dómhnallach. Show all posts
Thursday, November 10, 2016
Saturday, November 8, 2014
Focail Liom Focail Leat
Roinnt blianta ó shin, chuir Dennis ceist orm cén leagan Gaeilge a bheadh agam ar 'cat's whiskers,' agus 'ribí féasóg cait' an freagra a fuair mé ó dhuine éigin, áit éigin, ag an am.
An lá faoi dheireadh, tharla sé go raibh mé ag labhairt leis An Dómhnallach, agus chuir mé ceist uirthi faoin bhfocal sin 'whiskers' - Mí na gCroiméal, atá ann, an dtuigeann sibh, agus b'fhéidir go raibh an t-ábhar sin faoi chaibidil againn.
Ar aon nós, 'guairní/guairí' an focal a chuala sí, ó dhuine éigin, áit éigin...'guairní/guairí an chait' nó 'guairní/guairí cait'...iad le feiceáil go breá soiléir ar Shióg s'againne, thuas.
Tá an focal 'guaire' le feiceáil anseo, ar www.focloir.ie, mar aistriúchán ar an bhfocal 'whisker,' agus is 'bristle' an leagan Béarla atá ar an bhfocal 'guaire' in WinGléacht, mar sin cé as ar tháinig an focal 'guairní' meas tú...seanleagan dúchasach, b'fhéidir? Táim den bharúil gur 'guairí' an focal a dúradh.
Bhuel, in WinGléacht, tá an focal 'guairneach' agus is 'awn (of barley)' atá i gceist leis, mar fhocal. Má bhreathnaíonn sibh ar an bhfocal sin 'awn' in www.dictionary.reference.com, feicfidh sibh na focail 'beard of wheat, barley...any similar bristle' luaite, agus, ó na grianghraif anseo, tá 'guairneacha' nó b'fhéidir 'guairí,' le feiceáil ar shifíní eorna, gan dabht ar bith.
Agus, ó tharla an focal 'beard' luaite agam, tá an leagan Gaeilge 'féasóg' ann, ar ndóigh, ach ní raibh a fhios agam, go dtí anocht, go bhfuil an focal 'ulcha' ann, mar aistriúchán Gaeilge ar 'beard' chomh maith.
Meas tú, arsa mé féin liom féin, an bhfuil baint ar bith ag an bhfocal sin leis an bhfocal 'ulchabhán'...nó le 'ceann cait' b'fhéidir...hmmm....
Subscribe to:
Posts (Atom)